Síle Ní Fhlaithearta

Bhuail mé cnag beag neirbhíseach ar dhoras Íosagán, teach an amhránaí, Síle Ní Fhlaithearta agus a fear, an ceoltóir Charlie Lennon, ar an gCnocán Glas sa Spidéal. Bhí mo chroí i mo bhéal agam mar níor chuir mise aon duine faoi agallamh riamh agus ní raibh a fhios agam cén glacadh a bheadh ag amhránaí aitheanta le liosta ceisteanna ó chailín óg cúig bliana déag d’aois! D’oscail an doras. “Bhí mise ag éisteacht leatsa sa Taibhdhearc agus tá glór álainn binn agat! Bhí sé cinnte orm a dhéanamh amach cé thú féin agus tá a fhios agam anois cé leis thú!” B’in mar a chuir Síle fáilte romham agus thug sí isteach sa gcistin mé mar a raibh an citeal curtha síos aici agus scónaí deasa baile leagtha ar bhord. Chuir an t-amhránaí aitheanta an t-amhránaí óg ar a compord agus thosaigh muid ag caint.

Síle Tim Ní Fhlaithearta, Meán Fómhair, 2022.

Ar dheis, Síle agus a fear, Charlie Lennon.

Síle Ní Fhlaithearta ag casadh ag ceolchoirm in Ionad Pobail Chamuis, Cumar 2002

Rugadh agus tógadh  i mBaile an tSléibhe mé  taobh thoir den Spidéal. Flaitheartach a bhí i m’athair ó Bhaile a’ tSléibhe, na Ferocious O’Flahertys mar a tugadh orthu sna leabhair staire! Ba de mhuintir Mhic Con Iomaire í mo mháthair aniar as Doire Choill, Casla. Col ceathracha a bhí i mo mháthair agus athair Liam Mhic Con Iomaire, beannacht Dé lena anam.  Ba chol ceathracha í máthair Chaitlín Maude agus mo mháthairse freisin. Deir daoine go bhfuil cosúlachtaí idir glór cinn Chaitlín Maude agus mo ghlórsa ach ní lia duine ná tuairim!  Chuaigh mo chlann féin leis an gceol ach is neacht liom í Mairéad Ní Fhlatharta agus tá mé chomh bródúil aisti as ucht an sean-nós a thug sí léi. Tá bratach na bhFlaitheartach ar foluain i gcónaí taobh thoir den abhainn!”

Ar nós a comhaoiseach, is ar an teallach a chuala Síle na hamhráin an chéad lá riamh is í ag fás aníos agus bhí go leor amhrán agus fonn ina cloigeann. Aisteach go leor, is thall i Sasana a thosaigh sí á gcasadh! “Fan go gcloisfidh tú! Bhí cailíní as Maigh Eo ag fanacht linn sa teach; ábhar múinteoirí a bhí iontu a bhí ag freastal ar choláiste oiliúna in Bermingham Shasana. Chuir siad an síol i mo chloigeann agus nár lean mé sall iad. Bhí mé mar chúntóir ranga ar dtús agus ansin bhí mé in ann freastal ar an gcoláiste oiliúna in Rugby. Bhí suim mhór i measc na nÉireannach thall sa gcultúr agus d’iarr siad orm páirt a ghlacadh sa bhfeis a bhíodh acu chuile bhliain. Bhí orm fios a chur ar na focail ón mbaile. Nár bhain mé an chéad duais amach san amhránaíocht agus bhí mé chomh sásta liom féin. Níor chuir mé suim ar bith sa gcultúr a bhí thart orm sa mbaile ar nós go leor go dtí go bhfaca mé an meas a bhí ag daoine eile air. Nuair a bhíonn tú óg ní thuigeann tú na rudaí sin.”

Choinnigh sí léi ag cur lena stór agus ag glacadh páirte sna comórtais. Fuair sí an chéad áit ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 1964 sna comórtais do na hamhráin Ghaeilge agus Bhéarla araon agus an bhliain dar gcionn bhain sí an chéad áit amach i gComórtas na mBan ag Oireachtas na bliana 1965. Chas sí ag an Oireachtas freisin nuair a bhí sé i gCois Fharraige sna seachtóidí. Thosaigh muid ag plé na gcomórtas ansin agus an chaoi a n-airíonn sí fúthu. D’fhiafraigh mé di an mbíodh sé tábhachtach di a bheith ag fáil duaiseanna agus an mbíodh sí neirbhíseach.  “Bhuel, nuair a fuair mé duais bhí áthas agus ionadh an tsaoil orm! Mar is é an chaoi a mbíonn sé le comórtais go minic, an rud a thaitníonn le duine amháin b’fhéidir nach shin rogha an duine eile. B’fhéidir go mbínn neirbhíseach ag an tús ach éiríonn tú cleachtach air. Muise, níl aon dochar ann. Rud nádúrtha is ea é a bheith beagáinín neirbhíseach. Cuireann sé leis scaití.”

Taitníonn na hamhráin mhalla le Síle, na hamhráin ghrá ach go háirithe. Maidir leis an gceann is ansa léi, ní bheadh Dónall ÓgAn Draighneán Donn i bhfad ó bharr an liosta lá ar bith. (Go deimhin, is ar an Draighneán Donn a chuimhníonn daoine go minic nuair a luaitear Síle.) Tá sé tábhachtach ina tuairim an bhéim a leagan ar an scéal. “Caithfidh tú scéal an amhráin a chur trasna. Chuala tú ráite go minic an frása - ‘abair amhrán’. Bíonn mothúcháin an-domhain sna hamhráin agus tá sé tábhachtach an bhrí atá sna focail a bhaint amach. Tá tusa óg fós ‘Éabha ach tuigfidh tú na hamhráin níos fearr agus tú níos sine. Maidir le comhairle do dhaoine óga, déarfainn leo éisteacht leis an amhrán agus taitneamh a bhaint as. Bíodh do chroí agus do dhearcadh féin agat san amhrán. Bí nádúrtha agus  bí ‘sa mbaile’ leis an amhrán. Bíodh sé ag teacht uait féin. Beidh sé fírinneach ansin.”

I gcaitheamh an chomhrá, luaigh Síle cuid de na hamhránaithe a chuaigh i gcion uirthi.Tá Tomás Ó Neachtain, Tomás Tom Phatch mar is fearr aithne air thart anseo. Tá Corn Uí Riada gnóthaithe aige faoi dhó ag an Oireachtas. Tá m’iníon Eilís pósta le mac leis, Tomás. Bhíodh Peait Phádhraic Tom Ó Conghaile, beannacht Dé leis, ag gabháil fhoinn lena linn. Fear álainn nádúrtha a bhí ann. Bhíodh oícheanta ag muintir Uí Chonláin i mBaile an tSagairt agus bhíodh Máire Ní Scolaí  go minic ag na seisiúin sin, thaitin sí sin liom.  Tá Máire Pheitir ag casadh i gcónaí ach ní dheachaigh sí ar scoil ar an Spidéal. Chuaigh sise ar an gCnoc.”

Luaigh mé léi gurbh í Máire Pheitir a mhúin na hamhráin domsa, “bhuel bhí múinteoir maith agat agus bhí scoláire maith aici, bail ó Dhia oraibh!” agus d’fhiafraigh mé di ar fhoghlaim sí mórán amhrán ar scoil. “Bhí na mná rialta againn i Scoil na gCailíní sa Spidéal. Bhí Scoil na mBuachaillí ann freisin agus déarfainn gur thug na fir an sean-nós leo níos fearr ná na cailíní. Rinne muid go leor ceoil agus amhrán leis na mná rialta ach ní sean-nós a bhí ann; thaitin an stíl ealaíonta leis na mná rialta. Ní raibh tuiscint acu ar an sean-nós mar níorbh as an nGaeltacht dóibh. Bhí neart paidreacha agus iomainn ar eolas againn!

Síle Ní Fhlaithearta, agus a hiníon Éilís Lennon ar a cúl, Ionad Pobail Chamuis, Cumar 2002

Tá Síle buíoch de na deiseanna a thug a glór agus an amhránaíocht di. “Más binneas atá agam is é Dia a thug dom é. Ní raibh lámh agam féin leis. Bhí sé le taobh mo mháthar. Fuair mé saol álainn leis an amhránaíocht. Nuair a cáilíodh mar mhúinteoir mé i Sasana bhí orm cáilíochtaí Gaeilge a bhaint amach le go mbeadh cead agam múineadh sa tír seo. Tá mé ag ceapadh gur chothaigh sé roinnt obair bhreise do na státseirbhísigh sa Roinn Oideachais ag an am ach sin scéal eile! Chaith mé tréimhse i mBéal Feirste i dtosach agus bhíodh cuireadh rialta agam ar an gclár An Guth Aduaidh ar Raidió Éireann. Tháinig rudaí i  mo threo mar gheall ar an amhránaíocht. Fuair mé seans go leor taistil a dhéanamh i Sasana. Bhí mé ag an bhFéile Cheilteach, an Mod in Albain agus bhí cuireadh agam dul go Meiriceá le Comhaltas Ceoltóirí Éireann ach ní raibh mé in ann dul ann ag an am. Bhí na gasúir óg ag an am.”

Dar ndóigh, tá Síle pósta leis an gceoltóir Charlie Lennon agus faoi mar a mhínigh sí dom, is cúrsaí ceoil agus amhránaíochta a thug le chéile iad. “Bhí an bheirt againn ag glacadh páirte i gCeolchoirm na mBuaiteoirí ag Fleadh Cheoil na hÉireann i gCluain Eois, i gContae Mhuineacháin in 1964. D’iarr Charlie orm aire a thabhairt don fhidil ar feadh cúpla nóiméad (níl a fhios agam cá raibh sé ag dul?) ach tá mé ag tabhairt aire don fhidil agus dó féin ó shin! Murach an amhránaíocht b’fhéidir nach mbeadh sé tagtha i mo threo.” Chaith an bheirt seal i Sasana agus bhog siad go Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Is ann a thóg siad a dtriúr clainne: Dónall, Seán agus Éilís. Bhí Síle ag múineadh i Scoil Neasáin agus bhí sí an-ghníomhach i gcúrsaí ceoil agus amhránaíochta, “bhíodh mé ag réiteach na bpáistí don chomórtas Slógadh agus d’éiríodh thar cionn leo.” Bhí glaoch i gcónaí ag an bhfód dúchais ar Shíle agus d’fhill sí féin agus Charlie ar an Spidéal thart ar thríocha bliain ó shin agus tá Éilís agus Seán ina gcónaí sa gceantar freisin.

Tá sí le cloisteáil ar roinnt taifeadtaí éagsúla mar shampla The Dance of the Honey Bees, ceol ó mhuintir Lennon a d’eisigh Gael Linn in 1994. Sa mbliain 2009,  d’eisigh sí dlúthdhiosca aonair, dar teideal Is Duitse a Bheirim Grá. Tagraíonn an teideal d’amhrán a chum Charlie di agus is é Diarmuid Ó Gráinne a d’aistrigh go Gaeilge é. Tá sí fós ag amhránaíocht léi agus is breá léi a bheith ag casadh leis an gcór i gCill Éinde sa Spidéal. “Tá an spioradáltacht tábhachtach dúinn uilig. Bíonn tú ag casadh le muintir an phobail. Bíonn cairdeas timpeall ort. Nach ‘teach an phobail’ a thugtar ar shéipéal go minic?” Le cúnamh Dé, agus tréimhse ghránna na paindéime curtha dínn againn, beidh muid in ann éiseacht arís le glór binn Shíle ag Aifrinntí an Spidéil agus ag seisiúin eile. Go mba fada buan í!

Scríbhneoir: Éabha Ní Chonghaile, Baile Liam

Buíochas le Seán Ó Mainnín faoi na pictiúir. Buíochas le Cló Iar-Chonnacht faoin ábhar fuaime.

Foinsí:

Ní Fhlaithearta, S. (2021) Agallamh le hÉabha Ní Chonghaile, 02 Bealtaine.

Ní Fhlaithearta, S. (2009) Is Duitse a Bheirim Grá. [Dd]. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Ruairí Mac Con Iomaire

Next
Next

Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha