Festy Ó Conláin
Ba dhuine de cheoltóirí móra a linne é Festy Ó Conláin (1925 – 2001) agus tharraing an cháil a bhí air go leor ceoltóirí go ceantar an Spidéil. Ba as Baile an tSagairt dó agus is ann a thóg sé féin agus a bhean, Eibhlín Standún, a gclann. Is í Caitríona Ní Mhathúna a scríobh an t-alt seo.
Johnny Connolly
Ba as Inis Bearachain ó thús do Johnny Connolly nó Johnny Phádraig Phíotair (1944 – 2019) agus chaith sé roinnt blianta i Sasana is é ina fhear óg. Nuair a d’fhill sé féin is a chomhluadar ar Éirinn, chuir siad fúthu i gCor na Rón, Indreabhán. Bhí ardcháil agus meas air. Is í Caitríona Ní Raifeartaigh a scríobh an cuntas seo.
Johnny Óg Connolly
Rugadh Johnny Óg Connolly i Sasana ach tógadh é i gCor na Rón. Is ceoltóir agus cumadóir é Johnny agus tá an-éileamh ar a scileanna ceoil sa mbaile agus níos faide i gcéin. Casann sé an mileoidean agus an cairdín. Labhair sí le Ella agus Fiach Mac Domhnaill faoina chúlra.
Maidhc Ó Curraoin
Chreid Maidhc Ó Curraoin (1916 – 2004) gur cheart go gcuirfeadh an ceol fonn damhsa ar dhuine agus sin ceann de na fáthanna a mbíodh glaoch air an cairdín a chasadh ag na céilithe a bhíodh ar bun i gColáiste Chonnacht agus i Halla na bhForbacha. Ar an bPáirc Thoir sa Spidéal a rugadh é agus is ann a chaith sé a shaol ar fad. A iníon Bairbre Ní Churraoin a scríobh an cuntas seo faoina hathair.
Mary Bergin
As Baile Átha Cliath ó thús do Bhanríon na Feadóige ach is luaite go láidir leis an Spidéal atá Mary Bergin anois. Tá a lorg fágtha aici ar chúrsaí ceoil i gcoitinne gan trácht ar an gcáil atá tarraingthe aici ar cheantar Chois Fharraige. Muintir Uí Choisdealbha, Oisín, Fionnán agus Ainnir a scríobh an t-alt seo.
Mícheál Darby Ó Fátharta
Is sna hAille, Indreabhán, a rugadh agus a tógadh an ceoltóir mileoidin, Mícheál Darby Ó Fátharta. Tá sé fós ina chónaí ina bhaile dúchais in éineacht lena bhean, Odí Ní Chéilleachair agus a gcomhluadar. A bheirt iníonacha, Damhnait agus Déithín Ní Fhátharta, a scríobh an t-alt seo.
Michael Mheáirt Ó Coisdealbha
Is i gCor na Rón Láir, baile mór na gceoltóirí, a bhí cónaí ar Mhichael Mheáirt Ó Coisdealbha, a bhean Barbara agus an comhluadar. Tá cuimhne air mar cheoltóir breá a bhí i gcónaí sásta cúnamh a thabhairt don dream óg. ‘Bíodh do stíl fhéin a’d, agus ná bí ag aithris ar dhuine éicint’, an chomhairle stuama a chuireadh sé orthu! Is é Torloch Ó Coisdealbha, garmhac leis an máistir mór, a scríobh an t-alt seo.
Micheál Ó hEidhin
Ceoltóir, cumadóir, craoltóir, comhairleoir, cigire, ceannródaí – b’fhear ildánach, fadbhreathnaitheach é Micheál Ó hEidhin a d’fhorbair agus a shaothraigh cúrsaí ceoil agus amhránaíochta i gConamara agus in Éirinn. Sna Doiriú i gCasla a chaith sé tús a shaoil agus is ar an mBaile Ard sa Spidéal a thóg sé féin agus a bhean, Máire Ní Oibicín, a gclann. Aimée Ní Eidhin, gariníon Mhichíl, a scríobh an cuntas seo.
Neansaí Ní Choisdealbha
Is as Cor na Rón i gCois Fharraige don fhliúiteadóir Neansaí Ní Choisdealbha agus tá sí ina cónaí anois i nDoire Bhanbh, Scríb. Is ag plé go lánaimseartha le ceol atá sí óir is ise Eagraí Ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is í Róisín Ní Raifeartaigh scríbhneoir an ailt seo.
Nóirín Ní Ghrádaigh
As Contae na Mí, de bhunadh Chloich Cheannfhaola i nGaeltacht Thír Chonaill agus Chluain Cearbán Mhaigh Eo, do Nóirín Ní Ghrádaigh, bean atá ag cur fúithi anois ar an Teach Mór lena beirt iníonacha. Bhain sí an-sásamh as na blianta a chaith sí le Banna Céilí Naomh Pádraig. Ógánaigh na háite atá ag baint leasa anois as cúlra Nóirín mar is ise a bhunaigh agus a stiúrann Banna Céilí Loch Lurgan, grúpa a bhfuil 13 déagóir as Cois Fharraige ann. Is iad Róisín agus Caitríona Ní Raifeartaigh a scríobh an t-alt seo faoina máthair.
Pádraig Ó Dubhghaill
De mhuintir cheolmhar Uí Dhubhghaill é Pádraig agus is ón gCoill Rua é. Bhí seacht mbliana déag slánaithe aige sular phioc sé suas an giotár agus níor leag sé síos ó shin é! Tá MA sa gceol aige agus chuile stíl ar a thoil aige, ach is sa gceol traidisiúnta atá a chroí. Is giotáraí gairmiúil é agus tá an-tóir ag ceoltóirí agus amhránaithe ar a scileanna tionlacain.
Róisín Seoighe
Níl aon fhaitíos ar Róisín Seoighe dul ag plé le seánraí éagsúla ceoil agus tá sí chomh compordach céanna ag casadh an tsean-nóis sa mbaile i Ros a’ Mhíl Uachtair is atá sí ag casadh sa stíl indie ar ardáin mhóra na hEorpa. Is damhsóir, ceoltóir agus cumadóir í an bhean óg seo a bhain amach céim sa gceol ó Ollscoil na Gaillimhe le deireanas.
Rónán Browne
As Baile Átha Cliath ó thús don phíobaire, Rónán Browne agus tá sé ina chónaí sa Spidéal le breis is 20 bliain. Téann a cheangal le Cois Fharraige níos faide siar ná sin mar bhí teachín ceann tuí ag Muintir Browne ar an mBántrach agus chaitheadh siad cuid mhaith den samhradh sa gceantar. Is ceoltóir gairmiúil é Rónán: casann sé go haonarach agus le ensembles éagsúla agus is innealtóir fuaime chomh maith é. A chairde óga, Muintir Riggott, a scríobh an t-alt seo faoi.
Stiophán Mac Suibhne
As an Sián Rua sa Spidéal do Stiophán Mac Suibhne agus is ann atá sé fós ina chónaí. Casann Steve, mar is fearr aithne air, an fheadóg, an cairdín agus an mileoidean agus tá blianta fada caite aige ag múineadh ceoil fud fad Chonamara. Is iad muintir Uí Mhurchú: Aébfhinn, Cormac, Dylan, Fionn, Caoimhe, Fiachra, Cuán & Caoilfhionn a scríobh an t-alt seo.
Áine Bn Mhaitiú
Rugadh an t-amhránaí sean-nóis Áine Ní Fhlaithbheartaigh (1939 – 2008), iníon Mhaitiú Sheáin Sheáin agus Mháire Ní Mhaoileoin, i dTóin an Chnoic i Ros a’ Mhíl. Bhí Muintir Uí Fhlaithbheartaigh ar cheann de na comhluadair a d’aistrigh soir go Cill Mochriodóg i gCo. Chill Dara sna 1950idí. Níor thug siad riamh cúl le cine agus is le Gaeilge a thóg Nan agus a fear, Nioclás, a gclann féin i Nás na Ríogh. Seanaintín í Nan Mhaitiú le Ciara Nic Dhonnacha, scríbhneoir an ailt seo.
Áine Ní Dhroighneáin
Is as Baile an tSléibhe sa Spidéal í Áine Ní Dhroighneáin agus tá sí ag amhránaíocht ó bhí sí ina cailín beag. Thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis leis an nGaelacadamh agus í ocht mbliana d’aois. Bhí tionchar ag lear mór amhránaithe sean-nóis ar Áine, ina measc Patsy Ó Ceannabháin, Máire Pheitir Uí Dhroighneáin, Pat Phádraic Tom Ó Conghaile agus go leor eile.
Bríd Treasa Ní Ghaoithín
Is as an Sruthán ar an gCeathrú Rua don fhonnadóir Bhríd Treasa ach tá sí ag cur fúithi ar an gCré Dhubh le blianta fada. Is ball í de Chór Chois Fharraige. Tá sí ina comhordaitheoir ar Fighting Words na Gaeilge agus tá an-suim aici an chruthaitheacht a chur chun cinn.
Caroline Ní Chonaire
Is sa Teach Mór, Indreabhán, atá cónaí ar Caroline Ní Chonaire. Cé gur bean óg fós í, ní inniu ná inné a thosaigh sí ag casadh amhrán mar ní raibh sí ach cúig bliana d’aois nuair a chuaigh sí chuig ranganna sean-nóis Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin den chéad uair. Is maith léi seánraí eile freisin agus tá an-tóir uirthi mar amhránaí bainise.
Daríona Nic Dhonnacha
Is as an Teach Mór in Indreabhán do Dharíona Nic Dhonncha, fonnadóir agus príomhamhránaí an ghrúpa Sunda. Aniar as Coill Sáile a tháinig bua an cheoil, dar léi féin, mar is gariníon í le Pádraig Tom Phatch Ó Ceannabháin, nach maireann. A hiníon, Éabha, a scríobh an píosa seo faoina máthair.
Feargal Ó Béarra
Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. Is sa mBeilg atá sé ag cur faoi, agus é i mbun aistriúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil. Amhránaí, cumadóir agus scríbhneoir é. Athchóiriú agus athchruthú na seanscéalta dúchasacha is ábhar dá chuid leabhar. Is í Labhaoise Ní Bhéarra, neacht le Feargal, a scríobh an cuntas seo.