Colm Mac Séalaigh
Is iomaí cor a bhí in aistear ceoil Choilm Mhic Shéalaigh, cumadóir bisiúil, a bhfuil luí aige leis an gceol nua-aimseartha. Sa mbaile i mBaile Átha Cliath a chuir sé tús lena thuras agus ar an gCaorán i mBaile na hAbhann atá cónaí anois air in éineacht lena bhean Nóirín Chóil Tom Ní Chonghaile. Chaith sé na blianta ag casadh leis an mbanna iomráiteach, na Fíréin.
Gearóid Denvir
Baile Átha Cliathach é Gearóid Denvir agus tá cónaí air le fada i gCnoc na hAille, Indreabhán, agus is ann a thóg sé féin agus a bhean, Máire, a gceathrar clainne. Tá leabhair foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht agus de chultúr na hÉireann agus ar chuid acu sin tá saothair faoi Mháirtín Ó Cadhain, Colm de Bhailís agus Learaí Phádraic Learaí Ó Fínneadha.
Tadhg Mac Dhonnagáin
Is scríbhneoir agus cumadóir é Tadhg Mac Dhonnagáin. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas agus tá sé ag cur faoi sa Spidéal ón mbliain 2000 i leith. Tá amhráin cumtha aige, tá aithne air mar chruthaitheoir agus scríbhneoir don scáileán, is scríbhneoir beathaisnéise agus úrscéalaí é freisin. Is é a bhunaigh an teach foilsitheoireachta, Futa Fata.
Beairtle Ó Conaire
Is as an nGairfean i Ros Muc ó thús don scríbhneoir Beairtle Ó Conaire. Tá sé ina chónaí sa bPáirc sa Spidéal le blianta fada in éineacht lena bhean, Úna. Doireann Ní Fhoighil, a ghariníon, a scríobh an t-alt seo.
Brian Ó Baoill
In 1974 a tháinig Brian Ó Baoill, as Bealach an Doirín ó thús, chun cónaithe sa Teach Mór lena bhean, Beti, agus a gclann óg. Chaith sé a shaol ag feachtastaíocht ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, thug sé blianta i gceannas ar Chlub Óige Lurgan agus nuair a fuair sé an deis, scríobh sé 37 leabhar! Is í Sadbh Ní Ghibne a scríobh an cuntas seo ar a comharsa béal dorais.
Darach Ó Scolaí
Sna hAille a tógadh an scríbhneoir agus an foilsitheoir Darach Ó Scolaí agus tá sé ina chónaí anois i gClochar an Locha, ar an Lochán Beag, in éineacht lena bhean, Anna Ní Chartúir, agus a gclann. Tá suim aige i saothrú na seanlitríochta faoi mar atá le tabhairt faoi deara ina chuid úrscéalta. Is í Aifric Ní Scolaí, iníon Dharach, a scríobh an t-alt seo.
Joe Shéamuis Sheáin Ó Donnchadha (Filí Bhaile na mBroghach)
Bhí cáil agus meas ar Joe Shéamuis Sheáin Ó Donnchadha, Filí Bhaile na mBroghach, i measc a phobail féin agus rinne sé filíocht as an ngnáthshaol a bhí acu. Dhéantaí na dánta a rinne sé a aithris ag ócáidí poiblí: ag céilithe, ag bainiseacha agus ag ócáidí eile. Ba shin-seanuncail é an Filí le Liadan, Iarfhlaith, Caoilte agus Cuán Canny, taighdeoirí an ailt seo.
Joe Steve Ó Neachtain
Mar scríbhneoir, mar aisteoir agus mar fhear pobail ba mhó a bhí cáil ar Joe Steve Ó Neachtain (1942 - 2020). Bhí cónaí air ar an gCré Dhubh in éineacht lena bhean, Máirín, agus is ann a thóg siad a dtriúr clainne. Bhí an-chion aige ar a gharchlann agus acusan air agus is iad Róisín, Bróna agus Éamonn Ó Ceallacháin a scríobh an t-alt seo.
Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha
Mhealladh drámaí Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha na sluaite chuig hallaí fud fad Chonamara agus bhíodh an-tóir ag éisteoirí Raidió na Gaeltachta ar a chuid míreanna grinn, gan trácht ar na hagallaimh bheirte a scríobhadh sé do chomórtais an Oireachtais. Ba as na Creagáin in Indreabhán do Johnny agus is ann a thóg sé féin is a bhean, Bríd Ní Chonghaile a dtriúr clainne.
Máire Ní Oibicín Uí Eidhin
‘Is furasta a aithint gur file déanta í le fada fíorach an lá’. B’in mar a chuir Máire Ní Neachtain síos ar fhilíocht Mháire Ní Oibicín Uí Eidhin nuair a foilsíodh a céad díolaim, Taoscadh an Tobair. Is as Leitir Mucú ó thús do Mháire, ar ealaíontóir agus aisteoir í freisin, ach is ar an mBaile Ard sa Spidéal a thóg sí féin is a fear, Micheál Ó hEidhin, a gclann. Is iad Leo agus Peppe Castagna a scríobh an t-alt seo faoi faoina mamó.
Máirtín Ó Cadhain
Ar an gCnocán Glas, in aice leis an Spidéal, a rugadh Máirtín Ó Cadhain (1906 – 1970) agus maireann a dhaoine muinteartha fós ar an mbaile. Ba dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois é, úrscéalaí agus gearrscéalaí a shaothraigh nualitríocht na Gaeilge. Tá an cuntas seo bunaithe ar 50 Fíric faoi Mháirtín Ó Cadhain, alt a foilsíodh sa leabhar comórtha Eadrainn Féin a d’fhoilsigh Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.
Mícheál Breathnach
Ar an Lochán Beag a rugadh an scríbhneoir agus an scoláire Mícheál Breathnach (1881 - 1908). Is iontach an méid a bhain sé amach sa seal gearr a chaith sé ar an saol seo, idir shaothair litríochta, chúrsaí léinn agus ghníomhartha Chonradh na Gaeilge. Tá a ainm fós beo ar bhéal mhuintir Chois Fharraige mar is i gcuimhne air a tugadh Cumann Mícheál Breathnach ar an gclub CLG áitiúil.
Micheál Ó Conghaile
Bhunaigh Micheál Ó Conghaile Cló Iar-Chonnacht, an teach foilsitheoireachta mór le rá, in 1985. Tríd an gcomhlacht sin bhí baint aige le thart ar 1,000 foilseachán ar feadh 35 bliain, idir leabhair, dhlúthdhioscaí agus chaiséid – a bhformhór le healaíontóirí Gaeltachta. D’éirigh sé as in 2020 agus tá sé ag díriú ar a chuid scríbhneoireachta féin anois. Is duine de mhórscríbhneoirí ár linne é atá ina bhall d’Aosdána ó 1998.
Pauline Nic Chonaonaigh
I nGaillimh a rugadh Pauline agus ba as an Spidéal dá máthair agus na Forbacha dá hathair. Ba sa Spidéal a thóg sí féin is a fear, Séamus, a gclann. Bhí tionchar láidir ag an nádúr uirthi agus í ag fás aníos, gné atá le brath ina cuid filíochta. Baineann roinnt mhaith dá cuid dánta leis an áilleacht agus na hiontais a fheiceann sí agus í ag siúl i gCois Fharraige.
Feargal Ó Béarra
Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. Is sa mBeilg atá sé ag cur faoi, agus é i mbun aistriúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil. Amhránaí, cumadóir agus scríbhneoir é. Athchóiriú agus athchruthú na seanscéalta dúchasacha is ábhar dá chuid leabhar. Is í Labhaoise Ní Bhéarra, neacht le Feargal, a scríobh an cuntas seo.
Fearghas Mac Lochlainn
Tógadh Fearghas Mac Lochlainn le Gaeilge i mBaile Átha Cliath ach tá sé ina chónaí ar an Spidéal le fada. Bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Sailearna, áit ar chuir sé féin agus an fhoireann borradh mór faoi thraidisiún na n-agallamh beirte agus na lúibíní i measc óige an cheantair. Is liosta le háireamh na saothair atá cumtha aige agus tá carnán duaiseanna Oireachtais buaite aige. Is iad Faye agus Reuben Kenny a scríobh an t-alt seo.
Seán Ó Conghaile
Urlabhraí pobail, staraí sóisialta, oideachasóir, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis a bhí i Seán Ó Conghaile (1903 -1995) a d’fhág a lorg ar shaol cultúrtha agus sóisialta Chois Fharraige. Ba as na hAille dó agus ba é sin-seanathair scríbhneoir an ailt seo, Síofra Brady, é.