Mairéad Ní Fhlatharta
“Tá glór binn, sainiúil Mhairéad Ní Fhlatharta ar cheann de sheoda an dlúthdhiosca. Tá a cumas iontach mar fhonnadóir lena mbaineann sí casadh nua as filíocht ársa, cheolmhar na n-amhrán mar bhua eile aici. Tá an aois agus an ársacht a bhaineann le seanamhráin, tá an chroíúlacht agus an óige a bhaineann leis na hamhráin nua le brath ar rogha amhrán Mhairéad.” B’shin an cur síos cruinn a rinne Éamon Ó Donnchadha ar amhránaíocht Mhairéad Ní Fhlatharta sna nótaí a bhí ag gabháil leis an dlúthdhiosca, Ó Chaon Taobh, a d’eisigh sí in 2010.
De bhunadh Bhaile an tSléibhe, an Spidéal, í Mairéad, iníon le Nan Tom Bán agus Seán Tim Ó Flatharta. Is í an duine is óige de sheachtar í agus tá ceathrar deartháireacha agus beirt deirfiúracha aici. Seacht mbliana d’aois a bhí sí nuair a cuireadh tús lena turas ceoil ag ranganna sean-nóis faoi scáth an Ghaelacadaimh i gColáiste Chonnacht. Ba é Pat Phádraic Tom Ó Conghaile, nach maireann, as Leitir Péic an chéad mhúinteoir a bhí aici. Is uaidh a d’fhoghlaim sí na hamhráin mheidhreacha, leithéidí Sadhbh Ní Bhruinnealla, Cúnnla, Bean Pháidín agus go leor eile nach iad. Bhí an bhunchloch leagtha ag Pat agus mheall sé na hamhráin uaithi ar bhealach álainn, spraíúil. Roinn sé a chuid eolais go fial flaithiúil agus ba mhinic é ag cur síos ar leithéidí Raiftearaí sa rang.
Chaith Mairéad blianta ag foghlaim na ceirde ó Pheatsaí Ó Ceannabháin, nach maireann. Ba as Ros Muc ó dhúchas é Peatsaí ach bhí sé ina chónaí sa Spidéal. Bhí An Gabha Ceártan, Curachaí na Trá Báine, An Bonnán Buí, Cúirt Bhaile Nua, Johnny Seoighe, Tailliúir an Mhagaidh agus an Spailpín Fánach ar chuid de na hamhráin a mhúin sé di. Thuig sé go raibh an-spéis ag Mairéad sna hamhráin agus níl lá nár thug sé misneach agus spreagadh di. Ba mhinic leis leaganacha éagsúla d’amhrán a chasadh ar dhlúthdhiosca di le go gcloisfeadh sí na fonnadóirí ó na ceantair éagsúla i gConamara. Rinne sé cur síos ar chúlra na n-amhrán, ar an té a bhí á gcasadh agus ar an uair a chastaí iad. “Mhol sé i gcónaí dom mo chuid féin a dhéanamh den amhrán. Chuaigh Darach Ó Catháin agus Seosamh Ó hÉanaí i gcion go mór air agus is minic a dtug muid cluas éisteachta dá gcuid amhrán sa rang”, a d’inis Mairéad dúinn.
Tá an-mheas ag Mairéad ar an traidisiún mar gheall ar an tógáil a fuair sí sa mbaile agus bhíodh cluas i gcónaí sa teach le Raidió na Gaeltachta. Dar ndóigh, is aintín le Mairéad an t-amhránaí Síle Tim Ní Fhlatharta (Ní Fhlaithearta) agus tá an guth soiléir, ceolmhar céanna acu beirt. Is iad na hamhráin mian a croí agus casann sí le bród iad. Is múinteoir bunscoile í agus chaith sí deich mbliana ag múineadh i Ráth Chairn na Mí. Chaith sí tráthnónta glórmhara in imeacht na mblianta sin ag múineadh amhrán do dhéagóirí óga gaelacha Ráth Chairn ar a n-áirítear clann Uí Chasaide, Sibéal, Niadh agus Róisín, triúr a thug leo na hamhráin go paiteanta. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Sibéal lena glór binn traidisiúnta. Nach í Mairéad a bhíonn bródúil aisti nuair a chloiseann sí Sibéal ag casadh ar stáitsí anseo sa mbaile agus ar fud na cruinne. Roinn sí amhráin freisin le clann Uí Churraoin, sin iad Étáin agus Máire. Bhí sé sa mianach ag na cailíní seo mar gurbh é Darach Ó Catháin seanuncail na beirte. An Chéad Ghlúin eile a thugtar ar an ngrúpa atá ag na deirfiúracha ceolmhara sin agus cloistear ag casadh ag imeachtaí ar fud na tíre iad. Is cinnte gur fhág Mairéad a lorg ar Ráth Chairn agus is breá lena croí é nuair a chasann a cuid iardhaltaí uirthi!
Thug na hamhráin neart deiseanna do Mhairéad go dtí seo. Chuir sí aithne ar na hamhránaithe móra sean-nóis agus ar an bpobal sean-nóis fré chéile ag Oireachtais, Féile Joe Éinniú, Féile na Mí agus ag neart féilte ceoil eile ar fud na tíre. Ba mhór an onóir di Corn Dharach Uí Chatháin d’amhránaithe 9 – 12, Corn Sheosamh Uí Éanaí d’amhránaithe 12 – 15, Cearnaire Shéain Óig Uí Thuama sa gcomórtas cáilithe do mhná faoi 35 a bhuachan ag comórtais an Oireachtais agus Corn Chóil Neaine Pháidín a bhaint amach ag Féile na MÍ. Bhuaigh sí Corn na mBan agus tá an dara háit bainte amach aici i gCorn Uí Riada. Bhuaigh sí an chéad áit i bhFleadh Cheoil na hÉireann freisin. Bhí sí mar aoi agus mhúin sí ceardlanna amhránaíochta ag féilte ar fud na tíre: Féile Joe Éinniú, Sean-nós Cois Life, Blas i Luimneach, Féile Chois Cuain i gCluain Cearbán, Scoil Samhraidh Shligigh Theas i dTobar an Choire agus ag Féile na Mí i Ráth Chairn. Cúis mhór bróid di amhráin ar an sean-nós a chasadh ag féile cheoil Milwaukee, i Lorient na Fraince, ag Celtic Connections i nGlaschú na hAlban agus sa gColáiste Éireannach i Lobháin na Beilge. Ceapadh ina hamhránaí cónaitheach í in Ollscoil na Gaillimhe i Mí Feabhra, 2024.
Is ar na hamhráin sean-nóis a dhírigh Mairéad a cuid stáidéir nuair a bhain sí amach céim mháistreachta i gCur i Láthair an Cheoil Thraidisiúnta in Ollscoil Luimnigh. Thogair sí ina dhiaidh sin an dlúthdhiosta atá luaite ag tús an ailt seo a thaifeadadh. D’fhill sí ar an dúchas nuair a bhí sí á ainmniú agus is i gcuimhne ar a dá mhamó, Bid Tom Bán agus Lizzy Ní Fhlatharta, beirt a raibh na hamhráin go smior iontu, a thug sí Ó Chaon Taobh air. Ní ón ngealach ná ón ngrian a fuair sí bua na hamhránaíochta, is léir!
Is í Mairéad ár n-aintín agus tá muid an-bhródúil aisti. Go mba fada buan í.
Scríofa ag Kayleigh, Rebecca agus Ellie Ní Ruanaigh.
Naisc:
Croch suas é, a Mhairéad, agus gabhfaidh muid le chéile! (rte.ie)