Yvonne Ní Loideáin
Rugadh agus tógadh an t-amhránaí Yvonne Ní Loideáin ar an bPúirín, Indreabhán agus is iníon le Margaret agus Kevin Ó Loideáin í. Is múinteoir meánscoile í Yvonne agus tá sí ag obair i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.
Tá ceol ar an dá thaobh den chlann agus nuair a bhí sí ní b’óige thaitin sé léi a bheith ag éisteacht leis na hamhráin ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4. Bhíodh sí i gcónaí ag casadh amhráin bheaga agus rannta thart timpeall an tí agus nuair a bhí sí cúig bliana d’aois thosaigh sí ag freastal ar na ranganna sean-nóis a bhíodh á reáchtáil i gColáiste Lurgan. Bhí an-tionchar ag a múinteoir Máire Pheitir Uí Dhroighneáin ar a cuid amhrán.
Mhéadaigh a suim sna hamhráin agus thosaigh sí ag freastal ar chomórtais áitiúla agus náisiúnta ar nós Chomórtas Chorn Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin, Féile Joe Éinniú, Comórtas Chorn Cuimhneacháin Tom Pháidín Tom agus an Fhleadh Cheoil, agus bhí an t-ádh uirthi duaiseanna a bhaint amach ag na comórtais seo. Taitníonn sé léi amhráin nua a fhoghlaim agus tá stór breá anois aici!
Ghlac Yvonne páirt in Oireachtas na Gaeilge den chéad uair i gCorcaigh in 2005, áit ar bhuaigh sí an chéad áit sa gcomórtas faoi 15. Tá Yvonne ag glacadh páirte san Oireachtas ó shin. Sa bhliain 2014, bhuaigh sí Cearnaire Sheáin Óig Uí Thuama sa gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhná faoi 35. Bhí Yvonne ina haoi ar chlár den tsraith teilifíse Sean-Nós a craoladh ar TG4 agus tá amhráin eile dá cuid le cloisteáil ar chartlann sean-nóis TG4 ar https://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/yvonnw-ni-l/
Taitníonn stíl sean-nóis Darach Uí Chatháin le Yvonne chomh maith agus is minic a éisteann sí lena dhlúthdhioscaí. Is breá léi a bheith ag suí isteach ar chomórtais sean-nóis na n-óg agus na ndaoine fásta ag Oireachtas na Samhna agus tá sí an-tógtha le stíleanna sean-nóis na gceantar Gaeltachta éagsúla.
Creideann Yvonne go bhfuil ról tábhachtach ag fonnadóirí an tsean-nóis na hamhráin a choinneáil beo agus i mbéal an phobail d’aos óg na linne seo. Is bealach iontach é leis na daoine óga a spreagadh i dtreo na n-amhrán. Tá sí den tuairim go dtugann na comórtais áitiúla agus náisiúnta, cosúil le hOireachtas na Samhna ardán dóibh freisin le todhchaí an tsean-nóis a chinntiú.
Buíochas le Seán Ó Mainnín faoin bpictiúr clúdaigh.