Máire Pheitir Uí Dhroighneáin

Ar an 12 Aibreán, 2019, fuair muintir Chois Fharraige deis ómós a léiriú don aisteoir agus don laoch amhránaíochta Máire Pheitir Uí Dhroighneáin, bean a rinne a cion féin do chúrsaí sean-nóis sa gceantar. Tháinig a cuid daltaí, iardhaltaí, tuismitheoirí agus go leor de mháistrí móra an tsean-nóis le chéile le buíochas a ghlacadh léi faoi na blianta fada a chaith sí ag múineadh na n-amhrán faoi scáth an Ghaelacadaimh. Scríobh a cara Joe Steve Ó Neachtain dán in onóir na hócáide agus d’aithris a mhac Páid é:

Máire Pheitir

Páid Ó Neachtain ag aithris dán a chum a athair, Joe Steve Ó Neachtain in ómós do Mháire Pheitir.

As broinn a máthar a thug sí an bua,
guth atá binn agus ceolmhar,
Bua a mhairfeas ó ghlúin go glúin,
mar gur roinn sí leis an óige é.

Sean-nós soiléir amach ón gcroí,
a d’fhág glúin óg faoi gheasa;
An uaisleacht shéimh a bhain léi fhéin
dá dtreorú ar bhóthar a leasa.

Na leanaí ab óige lena hais,
mar a d’fheicfeá ál faoi sciathán.
Na cosa ag rith uathu ag dul chuig rang,
le cion ar Mháire Pheitir.

Bean nár éiligh aon ghlóir di féin.
Mhúin sí bród agus éirim
ach las an óige splanc ina croí,
nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann.

Guím bail ó Dhia ar óg is sean,
ar eol dóibh cé dár díobh iad.
Is é a mbarúil siúd i measc plúr na mban,
gur seoid í Máire Pheitir.

Is ar an mBaile Nua i gCor na Rón Thiar a rugadh agus a tógadh Máire Pheitir Uí Dhroighneáin (Ní Chualáin roimh phósadh di). Ba as an mBaile Nua dá hathair Pádraic Pheitir Ó Cualáin agus ba as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua dá máthair Máire Nic an Ríogh Uí Chualáin. Tá triúr deirfiúracha aici: Mairéad, Phil agus Bairbre agus deartháir amháin, Breandán. Tá cónaí uirthi le blianta fada lena fear céile, Maidhcín Dan Ó Droighneáin, sa Tuar Beag gar do bhaile an Spidéil, agus is ann a thóg siad triúr clainne, Dónal, Piaras agus Sailí.

An Chéad Chomaoineach!

Máire agus a hiníon, Sailí. Is fonnadóir breá í Sailí freisin agus bhuaigh sí Craobh na hÉireann sa bhFleadh Cheoil.

D’inis Máire dom go mbíodh a máthair i gcónaí ag casadh le linn di a bheith ag obair ar fud an tí agus nuair a bhíodh sí ag cur na gasúir a chodladh; amhráin sean-nóis agus bailéid Bhéarla a bhain le himirce nó le cás na tíre ag an am a bhíodh á rá aici, leithéidí An Droighneán Donn, Coinleach Glas an Fhómhair, An Binsín Luachra, Máire Ní Ghríofa, Willie Reilly, agus The Flower of Sweet Strabane. Ba chomhluadar an-cheolmhar iad muintir a máthar agus d’fhanadh Máire leo thiar sa nGleann Mór sa samhradh. Bhíodh a seanmháthair ag casadh ceoil ar an mileoidean agus bhíodh a haintín Bríd ar an mbosca ceoil, ag amhránaíocht agus ag damhsa. Bhíodh a cosa ag rith uaithi ag iarrraidh a bheith in éindí leo; thagadh comharsana isteach san oíche agus bhídís ag damhsa seiteanna agus rincí ar nós An Staicín Eorna. Bhíodh Bríd ag aisteoireacht freisin, agus thugadh a máthair amach na gasúir len í a fheiceáil ar an stáitse.

Bhíodh Máire ag faire amach d’ócáidí a mbeadh sí in ann dul chucu agus a bheith ag éisteacht leis na hamhráin. Bhíodh sí ag éisteacht le cláir cheoil ar an raidió agus dá gcloisfeadh sí amhrán a thaitin léi agus nach raibh ar eolas aici féin ná a máthair, théadh sí amach agus cheannaíodh sí an ceirnín sin. Ba bhreá léi a bheith ag éisteacht le Seán ‘Ac Dhonncha ag casadh Bean an Fhir Rua agus Saileog Rua agus le Máire Choleman ag casadh Tomás Bán Mac Aogáin, Amhrán Mhaínse agus Caisleán Uí Néill. Chomh maith leis sin thaitin na hamhráin An Droighneán Donn, Dónall Óg, An Sagairtín agus Eileanóir na Rún i gcónaí léi.

Comórtas Amhrán Nuachumtha. Máirtín Davy Ó Coisdealbha (ar dheis) a chum amhrán faoi Thulach Seasta i dTiobraid Árann agus Máire a chas.

Pléaráca Chonamara: Maggie Uí Chuaig, Peadar Ó Conghaile, Máire agus Patsy Ó Ceannabháin.

Ní raibh mórán suime riamh ag Máire sna comórtais ach dúirt sí liom go raibh sí lá thíos ar an gcladach agus chuala cara í ag casadh agus ní bhfuair sí nóiméad suaimhnis ina dhiaidh sin go ndeachaigh sí chuig comórtas! Bhíodh sí sách neirbhíseach agus go dtí an lá atá inniu ann, ceapann sí nach dtagann an t-amhrán ón gcroí mura bhfuil duine ar a shuaimhneas. Ar aon nós, in 1968 chas sí ag feis cheoil a bhí ar an gCnoc, d’éirigh léi an comórtas a bhuachan agus cháiligh sí don Oireachtas. Ba bheag nár tháinig lagar uirthi cúpla mí ina dhiaidh sin nuair a bhain sí amach an chéad áit i gComórtas na mBan mar ní raibh súil ar bith aici leis. D’fhan sí dhá bhliain sular thug sí faoi arís agus roinn an moltóir Seán Óg Ó Tuama an duais sa mórchomórtas oscailte idir í féin agus Éilís Ní Shúilleabháin as Cúil Aodha. Tháinig sí sa dara háit i gComórtas na mBan roinnt blianta ina dhiaidh sin agus anuas air sin bhuaigh sí an chéad áit ag Oireachtas Chonnacht agus duaiseanna éagsúla ag éigsí agus ag fleadhna ceoil.

Tá cuimhní geala ag Máire ar na laethanta a chaith sí ag teagasc an tsean-nóis d’óige Chois Fharraige. Cé go raibh drogall uirthi dul ag múineadh ar dtús, bhí a fhios aici tar éis cúpla rang go raibh sí san áit cheart. Ar na hamhráin a mhúineadh sí don dream óg bhí An Rógaire Dubh, Na Ceannabháin Bhána, Sadhbh Ní Bhruinealla, Páidín Ó Raifeartaigh agus Sí do Mhamó í. Ba mhaith léi go mbeadh na hamhráin áitiúla ar eolas ag an dream níos sine Amhrán Mhaínse, Amhrán na Trá Báine agus Amhrán Pheitir Mhicil Báille chomh maith le hamhráin mheidhreacha ar nós Barr an tSéibhe, Casadh an tSúgáin agus An Chaora Ghlas. Is cuimhin liom féin a bheith ina rang agus muid ag scríobh síos na véarsaí agus cé go raibh cuid againn cúthail, d’éirigh léi cúpla stéibh a mhealladh uainn! Mhínigh sí do na gasúir faoin drogall a bhí uirthi féin dul ar stáitse agus mheas sí b’fhéidir dá mbeadh sí á dhéanamh nuair a bhí sí ní b’óige nach mbeadh an imní sin uirthi. B’ardú croí di a bheith ag breathnú ar na gasúir ag fáil sásaimh ar na hamhráin agus a bheith ag baint duaiseanna amach i gcomórtais éagsúla. Bhain bród eile leis freisin, a dúirt Máire liom, mar go raibh siad ag tabhairt leo Gaeilge bhlasta chruinn na n-amhrán, tuiscint ar na focail agus scéal an amhráin. Bhí seacht gcroí aici nuair a chroch Ciarán Ó Con Cheanainn, grásta ó Dhia air, Corn Uí Riada leis sa mbliain 2008. Bhí Ciarán ag freastal ar ranganna Mháire ó bhí sé óg agus ghoill a bhás tobann in 2009 uirthi féin agus ar phobal an tsean-nóis. Dar ndóigh, is liosta le háireamh na hamhránaithe ar fad a chuaigh faoina tionchar agus bíonn lorg a láimhe le feiceáil ar liosta iomaitheoirí agus buaiteoirí Oireachtais bliain i ndiaidh bliana agus tá sí cinnte go mbuafaidh amhránaithe óga eile as Cois Fharraige Corn Uí Riada lá éigin. Dream óg den scoth iad, a deir sí, agus tuismitheoirí den scoth atá ina gcairde aici i gcónaí.

Ann Marie Ní Fhátharta, Orla Ní Fhinneadha & Máire.

Máire in éineacht le hOrla Ní Fhinneadha agus Yvonne Ní Loideáin.

Áine Ní Mhéalóid, Caitríona Ní Oibicín, Máire Pheitir & Daríona Nic Dhonncha.

Máire agus Ciarán Ó Con Cheanainn ag ól aníos as Corn Uí Riada.

Tá a glór le cloisteáil ar an téip Tógfaidh Mé Mo Sheolta ar a bhfuil amhráin uaithi féin, ó Phat Phádraic Tom Ó Conghaile agus ó Pheatsaí Ó Ceannabháin, beirt eile a bhíodh gníomhach in imeachtaí an Ghaelacadaimh, beannacht Dé leo. Cló Iar-Chonnacht a rinne an taifeadadh. Tá leagan álainn de Bean an Fhir Rua léi ar an dlúthdhiosca Subhóró a d’eisigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2009. Thug sí léargas ar na hamhráin is deise léi sa tsraith An tAmhrán is Ansa Liom a chraol TG4 agus atá le feiceáil anseo: https://www.tg4.ie/ga/player/boxset/seinn/?pid=6026783244001&title=M%C3%A1ire%20Pheteir%20U%C3%AD%20Dhroighne%C3%A1in&series=Amhr%C3%A1in%20is%20Ansa%20Liom

Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Mháire sa mbliain 2004 mar aitheantas ar a bua amhránaíochta agus na blianta a chaith sí ag teagasc. Ceapadh í ina hAmhránaí Cónaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa mbliain 2006 agus le linn a tréimhse ansin d’eagraigh sí agus theagasc sí ranganna amhránaíochta sean-nóis do ghrúpaí éagsúla ó chian is ó chóngar.

Dar ndóigh is aisteoir gairmiúil í Máire agus tá a saol caite aici ar stáitsí agus os comhair ceamaraí. Chaith sí roinnt blianta in éineacht le Cumann Drámaíochta an Spidéil agus ina dhiaidh sin le Cumann Drámaíochta Indreabháin faoi stiúir Johnny Chóil Mhaidhc. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar Bhaile an Droichid mar a mbíodh pairt Phil ag Máire  sa tsraithdhráma a chraoltaí ar Raidió na Gaeltachta ar feadh 10 mbliana. Is cuimhin le mo mháthair, Siobhán, go maith an comhluadar ar fad istigh sa seomra suí agus cluas leis an raidió tar éis an aifrinn ar an Domhnach ag fanacht go dtosódh an clár. Is deacair a chreistiúint go bhfuil 25 bliain caite aici i ról Mháire i Ros na Rún agus is iomaí eachtra a bhain dá carachtar sa gclár! Ghlac sí páirt Bhríd Thoirdhealbhaigh sa scannán agus sa dráma stáitse Cré na Cille. D’inis sí dom go bhfiafraítear go minic di cén fáth nach mbíonn an drogall céanna uirthi faoi stáitse na haisteoireachta ach dar léi nach ionann an aisteoireacht agus an amhránaíocht sa méid is gur ag aithris ar dhuine atá an t-aisteoir ach gur iarracht aonair atá san amhránaíocht gan frapa ar bith le brath air. Fágfaidh mé an focal deireanach ag mo mhama:  “is é an rud is mó a sheasann amach domsa nuair a smaoiním ar Mháire Pheitir ná nuair a bhíodh sí le feiceáil ar an teilifís sna hochtóidí san fhógra do Telecom Éireann. Ba gheall le réalta í agus ba mhór an rud é do mhúinteoir sean-nóis, duine as do bhaile féin, a fheiceáil ar an teilifís an uair sin”!  Réalta go deimhin í, réalta eolais an tsean-nóis agus na n-amhrán. Dia go deo leat a Mháire Pheitir, tá muid faoi chomaoin agat.

Oíche chomórtha do Mháire Pheitir, 2019.

Ranganna an Ghaelacadaimh, lár na 1990idí.

Scríbhneoir: Louise Seoighe, Cor na Rón

Buíochas le muintir Uí Dhroighneáin, le Johanna Ní Mháille agus le Pléaráca Chonamara faoi na pictiúir.

Foinsí: Agallamh le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Caitlín Ní Chualáin

Next
Next

Celia Ní Fhátharta