Colm Jimmy Ó Curraoin

Rugadh Colm Jimmy Ó Curraoin sa Trá Bháin, Leitir Móir. Mac é le Jimmy Choilm Shiobhán Ó Curraoin agus le Máire Joeín Sheáin Tom Ní Cheallaigh as an Trá Bháin. Seisear clainne a bhí acu agus is é Colm an ceathrú duine a rugadh dóibh.  Bhí ceol go smior sa dá thaobh den chlann agus bhíodh ceol agus amhráin i gcónaí Tigh Jimmy Choilm.

Colm, ar dheis, agus a dheartháir, Maidhc, Scoil na Trá Báine.

Muintir Uí Churraoin agus an tEaspag Cunnane, cóineartú Choilm.

Ba chol ceathracha iad máthair Choilm, Máire, agus Johnny Phádraig Pheitir Ó Conghaile as Inis Bearachain. Cé gurbh é an mileoidean a bhíodh ag Johnny, bhíodh a chuid deartháireacha ag gabháil fhoinn go háirithe Michael agus Tomás, atá imithe ar shlí na fírinne, chomh maith le Peter agus Cóil. Is iomaí taifeadadh a rinne foireann Raidió na Gaeltachta d’aintín Choilm, Nan Choilm Shiobhán Breathnach, agus bhí Amhrán Tarpey ar cheann de na hamhráin ba mhó a chasadh sí.   Bíonn col ceathrar le Colm, Seosamh Ó Gríofa, as an gCeathrú Rua ag gabháil fhoinn chomh maith céanna agus is duine muinteartha leis Máirin Uí Chéide ón Máimín, Leitir Móir agus Bostún, bean a bhuaigh Corn Uí Riada.  

Chuir Colm suim in amhráin Dharach Uí Chatháin agus Chóil Neaine Pháidín Mhic Dhonncha, go ndéana Dia grásta orthu. Chas sé leo seo ag Féile na Mí agus é ina ghasúr sa mbliain 1978 agus é ar cuairt ar a chuid gaolta i Ráth Chairn na Mí.  Thaitin stíl amhránaíochta Antoine Pheaitín Terry Mhic Dhonncha go mór leis freisin mar ba chol seisir lena athair é. Bhí suim freisin aige in amhránaíocht Dhara Bháin Mhic Dhonnchadha.

Phós Colm Ann Marie Ní Dhonnchadha in 2002 agus chuir siad fúthu i gCnoc Carrach sna Mine, baile dúchais Ann Marie.  Tá ceathrar clainne orthu agus ón am a bhí na gasúir in aois scoile, bhí siad ag freastal ar ranganna sean-nóis agus as sin thosaigh siad ag triall ar chomórtais. Tá duaiseanna buaite acu ag Éigse an Spidéil, ag Comórtas Pat Phádraic Tom agus ag comórtais an Oireachtais agus tá Fleadh Cheoil na hÉireann don amhránaíocht ar an sean-nós buaite ag Colm Óg cheithre bliana i ndiaidh a chéile.

Cé go raibh a fhios ag a mhuintir agus a chairde go raibh raibh ceol, amhráin agus glór aige, ní fear é Colm a chuir suim sna comórtais go dtí gur thosaigh a chlann ag dul san iomaíocht. Fiafraíodh de na gasúir ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach in 2015 an mbeadh suim acu freastal ar an Oireachtas agus thogair siad bualadh faoi. Ba rud mór é sa gclann a bheith ag éisteacht leis an Oireachtas ar an raidió chuile bhliain ach ní théadh siad ann. Bhí na spriocdhátaí ag teannadh leo agus den chéad uair riamh, líon Colm foirm an Oireachtais a bhí le reáchtáil in Óstán an Citywest. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, chroch sé leis Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-nóis Chonamara, an chéad duais sa gcomórtas cáilithe amhránaíochta ar an sean-nós d’fhir os cionn 35 bliain.  D’fhreastail Colm ar Fhéile na Mí an bhliain chéanna agus thug sé leis an dara háit. An bhliain ina dhiaidh sin, in 2016, bhuaigh sé Comórtas na bhFear i gCill Airne. In 2018 tháinig sé sa dara háit i gcomórtas Chorn Uí Riada agus in 2019 bhuaigh sé an chéad áit ag Féile na Mí. Speag na héachtaí sin a dheartháir, Maidhc, chun iomaíochta agus bhain seisean amach Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-nóis Chonamara in 2019.

Oireachtas 2015, Citywest.

Colm agus a chol ceathar, Mairéad (Máire Choilm) Ní Ghríofa, Oireachtas 2015.

Oireachtas 2015 arís!

Tá an-suim ag Colm sna hamhráin agus sa seanchas agus sa tsáraíocht a bhaineann leo! Creideann sé gur cheart chuile véarsa atá san amhrán a chasadh agus staidéar ceart a dhéanamh ar na focail. Tugann éisteoirí faoi deara go mbíonn amhráin neamhchoitianta aige agus véarsaí breise, neamhghnácha nach gcloisfeá rómhinic. Ar chuid de na hamhráin a chasann sé tá An Luch a Ghearr an Píosa a chum Tom Neain Ó Lochlainn ó Bhun an Charnáin agus Amhrán na mBolmán, a chum Mary Mháire Sheáinín Uí Chonghaile (Mary Mhicil Phádraig) ón Trá Bháin agus An tSeanbhean Liath atá leagtha ar Mhicilín Ó Clochartaigh. Is maith leis Cuaichín Ghleann Néifinn, Liam Ó Raghallaigh agus Bríd Thomáis Mhurcha freisin.  Is iomaí amhrán a scríobhadh faoi bhaile na Trá Báine agus tá siad ar fad ar bharr a ghoib aige agus fanann sé dílis don stíl agus do na leaganacha a bhíodh ag a mhuintir roimhe.

Taitníonn na seisiúin thar cionn le Colm & bíonn sé le feiceáil go minic ag oícheanta carthanachta agus ócáidí áitiúla. Tá an doras oscailte aige do dhuine ar bith a bhíonn ag iarraidh cúnaimh air ó thaobh amhránaíochta agus creideann sé go láidir gur cheart stair agus cúlra amhráin a insint agus a thabhairt do ghasúir agus iad á fhoghlaim.  Is deas leis go bhfuil an ceol agus an amhránaíocht ag dul i neart i gceantar Chois Fharraige agus ardaíonn sé a chroí go bhfuil daoine óga na háite ag saothrú traidisiún agus oidhreacht na n-amhrán agus an cheoil.

Tá muid féin an-bhródúil as ár n-athair agus cuirfidh muid clabhsúr leis an alt seo lenár dtuairimí féin faoi! “Mhúin mo dheaide amhráin dom agus thug sé misneach dom iad a chasadh.” (Deirdre). “Spreag mo dheaide mé chun amhráin a chasadh agus mé a chur ag ceol.” (Colm Óg).  “Mo dheaide, mo laoch!” (Emma). Fágfaidh muid an focal scoir ag an bpeata beag, Jimmy, atá seacht mbliana d’aois. “An deaide is fearr ar domhan!”

Deirdre, Colm Óg, SeanCholm, Emma, Jimmy agus Ann Marie.

Scríobh clann Choilm: Deirdre, Colm Óg, Emma agus Jimmí an t-alt seo.

Pictiúir le Seán Ó Mainnín. Is í Bláthnaid Nic Cába a thug pictiúir an Oireachtais dúinn.

Buíochas le Bríd Nic Dhonncha faoi na míreanna cartlainne a aimsiú agus le RTÉ RnaG faoin gcead a thabhairt iad a fhoilsiú.


Tuilleadh léitheoireachta:

Ní Ráighne, S. (2019) An Baile Beag Géimiúil – Amhráin na Trá Báine. Conamara: Cló Iar-Chonnacht.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Cóilín Cliseam

Next
Next

Gearóid Ó Murchú