Cóilín Cliseam
Rugadh Cóilín Cliseam, fonnadóir as an gCaisleán, in Indreabhán, i gceantar Chois Fharraige in 1938. Bhí glór an-éagsúil aige, an-mhall agus an-domhain – d’aithneofá ar an bpointe é dá gcloisfeá é.
Mac é le Pádraic Chliseam agus Neainín Tim Ní Chonghaile. Ba mhaith uaidh Phádraic é féin amhrán a chasadh agus is uaidh féin agus a mháthair a fuair Cóilín a chuid amhrán. Dúirt Cóilín féin gur óna mháthair agus a athair a fuair sé a chuid amhrán ar dtús. Bhí deartháir amháin aige, Tom, agus beirt deirfiúr, Máire agus Sarah. D’fhreastail sé ar Scoil na Tulaí ach níor lean sé leis an scolaíocht ina dhiaidh sin. B’fhearr leis a bheith ag iascach agus ag fiach giorriacha.
D’fhág sé an baile den chéad uair, in aois a chúig bliana déag. Chuaigh sé isteach go Gaillimh, isteach ar an ‘Square’ nó ar an bhFaiche Mhór agus ansin a chas sé le feilméaraí móra Bhaile Átha an Rí nó an Achréidh a bhí sa tóir ar oibrithe feilme. Thart ar 1953, chuaigh sé ag spailpíneacht ar an Achréidh, taobh thoir de Ghaillimh, ag crúbáil fataí d’fheilméaraí móra an Achréidh. Chuirtí ina suí le breacadh an lae iad agus bhítí ag obair ó dhubh go dubh amuigh sna garrantaí. Chasadh sé le leaids eile as Conamara sna pubanna san oíche ag imirt chártaí, ag casadh ceoil agus ag casadh na n-amhrán. Chaith sé dhá bhliain ag spailpíneacht sular fhill sé ar an mbaile thart ar 1955/56.
Roghnaigh sé aghaidh a thabhairt ar an Rinn Mhór agus liostáil sé san Arm. Fuair sé an-aclaí go deo agus é ansin, i mbun paráideanna, chuile mhaidin ag 7am ar an Square! D’fhág sé an tArm théis dhá bhliain a bheith caite aige ann thart ar 1957/58. Chuaigh sé go Huddersfield, Yorkshire, tráth a raibh aintín leis sa mbaile sna Creagáin as Sasana ar cuairt agus roghnaigh sé a ghabháil ar ais in éineacht léi. D’oibrigh sé do Mhichael Babe, ganger as siar Conamara an chéad gheábh, b’eisean a thug start dhó mar a deir sé féin. Shaothraigh sé £4.15 sa tseachtain ag tarraingt cáblaí an t-am sin. Chuaigh sé as Huddersfield go Camden, Londain, agus ba sna pubanna ansin a bhíodh sé ag casadh amhráin. Ba mhinic leis a bheith i mbeár de chuid bhean as an gCeathrú Rua, Brídín Kelly, an Old Hat agus ba iad muintir Chonamara ba mhó a bhíodh isteach ann. Deir sé go mba gearr le bheith thiar sa mbaile a bheith ann. Chaith sé dhá bhliain i Sasana sular fhill sé ar Éirinn thart ar 1960.
Bhí bua an tsean-nóis ag Cóilín…. ‘ó do mhuintir a bhí thar cionn’ de réir ‘Amhrán Chóilín Chliseam’, a chum Seán Mac Eochagáin. Ba é Oireachtas na bliana 1973 an chéad uair a chas sé ag an Oireachtas. Dúradh faoi go raibh cuid mhór den tír siúlta aige agus gur bheag Oireachtas ó 1973 nár fhreastail sé air. Chuir sé isteach ar Chomórtas na bhFear agus bhain sé duais cúig bliana i ndiaidh a chéile: an chéad áit in 1973 agus ’74 agus an dara háit in ’75, ’76 agus ’77. Níor bhuaigh sé aon duais eile ina dhiaidh sin cé gur bheag Oireachtas suas go tús na 90idí nach raibh sé istigh ar na comórtais.
Go deimhin, deirtear ar chlúdach an chaiséid a chuir CIC amach in 1989 ‘nach dtosaíonn an tOireachtas i gceart nó go sroicheann Cliseam agus a shean-chomrádaí, an t-amhránaí mór sean-nóis eile, Seán Chóilín Ó Conaire láthair na scléipe. Cloisfidh tú daoine ag fiafrú “ar tháinig Cliseam nó Seán Chóilín fós?”’ Dúradh fúthu ar an gclúdach céanna go bhféadfadh “an bheirt acu Oireachtas a thosaí in aon áit sa tír lá ar bith den tseachtain.” De réir an amhráin Cóilín Chliseam, lena chomharsa Seán Mac Eochagáin, “bhíodh scléip, spóirt agus spraoi ag taisteal ag Oireachtais.” Is fiú féachaint ar an taifeadadh de ag Oireachtas Chois Fharraige in 1974 ach gliogáil ar an nasc YouTube. Ba é an fear scannán Bob Quinn a thaifead é ag Oireachtas Chois Fharraige in 1974. Ba é sin an chéad uair an tOireachtas oifigiúil, an ceiliúradh bliantúil ar an nGaeilge agus ar chultúr na hÉireann, a bheith ar siúl i gceantar Gaeltachta, agus ba mhór an cúnamh é do Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta sna 70idí.
Bhuaigh sé go leor comórtais eile freisin, go háirithe sna 1970idí nuair a bhí sé i mbarr a réime. Is ó na blianta sin an taifeadadh atá ar an gcaiséad a chuir Cló Iar Chonnacht amach, ar tóigeadh cuid de le linn Comórtais Oireachtais. D’éirigh leis cáiliú don Castlebar International Song Contest trí chomórtas a bhí Tigh Khitt i gCasla, thart ar 1968/69 de réir Sheáin Mhic Eochagáin.
Nuair a d’fhiafraigh Seán Bán Breathnach de Chóilín féin san agallamh a rinne sé leis ar an gclár ‘Aoicheoltóir na Seachtaine’ míniú a thabhairt ar céard is sean-nós ann, dúirt sé gur ‘ceist dheacair í sin le freagairt’ ach dósan gurbh ionann amhránaíocht ar an sean-nós agus ‘amhrán a chuirfeas tú do chroí ann, rud eile, leagan fada a bheith ann.’
Bhí stór mór amhrán aige, na cinn is aitheanta dá chuid nó is mó a luaitear leis ná Caisleán Uí Néill agus Frank 'ac Conaola, amhrán nach gcloisfeá ag mórán amhránaithe eile. Deir sé féin san agallamh le SBB gurbh é an t-amhrán ab fhearr leis féin ná Nóra Uí Chonchúir Bháin.
D’eisigh CIC caiséad dá chuid in 1989, Caisleán Uí Néill ach tá sé as cló le fada an lá. Thiar sa Raidió a rinneadh na taifeadtaí. Seachas pictiúr amháin, níl an oiread sin tráchta déanta ar Chóilín Cliseam in iris Chois Fharraige, Biseach, ná in irisí de chuid an Phléaráca ach tá neart tagairtí i gcartlann an Raidió. Fear maith oibre a bhí ann agus comharsa mhaith, a deir a chomharsa Seán Mac Eochagáin agus ba é a bhaineadh an mhóin do mháthair Sheáinín go dtí go raibh an chlann sin fásta suas agus go raibh siad féin in ann tabhairt faoin obair iad féin. Deir Seáinín faoi go raibh sé thar cionn ag obair.
Luaitear Féile Chóilín Chliseam i bPlean Teanga Chois Fharraige mar fhéile a bhíodh ar siúl i mí na Samhna ar an gCaisleán. Sa teach tábhairne Tír na nÓg sna Creagáin, baile dúchais Chóilín a bhíodh an fhéile sin ar siúl. Lean an fhéile ar feadh cúig nó sé de bhlianta agus bhíodh fonnadóirí agus damhsóirí ag freastal air ó Ráth Chairn, Corcaigh, Tír Eoghain agus ar fud Chonamara. Tá an teach ósta sin dúnta faoi láthair [2022].
Bhásaigh Cóilín istigh i nGaillimh in 1993 agus tá sé curtha i reilig Mhaorais gar do Bhaile na hAbhann. Ní raibh sé ach 55 bliain d’aois. Beannacht Dé leis.
Amhrán Chóilín Chliseam
Is é Seáinín Mac Eochagáin, comharsa agus cara le Cóilín, a scríobh an t-amhrán seo. Tá sé le cloisteáil á chasadh ag an ngrúpa Aerach sa gclár 'Aoicheoltóir na Seachtaine' (nasc thíos).
Is beidh cuimhne ar Chóilín Chliseam agam
Chún’s a mhairfeas mé beo choíchin.
Is nach iomaí lá a chaith muid san trá,
Is na hoícheantaí ag gabháil fhoinn.
Ní bréag é a rá: bhí tú thar barr
le binneas is glór cinn
Nuair a chasadh tú suas an Caisleán dhúinn
An Triúr Maicín ’s an Sagairtín.
Ó rugadh ins sa gCaisleán thú, áit filíochta agus foinn
Ó thug tú bua an tsean-nóis
Ó do mhuintir a bhí thar cionn
Is nach iomaí ceann a chas tú dhúinn
Is do phionta is í lán
Ó cuimhním ar Frank ac’ Conaola is Nóra Ní Chonchúir Bháin.
Ar Scoil na Tulaí a d’fhreastail tú,
Ó, cúpla bliain nó trí;
De réir mar a dúirt an seanchas liom
Ba chuma leatsa faoi.
Ó b’fhearr leatsa ag iascaireacht nó
Fiach na n-giorriacha.
Ó thiar sna sceacha beaga nó
Thíos faoin gCloch Bhuí.
Ní scoil a bhí ag teastáil uait
Ach scléip, ’s spóirt is spraoi.
Ag taisteal chuig an Oireachtas le Meaití is Maidhc P,
Thú féin is Johnny ‘s Jaimsie ag filíocht san meán oíche
Is nach é an feall thú bheith as láthair
Nuair a tháinig TnaG.
Ó ba mhaith an fear sa ngarraí thú
Le píce agus spáid
Is nach minic féin a dúirt tú liom
Nach raibh do bhetter ar an tsráid.
Ó bhíodh tú cineál badaráilte ach ní thugtaí ort aon aird
Ach ó thaobh an lá oibre de
Ní mórán a bhí ní b’fhearr.
Nach iomaí lá a chaith muid in uachtar na gCreagán
Go deimhin, cinnte dearfa,
Bhí tú paiteanta leis an sleán.
Ní bhíodh tú moch ná deireanach ann
Ba chuma leat faoin am,
Ach nuair a d’fhágadh leoraí Donoghue
Ó, by dad, bhíodh sí lán!
Is nach iomaí lá ar iompar tú
Na tonnaí ar do dhroim,
Ag tarraingt ó na leoraithe, diuáin is fataí síl
Nuair a d’fhiafraigh “an bhfuil tú tuirseach?”
Ó déarfá “by dad níl
Ó b’fhéidir go bhfuil sí beag
Ach tá sí chomh crua le steel”.
Ó beannacht leat a Chóilín – tá tú imithe
Is nach é an trua é.
Ó, ní fheicfear aríst san saol seo
Thú ag casadh an Spailpín ná an Saileog Rua
Má bhíonn sean-nós in sna flaithis acab
Is moltóirí san slua
Ach níl aon chall le glaoch ar ais
Mar is ag Cliseam atá an bua.
Scríbhneoirí: Tomás, Stiofán agus Tadhg Ó Neachtain, Baile na hAbhann.
Ba mhaith linn (na scríbhneoirí) míle buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a roinn a gcuid eolais go flaithiúil linn: Lochlainn Ó Tuairisg, Cló Iar-Chonnacht; Foireann eagarthóireachta Biseach; Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht; Seán Mac Eochagáin; Seathrún Ó Tuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Eibhlín de Bhailís, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Aodhán Ó Maoileoin, Aerach, Máirín Nic Dhonnchadha, Oireachtas na Gaeilge agus le hAntaine Ó Faracháin a thug dúinn an pictiúr dubh agus bán.
Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir.
Foinsí eolais agus tuilleadh léitheoireachta:
Amhrán Chóilín Chliseam á chasadh ag Aerach – scríofa ag Seán Mac Eochagáin
Breathnach, SBB., (1980) ‘Aoicheoltóir na Seachtaine’. RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cliseam, C., (1989) Caisleán Uí Néill [Caiséad]. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht
Físeán a thóg Bob Quinn ag Oireachtas 1974: https://www.youtube.com/watch?v=nMJSGzBTnzc