Ciarán Ó Con Cheanainn

Is faoin amhránaí agus scoláire sean-nóis Ciarán Ó Con Cheanainn an t-alt seo, fear a bhí ina chara liom agus a cailleadh in 2009, gan é ach seacht mbliana is fiche d’aois. Chuaigh Ciarán Ó Con Cheanainn i bhfeidhm go mór orm le linn mo thréimhse i mbun máistreachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus nuair a cailleadh go tobann é, thuig mé féin agus cairde leis go raibh fear léinn agus fear ceoil den chéad scoith caillte againn, ach go raibh oidhreacht shaibhir fágtha ina dhiaidh aige. Tá cuimhní pearsanta faoi san alt seo chomh maith le tagairtí do na hamhráin a cheol sé agus na duaiseanna a bhain sé, tagairtí do chuid de na saothair a cuireadh i gcló le linn a bheo agus i ndiaidh a bháis agus don mhéid a d’fhág sé le huachta againn.

Ciarán & a bhuanchara, Mícheál Ó Dubhghaill. Pic: Biseach 2009.

Pictiúr scoile c.1990

An scoláire óg i mbun obair baile.

Rugadh Ciarán Ó Con Cheanainn ar an 12 Iúil 1981, mac le Pádraig, nach maireann agus Brídín Ní Chonghaile ón Bhánrainn. Maireann deirfiúr leis fosta, Máirín, atá ina múinteoir i Scoil na gCeithre Máistrí i mBaile Átha Luain. Bhí cónaí ar an chlann i Sáile Chuanna, Indreabhán agus d’fhreastail Ciarán ar Scoil Shailearna agus ar Choláiste Cholmcille. Ní raibh sean-nós sa bhaile ag Ciarán agus is ag ranganna amhránaíochta sa Ghaelacadamh a d’fhoghlaim sé na hamhráin, cé gur admhaigh sé in agallamh leis an cheoltóir Antaine Ó Faracháin don iris ar líne Beo.ie: ‘Ní raibh spéis dá laghad agam sna hamhráin ar dtús. Bhíodh mo dheirfiúr ag freastal ar ranganna “sean-nóis” agus bhíodh sise go síoraí ag cleachtadh na n-amhrán sa mbaile, rud a chuir mé féin agus an amhránaíocht thraidisiúnta glan in aghaidh a chéile!’ Ba í an fonnadóir iomráiteach Máire Pheitir Uí Dhroighneáin a theagasc na ranganna sin, bean a raibh ardmheas agus cion ag Ciarán uirthi, agus aici air, i rith a shaoil. I measc an scaifte d’ógánach ag na ranganna bhí Síle Denvir, Aengus Mheaití Jó Shéamuis agus cara mór leis, Mícheál Ó Dubhghaill. Más í Máire a spreag Ciarán, bhí obair aici ar dtús, ‘Ba mo rogha féin a dhul chuig na ranganna ach ní le gean ar na hamhráin a chuaigh mé chucu. Sílim go raibh mé timpeall deich mbliana ag an am agus, ag an aois sin, ba iad ranganna sean-nóis Mháire Pheitir an t-aon áit a bhféadfá a dhul le bualadh le cairde lasmuigh d’uaireanta scoile’. 

Cois Locha, Samhradh 2008

Thóg Ciarán go leor dá chuid amhrán ag na ranganna sin, ag léamh na bhfocal agus ansin ag fáil tuisceana ar mhothúcháin agus ar chúlra an amhráin, rud a bhí éagsúil ó na hamhránaithe a bhí glúin nó dhó ní ba shine ná é agus a shealbhaigh na hamhráin cois teallaigh den chuid ba mhó. ‘Léadh muid an téacs ar dtús agus mhíneodh Máire na focail dúinn a bhí imithe as an gcaint nó nach mbeadh cloiste againn roimhe sin. Ó thaobh na teanga de, ollscoil inti féin a bhí i Máire mar ní hamháin gur mhúin sí amhráin dúinn, mhúin sí Gaeilge dúinn freisin. Nuair a bheadh an téacs tugtha linn againn, agus an fhoghraíocht soiléir, chanfadh sise an t-amhrán cúpla babhta agus ansin, leanfadh muidne í.’  Ar ndóigh bhí traidisiún an tsean-nóis thar a bheith láidir i gCois Fharraige, ach rud réasúnta úr é in am Chiaráin ranganna foirmeálta a reáchtáil don aos óg. Ar an dóigh sin, bhí Ciarán agus a chomhscoláirí sa Ghaelacadamh eisceachtúil, ag foghlaim amhrán ar bhealach nár chleacht a muintir, rud a thug sé féin suntas dó. ‘Sílim go bhfuil glúin níos óige d’amhránaithe sean-nóis tagtha chun cinn le blianta beaga anuas ach ní dóigh liom gur glúin nua atá inti. Ní dóigh liom go bhfuil muid ag athrú an traidisiúin aon phioc níos mó ná mar a d’athraigh an ghlúin a chuaigh romhainn. Sin ráite, sílim go mbreathnaítear orainn mar “ghlúin nua” sa mhéid is nár shealbhaigh muid an traidisiún beo ar an teallach agus gur faoi scáth an Ghaelacadaimh a shealbhaigh muid na hamhráin, agus an traidisiún dá réir,’ a dúirt sé san agallamh in Beo.ie 

Níl amhras ar bith orm ach gur mhair lorg Mháire Pheitir ar a ghlór agus ar a stíl cheoil ón uair a bhain sé duais an Phléaráca ina ghasúr óg in 1995, Craobh na hÉireann sa Fhleadh Cheoil, Corn Mháire Nic Dhonnchadha, an chéad áit i gComórtas Sean-Nóis na bhFear ag Oireachtas na Samhna in 1999 agus é ocht mbliana déag d’aois, an dara háit faoi dhó i gCorn Uí Riada in 1999 agus in 2003 fosta. Luaigh Ciarán an meas a bhí ag a cuid iar-scoláirí uirthi, ‘Ba deas a fheiceáil ag Oireachtas na bliana seo caite go raibh an grúpa céanna cruinnithe timpeall ar Mháire, mar a bheadh sicíní, ag ceann de sheisiúin amhránaíochta an Oireachtais’. 

Deoch cheiliúrtha i ndiaidh Chorn Uí Riada (Ciarán agus Áine Ní Bhreisleáin)

Bronnadh na céime, OÉG, 2003

Bean eile a chuaigh i gcion ar Chiarán ná Sarah Ghriallais as Muiceanach idir Dhá Sháile. Dúirt sé go minic go raibh dúil mhór aige i stíl Sarah, ‘chuala mé Sarah Ghriallais ag gabháil do Contae Mhaigh Eo agus sin an chéad uair a thuigeas céard is “sean-nós” ann. Chuir sí faoi dhraíocht mé agus chuaigh goiríní fuachta suas mo dhroim agus mé ag éisteacht léi’. I mo bharúil féin, thug Ciarán aird ar an phaisean agus an mothú láidir a chuir Sarah sna hamhráin, agus rinne amhlaidh é féin, gan aithris iomlán a dhéanamh ar a stíl nuair a cheol sé féin an t-amhrán sin ag Oireachtas na bliana 2008.  Amhrán eile atá aitheanta go mór le Sarah ná an ceann grinn agus caismirte Táilliúir an Mhagaidh atá lán den argáil agus ag déanamh beag de bhuanna grá agus spré an fhir. Tá taifeadadh déanta de Chiarán á cheol ag Féile Pan Cheilteach Thrá Lí i 1999, agus leagan álainn aige, an greann dubh sonrach sna focla aige. An oíche iontach sin, an 1 Samhain 2008 nuair a bhain Ciarán Corn Uí Riada thíos sa Rochestown Park i gCorcaigh, chuir sé Sarah in aithne domh, agus d’iarr uirthi amhrán breá graosta a cheol domh!

Ciarán (17 mbliana d’aois) le Tom Pheadaí Mac Diarmada, Pátrún Litríochta Béil Chumair, Oscailt Oifigiúil Chumair, Ros Muc, Luan Cásca 1999. Grianghraf: Marcas Ó Murchú

Ciarán le Nan Pheadaí, Nic Dhiarmada Cumar 1999

Ciarán (17 mbliana d’aois) le Nan Pheadaí Nic Dhiarmada, Oscailt Oifigiúil Chumair, Ros Muc, Luan Cásca 1999. Grianghraf: Marcas Ó Murchú.

B’fhear léinn agus fear taighde a bhí i gCiarán. I ndiaidh dó céim a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thug sé a aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 2003, áit a ndearna sé tráchtas MA darbh ainm Gnéithe de Sheachadadh na nAmhrán Traidisiúnta sa Ghaeilge. An bhliain dár gcionn, bhain sé MLitt sa Nua-Ghaeilge amach leis an tráchtas Clár Amhrán Chois Fharraige. Bhronn Ollscoil na hÉireann scoláireacht i Léann na hÉireann air sa bhliain 2004 agus chuaigh sé go  hOllscoil Dhún Éideann, áit ar chaith sé dhá bhliain le Sgoil Eòlais na h-Alba. Phill sé ar Bhaile Átha Cliath agus bhí sé mar theagascóir agus mar léachtóir san ollscoil, é ag cur deiridh lena dhochtúireacht fá Chlár Amhrán Mhaigh Cuilinn. 

Tá a fhios agam gur chaith Ciarán míonna ag bailiú eolais ó na hamhránaithe don leabhrán a chuaigh leis an dlúthdhiosca Corn Uí Riada – Buaiteoirí 1972 - 2007 mar b’fhear é a chuir dua air féin an obair a bhí idir lámha aige a fháil ceart agus é bheith ar chaighdeán ard i gcónaí. In 2011 a eisíodh an leabhar Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn. Is trua dúinn uilig nár mhair Ciarán lena thráchtas dochtúireachta a fheiceáil i gcló, an taighde grinn, cúramach ar leaganacha na n-amhrán agus é mar aidhm aige ‘an léitheoir a threorú ina dtreo le breis eolais a fháil ar na hamhráin féin’. Mar a deir Ríonach uí Ógáin i mbrollach an leabhair ‘ba iad na hamhráin sin a lón anama’ don fhear a raibh ‘bua na sárfhonnadóireachta agus ardchumas léachtóireachta san aon phearsa amháin’. Bhí sé beartaithe aige caint a thabhairt faoi ghnéithe den taighde ag Scoil Gheimhridh Merriman, thart fán am a bhfuair sé bás. Bhí Ciarán sáite fosta i dtogra eile nuair a cailleadh é, an togra ar a tugadh Leabhar Mór na nAmhrán, bailiúchán cuimsitheach de na hamhráin ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla. Dúirt Micheál Ó Conghaile faoi Chiarán i réamhrá an leabhair úd go raibh ‘slacht ar shaothar a láimhe i gcónaí, cruinneas agus críochnúlacht’. Tugadh thart ar 30 amhrán do Chiarán lena scagadh agus nótaí a ullmhú fúthu ach faraor, tháinig an bás anabaí rud ‘a bhain siar asainn, díreach mar a bhain as an saol Gaelach trí chéile ag an am’.

Ciarán Ó Con Cheanainn, 18 mbliana d’aois, ag casadh cúpla véarsa de ‘Amhrán Mhaínse’ ag seisiún amhránaíochta ag Cumar, Ionad Pobail Chamuis, Luan Cásca 2000. Tá an físeán seo á chur ar fáil go poiblí den chéad uair riamh ar shuíomh Thaisce Chois Fharraige. Taifeadadh (ar cheamthaifeadán): Róisín Ní Mhianáin

Ciarán agus Corn Uí Riada ina ghlaic aige ag Oireachtas na Samhna 2008

Bhí sé de cháil ar Chiarán nuair a bhain sé duaiseanna go mbíodh sé umhal agus sásta, ach ní ag déanamh mórtais as féin. An oíche sular bhain sé Corn Uí Riada, cheol sé i gCorn na bhFear agus fuair sé an dara háit. Bhí scaifte againn as UCD thíos agus dúirt sé nach mbeadh seans ar bith aige i gCorn Uí Riada an lá dár gcionn, agus mar sin go mbainfeadh sé sult as oíche Aoine. Bhí craic mhillteanach againn mall san oíche ag ceol agus ag castáil le hamhránaithe agus ag magadh le chéile. Nuair a fógraíodh an oíche dár gcionn gur aigesean a bhí an Corn, bhí sé soiléir ón chuma a bhí ar a aghaidh nach raibh sé ag dréim leis. Bhí sé go fóill ag dul i ngleic leis an scéala san fhíseán a rinneadh de agus é ag ceol Ócam an Phríosúin, an bonn ar a mhuineál agus an Corn ina ghlac agus an scaifte á thionlacan go meidhreach. Níor dhearmad sé a mháistreás ceoil, Máire, agus i ndiaidh na hócáide sin thug sé aitheantas speisialta di in agallamh ar bith a rinne sé ar Raidió na Gaeltachta faoina bhua agus bhronn sé slabhra airgid uirthi, i gcruth Chorn Uí Riada. 

Ní raibh ach roinnt taifeadtaí déanta de ghlór Chiaráin nuair a fuair sé bás, a bhformhór le linn chomórtais an Oireachtais, taifeadta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta; físeán a rinne an nuachtán Foinse dá bhua i gCorcaigh agus roinnt ag clubanna amhránaíochta a mhaireann ar YouTube. Tá sé le cloisteáil ar an an dlúthdhiosca Cumar (2000) ag casadh An Tréigean, amhrán a chum Tom Sailí Ó Flaithearta agus ar an dlúthdhiosca Subhóró (2007) a d’eisigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus é ag gabháil de Contae Mhaigh Eo. Rinneadh taifead den amhrán eaglasta Caoineadh na dTrí Mhuire, amhrán a cheol sé i Séipéal an Chnoic aimsir na Cásca, rud a ndearnadh tagairt dó le linn aifreann a shochraide.  Léiríonn an t-amhrán seo an smacht iontach a bhí ag Ciarán ar a anáil, na nótaí arda fada aige gan stró agus mothúchán an amhráin le brath go soiléir. Tá sé sin ar an dlúthdhiosca a théann leis an leabhar teagaisc Críostaí Beo go Deo, 4 a d’eisigh an comhlacht Veritas. Níl a fhios agam an é an sórt amhránaí a chuirfeadh dlúthdhiosca ar an mhargadh, ní bheidh a fhios againn anois, ach maireann rian dá ghlór i gcónaí againne agus ag na glúnta a bheas ag foghlaim fá amhráin Chonamara agus fá stair an Oireachtais. 

Ciarán leis an amhránaí sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin, Pátrún Amhránaíochta Chumair, tar éis dó Gradam an Phátrúin a bhronnadh uirthi i Seanscoil na Trá Báine ag Oscailt Oifigiúil Chumair, Luan Cásca, 1 Aibreán 2002.

Ní ligfear dá chuimhne imeacht i léig. In 2015 tháinig scaifte de chairde agus de chomhghleacaithe Chiaráin ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, le chéile agus cuireadh tús le Corn Uí Chon Cheanainn, comórtas bliantúil amhránaíochta do mhic léinn tríú leibhéal. Deir réamhrá chlár Chorn Uí Chon Ceanainn 2016 gur ‘duine eisceachtúil ab ea Ciarán. Bhí sé ina scoláire díograiseach, ina fhear ceoil cumasach, ina bhuaiteoir umhal ar iliomad comórtas agus gradam’. Tá mé dóchasach agus Corn Uí Chon Cheanainn ar an fhód go meallfar fonnadóirí óga bisiúla i dtreo cur isteach ar chomórtais ardáin an Oireachtais, leis an traidisiún a choinneáil beo agus le cuimhne fhear croíúil, ceolmhar Sháile Chuanna a choinneáil beo i measc a phobail féin i gCois Fharraige agus i measc phobal an tsean-nóis.



Scríbhneoir: Áine Ní Bhreisleáin, An Dioplóma sa Chultúr Dúchais, OÉG, 2018.
Buíochas le máthair Chiaráin, Brídín agus lena dheirfiúr, Máirín.

Buíochas le Bríd Nic Dhonncha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a chuir cóir ar an ábhar cartlainn agus le RTÉ RnaG faoi chead a thabhairt é a fhoilsiú.

Fuair cailíní an ghrúpa an leagan seo d'Eileanóir na Rún ón bhfonnadóir Róisín Elsafty. Is amhrán é seo a chasadh Ciarán Ó Con Cheanainn, beannacht Dé leis, go minic. Is i gcuimhne ar Chiarán a rinneadh an taifeadadh seo.

Foinsí agus Tuilleadh Eolais

Leabhair & Irisí

Ó Con Cheanainn, C. (2011) Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn. Baile Átha Cliath: Comhairle Bhéaloideas Éireann.

Ó Conghaile, M. (2012)  Leabhar Mór na nAmhrán. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. 

Ó Dubhghaill, M. (2009) ‘Mo Chara Ciarán Ó Con Cheanainn’ i Biseach 2009. Indreabhán: Clódóirí Lurgan Teo., lth.31.

Ar líne

Beo.ie 2004. http://www.beo.ie/alt-leis-an-bpian-a-mhaolu.aspx

Corn Uí Chon Ceanainn 2016. Focal ón gCoiste. [ar líne]. Ar fáil ag: https://www.facebook.com/CornUiCC/?fref=nf

Ciarán Ó Con Cheanainn (irishtimes.com)

Ó CON CHEANAINN, Ciarán (1981–2009) | ainm.ie

Foinse.ie 2009. Ciarán Ó Con Cheanainn. [ar líne]. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=3Hi9CbYNCV8

Foinse.ie 2008. Sean-nós Oireachtas na Samhna 2008. [ar líne]. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=wiaFDoDirdE

Taifeadtaí

Varia. (1999) ‘Táilliúir an Mhagaidh’, Féile Pan Cheilteach 1999.[CD-ROM] Trá Lí: Féile Pan Cheilteach.

Varia. (2000) ‘Caoineadh na dTrí Mhuire’, Beo go Deo 4. [CD-ROM]. Baile Átha Cliath: Veritas.

Varia. (2000) ‘An Tréigean’, Cumar [Dd]. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Varia. (2007) ‘Contae Mhaigh Eo’, Subhóró – Ceol ón Acadamh. [Dd]. Conamara: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Celia Ní Fhátharta

Next
Next

Cóilín Cliseam