Seán Ó Conghaile
Ba é Seán Ó Conghaile athair mo mhamó, Máirín Uí Ghadhra. Chuala muid go leor faoi agus muid ag fás suas agus tá cónaí ormsa san áit ar thóg sé an teach nua i mbaile na nAille. Poblachtach agus sóisialach a bhí ann a bhí ina bhall de chomplacht na nÓglach ar an gCnoc agus ina gharda i gcúirteanna Shinn Féin i dtús na bhfichidí. Bhí sé in aghaidh shíniú an Chonradh Angla-Éireannaigh agus dhiúltaigh sé fostaíocht an tSaorstáit. Bhí sé ina cheannaire áitiúil ar na Fórsaí Caomhnóirí Áitiúla (LSF) le linn an Dara Cogadh Domhanda agus thacaigh sé le Clann na Poblachta in olltoghchán 1948. Ba chúis mhór bróid dó, agus dúinn féin anois, an dá bhonn a bronnadh air: Bonn Chogadh na Saoirse agus Bonn Sheirbhís na Práinne. Urlabhraí pobail a bhí ann a d’fhág a lorg ar shaol cultúrtha agus sóisialta Chois Fharraige. Staraí sóisialta, oideachasóir, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis a bhí ann freisin agus is ar na gnéithe sin a dhíreoidh mise san alt seo.
Rugadh Seán Ó Conghaile i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1903. Ba mhac é le Stiofán Niocláis Ó Conghaile as Seanadh Gharráin sa Spidéal, agus Máirín Phaddy Ní Choncheanainn as na hAille in Indreabhán. Fear mór, ard, slachtmhar a bhí i Stiofán Niocláis. Bhí seacht nduine dhéag de chomhluadar ag a thuismitheoirí féin. Chaith Máirín Phaddy tamall i Meiriceá, ach níor fhan sí thall. Ní raibh sa gcomhluadar ach í féin agus a deartháir agus fuair sé sin bás go tubaisteach, an fear bocht. Bhí sé ag dul go Cinn Mhara chuig an aonach nuair a d’iompaigh an churrach a raibh sé inti agus bádh é. Is dá bharr sin a d’fhill Máirín as Meiriceá. Bhí seisear sa gcomhluadar ag Stiofán Niocláis agus Máirín Phaddy. B’in iad Máire, Nioclás, Jude, Bríd, Seán agus Nan. Bhí Seán ar an dara duine ab óige agus rugadh é sna hAille in aice leis an seanteach atá fós thíos ag bun an bhaile, áit a dtugtaí Baile na gCrann air. Dúirt sé sa leabhar Cois Fharraige le mo Linnse gur teach mór cuarta a bhí i dteach a mhuintire: ba ann a thagadh seanfhondúirí an bhaile le linn shéasúr an airneáin (ó Lá Samhna go Féile Pádraig), chruinníodh siad timpeall na tine agus chaithidís an oíche ag seanchas agus ag scéalaíocht. D’fhág sin go raibh an-chur amach aige ar an seansaol agus ar sheanbhealaí na ndaoine, agus roinn sé an tsaíocht sin go paiteanta sna saothair a scríobh sé. D’fhreastail Seán ar Sheanscoil Sailearna go dtí raibh sé dhá bhliain déag d’aois agus chuaigh sé ag obair sa mbaile lena athair ar an talamh ar dtús, obair nach raibh mórán suime aige ariamh ann. Chaith sé cúig bliana fichid ina shaoiste leis an gComhairle Chontae agus bhí aithne mhór air agus ar a leathbhádóir, Máirtín Phádraig Thaidhg Ó Conghaile ón gCnoc, ar fud Chonamara de bharr na hoibre seo.
Bhí suim i gcónaí aige i gcúrsaí léinn. Chaith sé ceithre nó cúig bliana i dtús na dtríochaidí ag freastal ar ranganna oíche a bhí á reáchtáil ag Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i gCois Fharraige. Bhíodh Seán i gcónaí ag léamh, i nGaeilge den chuid is mó. Cheannaíodh sé féin agus a chomharsa, Darby Shéamuis, páipéar nuachta chuile lá. Cheannaíodh Darby an Irish Press agus cheannaíodh Seán an Irish Independent agus dhéanadh siad babhtáil orthu ansin an lá dár gcionn. Nuair a athbhunaíodh an tOireachtas in 1939 thaistil sé go Baile Átha Cliath le freastal air agus théadh sé ann chuile bhliain ina dhiaidh sin. (Go deimhin, cúitíodh a dhílseacht dó nuair ceapadh é ina Uachtarán ar Oireachtas Chois Fharraige in 1976.) Thosaigh sé ag scríobh aistí agus gearrscéalta, agus bronnadh an chéad duais Oireachtais air in 1940 agus go leor eile ina dhiaidh sin. Is ag scríobh le lámh a bhíodh sé agus ar ndóigh, ní raibh solas leictreach ar bith aige ag an am, ná bac le ríomhaire! Níor tháinig leictreachas go dtí an ceantar go dtí 1956.
Is in 1932 a phós Seán Máire Phatch Phad Ní Chualáin as Béal an Átha sna Mine in Indreabhán. Is i seanséipéal Ros a’ Mhíl a phós siad mar ní raibh aon sagart ar an gCnoc ag an am. Bhí siad ina gcónaí sa seanteach in éineacht leis an tseanlánúin. Rugadh ceathrar páistí dóibh: Máirtín, Steve, Pádraig agus Máirín. Thóg Seán agus Máire teach dhá stór i mBaile na gCrann, agus, ach an oiread le teach a athar, ba theach mór cuartaíochta a bhí ann agus bhíodh tarraingt ag muintir an bhaile, scoláirí, foghlaimeoirí agus cuairteoirí, idir óg agus aosta ar theach Uí Chonghaile. D’fhanadh lóistéirí freisin ann agus ba é an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, a raibh gaol aige le Seán, a chuir daoine chuig an teach an chéad lá riamh. Ina measc sin bhí an Dr Noel Browne, a bhí ina Aire Sláinte sa gcéad chomhrialtas idir 1948 agus 1951. Bhí an Dr Browne ar a dhícheall ag iarraidh galra marfach na heitinne a cheansú agus bhíodh sé i nGaillimh go minic mar bhí sanatóir á thógáil ann ag an am. Bhí beirt iníonacha aige, Ruth agus Susie, a bhí ar comhaois le mo mhamó (Máirín) agus bhíodh siad ag spraoi sna garrantaí agus thíos ar an gcladach. Is ann a d’fhanadh Miss Swords a bhí ina príomhoide ar Scoil Chailíní Sailearna agus chaith sí roinnt blianta ann sular thóg sí a teach féin. Is iomaí duine eile a d’fhan sa teach, an t-aisteoir Cyril Cusack agus a chlann mar shampla agus an scríbhneoir Cathal Ó Sándair a tháinig chun na háite mar chuid de Scéim Choiste na bPáistí agus go leor eile. Bhíodh tarraingt ag lucht an léinn ar an teach freisin, go háirithe teangeolaithe ón iasacht agus deirtear liom gur an-mhúinteoir a bhí ann, rud a luann Mac Con Iomaire (1997, lth. 94) sa leabhar álainn, An Tír Aineoil:
‘Together with his late wife, Máire Ní Chualáin, and their Irish speaking family of one daughter and three sons, their Gaeltacht home became a veritable Irish Language Academy where students from all over Ireland and abroad were warmly welcomed and received patient instruction.’
Is minic a bhíodh Seán le cloisteáil ar Raidió Éireann agus ar Raidió na Gaeltachta agus cé go raibh an-suim aige sna hamhráin agus gur chas sé an cairdín, go heol dúinn, níor chas sé ar an aer iad. Tá taifeadadh amháin ann de, áfach, a bhí ar coimeád i gCnuasach Bhéaloideas Éireann agus a eisíodh ar dhlúthdhiosca in 1997 mar chuid de shraith cheol traidisiúnta UNESCO agus ar líne in 2014 ag Smithsonian Folkway Recordings. Nílim cinnte an bhféadfaí amhrán a thabhairt air ach is aithris ar phíosa caointeoireachta é a rinne Seán don bhailitheoir Séamus Ennis sa mbliain 1946. Bhíodh an-drogall ar dhaoine an chaointeoireacht a dhéanamh nuair nach mbíodh corp os cionn cláir agus, ag an am sin, ní fhéadfaí í a thaifeadadh ar thórramh. As carthanas a rinne Seán an gar dá chara. Faoin am sin, bhí nós na caointeoireachta ag dul i léig agus shílfeá nach raibh mórán measa ag an gConghaileach ar an deasghnáth. Seo mar a thagair sé dó i Saol Scolóige (lth. 49):
‘Chuir mé siolla den chaoineadh ar téip agus ba mhaith a chuidigh an dá phionta liom le é sin a dhéanamh. Cheap mé riamh nach raibh mórán bunúis ná céille leis na nósanna a bhain le hadhlacadh na marbh. Mar shampla, ní raibh ciall ar bith leis an gcaoineadh a bhítí ag déanamh os cionn an mharbháin, de réir mo thuairimse. Nuair a bhí mé im’ ghasúr óg is minic a chonaic mé na mná caointe ag cur a sceadamán amach agus olagón acu os cionn coirp. Ba é an chaoi a scanraíodh siad mé. Nuair a d’fhás mé suas im’ scorach, thug mé faoi deara, agus mé ag breathnú ar na caointeoirí, nach mbíodh mórán deora ar bith ag teacht óna súile.’
Bíodh sin mar atá, is maith mar a tháinig sé i gcabhair ar an mbailitheoir mar tá an taifeadadh sin ar cheann den fhíorbheagán samplaí atá ann ann de shean-nós na caointeoireachta agus sin an fáth, is dóigh, ar roghnaigh Ríonach uí Ógáin é don bhailiúchán. Tá sé le cloisteáil anseo: Ireland | Smithsonian Folkways Recordings (si.edu)
Is chuige a tháinig an tOllamh Séamus Ó Duilearga agus an Giúistís Seán Mac Giollarnáth nuair a bhí bailitheoirí páirtaimseartha á n-earcú ag Cumann Béaloideas Éireann agus bhailigh sé míle go leith seanfhocal idir 1933 agus 1934 ó sheanfhondúirí na háite. Roinnt blianta ina dhiaidh sin bhí sé féin agus an scríbhneoir, Pádraic Chóil Bhile Ó Fátharta as an Teach Mór, ar bheirt díobhsean a d’athbhunaigh Cumann Díospóireachta Chois Fharraige in 1946. Cumann an-ghníomhach a bhí ann: bhíodh oícheanta airneáin acu, léirigh siad drámaí agus craoladh cuid dá n-imeachtaí ar Raidió Éireann faoin teideal Scoth-Chainteoirí Chois Fharraige.
Phós Máirín, iníon Sheáin, an gníomhaí teanga Nollaig Ó Gadhra in 1970. Ba staraí agus iriseoir é Nollaig agus thug sé cúnamh do Sheán eagarthóireacht a dhéanamh ar a chéad leabhar darbh ainm Cois Fharraige le mo Linnse in 1974. Cnuasach alt a scríobh Seán do chomórtais an Oireachtais, do RTÉ, don iris Feasta agus d’fhoilseacháin eile atá ann. Tá aiste bhreá sa leabhar faoi stair Dhúiche Shailearna. Ní hamháin go bhfuil ainmneacha na mbailte fearainn i bParóiste an Chnoic ann ach tá ainmneacha na ngarrantaí atá ar an gCnoc, sna hAille, ar an Lochán Beag , an Teach Mór, Baile an Logáin/ Cor na Rón Thoir, Cor na Rón Lair agus Cor na Rón Thiar/An Baile Nua. Bí ag caint ar shaibhreas! Tá bailiúchán ann freisin a rinne Seán in 1946 d’fhocla a bhíodh in úsáid go coitianta i gCois Fharraige san am agus m’anam gur aithin mé cuid acu. Athfhoilsíodh an tríú cló in 2015. Scríobh sé dhá leabhar eile: Stiléirí agus Scéalta Eile (1983) agus an dírbheathaisnéis Saol Scolóige (1993). Bhíodh Seán ag scríobh píosaí eile freisin, píosaí don iris Ar Aghaidh a foilsíodh i nGaillimh, mar shampla. Dála an scéil, bhí mianach na scríbhneoireachta ina mhac, Máirtín freisin agus b’iriseoir é le Scéala Éireann agus le Nuacht RTÉ.
B’fhear mór Oireachtais é Seán Ó Conghaile agus d’fhéadfá a rá go mbriseann an dúchas mar is bean mhór Oireachtais mé féin ach is ar Oireachas Rince na Cruinne a bhíonn mo tharraingt! Taitníonn an t-alt breá faoi fheisteas agus faisean na mban atá sa leabhar Cois Fharraige le mo Linnse thar cionn liomsa. Tá mionchuntas ar dhathanna, éadach, stíleanna agus maisiú sheálanna agus sciortaí na mban i Cúrsaí Faisin, alt a bhuaigh duais Oireachtais in 1967. Cuimhnigh ar an alt a scríobhfadh sé dá bhfeicfeadh sé an chaoi a mbíonn na damhsóirí feistithe amach ag Oireachtas Rince na Cruinne!
Cailleadh mo shin-sheanathair, Seán Ó Conghaile, ar an 18 Meitheamh, 1995 in aois 92 bliain. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Scríbhneoir: Síofra Brady, na hAille.
Foinsí eolais:
Ó CONGHAILE, Seán (1903–1995) | ainm.ie
Mac Con Iomaire, L. & Quinn, B. (1997) Conamara: An Tír Aineoil. Conamara: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Conghaola, S. (1983) Na Stiléirí agus Scéalta Eile Aniar. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.
Ó Conghaola, S. (1993) Saol Scolóige. Conamara: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Conghaile, S. (2014) Cois Fharraige le mo Linnse (an tríú heagrán). Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó Héalaí, P. (2015) ‘Cois Fharraige Le Mo Linnse’ in Biseach 2015, lgh 32 & 33. Ar fáil freisin ag Cois Fharraige Le Mo Linnse · Cartlann Ghaeltacht Chonamara
Uí Ghadhra, M. (2022) Agallamh le Máirín Uí Ghadhra, na Forbacha, an 01 Márta, 2022.