Máire Ní Oibicín Uí Eidhin
Is i Leitir Mucú, Camas i gConamara a rugadh agusa tógadh Máire hOibicín Uí Eidhin ach atá ina cónaí sa Spidéal lena clann le blianta fada.
Is iarmhúinteoir tís, stiúrthóir naíonra agus léachtóir leis an gcoiste réamhscolaíochta í. Scríobh sí na scripteanna agus chuir sí i láthair Lúrabóg Lárabóg, clár do pháistí óga le Raidió na Gaeltachta ar feadh chúig bliana chomh maith le cláracha cócaireachta. Bhí aithne aice ar Chaitlín Maude a tháinig as an bparóiste céanna, chuaigh sí i gcion go mór uirthí mar dhuine agus mar fhile.
Is aisteoir stáitse agus teilifíse í Máire a bhionn le feiceáil ar Ros na Rún. Scríobhann sí gearrscéalta agus filíocht a d’fhoilsigh Comhar, Foinse, Feasta agus Crannóg. Tá teacht ar shaothair Mháire freisin in eagrán na bliana 2005 agus 2013 don díolaim Go Nuige Seo a chuir Pádraig Ó Cíobháin in eagar le linn dó a bheith ina scribhneoir cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe.
An saothar is déanaí óna peann ná an leabhar filíochta Taoscadh anTobair a d’fhoilsigh an comhlacht Coiscéim. Bean ildánach an mamó ‘sagainne mar is í a phéinteáil pictiúr clúdaigh an leabhair, Cara Fionnla, i Leitir Mucú.