Joe Steve Ó Neachtain
Is le mamó, Máirín Joe Steve, a labhair muid i dtosach agus muid ag déanamh taighde don phíosa seo. Agus cén fáth nach labhródh. Bhí caoga bliain caite aici féin agus ag daideo pósta lena chéile agus traidhfil eile blianta roimhe sin caite acu ag cur aithne ar a chéile. B’annamh a d’fheicfeá duine gan an duine eile agus bhí an t-ádh glan orainn go raibh muid inár gcónaí béal dorais leo agus muid ag éirí aníos. Le cúnamh speisialta ó Mhamó agus le cúnamh ó irisí, leabhra agus ailt éagsúla, thug an chlann uilig faoin bpíosa seo a scríobh faoinár ndaideo, Joe Steve Ó Neachtain.
Rugadh Joe Steve Ó Neachtain i bhfómhar na bliana 1942. Ar an gCré Dhubh a rugadh é, duine de sheisear clainne a bhí ag Steve Mhaidhc Mhaitiú Ó Neachtain, as an bPúirín, agus Nóra Pheaits Nella Ní Chonghaile as an gCré Dhubh. Saol álainn simplí a bhí acu ar an gCré Dhubh. Tháinig cor tragóideach ar an saol don chlann sa mbliain 1951 nuair a cailleadh Steve, athair Joe, agus gan é ach bliain faoi bhun an dá scór. Cuireadh Steve i gcré na cille thiar ar an Aill Fhionn Oíche Nollag na bliana sin. Thacaigh muintir an bhaile, agus an cheantair go deimhin, go ciúin agus go dílis agus go praiticiúil leis an gclann ina mbris. Níor lig Joe tacaíocht a chuid comharsan i ndearmad.
D’fhreastail Joe ar an mbunscoil sa Spidéal. Chaith sé a mhála isteach san abhainn, deirtear, in aois a cheithre bliana déag mar a rinne go leor eile ag an am. Rinne sé a phrintíseacht mar phláistéara. Is ag pláistéireacht ar an gCeathrú Rua a bhí sé nuair a fuair sé post mar mhaor oibre i nGaeltarra Éireann ar dtús. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí an-bhaint aige le tógáil monarchan agus le tógáil na n-eastát tionsclaíocha sna Gaeltachtaí éagsúla. Chaith sé ocht mbliana fichead uilig ag obair leis an Údarás, sa Rannóg Tógála ar dtús agus ansin sa Rannóg Cultúir agus Teanga. In 1996 a thosaigh sé ag obair mar aisteoir i Ros na Rún agus chaith sé scór bliain eile ansin.
Phós sé Máirín Ní Churraoin sa mbliain 1969. B’as Bearna do Mháirín ó thús ach bhí dlúthcheangal aici leis an gceantar seo chomh maith mar go mb’as an gCnocán Glas dá máthair, Máire Sheáin Uí Chadhain. Chuir siad fúthu ar an gCré Dhubh agus is ann a mhair siad agus a thóg siad triúr clainne. Tá an triúr sin, Aisling, Luisne agus Páid, ag cur fúthu i gCois Fharraige anois freisin lena gcéilí agus lena gclanna.
Thosaigh Joe ag cumadh rannta nuair nach raibh sé ach ina leaid óg. Rannta beaga simplí faoi eachtraí an lae a bhí iontu – gearradh na mbuilíní ag an scoil, mar shampla, cúram a chuirtí air go rialta. Chum sé rann beag faoi na portaigh ar fad ón gClochar Mór anuas chomh fada le Sáile Chuanna agus an dream a bhíodh ag saothrú orthu. Chumadh sé píosaí filíochta agus é ag siúl le cladach. Chum sé bailéid ar an gcaoi seo freisin. Sé ‘An Seachtú lá fichead de June’ ceann de na chéad iarrachtaí a bhí aige. Chuaigh sé ar thuras go hÁrainn lena chairde lá agus deirtear faoin am gur shroich sé an baile tar éis an lae go raibh an t-amhrán cumtha. Ó bhéal a cumadh na bhéarsaí seo uilig i dtús ama; bhí cuimhne an-mhaith ag Joe agus bhí na bhéarsaí seo a chum sé de ghlan mheabhair aige. I bpíosa cainte a thug sé do Scoil Gheimhridh Merriman sa mbliain 2004, dúirt sé féin gurbh é seo an múnla a lean sé don chumadóireacht: “Ní ag scríobh don tsúil a thosaigh mé ach ag cumadóireacht don chluais. Bhéarsaí a chur de ghlanmheabhair agus cead ag daoine a súile a dhúnadh nuair a bhínn á n-aithris dóibh.”
Nuair a thosaigh sé ag cur isteach ar chomórtais, ba í Mamó Máirín, a scríobhadh síos na píosaí filíochta nó na gearrscéalta uaidh. Deir sí gur minic a thagadh bhéarsaí go sciobtha chuige tar éis dó scéal éicint a chloisteáil nó eachtra éicint a fheiceáil. Chum sé an t-amhrán ‘Suaitheadh Farraige’ tar éis dhó bheith ag éisteacht le scéal truamhéalach báis ar Raidió na Gaeltachta ar an mbealach abhaile óna chuid oibre. Spreag eachtraí an tsaoil é le dul i mbun pinn. Bhíodh sé i gcónaí ag smaoineamh ar fhocla agus ar bhealaí éagsúla le rudaí a rá. Ba mhinic leabhar beag nótaí ina phóca aige, a deir Mamó Mairín.
Níl mórán seánraí den scríbhneoireacht nár bhuail Joe fúthu. Chum sé filíocht, bailéid, gearrscéalta, úrscéalta, drámaí, léachtaí, scripteanna teilifíse, drámaí raidió, scripteanna físe, sobaldráma raidió, scoraíochtaí, geamaireachtaí, lúibíní, agallaimh bheirte agus sceitseanna! Níl aon aimhreas ach gur thug na comórtais a bhí eagraithe go féiltiúil ag Scoileanna Éigse & Seanchais agus ag an Oireachtas spreagadh agus sprioc bhliantúil do Joe, go háirid sa tréimhse sul má thosaigh sé ag foilsiú a shaothar. Dúirt sé féin, in agallamh a rinne Máirín Mhic Lochlainn leis dá tráchtas, “murach na Scoileanna Éigse agus Seanchais,” a bhíodh eagraithe go bliantúil ag Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe, “nach mbeadh a fhios aige go raibh sé in ann scríobh ar chor ar bith.” Chaith sé breis is caoga bliain ag cur isteach ar chomórtais liteartha an Oireachtais; tá an chéad iarratas uaidh cláraithe sa mbliain 1968. Bhuaigh sé duais den chéad uair sa mbliain 1969.
Is beag lá dá shaol, ó thug sé faoin scríbhneoireacht i dtosach, nár scríobh sé rud éicínt. Bhí seomra beag thíos staighre aige, áit a dtéadh sé chuile mhaidin, go moch in amantaí, agus a gcaitheadh sé cúpla uair a chloig ag oibriú an phinn agus ag plé le pé bí cén togra a bhí idir lámha aige. Deireadh sé go mbíodh a intinn glan an t-am sin de mhaidin. Ní ag bord ná ag deasc a shuíodh sé, ach i gcathaoir uilleach, chompordach agus cláirín beag adhmaid, a raibh loinnir uirthi de bharr síorchaithimh, leagtha trasna ar a ghlúin aige, a choinnigh an cóipleabhar gan titim. Peann dúiche agus páipéar a bhí i gcónaí aige. Níor úsáid sé ríomhaire ná aon uirlis don chlóscríobh ariamh agus b’iad Máirín nó duine den chlann go minic a dhéanadh an obair sin. Obair throm intinne a bhí sa scríbhneoireacht, dar leis, agus ba ghnách leis a chuid scríbhneoireachta a dhéanamh i gciúnas na maidine agus tabhairt faoi obair fhisiciúil an lae ina dhiaidh sin.
B’iondúil go dtéadh Joe agus Máirín ar saoire go dtí an Spáinn sna blianta deireanacha. Bhíodh seomra faoi leith thall freisin aige, a ndéanadh sé a chuid oibre ann. Is ar saoire a scríobh sé mórchuid dá chuid gearrscéalta agus an dá úrscéal. B’iad Cló Iar-Chonnacht, faoi stiúir Mhichíl Uí Chonghaile, a d’fhoilsigh an chéad leabhar le Joe Steve, ‘Fead Ghlaice’, in 1986. Threisigh an pháirtíocht bhreá sin i gcaitheamh na mblianta, agus d’fhoilsigh siad trí leabhar déag eile dá chuid ina dhiaidh sin.
Sa mbliain 1987, ag Oireachtas na Gaeilge i nDaingean Uí Chúis, a cuireadh síol Bhaile an Droichid i dtosach. Sraithdhráma raidió a bhí ann, a chraoltaí ar feadh tuairim is fiche seachtain chuile bhliain ar feadh deich mbliana idir 1987 agus 1997. Ba chúis mhór ceiliúrtha a bhí ann nuair a bronnadh gradam raidió & teilifíse Jacobs air sa mbliain 1992 as an saothar seo. Ba í an scríbhneoireacht an caitheamh aimsire ba mhó a bhí aige. “Thugadh sí suaimhneas intinne dhó,” a deir Mamó. “Chuireadh sé amach dá chroí é – b’fhéidir rud éicint a chuir isteach air ar nós bás nó tragóid, nó b’fhéidir le cur síos ar rud éicint spraíúil a tharla.”
Chomh maith le bheith ina scríbhneoir, bhí aithne ar Joe Steve mar aisteoir. Sheas sé ar stáitse den chéad uair agus é sa mbunscoil, nuair a thug na haisteoirí óga sin Craobh na hÉireann leo ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta sa mbliain 1956 leis an dráma ‘Aoibhinn Beatha an Scoláire’. Is ag cleachtaí drámaíochta a casadh Mamó Máirín agus Daideo ar a chéile an chéad uair ariamh. Bhí siad ar bheirt de scata ógánach ar fhás dlúthchairdeas eatarthu agus, go deimhin, cúpla cleamhnas freisin. Mar a dúirt sé féin ina leabhar ‘Ag Caint Linn Féin’, chaith sé blianta glórmhara le hAisteoirí an Spidéil sna seascaidí. Léirigh an bhuíon aisteoirí seo drámaí sa mbaile agus freisin ag féilte drámaíochta ar fud na tíre, áit ar bhain siad duaiseanna amach. Ghlac sé páirt i ndrámaí cumhachtacha ar nós ‘Oíche na Marbh’, ‘An Strainséara Dubh’ agus níos deireanaí ná sin ‘An Pháirc’. Bhí sé ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe sna blianta sin freisin i léiriúcháin ar nós ‘Mo Thriúr Aingeal’ agus ‘Macoolaboo’.
Tá cuimhne mhaith ag go leor daoine ar Joe & ar Mháirín agus iad i mbun agallamh beirte nó sceitse. Chaith siad féin agus a gclann, nuair a bhí siad féin ag teacht in inmhe, blianta ag déanamh agallamh beirte agus sceitseanna ag coirmeacha ceoil agus oícheanta airneáin i hallaí ar fud Chonamara. B’iomaí scairt gháirí a baineadh amach. Rinne sé páirt Tom Rua i leagan stáitse de ‘Cré na Cille’ le Taibhdhearc na Gaillimhe sa mbliain 2002 agus arís sa scannán den teideal céanna a léirigh ROSC in 2007. Ach is dóigh gur sa sobaldráma ‘Ros na Rún’ a cuireadh aithne níos leithne ar fud na hÉireann air. Chaith sé scór bliain shona i bpáirt Pheadair agus deir Máirín, gur iomaí duine a bhuail bleid ar an tsráid air agus é ag dul ag cluichí agus a leithéidí le linn an ama sin.
Tháinig na sluaite ag breathnú ar an gcéad dráma ardáin de chuid Joe a léiríodh i dTaibhdhearc na Gaillimhe i bhfómhar na bliana 2000. Scríobh Joe dhá dhráma eile ina dhiaidh sin, ‘In Ainm an Athar’ (2006) agus ‘Faoi Dheireadh Thiar’ (2008). Bhunaigh sé féin agus Josie Chóilí Óg Ó Cualáin an compántas drámaíochtaí ‘Lóchrann’. Léirigh siad na trí dhráma a bhí scríofa ag Joe é féin i Seanscoil Sailearna agus in ionaid Ghaeltachta eile ar fud na tíre. Sa mbliain 2004 thug siad an dráma ‘Níor mhaith linn do Thrioblóid’ go Boston Mheiriceá áit ar tháinig muintir Chonamara amach ina sluaite ag breathnú orthu. Bhíodh an trom chomh maith leis an éadrom le feiceáil ina chuid oibre i gcónaí. Mheasc sé an spraoi leis an mbuairt agus phléigh sé téamaí an tsaoil freisin iontu – íseal agus uasal, lucht léinn agus lucht ceirde, uaigneas, brón, spídiúlacht, drochíde, grá agus mearbhall an tsaoil.
Is breá an áit í Cois Fharraige le cónaí inti faoi láthair. Tá áiseanna, deiseanna fostaíochta agus seirbhísí don phobal fairsing le hais mar bhíodh, a bhuíochas sin don ghlúin ar bhain Joe Steve léi. Ag an am a raibh siadsan ag éirí aníos bhí ceantair Ghaeltachta á mbánú de bharr imirce agus easpa fostaíochta. Bhí suim dhochloíte ag Joe i bhforbairt pobail. Bhí sé páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. In éineacht lena chomhaoisigh, bhí sé bainteach le go leor coistí deonacha sa gceantar. Chaith sé seal ar choistí ar nós Coiste an Chomharchumainn, ar an gCumann Forbartha, ar an gCoiste Cultúrtha & Caitheamh Aimsire, ar choiste an uisce agus ar Choiste Páirce Chumann Mícheál Breathnach. Tá cuimhní geala ag Aisling, ag Luisne agus ag Páid ar a bheith ag díol an irisleabhair Biseach ag geataí séipéil agus ar an gcraic a bhíodh ag na hoícheanta áirneáin i gColáiste Cholmcille. Is cuimhneach leo freisin hallaí lán go béal ag comórtais idirbhailte i gColáiste Lurgan agus ar chuairt na bhfilí Albanach chuig an gceantar. Agus ar ndóigh ba é an díolachán ollmhór earraí a bhíodh ag Coiste na Páirce chuile bhliain i halla Choláiste Lurgan buaicphointe na bliana! Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh MA ar Joe sa mbliain 2005 de bharr a shaothar fada le forbairt phobail agus i gcruthú áiseanna i bpobail Ghaeltachta. Bhí sé an-bhuíoch i dtaobh aon mholadh a fuair sé ariamh, ach go háirithe ina phobal féin, deir sé. Ach bhí an spraoi ag baint i gcónaí leis, agus is cinnte freisin gur thapaigh sé an deis beagán magaidh a dhéanamh faoin gclann sa mbaile, agus é ag maíomh, tar éis a gcuid scolaíochta agus staidéir uilig, gur aige a bhí an cháilíocht ab airde sa teach agus b’fhíor dhó!
Ach sin uilig ráite, ba é Daideo dhúinne é. Bhí spéiseanna agus caitheamh aimsirí eile aige ar nós chuile dhuine. Bhí sé thar barr ag an obair thógála agus ag plé le obair chloiche. Ba é a rinne an obair chloiche ar an teach s’againne agus ina thimpeall agus tá rian a láimhe le feiceáil chuile lá againn agus muid ag breathnú amach sa ngarraí ó dheas. Bhí suim mhór mhillteach aige i chuile shaghas spóirt: dornálaíocht, rothaíocht, cluichí gaelacha, lúthchleasaíocht agus liathróid láimhe, nuair a thosaigh muid féin dá himirt. Bhí spéis ag Joe sa léitheoireacht ariamh agus deir mamó go dtugadh sé leabhairín beag léitheoireachta leis i bpóca a sheaicéid dá mbeadh siad ag dul ag taisteal. Agus ar ndóigh, lá breá ar bith a thagadh, bhíodh an camper feistithe ar an bpointe agus soir an bóthar leis féin agus le mamó arís le teannadh.
Bhí daideo an-mhórtasach as baile na Crí Duibhe. Tá go leor pictiúr feicthe againn de Rásaí na gCurrachaí sa Spidéal fadó agus de chomórtas na bhflótanna ach go háirid. Bhí ealaín faoi leith ag baint chuile bhliain le hiarratas na Crí Duibhe ar an gcomórtas céanna. Chaití trí nó ceithre oíche fhada thuas i seid mhuintir Johnny nó go gcuirtí árthach nó long nó beithíoch ollmhór chun bóthair agus gur shiúil muintir an bhaile soir ina theannta. Thug siad leo duaiseanna freisin babhta nó dhó agus caitheadh an t-airgead ar thuras lae do mhuintir an bhaile, sean agus óg. Is acu a bhí an spraoi.
Is iomaí uair a rinne sé fear an tí ag ócáidí, amuigh sa bpobal agus sa mbaile, agus níor lig sé deis ar bith thairis beagán spraoi a bheith ag daoine. Is cuimhneach lena chlann nach raibh aon mhaith aige ann mura dtarraingíodh sé isteach gach a raibh ar saoire san áit chéanna leo is go mbeadh seisiún amhrán nó ceoil chuile oíche ann. Ní fear é a d’fhan go dtí go dtarlódh rudaí astu féin!
Bhí sé an-mhór go deo lena gharchlann, chuile dhuine den naonúr againn. D’aithris sé scéilíní agus dánta beaga dúinn. Scríobh sé agallaimh bheirte agus lúibíní dúinn agus chleachtaigh sé linn féin agus lenár gcairde iad. Thug sé an-aire i gcónaí dúinn agus d’fhoghlaim muid go leor uaidh. Beidh muid buíoch go deo go raibh aithne againn uilig air.
Murach na spallaí sna ballaí thitfeadh na clocha móra.
Scríbhneoirí: Róisín, Bróna agus Éamonn Ó Ceallacháin.
Foinsí & Tuilleadh Eolais
GRADAIM:
Duais Raidió Jacobs do Baile an Droichid 1992
Duais Sheán Uí Éigeartaigh don chnuasach gearrscéalta Clochmhóin 1993
Gradam Chló Iar-Chonnacht 1994 & 2002 (Clochmhóin & Lámh Láidir)
Duais Comhairle Ealaíon Connacht Tribune Lámh Láidir
Duais Stuart Parker don dráma Níor Mhaith Liom do Thrioblóid
Gael na Bliana Foinse 2007
Gradam Supreme Arts Award – Comhairle Contae na Gaillimhe 2008
Gradam Cumarsáide an Oireachtais – Aisteoir na bliana 2009
Gradam Laoch an Traidisiúin - Éigse an Spidéil 2014
Toghadh ina bhall d’Aosdána é sa mbliain 2014
Gradam Fhéile Choilm de Bhailís 2015
Gradam Raidió na Gaeltachta 2016
LEABHAIR I gCLÓ:
Fead Ghlaice (1986) CIC – Cnuasach agallamh beirte, sceitseanna, bailéid, lúibíní.
De Dhroim Leice (1990) CIC – Cnuasach filíochta
Clochmhóin (1998) CIC – Cnuasach gearrscéalta
Scread Mhaidne (2003) CIC – Úrscéal
Lámh Láidir (2005) CIC - Úrscéal
In Ainm an Athar & Níor Mhaith Linn do Thrioblóid (2006) CIC – Drámaí stáitse
An Dé Deiridh (2008) CIC – Cnuasach filíochta
Faoi Dheireadh Thiar (2008) CIC – Dráma stáitse
Salann Garbh (2009) CIC – Cnuasach gearrscéalta
Ag Caint Linn Féin (2013) CIC – Bailiúchán aistí
Idir Neamh agus Talamh (2014) – Cnuasach gearrscéalta
Fad Saoil (2015) CIC – Cnuasach filíochta
Mar a bhí ar dTús – Cuimhne Seanghasúr (2018) CIC – Cuimhní cinn
An Diabhal Déanta (2019) CIC – Cnuasach gearrscéalta
Foinsí agus Tuilleadh Eolais
Agallamh le Mamó, Máirín Uí Neachtain, bean céile Joe Steve – Aibreán 2021
Comhfhreagras, gearrtháin as páipéir nuachta & griangraif ó Mháirín Uí Neachtain. Pictiúir bhreise le Seán Ó Mainnín agus le hAntaine Ó Faracháin.
Comhar – Imleabhar 80 Uimh 2, Feabhra 2020
Ag Caint Linn Féin - Cló Iar-Chonnacht
Cartlann an Phléaráca – píosa tras-scríofa ó alt le Máirín Mhic Lochlainn do iris an Phléaráca 2010
www.portráidí.ie – COMHAR
An Clár Faisnéise:Idir shúgradh is dáiríre:
Alt a scríobh Joe do Bhiseach 2019L Cá bhfuil ár dtriall? https://www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha/ailt/joe-steve-o-neachtain-biseach-2019/
Cláracha ómóis do Joe Steve - Raidió na Gaeltachta https://www.rte.ie/radio/rnag/articles/sceala/2020/0128/1111490-joe-steve-o-neachtain-claracha-omois-ar-rternag/
Denvir, Gearóid. (2020) ‘An aigne neamhchoilínithe: gné d’fhilíocht Joe Steve Uí Neachtain’ in Comhar Taighde 6 | DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2020.01