Pádraic Seoighe

Is ar an mBaile Láir i Ros a’ Mhíl a tógadh Pádraic Seoighe, nó Joycey, mar is fearr aithne ag a lucht leanúna air, ach in Huddersfield, Yorkshire a rugadh é sa mbliain 1982. Ocht mbliana d’aois a bhí Pádraic nuair a shocraigh an chlann teacht abhaile go Ros a’ Mhíl, áit dhúchais a athar, Peaidí an tSeoighe agus a mháthair, Máire Treasa Seoighe (nach maireann). Tá sé pósta le Colleen Brennan as Gort an Choirce, Dún na nGall.  Tá an bheirt acu ag cur fúthu i gcathair na Gaillimhe anois.

Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Cholm Cille i Ros a’ Mhíl, agus i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua. Tá céim sa mBéarla agus sa bhFealsúnacht aige chomh maith le Dioplóma i Stáitsiú agus Cóiriú an Cheoil Thraidisiúnta ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Bhí croí Phádraic báite i gcónaí sa gceol ó bhí sé ina ghasúr. Thosaigh sé ag casadh sa gcór i Sasana ag aois a sé bliana, agus is cuimhneach leis a bheith ag casadh in Ardeaglais Bradford agus gan é ach ocht mbliana d’aois. Bhí banna ceoil dá chuid féin aige agus é ag freastal ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin.  Fós is é ina mhac léinn, lean sé air ag ceol. Thaistil sé Éire leis an mbanna ceoil Breakdown Rambler agus d’eisigh siad dhá EP agus albam. Fuair siad neart am craolta ar an raidió agus teilifís, Ardán agus Síbín cláir shiamsaíochta de chuid TG4 san áireamh. Tá a chuid ceoil le cloisteáil ar an ngearrscannán clúiteach El Toro. Tá an gearrscannán seo anois ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta.

Is mar cheoltóir proifisiúnta atá Pádraic ag saothrú a shlí bheatha leis na blianta. Tá an-mheas ar a chuid ceoil agus is iomaí banna ceoil ar chas Pádraic leo go dtí seo: Breakdown Rambler, Three Men and a Bass, Fast Company srl. Casann sé fhéin agus Niall Teague leis an mbanna ceoil Fast Company agus tá clú agus cáil bainte amach acu le blianta beaga anuas. Go dtí seo tá trí EP eisithe acu. Ní i nGaillimh a bhíonn fáil i gcónaí orthu mar gur minic iad le feiceáil ar stáitse ar fud na hÉireann agus Shasana. Tá an-cháil ar a n-albam Big Red Bridge agus is minic traiceanna as le cloisteáil ar an aer go náisiúnta agus idirnáisiúnta. Casann Pádraic freisin le banna ceoil Tracy Bruen. Tá aithne mhaith ar Tracy mar chumadóir agus amhránaí timpeall na Gaillimhe.  Bhí Pádraic ina chomhléiritheoir ar a hamhrán Dream Away.  Tháinig an t-amhrán sa dara háit ar an gclár de chuid RTÉ 1 One Request Chart. Ach is leis an mbanna ceoil The Rascals (Pádraic Seoighe, Niall Teague agus Paddy Jordan) is mó atá cáil ar Phádraic Tá stíl dá gcuid féin ag The Rascals agus cuireann glór binn agus giotár acústach Phádraic go mór leis an bhfuaim faoi leith atá acu.

Chomh maith le bheith ina cheoltóir agus ina fhonnadóir, is cumadóir cumasach é Pádraic agus an-suim aige sa gceol agus sa gcultúr Gaelach. Ní ón ngaoth ná ón ngrian a fuair sé an tréith seo, mar go bhfuil mianach an cheoil agus na filíochta ina chuislí ón lá a rugadh é.  Ba é a shin-sheanathair Piotar Mhicil Báille a scríobh an t-amhrán cáiliúil Amhrán Pheter Mhicil BáilleBáidín Ros a’ Mhíl. Is do Chóilín Ó Droighneáin as Ros a’ Mhíl a thug Piotar an t-amhrán an chéad lá riamh thall i Sasana agus is ó Chóilín a d’fhoghlaim Pádraic an t-amhrán.  Tá clú agus cáil ar an amhrán seo agus é á chasadh ag an iliomad ceoltóir. Cé gur amhrán ar an sean-nós é, casann leithéidí Mary Black é le tionlacan. Tá gaol gar ag Pádraic freisin leis an mboscadóir Frank Úna Mac Donnchadha (nach maireann). Ní ó mhuintir a mháthar amháin a fuair Pádraic mianach an cheoil mar go raibh an ceol agus an amhránaíocht i gcuislí mhuintir a athar chomh maith.  Ba sheanuncail leis an t-amhránaí iomráiteach sean-nóis Peadar Tommie Mac Donncha as an gCeathrú Rua. Cailleadh Peadar i mí Aibreán 2022, beannacht Dé leis. Cosúil le Pádraic sheasfá sa sneachta ag éisteacht le Peadar ag gabháil fhoinn agus é ag casadh Bean an Fhir Rua. 

Sa mbliain 2018, le tionlacan ó Niall Teague, d’éirigh lena amhrán nuachumtha Ar Saoire an chéad áit a bhaint amach ag an bhFéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach. Níorbh shin é an chéad uair ag Pádraic ag cur isteach ar an gcomórtas seo mar sa mbliain 1997 is é Pádraic a sheas an fód d’Éirinn ag an bhféile chéanna! I mí na Nollag 2020 sheol The Rascals an EP Taobh le Taobh.  Sé amhrán atá ar an EP nua agus, thairis amhrán a shin-sheanathar, is é Pádraic féin a chum na hamhráin eile atá air, an t-amhrán Taobh le Taobh ina measc. Is amhráin Ghaeilge ar fad atá ar an EP. Tá na Rascals ciúin faoi láthair ach tá Pádraic gnóthach ag scríobh agus ag cur amhrán nua i dtoll a chéile agus ag réiteach don lá a bheidh siad ag tabhairt a n-aghaidh ar an mbóthar arís.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Pádraic Ó Conghaile (Pat Phádraic Tom)

Next
Next

Patsy Ó Ceannabháin