Gearóid Ó Murchú
Is as Baile Átha Cliath don amhránaí agus ceoltóir Gearóid Ó Murchú. Is eisean úinéir an tsiopa áitiúil, An Spailpín Fánach, agus tá cónaí air i gCois Fharraige le fada an lá.
Rugadh agus tógadh Gearóid i Raghnallach i mBaile Átha Cliath. Bleá Cliathaigh a bhí ina chuid tuismitheoirí, Tom Murphy agus Hannah Kennedy. Bhíodh ceol i gcónaí sa teach agus é ag fás aníos. Is amhránaithe gairmiúla a bhí ina bheirt deirfiúracha, Pat agus Anne (a bhí cuid mhaith níos sine ná é féin) agus b'aoibhinn an t-amhránaí a bhí ina mháthair, mar sin bhí cluas aige don cheol ó bhí sé óg. Chasadh sé le cór na scoile agus is ann a d’fhoghlaim sé go leor ó thaobh an chomhcheoil de, rud a sheasann dó go dtí an lá atá inniu ann.
Thosaigh sé ag scríobh amhrán nuair a bhí sé thart ar shé bliana déag d'aois ach ní raibh suim dá laghad aige sa gceol traidisiúnta ag an am. Ba é an giotár a rogha uirlis agus bhunaigh sé féin agus cúpla cara banna beag sa mheánscoil. Ceol pop agus raic is mó a bhí mar thionchar orthu. Bhí éiteas láidir Gaeilge sa scoil ar fhreastail Gearóid uirthi, Scoil na mBráithre Críostaí i Rae an Iarthair, BÁC 2, scoil ar fhreastail na deartháireacha Pádraig agus Willy Pearse uirthi na blianta roimhe sin, agus bhí an Ghaeilge ar a thoil aige is é óg. Sa gcúigiú bliain a bhí sé nuair a spreag Séamus Ó Maitiú é ballraíocht a ghlacadh le Conradh na Gaeilge. Chas sé ar go leor daoine ar comhaois leis féin, as Conamara agus as na Gaeltachtaí eile, le linn imeachtaí éagsúla an Chonartha. Níor fhreastail sé riamh ar aon choláiste samhraidh nuair a bhí sé sna déaga ach is le linn na mblianta sin a thosaigh sé ag teacht go Conamara go rialta.
B’oscailt súl a bhí ann dó nuair a d’fhreastail sé féin agus grúpa ón gConradh ar fhéile chultúrtha an Eisteddfod sa mBreatain Bheag sna seachtóidí. Go traidisiúnta bhí béim láidir ag muintir na Breataine Bige ar amhráin eaglasta, agus tá fós, ach bhí réimsí eile ceoil an-bhisiúil thall ann freisin. Chuir sé iontas air go raibh neart bannaí ann ag casadh rac-cheoil ina dteanga dhúchais agus thuig sé go gurbh fhiú an rud céanna a thriail i nGaeilge. Tamall tar éis na cuairte ar an mBreatain Bheag, bhunaigh Gearóid, Colm Mac Séalaigh, agus cara eile leo an grúpa ’Tŷ Bach', (an Bhreatnais ar theach beag, nó ‘teach an asail’ i ndáiríre). Rinne an grúpa sin albam amháin ‘Téanam Ort’ ar a raibh roinnt amhrán leo féin chomh maith le hábhar le nuachumadóirí eile agus cúpla traic traidisiúnta. Glacadh go fonnmhar leis an albam sin, mar gheall go raibh sé chomh difriúil ó aon rud a rinneadh cheana i réimse an cheoil Ghaeilge.
In 1983 tugadh cuireadh do Ghearóid agus dá dhlúthchara Colm Mac Séalaigh casadh faoin ainm Tŷ Bach ag féile darbh ainm ‘Rac 1’ i Ráth Chairn, Co. na Mí. D’aimsigh siad triúr ceoltóirí óga eile, Fran Mc Bride (drumaí), Eoin Smith (príomh-ghiotár) agus Mick Brady (dord) chun casadh leo, agus b’as sin a bunaíodh Na Fíréin. D’éirigh thar cionn leis an mbanna ag an bhféile sin agus de réir a chéile thosaigh siad ag casadh ag ceolchoirmeacha eile timpeall na tíre. Stíl funcaí/rac a bhí acu agus bhí éagsúlacht agus úire ag baint leis an gceol.
D’eisigh Na Fíréin a gcéad albam ‘Sin Mar a Bhíonn’ sa mbliain 1986 ar lipéad Gael Linn. Cnuasach d’amhráin nuachumtha - ag Colm agus Gearóid den chuid is mó - agus b’amhráin faoi chursaí comhaimseartha a bhí iontu faoi ábhair ar nós na dífhostaíochta, athrú aeráide, alcólachas agus ar ndóigh, grá. Chaith siad na blianta ag casadh ag ócáidí móra agus beaga ar fud na tíre. Rinne siad go leor gigeanna sna Gaeltachtaí agus chuir Gearóid aithne mhaith ar na ceantair agus ar na daoine dá bharr. Cuimhníonn cuid mhaith de mhuintir Chonamara fós ar an gcoirmcheol mhór a thug siad in ollphobal i gCamas ar ar fhreastail na mílte uirthi. Bhí an-cháil ar amhráin Na Fíréin, go háirithe ‘Tír na nÓg’, ‘Deireadh na Seachtaine’, ‘Sin mar a bhíonn’ agus ‘Oíche sa nGréig’. Chas siad freisin ag ócáidí móra ar nós an Dublin Street Carnival agus sa Opera House i gCorcaigh agus sa gCeoláras Náisiúnta.
Léirigh siad an dara halbam ‘Beagáinín níos Fearr’ in 1991. Tháinig agus d’imigh roinnt ceoltóirí isteach agus amach as an ngrúpa in imeacht na mblianta: Mick O’Neill, John McGovern agus Caitríona Ní Threasaigh ar an méarchláir agus Dónal Ó Faoláin ar an sacsafón. Roinnt blianta ina dhiaidh sin d’eisigh Gael Linn dlúthdhiosca den teideal gonta ‘Na Fíréin’agus bhí cnuasach de 18 amhrán ann (tá sé seo fós ar fáil ar líne). Anois is muid ag breathnú siar, níl aon dabht ann gur grúpa réabhlóideach a bhí sna Fíréin nach raibh faitíos orthu tabhairt faoi réimsí nua. Is grúpa iad a léirigh don saol mór go bhféadfaí ábhar comhaimseartha d’ardchaighdeán a chruthú as Gaeilge. Sa mbliain 2014 craoladh clár teilifíse darbh ainm ‘Na Fíréin Arís', sracfhéachaint ar stair an bhanna cheoil cheannródaígh seo, go háirithe a gcuid cuairteanna ar Bhéal Feirste.
Is i dtús na n-ochtóidí a lonnaigh Gearóid é féin i gConamara agus tá beirt chlainne air: Clíodhna agus Ciabhán. Deir Gearóid gur tugadh an-deiseanna i gcónaí dó i gCois Fharraige agus go mbíodh fáilte i gcónaí roimhe tionlacan a dhéanamh le ceoltóirí na háite. Ar ndóigh tá cónaí ar Ghearóid i gCor na Rón, áit a bhfuil go leor ceoltóirí agus amhránaithe eile den scoth ag cur fúthu. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an eagrais ealaíon pobail Pléaráca Teo. agus chaith sé blianta fada ar an gcoiste agus ag plé le himeachtaí éagsúla ar nós Fhéile Pléaráca Chonamara agus na ngeamaireachtaí bliantúla. B’iontach an obair a rinne Pléaráca sa gceantar agus airíonn muintir Chonamara uathu fós an fhéile.
Bhuaigh Ghearóid Comórtas na nAmhrán Nuachumtha in 1991, a reáchtáladh ar an gCeathrú Rua, leis an amhrán ‘Soilse Geala na Cathrach’ agus chuaigh sé ar aghaidh ansin agus bhain sé an Comórtas Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach amach leis an amhrán céanna. Dúirt Gearóid liom gur chomórtas iontach a bhí ann ach gur tháinig deireadh leis nuair a chuir Raidio na Gaeltachta an comórtas ‘Réalta’ ar bun sa mbliain 2000. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, bhuaigh iníon Ghearóid, Clíodhna Ní Mhurchú, an Comórtas Réalta lena hamhrán ‘Seachain an Oíche’. Is léir nach dtiteann an t-úll i bhfad ón gcrann.
I gcaitheamh an chomhrá a rinne sé liom dúirt Gearóid gur chaill sé an misneach de bheagán ar feadh tamaill ó thaobh an cheoil de. Tharla sé gur thosaigh sé ag freastal ar an seisiún a bhíodh á rith ag Nuala agus Ruairí Mac Con Iomaire sa tSailchuach ar an gCeathrú Rua. Is in 2009 a cuireadh tús leis na seisiún agus tar éis gur cailleadh Nuala, beannacht Dé léi, bogadh na seisiún soir go Tigh Khitt i gCasla, ansin go Tigh Pheadair Dick ar an gCaorán agus is lonnaithe i dTigh Mholly ar an Lochán Beag atá sé anois. Cé go bhfuil na seisiúin á reáchtáil le breis is deich mbliana, tá an fhealsúnacht chéanna ann: bíonn fáilte roimh amhránaithe agus ceoltóirí de gach cineál agus glacadh fonnmhar le stíleanna éagsúla. Is ag na seisiúin sin a fuair Gearóid an deis a leaganacha féin de na seanamhráin a chasadh, saothair aistrithe agus amhráin nuachumtha a chur i láthair a chairde agus an lucht éisteachta, ina aonar nó in éineacht lena cairde ceolmhara.
Casann sé i gcomhar le ceoltóirí eile agus chaith sé tamall ag canadh in éineacht leis an ngiotáraí agus cumadóir cumasach, Austin Durack as Luimneach, fear a chas leis nuair a bhí an bheirt acu ar thuras siúlóide san Aifric Theas. Sa mbliain 2019 tugadh cuireadh anonn go dtí Matera i ndeisceart na hIodáile do Ghearóid agus beirt eile, Ruairí Mac Con Iomaire agus Becky Ní Éallaithe. Ba é Matera Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa an bhliain sin agus rinne an triúr ionadaíocht do Gaillimh 2020. Thogair siad ‘Na Rógairí’ a thabhairt orthu féin agus bíonn siad fós ag casadh leo ag imeachtaí beo agus fíorúla!
Is ceoltóir aonair é Gearóid freisin agus tá a iomaire féin treafa aige in imeacht na mblianta agus é ag cumadh agus ag casadh i stíleanna difriúla, an ceol Gaelach san áireamh. Thapaigh Gearóid an deis amhráin agus físeáin aonair a fhorbairt i rith thréimhse an choróinvíris nuair a cuireadh bac ar cheoltóirí bailiú le chéile. Gerry Tom Ó Murchú an t-ainm stáitse a úsáideann sé don obair aonair. Ina bhealach féin choinnigh sé an ceol ag imeacht sa gceantar agus bhíodh daoine ag súil leis an ábhar a bhíodh á chrochadh go rialta aige ar na meáin shóisialta. Tá Gearóid ag obair ar thionscamh a dtugann sé ‘Cairde mo Chroí’ air, faoi láthair. Tá cnuasach amhrán á chur le chéile aige faoi théama na clainne agus an chairdis. Saothair nuachumtha den chuid is mó atá iontu ach tá ábhar ann le filí aitheanta ar nós Jackie Mhic Dhonncha as Cill Chiaráin agus Gabriel Rosenstock. Tá stíleanna éagsúla sna hamhráin agus é d’aidhm aige an oiread agus is féidir dá chairde agus dá mhuintir a tharraingt isteach ann. Tá cuid de na hamhráin cloiste cheana againn, an t-aistriúchán Gaeilge a rinne Jackie Mac Donncha ar an Tennessee Waltz, mar shampla.
Dar ndóigh, is fiontraí é Gearóid freisin agus is leis ceann de na gnónna is fadbhunaithe i gceantar Chois Fharraige, An Spailpín Fánach. Dearann agus priontálann sé féin is a bhean, Heidi, t-léinte agus geansaithe le manaí Gaeilge, agus chomh maith leis sin tá leabhair, dlúthdhioscaí agus neart eile ar díol sa siopa i gCeardlann an Spidéil agus tá gnó láidir ar líne aige freisin. Déanann sé chuile iarracht an ceol Gaelach a chur chun cinn agus is ceoltóirí áitiúla den chuid is mó a bhíonn le cloisteáil ar chóras fuaime an tsiopa. Is iomaí duine óg ón gceantar a chaith seal ag obair le Gearóid sa Spailpín Fánach, neart ceoltóirí óga ina measc agus tá comhairle luachmhar aige don ghlúin óg: ‘Tapaigh chuile deis a thagann i do threo agus bí muiníneach as an bpróiseas. Bain triail as stíleanna difriúla agus éist le réimse leathan ceoil’.
Scríbhneoir: Ríona Howlin, Cor na Rón.