Celia Ní Fhátharta

‘Bhí an oiread bróid agus ríméid orm an oíche a ghnóthaigh mé Corn Uí Riada ag an Oireachtas i nDún Garbhán, 1999. Bhí ainmneacha mo thriúr aintíní - Nan, Nóra agus Sarah Ghriallais -  greanta go buan ar an gcorn agus anois bhí m’ainm féin le cur leo. Is rud fíorspeisialta a bhí ann dom; thug sé dearbhú dom go raibh mé sách maith, go raibh mé ábalta agus go raibh sé tuillte agam.’ 

B’shin an chaoi ar airigh Celia Ní Fhátharta an oíche a chroch sí léi sméar mhullaigh an tsean-nóis. Bhí duaiseanna eile gnóthaithe aici dar ndóigh ach ba mhór aici go raibh an t-aitheantas agus an stádas a bhain le Comórtas Chorn Uí Riada bainte amach aici. 

Celia agus Corn Uí Riada 1999. Pic Cartlann an Oireachtais.

Oireachtas na nDéise, 1999, tráth a bhuaigh Celia Corn Uí Riada. In éineacht léi tá Áine Uí Cheallaigh agus Éamon Ó Cuív. Pic ó Chartlann an Oireachtais.

Chuir Celia suim sa gceol, san amhránaíocht agus sa damhsa agus í an-óg.  ‘Thaitin sé liom a bheith ag éisteacht le chuile chineál ceoil i nGaeilge nó i mBéarla. D’fhreastail mé ar Scoil Náisiúnta Cholmcille, an Tulach, agus bhí na múinteoirí iontach ansin ag déanamh drámaí, ceolchoirmeacha agus cleachtaí don chór. Bhíodh bean uasal darbh ainm Margo McGeeney, a thaistil chugainn chuile sheachtain, ag múineadh na feadóige agus an ghiotáir. Bhí mé buíoch gur íoc mo mhuintir as na ranganna sin, mar thaitin siad liom go mór. Bhí sé éasca go leor an fheadóg a chur sa mhála, ach ag streachailt an ghiotáir trasna garrantaí agus mé ag siúl ar scoil, b’in an fhulaingt! Ach b’fhiú é cinnte, mar bhí mé go maith ar an dá uirlis. Thosaigh mé ag foghlaim an phianó ar an gCeathrú Rua freisin le bean lách darbh ainm Máire Bn Uí Ríordáin. Cé go mbínn ag éisteacht leis na hamhráin ar an raidió, ní raibh an oiread sin acu ar eolas agam. Thosaigh mé ag freastal ar ranganna amhránaíochta le Peatsaí Ó Ceannabháin agus le Máire Uí Dhroighneáin agus thug siad faoi deara an nádúr a bhí agam leis na hamhráin agus bhíodh siad ag moladh dom dul chuig na comórtais. Sin mar a bhí mo laethanta sa mbunscoil: ag casadh na feadóige, ag seinm an ghiotáir, ag amhránaíocht liom agus páirteach i gcóir agus grúpaí ceoil. Chuaigh mé chuig ranganna damhsa chomh maith.’

Ní don amhránaíocht amháin a ghnóthaigh Celia duaiseanna!

Gaeltacht Mary, 1993.

Choinnigh Celia leis an gceol nuair a chuaigh sí go Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal. ‘Thosaigh mé ag foghlaim feadóige le Mary Bergin, sárcheoltóir. Thug sí sároiliúint bunaithe go hiomlán ar éisteacht agus cluas don cheol. Níor chas mé an oiread sin sean-nóis is mé ar meánscoil mar bhíodh mo chloigeann tógtha le rudaí eile!  Bhí mé ag an Oireachtas nuair a tionóladh ar an gCeathrú Rua é in 1983 ach b’in é. Fós féin bhíodh mé féin agus mo mhuintir i gcónaí ag éisteacht sa mbaile agus ag moladh duaiseanna do mo chuid aintíní nuair a bhíodh an tOireachtas ar bun.’ 

Ní go dtí go raibh sí san ollscoil i nGaillimh mar a rinne sí staidéar ar an Matamaitic agus ar an nGaeilge a chuir Celia suim ghníomhach sna hamhráin. ‘Bhíodh ceardlanna agus léachtaí amhránaíochta ag an Ollamh Breandán Ó Madagáin agus bhíodh an-seisiúin phlé againn. Cheap mé gur theastaigh cleachtadh uaim agus thosaigh mé ag cur isteach ar an bhFleadh Cheoil. Ba mhór an t-oideachas dom dul trí na babhtaí réigiúnacha, cúige agus náisiúnta agus cháiligh mé do Chraobh na hÉireann cúpla uair agus d’éirigh liom faoi dheireadh! Thosaigh mé ag dul chuig an Oireachtas freisin agus chuir mé isteach ar Chomórtas Sheáin Óig Uí Thuama an bhliain a raibh sé i nGaillimh in 1993 agus fuair mé an chéad áit.’ Tháinig na duaiseanna go tiubh tréan ina dhiaidh sin: Corn Chóil Nana Pháidín ag Éigse Dharach Uí Chatháin, Corn Tom Pháidín Tom ag Éigse an Spidéil agus Corn na mBan féin ag an Oireachtas. Bhuaigh sí comórtas eile in 1993, an Cailín Gaelach ag Comórtas Peile na Gaeltachta! Ba í a bhí mar ‘Gaeltacht Mary’ ag an bhféile Mary of Dungloe. Bhí Gay Byrne ar an bpainéal moltóirí agus seachtain ina dhiaidh sin fuair sí glaoch uaidh agus thug sé cuireadh di amhrán a chasadh ar The Late Late Show, rud a rinne. 

Oireachtas Ghaoth Dobhair, 1996. Ó chlé: Pól Ó Gallchóir, Gearóidín Bhreathnach (buaiteoir Chorn na mBan), Donncha Ó Gallchóir, Celia (an dara háit) agus Maidhc Dainnín Ó Sé, a fuair duais i gComórtas na bhFear.

Celia agus a cara mór, Ciarán Ó Con Cheanainn, Oireachtas Dhún Garbháin, 1999, tráth a bhuaigh Celia Corn na mBan agus Ciarán Corn na bhFear.

Ceapann Celia go bhfuil na comórtais tábhachtach mar go dtarraingíonn siad na hamhránaithe le chéile. ‘Cuireann tú aithne ar óg agus ar shean ó chuile cheard den tír agus sin ceann de na rudaí speisialta fúthu. Is cuimhin liom an uair a bhuaigh mé Comórtas Sheáin Óig Uí Thuama; ní raibh mé ach i mo chailín óg ach casadh Mairéad Ní Oistín, Brian Ó Domhnaill agus Lillis Ó Laoire orm. Bhí siadsan sa gcomórtas freisin ach bhíodar chomh cineálta liom agus mhol siad go hard na spéire mé agus ní dhéanfaidh mé dearmad air sin.  Go cinnte, chasadh mo chuid aintíní liom ag na comórtais freisin agus is iad a bhí iontach ag a gceird! Ach ina dhiaidh sin ar fad, cé go mbíonn amhránaithe eile ag iarraidh cabhrú leat agus treoir a thabhairt duit, nuair a shiúlann tú amach ar an ardán, tá tú i d’aonar ag an nóiméad sin. Níl ann ach tú féin agus an t-amhrán agus níl tada éasca faoi!’

Ar nós chuile amhránaí eile, bhí roinnt drochlaethanta ag Celia agus cuimhníonn sí go maith orthu. ‘Bhíodh amanta ann nuair a bhínn in ísle brí agus diomúch agus ní bheadh fúm a bheith ag amhránaíocht. Sna huaireanta sin bhí beirt ann a thug sólás agus a bhí ina gcrann taca dom: Máire Ní Neachtain ón Spidéal agus Lillis Ó Laoire. Níl insint agam ar an gcúnamh agus misneach a thug siad dom nuair a bhí sé ag teastáil go géar uaim; is beirt uasal iad a bhfuil an-chion agam orthu. Tá sé an-deacair tú féin a chur ar aghaidh na bpiléar ach má tá do chairde agus do chlann leat, mar a bheadh gaoth sa seol, níl baol ort!’

Tá stór fairsing amhrán ag Celia ach tá luí faoi leith aici leis na hamhráin ghrá. ‘Is breá iad na hamhráin ghrá cinnte agus bhrisfeadh an fhilíocht agus an ceol atá i gcuid acu do chroí agus cuireann an ornáidíocht barr smaise orthu; nuair a chuirtear na gnéithe sin le chéile, is milis an béal a chasann iad.’ Thaitin an t-amhrán Úna Dheas Ní Nia i gcónaí léi agus is ceann é a chasadh a haintín Sarah Ghriallais agus cheap Sarah go bhfeilfeadh an t-amhrán sin í agus b’fhíor di mar ba é a chas Celia an oíche a bhuaigh sí Corn Uí Riada. Taitníonn Dónall Óg freisin léi, go háirithe na véarsaí ina ndeir an cailín gur bhain Dónall chuile shórt di, fiú Dia féin. ‘Tuigeann muid ar fad an briseadh croí agus an tragóid agus tá léiriú an-fhileata agus macánta orthu san amhrán sin. Sílim sa deireadh go gcaithfidh tú ceangal a dhéanamh leis an amhrán tú féin agus ina dhiaidh sin caithfidh tú an lucht éisteachta a tharraingt isteach sa scéal agus na mothúcháin a chur trasna. Sin jab an amhránaí sean-nóis – an scéal a insint. Deireadh daoine liom go seasfadh siad sa sneachta ag éisteacht liom agus ba mhór an onóir dom é sin a chloisteáil i gcónaí mar bhí a fhios agam go ndeachaigh mé i gcion orthu. Cheapainn féin é sin nuair a chloisinn m’aintíní ag casadh.’

Tharla cor cinniúnach i saol Celia sa mbliain 2000. Bhí bliain shaor tógtha aici óna post múinteoireachta agus bhí sí ag plé le tograí éagsúla agus ag taisteal. Bhí sí sa dráma Medea a bhí á léiriú ag Amharclann na Mainistreach agus bhí sí ceaptha an samhradh a chaitheamh i Nua-Eabhrac mar bhí an dráma le léiriú ar Broadway. Chaith sí seal in Chicago agus faoi mar a deirtear sna hamhráin ‘nuair a théann an grá sa gcroí, ní scaoiltear as é go brách’! Casadh Mark Bennett uirthi agus thit cailín Chonamara i ngrá le fear Chicago! ‘Dar ndóigh, ní dheachaigh mé chuig Nua-Eabhrac leis an seó ach bhíodar ag iarraidh mo ghlór a úsáid sa dráma agus mar sin rinneas taifeadadh agus is féidir a rá go raibh mo ghuth ar Bhroadway!’ Pósadh Celia agus Mark in 2003 agus rugadh iníon – Katie – dóibh in 2004. Faoi mar a bheifeá ag súil leis, is ceoltóir agus amhránaí í Katie: seinneann sí veidhlín, feadóg agus giotár. ‘Cloisim an binneas ina glór agus an chumhacht aniar inti nuair a chanann sí amhrán.  Ní ón ngealach ná ón ngrian a fuair sí é, is dóigh!’ 

Ag casadh in Chicago.

Oireachtas Dhún Garbháin, 1999. Pic: Cartlann an Oireachtais.

Ní mórán deiseanna a bhíonn ag Celia an sean-nós a chasadh le hais mar a bhíodh. ‘Ní bhíonn aon teacht le chéile ann mar a bhíodh fadó ag muintir Chonamara.’  Mar sin féin, tá éileamh ar a scileanna amhránaíochta agus Gaeilge agus bhí sí ag teagasc in Ollscoil Notre Dame, Ollscoil Milwaukee agus Ollscoil Evergreen in Seattle agus thaitin an obair sin thar cionn léi. D’fhill sí ar an oideachas in 2009 agus bhain sí céim MA amach sa nGaeilge agus scríobh sí tráchtas ar thraidisiún na n-amhrán i gConamara. Is maith le Celia go bhfuil an traidisiún sin fós bríomhar agus go bhfuil an sean agus an nua nasctha le chéile. ‘Tá buíochas mór ag dul do na hamhránaithe agus do na ceoltóirí a choinníonn an traidisiún beo. Tá obair mhór déanta ag Raidió na Gaeltachta agus dar ndóigh Cló Iar-Chonnacht a chonaic an fiúntas i dtaifeadadh na n-amhránaithe agus na gceoltóirí sna Gaeltachtaí ar fad.’  Go deimhin is é Cló Iar-Chonnacht a d’eisigh a dlúthdhiosca Celia Ní Fhátharta in 2011. Tá an-mholadh aici don teicneoir in Chicago, Craig Williams, a bhí ag cloisteáil an tsean-nóis den chéad uair agus a chuir an-chóir ar an bhfuaim. 

Tá comhairle fhiúntach aici don óige: ‘Las an tine taobh istigh, gabh amach agus cuir aithne ar na hamhránaithe, éist leo agus foghlaim! Tug cluas don dream atá ann agus iadsan a chuaigh romhat. Faigh na hamhráin a thaitníonn leat agus a fheileann do ghlór. Bí thú féin! Cas d’amhrán féin agus bain taitneamh as. Is iomaí cara nua a bhuailfeas leat ar an mbealach agus is iomaí oíche go maidin a bheas agat leo.  Oscail do chroí … agus líon le hamhráin é’!


Táilliúir an Mhagaidh

Is thíos ag an tobar sea chuir mise an fáinne amú,
Sea dhearc mé an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua.
Bhí a grua trí lasadh is a leaca mar bhláth na n-úll,
'S má dhearc sí mise níor lig sí mo shláinte liom.

Is dá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht,
Óra d'osclóinn an doras is ligfinn thú féin isteach.
'Gus chóireoinn do leaba is luífinn in éineacht leat,
Is bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín dheas.

Is a tháilliúir an mhagaidh, ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an talamhaí a dhéanfas go domhain mo theach.
Is a d'éireodh ar maidin is a chroithfeas na síol i gceart,
Is nach istigh cois dorais ag feadaíl ná ag ruaigeadh cearc.

'S a tháilliúir an mhagaidh, cé phosfadh thú fhéin mar fhear,
Is do chuid loirgní dóite is tú ag imeacht ó theach go teach.
'S ag cur síos ar do chomharsa is an té úd nach dtaithneodh leat,
'S Mac Duach is Mac Dara is go ngreamaí do thóin den hob.

Ins an áit a mbíonn foscadh bíonn na feochadáin ann is féar,
Is bíonn ceol binn ag na meachain ag baint meala de bharr na gcraobh.
Bíonn na bradáin ag preabadh is an bhreac gheal ag snámh go réidh,
Is mo stóirín faoi leatrom ag fear eile le fáinne an lae. 

Úna Dheas Ní Nia

Dá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois, gan pianta cnámha,
Ní choinneodh feara Fáil mé as an áit a mbíodh mo mhian,
Bheinn go síoraí ag dearcadh a dealramh, is gile is deise is breáichte,
Leis an méid a dtug mé grá dhi, rinne áras i mo chroí.

Cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí,
Nó ag súil le blas a póigín, is í an ógh í a bheannaigh Críost,
Ach ina diaidh ní mhairfead beo mí leis an méid a dtug mé grá dhi,
Is é mo léan gan mé is tú pósta, a Úna Dheas Ní Nia

An té a d'fheicfeadh í Dé Domhnaigh is í ag imeacht ina cóiriú,
Ba gheall leis an Réalt Eolais í ag dul romham amach sa tslí,
Ach ní baol seachmall ceo ar bith, ó, choíche ná go deo dhi,
Is an ghrian níor scairt sí fós orm a bhí chomh mómhar le mo mhian.

Is tá cúilín trilseach lonnmhar lag fite i ngar dá cluasa,
'S a dá grua mar an rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is dhá bhfaigheadh na sluaite bás i ndiaidh na stuaire,
San áit ar cheap Dia lóistín di i dteorainn Inis Ní.

Dhá mbeadh sí suas in éifeacht in inmhe a bheith ina céile
An t-am úd a raibh na Gréigigh ag dul chun cogaidh leis an Traoi,
Bheadh Helen gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh,
Is bheadh Páras ina cheann réitigh ag Úna Dheas Ní Nia.

Dhá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhacht Bonaparte,
Ó, saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
Is níl pingin dá mbeadh ar m'fháltas nach dtabharfainn ina láimh dhi,
Le súil gur mise an páirtí a bheadh ag Úna Dheas Ní Nia.

Sí Úna mhaiseach mhómhar, is gile, is deise is breáichte,
Le cróntacht is le mórtacht lena háilleacht is le gnaoi,
Is dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breátha atá i gCríoch Fódhla,
Sí Úna Bhán a thógfainn i dtosach ar mhná an tsaoil. 

Scríbhneoir: Damhnait Ní Fhátharta, na hAille.

Buíochas le Cló-IarChonnacht agus Cartlann an Oireachtais faoin ábhar fuaime agus faoi na pictiúir.
Tá buíochas faoi leith ag dul do Celia i féin a roinn a cuid ama agus a cuid eolais go fial linn.
.

Foinsí Eolais:

Ní Fhátharta, C. (2021) Ríomhphost chuig Damhnait Ní Fhátharta, 30 Aibreán.

Ní Fhátharta, C. (2003) Celia Ní Fhátharta: Irish Traditional Sean-nós Songs. [Dd]. (CICD 183) Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Máire Pheitir Uí Dhroighneáin

Next
Next

Ciarán Ó Con Cheanainn