Fearghas Mac Lochlainn

Is amhránaí sean-nóis, cumadóir agus scríbhneoir amhráin nuachumtha agus lúibíní é Fearghas Mac Lochlainn. Is as Baile Átha Cliath ó thús é Fearghas, ach tá sé ag cur faoi anois i gceantar Chois Fharraige lena bhean, Bríd, agus a n-iníon, Anna.

 Bhí an-suim ag Fearghas sa gceol agus sna hamhráin ó bhí sé ina leaid óg ag fás suas i mBaile Átha Cliath. Duine de dheichniúr clainne é agus is iomaí amhrán a bhíodh á gcasadh acu is iad ag taisteal sa gcarr lena n-athair, beannacht Dé leis, sula ndeachaigh sé ar shlí na fírinne nuair nach raibh Fearghas ach ocht mbliana d’aois. Níl fáth ar bith nach mbeadh suim aige sa nGaeilge agus i stair na hÉireann agus gaol aige leis an bPiarsach. Bhí a shin-sheanathair, Ailfrid Mac Lochlainn, pósta ag Emily Pearse, leasdeirfiúr le Pádraig Mac Piarais.

Is le Gaeilge a tógadh Fearghas agus d’fhreastail sé ar dhá scoil lán-Ghaeilge, Scoil Náisiúnta Bhríde i Raghnallach agus, ina dhiaidh sin, Coláiste Mhuire. Tar éis na meánscoile chuaigh sé chuig Coláiste Phádraig, Droim Conrach, áit ar oileadh mar mhúinteoir é.  Thosaigh sé a chéad phost ag múineadh i nGaelscoil Neasáin i mBaile Átha Cliath. Ó bhí sé an-óg bhí an-suim agus grá aige don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach.  Mar thoradh air sin, le linn a thréimhse i Scoil Neasáin thosaigh sé ag tabhairt rang a 5 chuig an nGaeltacht ar feadh trí seachtainí chuile bhliain. Is go hInis Oírr a théidís agus tá an traidisiún sin fós beo i nGaelscoil Neasáin sa lá atá inniu ann.

Is í an Ghaeilge, cultúr agus traidisiún na Gaeltachta a mheall go Cois Fharraige é tar éis dó post a fháil i Scoil Sailearna in Indreabhán i dtús na bliana 2001. Ba é saibhreas amhránaíochta leithéidí Antoine Pheaitín Terry Mhic Dhonncha, Chóil Neaine Pháidín, Choilmín an tSeoige, Jimmy Uí Cheannabháin agus mhuintir Ghriallais a chuaigh i gcion go mór air agus é féin ag tabhairt faoin amhránaíocht ar an sean-nós.

Chuaigh sé chuig an Oireachtas den chéad uair sa mbliain 1984.  Bhí sé thar a bheith go deo tógtha leis an saibhreas Gaeilge agus an chlisteacht chainte a bhí ag leithéidí Joe Steve Uí  Neachtain agus a bhean, Máirín, is iad i mbun agallaimh bheirte agus lúibíní. Ba ghearr gur thosaigh sé féin ag cur peann le páipéar.  Ba é a chara óna chuid laethanta i gColáiste Phádraig, Éamon Ó Donnchadha, a leathbhádóir nuair a thosaigh sé ag dul chun stáitse ar dtús. Is ar an bhfón nó ar Skype a chleachtaídís den chuid ba mhó, de bharr gur i nGaillimh a bhí Fearghas agus gur i Ráth Chairn a bhí cónaí ar Éamon.

In 2019 tar éis naoi mbliana déag a bheith caite aige ina phost, d’éirigh Fearghas as a chuid cúraimí mar phríomhoide i Scoil Sailearna in Indreabhán. Tá sé ag obair mar chúntóir riachtanais speisialta i nGaelscoil Dara ar an Rinn Mhór i láthair na huaire agus déanann sé roinnt aistriúcháin agus scríbhneoireachta nuair a bhíonns triáil aige. 

Scríbhneoirí: Faye agus Rueben Kenny, an Bóthar Buí.

https://molsceal.ie/sport/alt/?CID=5858869463001

https://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/fearghas-mac-lochlainn/

Buíochas le Futa Fata faoin bpictiúr.

Fearghas Mac Lochlainn le Donncha Ó Giobúin as Camus, an lúibín 'Tite i bhFeoil' , Ceolchoirm na hAoine ag Cumar, Ionad Pobail Chamuis, 28 Aibreán 2000. Taifeadadh (ar cheamthaifeadán): Deirdre Ní Thuathail

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Feargal Ó Béarra

Next
Next

Luisne Ní Neachtain