Domhnall Ó Braonáin
Is duine de mhórfhonnadóirí óga na linne seo é Domhnall Ó Braonáin, fear óg a bhfuil mianach láidir na hamhránaíochta ann. Is ón Teach Mór é an Braonánach agus amach go maith sna déaga a bhí sé nuair a thosaigh sé ag gabháil fhoinn go poiblí agus níor stop sé ó shin! Tá mórán duaiseanna buaite aige, Corn na bhFear ag Oireachtas 2022 san áireamh.
Odí Ní Chéilleachair
As Gaeltacht na Rinne ó thús d’Odí Ní Chéilleachair agus bádh i dtraidisiún amhránaíochta na nDéise í is í ag fás aníos. Tháinig sí chun cónaithe go Conamara in 2000 agus tá sí ag cur fúithi sna hAille lena fear, Mícheál Darby Ó Fátharta, agus a mbeirt iníonacha. Tá Odí ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus is ise comhordaitheoir an togra ‘Taisce Chois Fharraige’.
Bríd Uí Fhátharta
Tá mianach láidir na n-amhrán i mBríd Uí Fhátharta agus cén t-iontas é sin óir is gariníon í le Máire a’ Ghabha agus iníon, ar ndóigh, le Michael Mháire a’ Ghabha ón Aird Thoir, Carna. Sa Teach Mór Thiar atá sí le fada an lá, baile dúchais a fir, Jimmy Pheadair Liam Ó Fátharta, a cailleadh go hóg, beannacht Dé leis. Tá duaiseanna Oireachtais buaite ag Bríd agus bíonn sí páirteach i gcónaí in Éigse Mhichael Mháire ‘n Ghabha.
Máire Áine Ní Dhonnchadha
Bhí Máire Áine Ní Dhonnchadha (1919-1991) ar dhuine de na chéad bhanamhránaithe sean-nóis a ndearnadh taifeadadh gairmiúil orthu agus ba bheag teach i gCois Fharraige nach raibh cóip den cheirnín ‘Deora Aille’ ann. Is ar an gCnoc, Indreabhán, a fuineadh agus a fáisceadh í ach is i mBaile Átha Cliath a chaith sí cuid mhaith dá saol. Múinteoir agus bailitheoir a bhí inti agus ba mhinic a bhíodh glaoch ar a tuairimí macánta, meáite faoi chúrsaí amhránaíochta sa nGaeltacht.
Sorcha Ní Mhonacháin
Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall Sorcha ach tá sí ina cónaí i gCois Fharraige ó bhí an bhliain 2005 ann, áit a bhfuil sí ag tógáil clainne agus ag obair mar thuairisceoir le Nuacht RTÉ. Thóg a máthair, Brighid, cuid mhaith amhrán ó Sheán Bán ‘Ac Grianna agus roinn sí féin agus a fear, Tomás, an stór mór sin le Sorcha agus leis an gcuid eile den chlann.
Áine Bn Mhaitiú
Rugadh an t-amhránaí sean-nóis Áine Ní Fhlaithbheartaigh (1939 – 2008), iníon Mhaitiú Sheáin Sheáin agus Mháire Ní Mhaoileoin, i dTóin an Chnoic i Ros a’ Mhíl. Bhí Muintir Uí Fhlaithbheartaigh ar cheann de na comhluadair a d’aistrigh soir go Cill Mochriodóg i gCo. Chill Dara sna 1950idí. Níor thug siad riamh cúl le cine agus is le Gaeilge a thóg Nan agus a fear, Nioclás, a gclann féin i Nás na Ríogh. Seanaintín í Nan Mhaitiú le Ciara Nic Dhonnacha, scríbhneoir an ailt seo.
Áine Ní Dhroighneáin
Is as Baile an tSléibhe sa Spidéal í Áine Ní Dhroighneáin agus tá sí ag amhránaíocht ó bhí sí ina cailín beag. Thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis leis an nGaelacadamh agus í ocht mbliana d’aois. Bhí tionchar ag lear mór amhránaithe sean-nóis ar Áine, ina measc Patsy Ó Ceannabháin, Máire Pheitir Uí Dhroighneáin, Pat Phádraic Tom Ó Conghaile agus go leor eile.
Bríd Treasa Ní Ghaoithín
Is as an Sruthán ar an gCeathrú Rua don fhonnadóir Bhríd Treasa ach tá sí ag cur fúithi ar an gCré Dhubh le blianta fada. Is ball í de Chór Chois Fharraige. Tá sí ina comhordaitheoir ar Fighting Words na Gaeilge agus tá an-suim aici an chruthaitheacht a chur chun cinn.
Caroline Ní Chonaire
Is sa Teach Mór, Indreabhán, atá cónaí ar Caroline Ní Chonaire. Cé gur bean óg fós í, ní inniu ná inné a thosaigh sí ag casadh amhrán mar ní raibh sí ach cúig bliana d’aois nuair a chuaigh sí chuig ranganna sean-nóis Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin den chéad uair. Is maith léi seánraí eile freisin agus tá an-tóir uirthi mar amhránaí bainise.
Daríona Nic Dhonnacha
Is as an Teach Mór in Indreabhán do Dharíona Nic Dhonncha, fonnadóir agus príomhamhránaí an ghrúpa Sunda. Aniar as Coill Sáile a tháinig bua an cheoil, dar léi féin, mar is gariníon í le Pádraig Tom Phatch Ó Ceannabháin, nach maireann. A hiníon, Éabha, a scríobh an píosa seo faoina máthair.
Martina Goggin
Is as Tobar Phádraig i gContae Luimnigh do Mhartina. Ta cónaí uirthi ar an Spidéal ó 1973. Is amhránaí í a bhain cáil amach leis an amhrán Cóilín Phádraig Shéamuis a chum a cara, Pádraig Ó hAoláin. Bhí sí ina bainisteoir ar dtús agus ansin ina hamhránaí leis an ngrúpa Dordán agus tá sí fós an-ghníomhach i saol an cheoil. A comharsa, Labhaoise Ní Bhéarra, a scríobh an t-alt seo fúithi.
Mícheál Ó Cúláin
As an Teach Mór do Mhícheál ach tá sé ina chónaí in Árainn agus é ina phríomhoide ar Choláiste Naomh Éinne. Is le roinnt blianta anuas a chuir sé spéis i gcúrsaí drámaíochta agus is iad a spreag é chun roinnt agallaimh bheirte a scríobh do chomórtais an Oireachtais.
Pádraic Ó Conghaile (Pat Phádraic Tom)
Ba as Leitir Péic sa Spidéal do Phádraic Ó Conghaile (1922 – 2010) nó Pat Phádraic Tom mar ab fhearr aithne air, agus is ann a thóg sé féin is a bhean, Máire Ní Mhaoilchiaráin, a seisear muirín. Thaitin an comhluadar agus an scéalaíocht leis agus is ag na hoícheanta airneáin ar an mbaile a músclaíodh a spéis sna hamhráin. Tá cuimhní geala ag fonnadóirí an Spidéil ar na blianta a chaith Pat ag múineadh an tsean-nóis i ranganna an Ghaelacadaimh.
Patsy Ó Ceannabháin
B’as Ros Muc do Patsy Ó Ceannabháin (1943 - 1998) ach is ar Bhóthar na hAbhann sa Spidéal a chaith sé cuid mhaith dá shaol. Ní bhfuair Patsy saol fada ach tháinig go leor amhránaithe óga faoina thionchar de bharr na mblianta a chaith sé ag múineadh an tsean-nóis i gCois Fharraige agus i Ros Muc.
Róisín Elsafty
Tá aithne ar fud na hÉireann, agus thar lear, ar Róisín Elsafty mar fhonnadóir agus bhall den tríréad, Elsafty, Armstrong and Browne. Is minic í ag obair i gcomhar le ceoltóirí móra ár linne agus tá stór fairsing amhrán sa repertoire aici. Is ina cónaí i gCor na Rón atá sí in éineacht lena fear, Simon, agus a dtriúr clainne, Sadhbh Laila, Éabha Mae agus Liam, scríbhneoirí an ailt seo.
Síle Ní Fhlaithearta
Is ar an amhrán An Draighneán Donn a chuimhníonn daoine nuair a luaitear an t-amhránaí Síle Tim Ní Fhlaithearta agus is deas mar a fheileann sé dá glór binn, ceolmhar. Rugadh Síle i mBaile an tSléibhe sa Spidéal agus is i mBaile Átha Cliath a thóg sí féin agus a fear, an ceoltóir Charlie Lennon, a gclann. D’aistrigh siad anoir roinnt mhaith blianta ó shin agus tá siad ag cur fúthu ar an gCnocán Glas. Is í Éabha Ní Chonghaile a scríobh an t-alt seo.
Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha
Ba as Baile an tSagairt do Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha (1894 – 1979). Bhí sé trí bliana le cois na ceithre scór nuair a d’eisigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann an ceirnín Tom Pháidín Tom in 1977. Tá a ainm fós in airde de bharr feabhas a chuid amhránaíochta agus portaireachta agus de bharr an chomórtha bhliantúil a bhíodh á dhéanamh air ag Éigse an Spidéil. Is í Caitlín Ní Chonghaile a scríobh an t-alt seo.
Yvonne Ní Loideáin
Is ar an bPúirín atá cónaí ar an amhránaí óg, Yvonne Ní Loideáin. Bhí sé le haithint uirthi is í óg go raibh dúil sna hamhráin aici agus sheol a tuismitheoirí chuig ranganna Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin í, mar a bhfuair sí stór mór amhrán. Is col ceathar le Yvonne, Shíofra Ní Scanláin, a scríobh an t-alt seo fúithi.
Mairéad Ní Fhlatharta
De bhunadh Bhaile an tSléibhe, an Spidéal, í Mairéad Ní Fhlatharta. Is múinteoir bunscoile í Mairéad agus chaith sí deich mbliana ag teagasc i nGaeltacht Ráth Chairn, áit ar raibh an-tionchar aici ar na hamhránaithe óga a bhí ag teacht in inmhe ag an am. Chuir a neachtanna, Kayleigh, Rebecca agus Ellie Ní Ruanaigh, peann le pár agus is iad a scríobh an t-alt seo faoina n-aintín.
Caitlín Ní Chualáin
As an Teach Mór do Chaitlín Ní Chualáin nó Caitlín Pheaits mar a thugtar uirthi go háitiúil. Is ann atá sí fós ina cónaí lena fear Greg Ó Braonáin agus a gclann. Is í Sibéal Bhreathnach a scríobh an t-alt seo.