Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha

“Thug muid send off maith dhó”,  a dúirt m’athair tar éis a theacht abhaile dó ó shochraid Tom Pháidín Tom Uí Choistealbha agus ón seisiún ceiliúrtha amhrán agus ceoil a bhí i dTigh Hughes sa Spidéal i dtús mhí na Nollag, 1979. Tá ainm Tom Pháidín Tom, as Baile an tSagairt, an Spidéal, fós in airde de bharr feabhas a chuid amhránaíochta agus portaireachta agus de bharr an chomórtha bhliantúil a bhíodh á dhéanamh air ag Éigse an Spidéil.  Ba chara mór le mo dheaide, Pat Phádraic Tom Ó Conghaile, é agus is iomaí oíche a chaith siad ag casadh amhrán agus ag seanchas.

Rugadh Tom ar an 25 Márta 1894 do Mhairéad agus do Phádraig Ó Coistealbha. Ba as Leamhchoill, in aice le Maigh Cuilinn do Mhairéad Bairéad agus tháinig sí chun cónaithe go Baile an tSagairt tar éis a pósta agus is ann a rugadh an dáréag muirín di féin agus dá fear. Tá fothrach an tseantí fós ina sheasamh ar an mbaile. Mura raibh mórán de shaibhreas an tsaoil sa teach, is cinnte go raibh saibhreas ceoil ann.  Bhí an ceol go láidir ar thaobh a athar agus fuair sé fliúit ó ghaol leis, Martin Mullin, as Meiriceá. Chasadh sé ceol go minic do na tiarnaí talún Bunberry as Tiobraid Árann nuair a thagadh siad ar saoire go dtí an Spidéal. Ba é tuairim Tom féin nár chuala sé duine ar bith ní b’fhearr ná a athair is é i mbun na feadóige móire. Chasadh sé ceol chuile lá  agus bhí an nós aige iompú isteach leis an mballa agus é ag seinm.  Ar nós chuile bhean an t-am sin, d’oibrigh a mháthair go dian agus dá bharr sin níor chuir sí an oiread sin spéise sa gceol. In agallamh a rinne Tom leis an mbailitheoir ceoil Terry Yarnell in 1972, dúirt sé go mbíodh drogall air amhrán nó ceol a chasadh i láthair a mháthar.

Chruinnigh Tom stór mór ceoil óna athair agus fuair sé amhráin eile óna chol ceathracha i Maigh Cuilinn, ón wireless agus ón iris sheachtainiúil Ireland’s Own. Bhíodh teidhmeanna sna tithe i gCois Fharraige nuair a bhí Tom ag fás aníos agus bhíodh an phortaireacht le cloisteáil beagnach chomh minic leis na hamhráin, dar leis an amhránaí Áine Máire Ní Dhonnchadha ar nótaí an cheirnín Tom Pháidín Tom.  D’oscail Coláiste Chonnacht in 1910 agus bhíodh Tom ina fhear an tí ag na céilithe agus is ann agus ag na teidhmeanna a chuir sé lena stór port. 

Bhí Tom amach san aois faoin am ar tugadh aitheantas dó. Tháinig borradh ar thraidisiún an cheoil sa Spidéal sna 70í nuair a thosaigh ceoltóirí ag bailiú le chéile sa teach ósta aitheanta Tigh Hughes agus bhí an-tóir ag leithéidí Dé Dannan, Seán Potts agus Paddy Bán Ó Broin ar an gceantar. Thart ar an am sin freisin tháinig roinnt bailitheoirí go dtí an Spidéal agus chuir siad an-suim ann. Bhí sé trí bliana le cois na gceithre scór nuair a d’eisigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann an ceirnín Tom Pháidín Tom in 1977. Bhí stór mór amhrán Béarla agus Gaeilge aige chomh maith le poirt. D’fhoghlaim sé an bailéad The Grand Conversation on Napoleon, a chasadh sé go minic, ó Martin McDonagh as Ros Cathail, a raibh deartháir leis pósta lena dheirfiúr, agus chasadh sé The Banks of the Nile agus Henry Joy McCracken. Thaitin an t-amhrán Brídín Bhéasaí thar cionn leis agus d’iarrtaí go minic air é a chasadh. Ar na hamhráin eile atá aitheanta le Tom tá An Bonnán Buí, An Seanduine Cam, Baile Uí Lí agus go leor eile. 

Rinne Séamus Mac Mathúna cur síos ar a stíl ar nótaí a cheirnín agus luaigh sé go raibh sé  chomh compordach céanna ag casadh i mBéarla is a bhí sé i nGaeilge agus thagair sé don chaoi ar chas sé na hamhráin: “Tom is a very creative singer, his variations from verse to verse are truly remarkable. He has a superbly tuneful sean-nós intonation and his voice has a constantly renewing freshness and clarity which makes listening to him a pure delight.”

Sna nótaí céanna, dúirt an ceoltóir John Lewis, a raibh aithne mhaith aige air, go raibh scil ar leith aige ag úsáid ornáidíochta: “In his singing of an Bonnán Buí the changes of ornamentation shifts of rhythmic emphasis and variations of the basic melody convey the impression of a completely new piece of music with each verse.”

Tá go leor taifeadtaí de Tom Pháidín Tom fágtha le huacht againn, buíochas le Dia. Faoi mar atá luaite cheana, eisíodh ceirnín leis in 1977 agus is ábhar a taifeadadh ag seisiúin éagsúla i gConamara agus i mBaile Átha Cliath idir Márta 1973 agus Eanáir 1976 atá air. Tá idir amhráin agus phortaireacht le Tom i gCartlann Cheoil Traidisiúnta an Chomhaltais,  i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus  i gCartlann Raidió Éireann chomh maith.  Anuas air sin tá roinnt amhrán leis le cloisteáil ar an suíomh www.joeheaney.orgThe Banks of the Nile agus Henry Joy McCracken le cloisteáil ar albam Dé Danann, The Mist Covered Mountain, a eisíodh sa mbliain 1980. A Grand Conversation on Napoleon le cloisteáil ar an mbailiúchán A Story I’m Just About to Tell a d’eisigh Topic Records in 2000.  Chuaigh amhráin agus ceol Tom go mór i bhfeidhm ar Terry Yarnell agus a bhean, Mary, nuair a bhí siad ag taifeadadh i gConamara sna 70í. Is i dTigh Hughes sa Spidéal a chasadh siad le Tom agus cheannaigh Terry taifeadán dó le go mbeadh sé in ann tuilleadh amhrán a thaifead é féin. D’eisigh an comhlacht Veteran Records cuid de na taifeadtaí seo ar chnuasach dar teideal Tabhair mo Ghrá go Conamara in 2017.

Ní dhearna Tom mórán taistil riamh agus is beag comórtas ar ghlac sé páirt iontu. Bhí sé 62 bliain nuair a d’fhág sé an baile den chéad uair le dul go Meiriceá ag cuairt ar a dheirfiúr. Dar leis nach mbíodh mórán ag dul chuig an Oireachtas le linn a  óige seachas bean amháin ar an mbaile agus col ceathar leis, Cáit Bean Uí Chonláin, agus fear eile as Seanadh Gharráin a bhíodh ag scéalaíocht. In agallamh a rinne sé ar RnaG dúirt sé gur cheap sé nach raibh an oiread sin suime sna hamhráin sa gceantar seachas b'fhéidir go gcastaí bailéid ar lá aonaigh nó ar ócáidí sóisialta eile. Bhí sé 82 bhliain d’aois nuair a ghlac sé páirt den chéad uair i gComórtas na bhFear ag Oireachtas na bliana 1976 a bhí ar bun i gCois Fharraige.

Bhásaigh Tom Pháidín Tom ar an 29 Samhain, 1979 agus tá sé curtha i Reilig Éinde ar an gCoilleach in éineacht lena mhuintir. Tá roinnt gaolta leis fós ina gcónaí i mBaile an tSagairt agus i gceantar an Spidéil.  Tá sé imithe ar shlí na fírinne le breis is dhá scór bliain anois ach tá a ainm fós i mbéal an phobail. Chinn coiste Éigse an Spidéil comóradh a dhéanamh air trí Chomórtas Amhránaíochta Tom Pháidín a reáchtáil le linn na féile. In 2009 cuireadh tús le Comóradh Tom Pháidín Tom mar ar shocraigh an coiste aitheantas a thabhairt d’amhránaí a raibh cion ag an bpobal air / uirthi. Athraíodh arís é agus is é ‘Laoch an Traidisiúin’ a bhronntar anois ar phearsa áitiúil a chuireann, mar a chuir Tom, le saol ealaíne, sóisialta agus cultúrtha mhuintir Chois Fharraige.

Scríbhneoir: Caitlín Ní Chonghaile, an Dioplóma sa Chultúr Dúchais, 2018.

Buíochas le Bríd Nic Dhonncha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a chóirigh an t-ábhar cartlainne agus le RTÉ faoin gcead a thabhairt é a fhoilsiú.

Foinsí eolais:

Agallamh:

Ó Conláin, P. (2018) Curtha faoi agallamh ag Caitlín Ní Chonghaile, 31 Márta.

Ábhar ar líne:

https://archive.comhaltas.ie/search?tab=tracks&q=Tom+Ph%C3%A1id%C3%ADn+Tom+#/tracks

http://cadensa.bl.uk/uhtbin/cgisirsi/?ps=BjIiAE5r6i/WORKS-FILE/299190092/123

https://www.joeheaney.org/en/baile-ui-lai-tom-phaidin-tom/

Ceirnín:

Lewis, J., Mac Mathúna, S., & Ní Dhonnchadha, MÁ. (1977) Tom Pháidín Tom [Nótaí ceirnín], Baile Átha Cliath: Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Ó Coistealbha, T. (1977) Tom Pháidín Tom [Ceirnín], Baile Átha Cliath: Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Irisí:

Lewis, J. (1973) ‘Tom Pháidín Tom’, Treoir, Iml. 5, No.6.

Mac Mathúna, S. (1980) ‘Tom Pháidín Tom’,  Treoir, Iml 12.



Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Síle Ní Fhlaithearta

Next
Next

Traolach Ó Conghaile