Joe Shéamuis Sheáin Ó Donnchadha (Filí Bhaile na mBroghach)
Rugadh Joe Shéamuis Sheáin Ó Donnchadha, Filí Bhaile na mBroghach, i gCois Fharraige i gContae na Gaillimhe in 1908 agus cailleadh é in 1991. Chuala muid go leor faoi is muid ag fás aníos mar ba é uncail ár mamó – Hannah Uí Thuairisg – a bhí ann. Tá Baile na mBroghach (nó Baile na mBrabhach) ó thuaidh den bhóthar mór i gCois Fharraige, Bóthar an Rí mar a thugtaí air – is baile é idir garrantaí agus sliabh agus bhí an-tionchar ag a bhaile dúchais ar shaothar an Fhilí i gcaitheamh a shaoil.
Chuaigh Joe Shéamuis Sheáin ar scoil i Seanscoil Shailearna. Ba i mBéarla a rinneadh an chuid is mó den mhúinteoireacht sa scoil ag an am, cé go ndeireadh sé fhéin go mbíodh ar an máistir cuid mhaith Gaeilge a úsáid sa gcaoi agus go dtuigfí é! Ba ag an scoil a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla. Ba bhreá leis a bheith ag léamh. I measc na leabhar ar chuir sé suim iontu ag an scoil bhí Stair na hÉireann le Mícheál Breathnach, scoláire Gaeilge as ceantar Chois Fharraige a raibh gaol ag an bhFilí féin leis, agus a bhí ag tarraingt aird go leor i saol na Gaeilge ag an am.
Gaeilge amháin a bhí le cloisteáil sa mbaile ag Joe Shéamuis Sheáin, agus tar éis dó an scoil a chríochnú, cé go raibh léamh an Bhéarla aige, ba bheag deis a bhí aige an teanga sin a úsáid ina cheantar féin, cé gur thaitin leis a bheith ag léamh sa dá theanga. Bhí ar dhaoine obair chrua a dhéanamh ag an am, obair sna garrantaí, ar an bportach agus sa gcladach, ach sna tráthnónta bhítí go minic ag cuartaíocht i dtithe na gcomharsan. Bhítí ag caint agus ag comhrá, ag imirt chártaí agus ag scéalaíocht. Dúirt an Filí nár chuimhin leis gur chuala sé scéalta Fiannaíochta le linn na n-oícheantaí sin, ach go mbítí ag inseacht scéalta faoi ghaiscí na háite, faoi laochra ar nós Scorach Ghlionnáin, faoi thaibhsí agus púcaí, agus faoi phiseogaí. Chuaigh na scéalta seo ar fad go mór i gcion air agus is léir go ndeachaigh siad i gcion ar a chuid cumadóireachta i ndánta ar nós ‘An tOileán Draíochta’.
Bhí an saol crua agus ba bheag airgid a bhí déanamh as feirmeoireacht nó as díol móna. Ba bheag obair eile a bhí le fáil sa gceantar agus théadh go leor de mhuintir na háite ar an Achréidh taobh thoir de Ghaillimh ag spailpínteacht. Ba ann a chuaigh Joe Shéamuis Sheáin nuair a bhí sé féin thart ar scór bliain d’aois; bhí sé ann nuair a tháinig Oíche na Stoirme Móire in 1927, tráth ar báthadh naonúr sa gCladach Dubh i dtuaisceart Chonamara. Ba faoi sin a scríobh Filí Bhaile na mBroghach a chéad dhán poiblí, an dán a thaispeáin dá phobal, den chéad uair, an mianach a bhí ann mar fhile.
Bhí sé seo ar cheann de na dánta a scríobh an Filí faoi eachtraí inár maraíodh daoine go tragóideach. Is cosúil gur airigh sé dualgas air féin an dán seo a chumadh mar aon le marbhnaí eile, dán faoi mharú an athar Micheál Ó Gríofa in 1920, agus dán in ómós an scríbhneora áitiúil Mícheál Breathnach, a bhásaigh le heitinn. Tá cosúlachtaí idir na dánta seo agus dánta a scríobhadh filí fadó ag moladh daoine a bhí básaithe, daoine a bhí ina gcairde ag pátrún an fhile, an té a d’íocadh é as saothar a chumadh. Ach ba iad a phobal féin a bhí mar phátrún ag Filí Bhaile na mBroghach agus ba dóibhsean a bhí seisean ag cumadh a chuid filíochta.
Chaith an Filí an chuid is mó dá shaol ina bhaile dúchais. Théadh sé scaití ar an Achréidh sa bhfómhar agus chaith sé cúpla tréimhse i Sasana sna tríochaidí - go deimhin, bhí sé i Sasana le linn na chéad trí bliana den Dara Cogadh Domhanda. Ach den chuid is mó, d’fhan sé gar do bhaile, ag obair ar an talamh, agus ag fáil corrphíosa oibre ar na bóithre.
Bhí an-mheas ag a phobal féin ar a chuid filíochta, filíocht a raibh ceangal aici leis an saol a bhí acu ach a thug léargas freisin ar shaol níos leithne. Ach ba iad na dánta a bhí báite sa saol áitiúil a ba mhó a tharraing cliú.
Mar aon leis an marbhna, bhí saghas dán eile chomh maith a bhí coitianta i measc na bhfilí san am a caitheadh, agus b’in dánta ina raibh an file ag caitheamh anuas nó ag sciolladh ar dhaoine nár thaitin leis. Bhí an tréith seo i ndánta Fhilí Bhaile na mBroghach, mar a d’fheicfeá i ndánta ar nós an ‘An Gráinneach Mór’ agus ‘Bóthar an Locháin’, dánta a d’eascair as an méid a bhí ag tarlú ina thimpeall ag an am – ba geaingear a bhí i dTomás Ó Gráinne a bhí ag obair i gCois Fharraige i dtús na dtríochaidí agus ba léir gur beag gean a bhí ag an bhFilí air, mar gur thug an Gráinneach an sack dó féin – chum sé dán á shamhlú féin ag fiach an Ghráinnigh trí Chonamara agus muintir na háite uilig ag tacú leis. Scríobh sé dán eile, ‘Bóthar an Locháin’, faoin méid a tharla nuair nach raibh cuid de mhuintir na háite agus an geaingear ag réiteach le chéile agus an t-achrann a tharla dá bharr. Is cosúil gur dánta iad seo a raibh an-tóir ag muintir na háite orthu; thug siad le fios do chuile dhuine chomh maith gan Filí Bhaile na mBroghach a tharraingt ort féin!
Ach scríobhadh an Filí freisin faoi nithe a bhí ag tarlú i bhfad ó bhaile, faoi na cogaí a bhí ag tarlú ina thimpeall, fiú má bhí siad á dtroid i dtíortha i gcéin, agus faoin bpolaitíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ba léir go raibh an-suim aige sa léitheoireacht, mar go raibh an t-uafás eolais aige faoi chúrsaí reatha, faoi pholaitíocht dhomhanda, faoin stair agus faoin litríocht. Chum sé go leor dánta tairngreachta, ina ndearna sé cur síos ar rudaí a d’fhéadfadh tarlú amach anseo, ar nós ‘An Treas Cogadh Domhanda’. Go deimhin, bhí go leor de mhuintir a cheantair féin a shíl go raibh cumhachtaí an fhir feasa aige agus go raibh eolas osnádúrtha éigin ag an bhFilí faoin méid a bhí le teacht san am amach romhainn. In 1937 scríobh sé ‘Lá na Fola’ ag samhlú cogadh ina mbeadh fulaingt agus foréigean, rud a tharla roinnt blianta ina dhiaidh sin ar mhór-roinn na hEorpa:
Nach feasach muid uilig a cháirde
Go bhfuil Lá na Fola ag teacht
Is faoi chomhair an dúnmharú cráite
Tá gach náisiún ag feistiú i gceart
Mo bhrón! Nuair a thiocfas an lá sin
Nach iomaí fear breá a bheas i bpian
Is a labhras na focail go dána
Is é mo chrá má rugadh mé riamh
B’iomaí téama eile a bhíodh ina chuid dánta – dánta faoi Dhia, ag áiteamh ar dhaoine bheith dílis don chreideamh agus ag cur fainic orthu faoin méid a d’fhéadfadh tarlú dá n-imeoidís ar strae uaidh, dánta faoi pholaitíocht, dánta faoi imirt chártaí, ceann de na caithimh aimsire a ba mhó i gConamara, agallaimh bheirte, agus dánta faoin imirce, ar nós ‘An Deoraí as Baile na nBroghach’.
Ach ceann de na tréithe is mó atá le feiceáil i ndánta Fhilí Bhaile na mBroghach, an t-eolas agus an meas a bhí aige ar an nádúr agus ar an dúlra ina thimpeall. Bhí cleachtadh aige a bheith amuigh, ag siúl ar an sliabh, ag imeacht sna garrantaí, ag iascach sna haibhneacha - mar ba ghnáthach le chuile dhuine sa gceantar ag an am, chaith sé go leor dá shaol taobh amuigh, i mbun oibre nó le caitheamh aimsire, ó bhí sé ina bhuachaill óg. Is léir go raibh an-ghean aige ar an saol nádúrtha ina thimpeall, ar na plandaí agus ar na hainmhithe. Dúirt sé, cé go mbíodh sé ag foghlaeireacht ina óige, de réir mar a bhí sé ag dul in aois, gur ghlac sé an ghráin ar aon neach beo a mharú, fiú coinín nó giorria. I ndánta ar nós ‘Sléibhte Chonamara’ agus ‘Maidin Bhealtaine’, déanann sé cur síos ar an ríméad agus ar an ngliondar a chuireann chuile ní beo ina thimpeall air – chuile ainmhí, chuile phlanda, chuile fheithid agus chuile bhláth.
Bhí cáil agus meas ar an bhFilí i measc a phobail fhéin an fhad agus a bhí sé beo. Rinne sé cur síos ina chuid filíochta ar scéalta an phobail agus rinne sé filíocht as an ngnáthshaol a bhí acu. Thug sé an domhan thart timpeall orthu isteach ar an teallach acu chomh maith i bhfoirm filíochta, agus dhéantaí na dánta a rinne sé a aithris ag ócáidí poiblí: ag céilithe, ag bainseacha agus ag ócáidí eile.
Agus rinne sé cur síos álainn iontach chomh maith ar an domhan ina thimpeall. Tá go leor athruithe tarlaithe sa saol ó bhí Filí Bhaile na mBroghach ag imeacht leis ar an sliabh ina bhaile féin. Ach tá go leor den saol nádúrtha sin a chuir gliondar ar an bhFilí fós inár dtimpeall sa lá atá inniu ann. Ba mhaith an rud dá mbeadh níos mó eolais ag muintir an cheantair ar an bhfilíocht seo, go háirithe an fhilíocht a bhaineann leis an nádúr atá fós againn sa gceantar seo, mar a bhí nuair a bhí Joe Shéamuis Sheáin ag siúl na ngarrantaí ina fhear óg.
Rachaidh mé abhaile ar lomchosa ina airde
Ní fhéadfaidh mé an lá breá a chur tharm fá dhraíocht -
Ach rachaidh mé an bealach, le cúnamh Dé amárach
Nó go mbainfidh mé sásamh as fíor-áilleacht an tsaoil.
Scríbhneoirí: Liadan, Iarfhlaith, Caoilte & Cuán Canny, na hAille.
Míle buíochas le Peadar Mac an Iomaire a bhailigh agus a chuir i gcló Dánta Fhilí Bhaile na mBroghach. Ba as réamhrá an chnuasaigh sin a tháinig go leor den eolas san alt seo.