Caitlín Ní Chualáin

Níor spáráil Dia na buanna nuair a bhronn sé ar Chaitlín Ní Chualáin iad: ealaín, aisteoireacht, scríbhneoireacht, cumadóireacht agus, dar ndóigh, an amhránaíocht. Is iníon í le Máirín Johnny Cháit as Baile na mBroghach agus le Máirtín Pheaits Sheáin Phádhraic as an Teach Mór, agus is ar a baile dúchais a thóg sí féin agus a fear, Greg Ó Braonáin, a seachtar clainne.

Caitlín le ceathar dá cuid gasúr: Séaghan, Sorcha, Domhnall & Cormac.

Bóthar an Tí Mhóir.

B’amhránaí breá é Máirtín Pheaits a ghnóthaigh Corn an Oireachtais in 1944 agus bhí tionchar mór aige ar Chaitlín. Spreag na múinteoirí i Scoil Náisiúnta Sailearna í agus í ag fás aníos sna seachtóidí agus ochtóidí  mar bhí a fhios acu go raibh an mianach inti agus bhuaigh sí gradaim ag Slógadh, Féile Chonnacht (a bhíodh ar bun ar an Spidéal) agus ag an Oireachtas agus í an-óg. Tá dea-chuimhní freisin ag Caitlín ar na teidhmeanna a bhíodh sa teach nuair a thagadh cuairteoirí abhaile ó Mheiriceá,  go mbíodh idir amhráin ar an sean-nós agus seanbhailéid ag dul go gealach a fhad agus a bhídís thart.  Nuair a bhí sí ina déagóir, chuaigh na hoícheanta airneáin a bhíodh ar bun sa tech (Coláiste Cholmcille) agus a bhíodh á n-eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige thart ar uair sa mí go mór i gcion uirthi, mar go mbíodh idir shean agus óg le chéile ann agus a chéapar féin ag chuile dhuine, idir cheol, agallaimh bheirte, dánta agus damhsaí: ‘Bhíodh ón ngasúr go dtí an duine fásta ann, chuile aois agus a cheird féin ag chuile dhuine. Is ann a d’fhoghlaim mé na damhsaí ar fad, ar nós Baint an Fhéir agus Caidhp an Chúil Aird. Dá mba uasal nó íseal thú, ba chuma ach tú a bheith in ann rud éicint a dhéanamh’.

Ní inniu ná inné a chroch Caitlín léi na cupáin!

Muintir Chualáin: Mícheál, Uilic, John Joe, Pádhraic, Sarah, Bridie, Caitlín agus Mamie.

Ní bhíodh mórán dá comhaois féin ag casadh amhráin ar an sean-nós an t-am sin agus bhí uaigneas ag baint leis sin, dar léi, mar ní bhíodh aon chomrádaithe amhránaíochta aici. Théadh sí chuig an Oireachtas aisti féin nuair a bhí sí sa gcoláiste mar a mbíodh sí i gcomórtais le hamhránaithe móra an tsean-nóis as chuile cheard den tír. ‘Bhí mé asam féin agus óg le bheith istigh ar Chomórtas na mBan i ndáiríre. Tá tú ag caint ar a bheith in aghaidh leithéidí Sarah Ghriallais, Nóra Ghriallais, Treasa Ní Cheannabháin, Máire Bríd Uí Nia, dreamanna den sórt sin,  bhíodh scáth orm, ní raibh aon údar leis, sin mar a bhí mé ag aireachtáil ag an am. Bhí chuile dhuine beo acu thar cionn.’ Dá bharr sin, bhí tréimhse ann a mbíodh drogall uirthi amhrán a chasadh go poiblí agus bhí sí cruógach freisin agus í i mbun staidéir le bheith ina múinteoir Eacnamaíochta Baile agus Gaeilge i gColáiste San Caitríona, Cnoc Shióin, i mBaile Átha Cliath. Bhí sí pósta agus ag obair le Raidió na Gaeltachta sular lasadh an splanc inti arís, a deir sí, nuair a ghlac a hathair páirt san Oireachtas in 2001 agus é 79 bliain d’aois. Ghnóthaigh sé Corn na bhFear agus thuig sí ansin an bua a fuair sí óna sinsir agus a thábhachtaí agus a bhí sé é a thabhairt dá clann agus é a choinneáil beo. Bhuail sí faoi na hamhráin arís le fonn agus bhuaigh sí Comórtas na mBan ag an Oireachtas in 2005, 2008 agus 2014. Chroch sí léi Corn Uí Riada in 2016. 

Caitlín in éineacht lena dlúthchairde, Joe Steve Máirín Uí Neachtain, Oireachtas 2016 tráth a bhuaigh Caitlín Corn Uí Riada & tráth a bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Joe Steve.

Tá Caitlín de tuairim go bhfuil traidisiún na hamhránaíochta an-láidir i gceantar Chois Fharraige agus ceapann sí go raibh an-bhaint ag ranganna an Ghaelacadaimh leis sin. Tá sí an-mholtach ar Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin, a bhí i bhfeighil na ranganna sin. Bhí sí lách, cineálta leis na gasúir; spreag sí iad agus roinn sí a saibhreas féin leo.  Ní hiontas léi an t-ardmheas atá ag na daoine óga sa gceantar ar an sean-nós agus nach mbíonn aon leisce orthu amhrán a chasadh in aon áit. Mar a luadh cheana, ba é a hathair a spreag Caitlín ach freisin bhí a cluas bioraithe ag éisteacht le plúr na n-amhránaithe: Peadar Ó Ceannabháin, Seán ’ac Donncha, Joe Éinniú, Johnny Mháirtín Learaí, Josie Sheáin Jeaic, Peatsaí Ó Ceannabháin agus Tomás Ó Neachtain. Ó thaobh stíle de, deir Caitlín go gcasann sí amhráin a thaitníonn léi, agus cibé ar bith stíl atá aici go bhfuair sí óna hathair í. Bhí go leor d'amhráin Cheantar na nOileán ag a deaide, Bádóirín Thír an Fhia, Ócam an Phríosúin agus Máire Inis Toirc, mar shampla, ach ní bhfuair sí deis an t-údar a bhí leis sin a phlé leis sular éag sé sa mbliain 2013. Ceann de na hamhráin is fearr léi ná an t-amhrán molta, Línseach Bhearna. De réir an tseanchais, tiarna talún a bhí sa Línseach (Loingseach) a thug áit chónaithe do bhean a bhí caite amach as a gabháltas talún, agus a gheall áit di dá scríobhfadh sí amhrán moltach faoi.

Deir Caitlín go dtugann sé pictiúr d’am áirithe i stair na háite agus gur rud neamhghnách é a bheith ag moladh tiarna talún. Is maith léi na friotail ‘Is fásann cruithneacht fhéin san áit a siúlann sé,’ agus ‘tá iníon Rí na Gréige ag fáil bháis le cumha ina dhiaidh’. Deir sí nach bhféadfá moladh ní b’fhearr ná sin a thabhairt do thiarna talún! Tagraíonn sí freisin don íomhá a tharraingíonn ar an dúlra: ‘Is chuaigh na meacha ó dhiúl a gcuid meala le teann cumha’; cur síos ar an méid a tharlódh dá n-imeodh sé.  Is breá léi an fonn freisin. Ceann eile atá an-ghar dá croí is ea Máire Ní EidhinBaile Uí Laoi (an t-amhrán a chas sí nuair a ghnóthaigh sí Corn Uí Riada) mar gheall ar an gcur síos mion, fileata a rinne an fíodóir focal, Raiftearaí ar an ‘bpabhsae gléigeal’ a raibh ‘a grua thrí lasadh is a mailí caola, a haghaidh dá réir is a béal tais mín’.  Tagraíonn sí freisin don líne ‘Míle cléireach a ghoil in éineacht, trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh’ mar gheall ar an tsamhail de mhíle cléireach ag scríobh leo agus fós ní bheadh cuntas ann ar thrian de thréithe na mná. 

Deir sí gur scéal atá á insint in amhrán sean-nóis trí mheán an cheoil agus tá a tuairimí féin aici faoin gcaoi ar cheart iad a rá. Dar léi, má chuireann an t-amhránaí an iomarca béime ar na teicnící go bhféadfaí an scéal a chur as a riocht. Is ealaín chiúin agus phearsanta an sean-nós agus níor cheart an iomarca geáitsíochta ná éirí in airde a bheith ag an amhránaí.  ‘Tá scéal i chuile amhrán agus tarlaíonn sé i gcuid mhaith acu gur grá an téama a bhíonn iontu. Feictear dom an jab atá le déanamh agat ná an scéal a inseacht ach go bhfuil tú á inseacht le guth agus i ndáiríre go bhfuil muid, b'fhéidir, ag éirí róthógtha leis na teicnící, ornáidíocht, binneas agus a bheith ceart ó thaobh nótaí agus gurb é an scéal atá ag fulaingt.’  Deir sí nach aon saineolaí í ach ó thaobh amhránaithe Chonamara go bhfuil saibhreas damanta ann agus ornáidíocht an-fhorbartha acu agus í déanta ar bhealach an-nádúrtha. Ó thuaidh, tá siad an-bhinn go deo ach níl a fhios aici a bhfuil an ornáidíocht chéanna acu ina gcuid amhrán siúd. Ó thaobh Chúige Mumhan ansin is deacair dul tharstu maidir leis na hamhráin sciobtha agus is breá léi na stíleanna ar fad agus go bhfuil an éagsúlacht sin ann idir na Gaeltachtaí. 

Tá an amhránaíocht tábhachtach ina saol díreach mar a chéile leis an teanga; is cuid di féin iad. ‘Súnn tú isteach iad agus tú i do ghasúr, agus bíonn tú níos sine nuair a thuigeann tú an tseoid a fuair tú ón nádúr. Tá sé an-speisialta domsa go bhfuair mé na hamhráin ó mo dheaide agus gur rud é a tháinig anuas chugam féin agus chuig an gcuid eile den chlann.’ Tá suim agus cumas amhránaíochta ag deartháir Chaitlín, Mícheál, fear a bhfuil duaiseanna Oireachtais bainte amach aige, agus atá ag cur faoi in Inis Mór in Árainn.  Bhíodh béim i gcónaí ag Máirtín Pheaits ar fhocail an amhráin a bheith cruinn, agus cé nach mbíonn an chuid eile den chlann: Mamie, John Joe, Pádhraic, Bridie, Sarah ná Uilic le cloisteáil go poiblí ag rá na n-amhrán, tá an tsuim agus an scil sna focail sin tugtha leo acu agus é bronnta acu ar a ngasúir féin. Go deimhin tá clann Chaitlín ag leanacht ar aghaidh lena n-oidhreacht, a bhuíochas sin dise.  Bíonn Adhna, Domhnall, Fódhla agus Cormac ag amhránaíocht sna comórtais agus tá na hamhráin agus bua an cheoil freisin ag Sorcha, Séaghan agus Ferdia. 

Duaisbhuaiteoirí an tsean-nóis, 2016.

Domhnall Ó Braonáin ag gabháil fhoinn ag deireadh seachtaine comórtha ‘An Mine’ in 2017.

Tá roinnt taifeadtaí déanta aici in imeacht na mblianta do Raidió na Gaeltachta, do na cláir cheoil Geantraí agus An tAmhrán is Ansa liom agus, dar ndóigh, tá sí le feiceáil sa gclár Corn Uí Riada a rinne TG4.  Tá a glór le cloisteáil ar thaifeadtaí a rinne Tadhg Mac Dhonnagáin agus an comhlacht Futa Fata do ghasúir óga, leithéidí Gugalaí Gug agus Bliain na nAmhrán. Rinne sí taifead ar Amhrán Mhaínse le haghaidh Gaillimh 2020 agus bhí sé le húsáid ag an searmanas oscailte. Thaitin an tréimhse a chaith sí mar amhránaí cónaitheach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2019-20 thar cionn léi. B’onóir agus gradam mór millteach a bhí ann di agus chuir sé iontas uirthi an tsuim a chuir daoine sna hamhráin, cuid acu nach raibh Gaeilge ar a dtoil acu agus nach ndúirt aon amhrán sean-nóis riamh. ‘Tá siad ag cur suime ann ó thaobh an cheoil agus sa mbealach a ndeirtear iad.  Tá siad ag cur suime sna focail agus sa saibhreas atá iontu, sa scéal agus i gcúlra an amhráin ar fad,’ a deir sí.  

Ceapann Caitlín go mbraitheann todhchaí an tsean-nóis ar an teanga agus ar an bpobal a bhfuil sé beo ann.  ‘Tá borradh tagtha faoin sean-nós mar gheall ar chomórtais, craoladh na gcomórtas agus freisin na ranganna. Fadó, fuair aon duine a raibh sean-nós aige istigh ar an teallach é, nó timpeall an bhaile. Anois má tá suim agat ann is féidir é a fhoghlaim ag rang agus is maith é sin.’ Ceapann Caitlín go bhfuil ról an-tábhachtach ag an Oireachtas i seachadadh na n-amhrán agus ag an ardán a thugtar dóibh ar an iliomad meán. Dá bharr tá meas agus ómós ann don amhrán agus don amhránaí, rud nach raibh chomh feiceálach cheana, cé is moite de leithéidí Joe Éinniú a chuaigh go Meiriceá agus a fuair aitheantas thall ansin.  Tá go leor lochtanna á bhfáil ar an Oireachtas mar gheall ar an gcóras moltóireachta dar le Caitlín, ach is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil an comórtas ann, go bhfuil go leor daoine ag glacadh páirte ann, agus go bhfuil na hamhráin á gcasadh agus dá dtabhairt don chéad ghlúin eile. 

Adhna Ní Bhraonáin, buaiteoir Chomórtas na mBan, 2018.

Caitlín, Adhna & Greg Ó Braonáin in éineacht le Mártan Ó Cualáin, mac le Uilic, agus Cormac Ó Braonáin.

Is bean í Caitlín Ní Chualáin a bhfuil tuiscint aici ar na hamhráin, na focail agus an cúlra a bhaineann leo agus tá ardmheas aici ar na hamhránaithe féin. Tuigeann sí an tábhacht freisin a bhaineann lena hoidhreacht agus an luach a bhaineann léi, rud atá bronnta aici ar a clann thréitheach féin agus ar phobal Chois Fharraige.

Am tae!

Scríbhneoir: Sibéal Bhreathnach, An Dioplóma sa Ghaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG, 2021.
Tá Sibéal buíoch de Chaitlín faoin agallamh a rinne sí léi le linn aimsir na dianghlasála.

Buíochas le Seán Ó Mainnín faoi na pictiúir.

Foinsí Eolais

Ní Chualáin, C. (2021) Agallamh le Sibéal Bhreathnach, 21 Eanáir.

https://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/caitlin-ni-chualain/linseach-bhearna-amhrain-is-ansa-liom/

Caitlín Ní Chualáin ina hamhránaí cónaitheach i nGaillimh (rte.ie)

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Seán Ó Conghaile

Next
Next

Máire Pheitir Uí Dhroighneáin