Patsy Ó Ceannabháin
Rugadh agus tógadh an fonnadóir cumasach Patsy Ó Ceannabháin i Ros Muc ach is ar Bhóthar na hAbhann sa Spidéal a chaith sé cuid mhór dá shaol. Bhí stíl shuaithinseach fonnadóireachta ag Patsy agus tháinig a chuid amhrán óna chroí.
Ní duine é a raibh suim aige sna comórtais ach rinne sé eisceacht sa mbliain 1993 ag Oireachtas na Gaeilge agus den chéad uair riamh chuaigh sé ag iomaíocht. Níor chuir sé iontas ar dhuine ar bith nuair a chroch sé leis Corn Mháire Nic Dhonnchadha.
Thuig Patsy an tábhacht a bhain le traidisiún an tsean-nóis a sheoladh ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Chaith sé blianta ag roinnt a chuid amhrán le daoine óga a d’fhreastail ar ranganna sean-nóis sa nGaelacadamh sa Spidéal agus sa gCrannóg i Ros Muc.
In 1993 sheol an Gaelacadamh, i gcomhar le CIC an caiséad ‘Tógfaidh mé mo Sheolta’ agus tá Pasty agus beirt fhonnadóirí eile a raibh ardmheas aige orthu le cloisteáil in éineacht leis, Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus Pat Phádraic Tom Ó Conghaile (nach maireann).
Is sa mbliain 1998 a cailleadh Patsy is é fós ina fhear óg agus ba mhór an chailliúint dá mhuintir é agus do shaol an tsean-nóis freisin. Deich mbliana ina dhiaidh a bháis d’eisigh a mhuintir an dlúthdhiosca ‘Fear Múinte Mánla’ i gcuimhne ar Phatsy agus ar an mbua speisialta fonnadóireachta a bhí aige.
Beannacht Dé leis.