Mary Bergin
Tá cónaí ar Mary Bergin (Máire na Feadóige) ar an Spidéal. Rugadh í i Seanchill i mBaile Átha Cliath ar an 13 Meán Fómhair 1949. Ba de bhunadh na Seanchille a máthair, Máire, agus ba Chill Chainníoch a bhí ina hathair, Joe. Bhí ceathrar cailíní agus buachaill amháin sa gclann agus ba í Mary an tríú duine ba shine den chúigear clainne.
D’fhreastail Mary ar Scoil Náisiúnta Naomh Iósaf i nDún Laoghaire. Nuair a bhí sí 12 bhliain d’aois d’aistrigh an chlann go Baile an Bhóthair, áit a bhí níos gaire don chathair agus d’ionad fostaíochta a hathar. Fuair Mary a cuid oideachais dara leibhéal i bhfoisceacht míle den cheantar sin i gColáiste Chnoc Síon sa gCarraig Dhubh. Thaitin an Mhatamaitic agus an Laidin thar cionn léi le linn na mblianta seo. Chuir sí an-spéis freisin i stair na hÉireann, sa nGaeilge agus sa spórt. Ghlac sí páirt i gcór na scoile sa meánscoil chomh maith. Bhí áit lárnach ag an gcamógaíocht in óige Mary ach ní ón ngaoth ná ón ngrian a thóg sí é sin agus Cill Chainníoch mar athair aici. Bhíodh sé mar nós acu mar chlann na camáin a tharraingt amach chuile Dhomhnach tar éis an Aifrinn agus ina dhiaidh sin seisiúin ceoil teaghlaigh a bheith acu i dteannta a chéile. Bhí an-suim ag a tuismitheoirí sa nGaeilge freisin agus d’fhreastail a máthair agus a hathair ar ranganna Gaeilge go háitiúil. Bhíodh sé nádúrtha go maith dóibh nathanna Gaeilge a úsáid sa teaghlach go laethúil. Ba as an gceangal sin a thosaigh muintir Bergin ag triall ar chúrsaí samhraidh Gaeilge i nGort an Choirce i nDún na nGall. Chaith siad blianta ag freastal ar na cúrsaí Gaeilge agus ag caitheamh tréimhsí saoire clainne sa gceantar sin. Ní raibh Mary ach naoi mbliana d’aois nuair a d’fhreastail sí ar a céad chúrsa Gaeltachta in éineacht lena deirfiúr.
Níl aon dabht ach gur fhás Mary aníos i dtimpeallacht cheolmhar agus fáisceadh í as traidisiún an cheoil. Ba veidhleadóir agus fidléir a bhí ina seanathair. Cé gur chas a hathair ceol traidisiúnta ar an mileoidean bhí an-spéis aige sa gceol clasaiceach. Ba veidhleadóir cumasach a bhí ina máthair agus cé gur fhoghlaim sise an ceol clasaiceach bhí an-tóir aici ar an gceol traidisiúnta. Bhí an-spéis ag a tuismitheoirí sna hamhráin chomh maith, go háirithe in amhráin John McCormack agus Nelson Eddy. Ní raibh raidió ná ceirníní sa teach ag Mary le linn na luathbhlianta sin ach ba mhinic ceoltóirí aitheanta ag triall ar an teach. Ba é an ceol beo seo a mhúscail an ceol inti, dar léi féin.
Thosaigh Mary ag casadh na feadóige i dteannta a hathar nuair a bhí sí cosamar ocht mbliana d’aois. B’fheadóg gléas Clarke C a bhí sa gcéad uirlis sin. Ón lá sin amach, bhí sí fite fuaite leis an bhfeadóg agus an fheadóg mar bhall coirp aici; mhothaigh sí go raibh an ceol ina croílár istigh. Bhí an oiread sin tóir aici ar sheinm na feadóige go dtarraingíodh sí amach í agus go gcasadh sí slám port go mion minic ar an mbus ar a bealach chuig an scoil. Ar ndóigh, stopadh sí nuair a thosaíodh a cairde ag teacht ar an mbus mar nach raibh aon suim acu siúd sa gceol. Tháinig an ceol go nádúrtha léi agus tuigeann sí anois go bhfuil an ceol go smior inti. Is minic a dúradh léi go mbíodh seinnt na feadóige ina huirlis agus ina cara aici chun déileáil le strus agus anró an tsaoil le linn a hóige.
Nuair a bhí an chlann ina gcónaí i mBaile an Bhóthair bhí i bhfad Éireann níos mó deiseanna ag Mary a cuid ceoil a chleachtadh. Nuair a thosaigh seisiúin sa gCarraig Dhubh, théadh Mary agus a cuid deirfiúracha Martha, Bríd agus Antoinette ann in éineacht lena n-athair. Thaitin na seisiúin seo go mór le Mary ón gcéad lá riamh. Is anseo a chas sí ar Mhicheál Ó hAlmhain agus go leor de cheoltóirí óga an cheantair, daoine a bhí lárnach ina saol ina dhiaidh sin. Ní raibh sé i bhfad gur bhunaigh na ceoltóirí óga seo banna ceoil traidisiúnta darbh ainm Ceoltóirí Naomh Eoin. Bhí nuálaíocht ag baint leis an gcur chuige ceoil a bhí ag na ceoltóirí céanna. Bhain siad triail as cóirithe nua ceoil agus thosaigh siad ag nascadh píosaí filíochta agus próis leis an gceol. Ghlac siad páirt i mórchuid comórtais scoraíochta agus d’éirigh leo go leor duaiseanna a ghnóthachtáil.
Bhí cleachtadh maith ag Mary a bheith ag freastal ar an bhFleadh Cheoil lena muintir. Cé gur éirigh léi féin agus leis an mbanna ceoil go leor duaiseanna a bhaint amach ag na comórtais, ba é an comhluadar agus an spraoi a bhain leis na hócáidí seo ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Bhí ócáid thábhachtach eile a mhair i gcuimhne Mary, is í sin an chéad chuairt a thug sí ar Oireachtas na Gaeilge in éineacht lena muintir agus í deich mbliana d’aois. Is anseo a chuala sí Willie Clancy den chéad uair riamh agus an gcreidfeá gur gléas C feadóige a bhí á chasadh aige agus chas sé lena chiotóg ar bun agus a dheasóg ar barr, díreach mar a chas sí féin (cé gur deasóg go nádúrtha í). Bhí sí an-tógtha le stíl cheoil Willie Clancy agus is cinnte go ndeachaigh sé seo i bhfeidhm go mór uirthi sna blianta a lean.
Chas Mary leis an Astrálach agus fear déanta uirlisí Bruce Du Vé le linn di a bheith fostaithe i gComhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile Átha Cliath. Phós siad sa mbliain 1979 agus bhog siad chun cónaithe go ceantar Chois Fharraige i gConamara. Bhí beirt pháistí acu, Colm agus Ailbhe. Nuair a theip ar an bpósadh shocraigh Mary fanacht i gConamara agus chuir sí fúithi i gceantar an Spidéil, áit a bhfuil sí ó shin. Bhí aithne mhaith ag Mary ar an taobh seo tíre roimhe seo. Chaith sí dhá shamhradh i gceantar na Ceathrún Rua mar cheoltóir cónaitheach na seachtaine i dTigh Chatháin nuair a bhí sí 16 agus 17 mbliana d’aois agus ba mar Mháire na Feadóige ab fhearr aithne uirthi i measc an phobail ag an am. Ba mhinic í ar cuairt chuig a cairde ceoil sa dúiche chomh maith. Ba cara mór léi Alec Finn a bhí ag cur faoi sa Gate Lodge sa Spidéal sna 1970idí. Is eisean a thug cuireadh do go leor de na ceoltóirí a tháinig chuig seisiúin i dTigh Hughes agus sa gCrúiscín Lán.
Is liosta le háireamh an líon duaiseanna ceoil atá bainte amach ag Mary. Bhain sí amach an tríú duais i gcomórtas d’uirlisí éagsúla a bhí eagraithe ag Radio Telefís Éireann in 1963 agus í 14 bliana d’aois. Is í a thug léi Craobh na hÉireann ar an bhfeadóg stáin ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 1970. Bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann Dioplóma Oinigh i Múineadh an Cheoil Thraidisiúnta (TTCT) uirthi in 1980. Ba í Mary freisin a bhuaigh gradam Ceoltóir Traidisiúnta na Bliana TG4 i mbliain na mílaoise, 2000. Thug Gael Linn cuireadh di albam ceoil a chur i dtoll a chéile agus tá cáil dhomhanda bainte amach ag an dá albam aonair a d’eisigh sí – Feadóga Stáin (1979) agus Feadóga Stáin 2 (1993).
Tá Mary chomh compordach céanna ag casadh ina haonar nó i gcomhluadar cheoltóirí eile. Bhí sí in éineacht le Ceoltóirí Laighean ar feadh píosa, bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí The Green Linnet Céilí Band in éineacht le Mick Hand, Tommy Peoples, Liam Rowsome agus John Mac Namara agus chaith sí tréimhse le Dé Danann. Rinne sí camchuairt ar fud Shasana agus Mheiriceá le Comhaltas Ceoltóirí Éireann freisin. Thaistil sí fud fad na cruinne i dteannta cheoltóirí móra le rá na linne, ina measc, Liam Óg O’Flynn, Matt Molloy, Séamus Ó Beaglaoich, Joe Burke, James Kelly agus na Chieftains. Go deimhin thug Mary taispeántas aonair den scoth sa Royal Albert Hall le linn cheolchoirm de chuid na Chieftains i Londain sna 1980idí. Dar ndóigh is iomaí turas ceoil a rinne Mary i dteannta lena deirfiúr, an cláirseoir Antoinette McKenna agus a fear, an píobaire, Joe McKenna. Bhíodh sé de nós ag Mary na gasúir a thabhairt léi is í ag taisteal na hÉireann le linn laethanta saoire an tsamhraidh. An ‘grand tour’ a thugadh siad air agus thainíodh sé thar cionn leo. Níl sliabh ná gleann, abhainn ná loch nach bhfaca Ailbhe is Colm is iad ag tiomáint ó cheann ceann na tíre in éineacht le Mary, Antoinette agus Joe.
In 1990 bhunaigh sí féin agus a cairde ceoil Dearbhaill Standún (fidil) agus Kathleen Loughnane (cláirseach) an grúpa Dordán agus bliain nó dhó ina dhiaidh sin tháinig Martina Goggin ar bord. Arís bhí rian óige Mary le brath ar cheol an ghrúpa seo, áit a raibh an ceol traidisiúnta nasctha le ceol clasaiceach baroque agus cóiriú maisiúil, maorga air. D’eisigh an grúpa ceithre albam ar fad, Irish Traditional and Baroque in 1992, Celtic Aire in 1999, The Night Before … A Celtic Christmas in 1997 agus Ceol na Gealaí in 2012. Bhuaigh siad an Gradam Náisiúnta Siamsaíochta don Cheol Traidisiúnta in 1993. Chas Dordán os comhair mion agus móruaisle an domhain le linn a réime. Bhí an tUachtarán Mary Robinson an-tógtha leis an ngrúpa agus thugadh sí cuirí rialta dóibh casadh ag ócáidí stáit. Thosaigh Mary ag cumadh ceoil le linn di a bheith in éineacht le Dordán. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis an tsraith ceoil dar teideal ‘Sruth’ a chum Mary i dteannta Johnny Óg Connolly in 2013 (coimisiún ón nGaelacadamh, le maoiniú ón gComhairle Ealaíon). Cuireadh an tsraith seo i láthair phobal Chois Fharraige in Óstán na Páirce, le linn Éigse an Spidéil an bhliain chéanna agus bhí an teach lán.
Tá blianta fada caite ag Mary mar theagascóir feadóige stáin sa mbaile in Éirinn, san Eoraip, i Meiriceá agus san Astráil. Lena chois sin, tá ranganna teagaisc, ceardlanna agus seimineáir tugtha agus dá dtabhairt aici in ollscoileanna agus in institiúidí éagsúla ar fud an domhain. Bhí Mary mar theagascóir ar feadh breis agus 30 bliain ar scéim de chuid an Ghaelacadaimh le scileanna na feadóige a theagasc do dhaltaí bunscoile i nGaeltacht Chonamara. Tá cúpla glúin feicthe aici agus is teist ar a scileanna múinteoireachta go gcuireann tuismitheoirí na háite a gcuid gasúr go dtí an bhean a mhúin a gcéad nótaí ceoil dóibhsean! De bharr an tóir agus an tsuim a bhí agus atá léirithe ina cuid ranganna ar fud na cruinne d’fhorbair sí leabhar agus cúrsa teagaisc feadóige stáin dar teideal Irish Tin Whistle Tutor. Tá Imleabhar I agus Imleabhar II foilsithe agus tá an tríú ceann ar na bacáin. Bhí Mary ar dhuine de sheachtar ceoltóirí/amhránaithe Éireannacha a fuair aitheantas faoi leith ó Ollscoil Átha Cliath i mí na Márta 2022. Bhronn an Ollscoil céim dochtúireachta oinigh ar Mary mar aitheantas as a bhfuil bainte amach aici ar son thraidisiún ceoil na hÉireann.
Creideann Mary gur cleachtadh a dhéanann máistreacht agus gur féidir le haon duine uirlis cheoil a fhoghlaim. Tá stíl seinnte aitheanta agus neamhghnách ag Mary. Úsáideann sí a lámh dheas in uachtar agus í ag seinnt na feadóige agus na fliúite, macasamhail Willie Clancy. Dá bhrí sin, ní chasann sí ar an bhfliúit eochrach. Gan rithim níl ceol, dar léi, agus síleann sí go bhfuil rithim thar a bheith tábhachtach. Ba cheart don cheoltóir croí agus anam, beocht agus mothúcháin a chur in chuile phíosa ceoil agus a chuid féin a dhéanamh den chóiriú i gcónaí, rud a dhéanann sise go paiteanta.
Tá meas na mílte ar Mary Bergin mar dhuine, mar mháthair, mar cheoltóir, mar mhúinteoir agus mar chara. Tá pobal Chonamara thar a bheith sásta gur shocraigh sí síos inár measc. Go mba fada buan í Mary Bergin, máistreás na feadóige stáin.
Scríbhneoirí: Oisín, Fionnán agus Ainnir Ní Choisdealbha, Baile na mBroghach.
Tá Muintir Uí Choisdealbha buíoch de Mary faoin agallamh a rinne sí leo i dtús na bliana 2022.