Máirtín Ó Cadhain
Ar an gCnocán Glas, lámh leis an Spidéal, a rugadh Máirtín Ó Cadhain. Anseo thíos tá 50 pointe urchair faoin gCadhnach, duine de na scríbhneoirí Gaeilge is tábhachtaí dár mhair riamh.
1. Ba é Cré na Cille an t-úrscéal is tábhachtaí agus is cáiliúla a scríobh sé. Is i stíl nua-aimseartha don am a scríobhadh é. Tá sé ar fáil in go leor teangacha éagsúla: an Ioruais, an Danmhairgis, an Béarla (péire), an Tuircis, an Ghearmáinis, an tSeicis, an Ungáiris, an Iodáilis, an Ísiltíris, an Chróitis, an Tamailis, an Rúisis agus an Ghréigis. Craoladh ar RnaG é, cuireadh ar stáitse é agus rinneadh scannán de sa mbliain 2007.
2. Scríobh sé go leor cnuasach gearrscéalta: Cois Caoláire, An Braon Broghach, Idir Shúgradh agus Dáiríre, An tSraith Dhá Tógáil, An tSraith Tógtha agus An tSraith ar Lár.
3. Aonghus Óg an t-ainm cleite a thugadh sé air féin.
4. Bhí an-suim aige sa Mharcsachas agus chreid sé gur theanga chaipitlíoch a bhí sa mBéarla agus dá mba thír shóisialach í Éire go mbeadh sí Gaelach feisin.
5. Bhí go leor teangacha ar a thoil aige. D’fhoghlaim sé Breatnais agus teangacha Ceilteacha eile agus bhí sé in ann Fraincis, Spáinnis, Iodáilis, Gearmáinis, agus Rúisis a labhairt chomh maith le Béarla.
6. Bunaíodh Iontaobhas Uí Chadhain in 1988 chun catalógú a dhéanamh ar shaothar neamhfhoilsithe an Chadhnaigh agus le caomhnú agus comóradh a dhéanamh ar an scríbhneoir féin.
7. Cuireadh bac ar mhórimeachtaí comórtha in 2020 mar gheall ar phaindéim Covid 19 ach reáchtáladh sraith léachtaí agus imeachtaí ar líne.
8. Chuir Iontaobhas Uí Chadhain dealbh den Chadhnach sa Spidéal i Mí Iúil, 2022. Bhronn Cumann Forbartha Chois Fharraige €5,000 orthu i dtreo na cúise seo.
Amlíne a shaoil:
9. Tá dhá bhliain agus dhá mhí luaite le dáta breithe an Chadhnaigh. Creideann a mhuintir gur rugadh é ar an 06 Eanáir, 1906 ar an gCnocán Glas.
10. Seán Ó Cadhain a bhí ar a athair agus Bríd Nic Conaola a bhí ar a mháthair. Scéalaithe ab ea a athair, a mháthair agus a uncail agus chuir an buachaill óg an-suim sa seanchas a bhí acu.
11. Rugadh triúr páistí déag dá thuismitheoirí ach cailleadh cuid acu. Ba é Máirtín an duine ba shine a mhair.
12. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta an Spidéil.
13. Ó tharla gurbh é ba shine, ba mhinic a choinníodh a athair sa mbaile é le cúnamh a thabhairt dó ar an bhfeirm bheag agus bhí ar phríomhoide na scoile labhairt leis le Máirtín a choinneáil ar scoil.
14. Rinneadh monatóir (cúntóir) de sa scoil agus bhuaigh sé scoláireacht le dul chuig Coláiste Phádraig i nDroim Conrach.
15. Oileadh mar mhúinteoir bunscoile é sa tréimhse 1924 – 1926.
16. Chaith sé seal ag múineadh i nDaighinis, taobh thiar de Leitir Mealláin, agus i gcathair na Gaillimhe.
17. Foilsíodh a chéad ghearrscéal san irisleabhar An Stoc sa mbliain 1929.
18. Ceapadh ina phíomhoide é ar Scoil Náisiúnta Chamais agus d’fhan sé ann go dtí 1932.
19. Le linn dó a bheith i gCamas, d’aistrigh sé an t-úrscéal, Sally Kavanagh, le Charles J Kickham agus foilsíodh é in 1932.
20. Bhí baint aige faoin am seo le hÓglaigh na hÉireann agus bhí sé ina chaptaen ar na hÓglaigh i gCamas.
21. Bhí an-suim aige sa seanchas agus sa mbéaloideas agus bhailigh sé go leor amhrán i gConamara. Foilsíodh sa leabhar Faoi Rothaí na Gréine iad.
22. Fuair sé post sa gCarn Mór in 1932.
23. Bhí sé an-ghníomhadh san eagraíocht Cumann na Gaeltachta a bunaíodh sa mbliain 1934, go háirithe an obair a bhain le daoine as Conamara a aistriú go Co. na Mí.
24. Bhí sé gníomhach freisin i gConradh na Gaeilge agus toghadh é ar an gCoiste Gnó in 1935.
25. In 1936 bhris an Sagart Paróiste sa gCarn Mór as a phost é de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann.
26. Bhog sé go Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus bhí sé an-ghníomhach in Óglaigh na hÉireann agus i gConradh na Gaeilge.
27. Thosaigh sé ag scríobh scéalta nuair a bhog sé go Baile Átha Cliath agus scríobh sé Idir Shúgradh is Dáiríre in 1939.
28. Gabhadh é in 1939 agus chaith sé cúpla mí i mBeairic Chnoc an Arbhair. Gabhadh arís é in 1940 agus chaith sé ceithre bliana i gcampa géibhinn an Chorraigh i gCo. Chill Dara.
29. D’eagraigh sé na príosúnaigh agus mhúin sé Gaeilge, Fraincis agus stair dóibh ar an gCorrach. Deirtear gur múinteoir iontach a bhí ann.
30. Rinne sé an t-uafás léitheoireachta le linn dó a bheith i ngéibheann agus chuaigh mórscríbhneoirí na hEorpa agus na Rúise i gcion air.
31. Chuir sé liosta ollmhór focal agus nathanna cainte ar fáil don Ghúm ina dhiaidh sin.
32. Phós sé Máirín Ní Rodaigh, múinteoir scoile as contae an Chabháin in 1945.
33. Thosaigh sé ag obair i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean in 1947.
34. Ba sa mbliain chéanna a bhuaigh sé duais Oireachtais don úrscéal Cré na Cille.
35. Tharraing a chnuasach gearrscéalta An Braon Broghadh clú agus cáil air nuair a foilsíodh é in 1948.
36. Foilsíodh sleachta as Cré na Cille sa nuachtán Scéala Éireann agus cuireadh an-spéis iontu. Aithníodh gur úrscéal réabhlóideach, ceannródaíoch a bhí ann ar an bpointe.
37. Dhiúltaigh an Gúm Cré na Cille a fhoilsiú mar gheall ar chuid den bhinibeacht agus an tíriúlacht a bhain leis an teanga agus na tuairimí frith-Chaitliceacha a bhí ann, dar leo.
40. Bhí colún rialta aige i Scéala Éireann, 1953 – 56.
41. Chabhraigh sé le bunú na heagraíochta Gael-linn ach thit sé amach leis an mbord stiúrtha.
42. In 1956 fuair sé post mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide agus ceapadh ina Ollamh le Gaeilge é in 1969.
43. Thug sé cuairt ar an Rúis in 1962 agus chuaigh an Cumannachas go mór i bhfeidhm air.
44. Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an eagraíocht feachtasaíochta Misneach.
45. Bhí sé go láidir den tuairim nach raibh suim ag an rialtas, go háirithe rialtas Fhianna Fáil, sa nGaeilge agus thapaigh sé chuile dheis iad a ionsaí.
46. Scríobh sé dhá leabhrán chonspóideacha faoin nGaeilge sna seascaidí: Irish Above Politics agus Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae.
47. Foilsíodh an cnuasach gearrscéalta An tSraith ar Lár in 1967. Foilsíodh cnuasach eile leis, An tSraith dá Tógáil, in 1970.
48. Thacaigh sé le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus rinne sé canbhasáil ar son a n-iarrthóir toghchánaíochta, Peadar Mac an Iomaire, in 1969.
49. Bhásaigh sé ar an 18 Deireadh Fómhair, 1970, agus tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróim i mBaile Átha Cliath.
50. Fágadh go leor dá chuid oibre gan foilsiú agus cuireadh an chuid is mó de i gcló tar éis a bháis.
Scríbhneoir: Damhnait Ní Fhátharta, na hAille.
Foilsíodh an t-alt seo sa leabhar comórtha Eadrainn Féin, a d’fhoilsigh Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal, i gcuimhne ar Mháirtín Ó Cadhain. Tá buíochas ag dul don scoil as cead a thabhairt dúinn an t-alt seo a fhoilsiú.
Buíochas freisin le Máirtín Ó Cadhain agus le hIontaobhas Uí Chadhain.
Tuilleadh eolais: