Gráinne Ní Fhátharta

Is as Baile na hAbhann an múinteoir bunscoile agus amhránaí sean-nóis, Gráinne Ní Fhátharta. Gariníon le Caitlín Bn Uí Fhátharta í Gráinne, duine de chlann cháiliúil Ghriallais as Muiceanach Idir Dhá Sháile, a phós Michael Chóil Phaddy Ó Fátharta.

Chuaigh suim Chaitlín i gcúrsaí ceoil agus amhránaíochta i gcion go mór ar Ghráinne agus bhí an t-ádh dearg uirthi gur thug a tuismitheoirí, Cóilín agus Nóirín, chuile dheis di freisin. Thugadar soir agus siar í chuig ranganna ceoil, amhránaíochta agus damhsa. Sa mbliain 1998 nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois shocraigh sí páirt a ghlacadh den chéad uair i gcomórtas amhránaíochta Phléaráca Chonamara.  Mhúin a mamó an t-amhrán Bríd Thomáis Mhurcha di don ócáid agus tháinig sí sa dara háit. As sin amach, thug mamó an-treoir agus cúnamh di. Cé gur cailleadh Caitlín in 2018, síleann Gráinne go bhfuil sí fós lena taobh ag tabhairt misnigh di agus á spreagadh ar stáitsí móra.

Sarah Bolustrom (seanaintín Ghráinne), Celia Ní Fhátharta, Caroline Ní Fhátharta, Gearóid Ó Fátharta agus Gráinne le cupán a bhuaigh Celia don amhránaíocht.

Tuilleadh cupán!

Labhair Gráinne le hardmheas ar amhránaithe cheantar Chois Fharraige a mhúscail a grá don amhránaíocht. Is ag Ciarán Ó Con Cheanainn ar dtús a chuala sí an t-amhrán Barr an tSléibhe, amhrán atá casta minic go maith aici féin. Chuaigh leagan Chiaráin i bhfeidhm uirthi mar go raibh sé cumhachtach agus soiléir. Bhí sé ina inspioráid di mar go raibh sé ina fhear óg ag coinneáil an tseantraidisiúin beo. D’fhág aintín Ghráinne, Celia Ní Fhátharta, rian uirthi chomh maith. Rinne sí trácht ar na blianta a chaith sí ag breathnú ar Celia ag glacadh páirte i gcomórtais, agus is iomaí duais a thug sí abhaile go Baile na hAbhann. Is ábhar mórtais di a bheith ag baint na nduaiseanna céanna a bhuaigh Celia, duaiseanna a thug spreagadh di le linn a hóige. Tugann sé árdú croí do Ghráinne go gcuirtear a stíl fonnadóireachta i gcosúlacht le Celia mar gheall ar an tionchar iontach a bhí aici uirthi.

Múineann Gráinne amhránaíocht ar an sean-nós d’aos óg Chois Fharraige agus luaigh sí an tábhacht a bhí leis an múinteoir sean-nóis a bhí aici féin nuair a bhí sí óg. D’fhreastail sí ar ranganna le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus bhí an-chion aici uirthi, mar gur mhúin sí le láchas, le foighde agus bhí neart gáire aici léi. Déanann Gráinne iarracht an stíl mhúinteoireachta chéanna a úsáid, mar gheall ar na cuimhní cinn dearfacha atá aici féin. Rinne Gráinne cur síos ar an saibhreas agus ar an tseanGhaeilge atá le foghlaim ó na hamhráin. Thug sí an focal ‘spré’ mar shampla a mhúin sí le gairid, focal nach gcloistear go minic níos mó, agus a thug léargas do na páistí ar nós a bhíodh ann fadó. Tá Gráinne dóchasach faoi thodhchaí an tsean-nóis agus na Gaeilge. Deir sí gur mór an spórt a bheith ag éisteacht leis an mblas, saibhreas agus foghraíocht atá ag na gasúir a bhíonn sna ranganna. Chuidigh an amhránaíocht ar an sean-nós le Gráinne ar meánscoil agus sa gcoláiste. Bhíodh dánta agus amhráin ar na siollabais Ghaeilge a bhí sách deacair ach bhí go leor focal agus leaganacha cainte ar eolas aici a bhuíochas de na hamhráin a d’fhoghlaim sí sna ranganna. 

Dúirt Gráinne go bhfuil sí go mór faoi chomaoin ag an scríbhneoir cumasach, Áine Durkin. Roinn Áine trí amhrán le Gráinne le cúpla bliain anuas. D’iarr sí uirthi an t-amhrán galánta Mar a Bhíonn a thaifeadadh agus a chasadh ag an bhFéile Náisiúnta Phan-Cheilteach sa mbliain 2020, amhrán a tháinig sa gcéad áit. Thaifead Gráinne amhráin eile le hÁine, Ag Dul Abhaile agus Saintí s’Againne. Bhain sí an-sásamh as Saintí s’Againne a thaifeadadh mar go raibh na gasúir ón scoil a bhfuil sí ag múineadh inti, Gaelscoil Riada i mBaile Átha an Rí, páirteach ann. Cuirtear leagan Ghráinne den amhrán An Spailpín Fánach amach go minic ar an raidió. Deirtear léi go gcasann sí véarsa amháin nach gcloistear sa taobh seo tíre go hiondúil. Is í Nan Tom Taimín de Búrca a thug an véarsa sin di. Faigheann Gráinne an-chomhairle ó Nan maidir le hamhráin agus comórtais agus cuireann sí ar an mbóthar ceart i gcónaí í maidir le botúin agus moltaí. Is í an chomhairle is mó a thabharfadh Gráinne do dhuine ar bith a bhíonn ag casadh ar stáitsí nó ag taifeadadh ná a bheith sásta glacadh leis an bhfírinne ó dhaoine a bhfuil taithí acu, go háirithe nuair a bhíonn sí searbh!

An Fhéile Phan-Cheilteach

Tá cúpla éacht faoina beilt ag Gráinne. Bhuaigh sí Corn Sheáin Óg Uí Thuama in 2013 agus an dara háit i gCorn na mBan in 2019 ag Oireachtas na Gaeilge. Ghnóthaigh sí Corn Chóilín Cliseam ag Féile Thír na nÓg in 2014 agus bhain sí an chéad áit amach i bhFleadh Cheoil na hÉireann sa ngrád sinsir in 2017. Bhí sí ar an gclár Sé Mo Laoch, clár ómóis do sheanaintín Ghráinne, Sarah Ghriallais, duine clúiteach eile i measc a muintire, agus bhí sí le feiceáil ar an gclár Cúl Stáitse an Oireachtais freisin.  Bhí sí ina haoi speisalta ar chlár Mháire agus Daithí The Today Show leis an amhrán Mar A Bhíonn mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge in 2020.

Tá Gráinne sásta leis an méid atá bainte amach aici go dtí seo, ach creideann sí nach í féin amháin atá freagrach as na gaiscí. Dúirt sí gur rugadh í le bua ach nach mbeadh aon rud inniu aici murach an tógáil, an tacaíocht agus na deiseanna a tugadh di. Creideann sí go bhfuil dualgas uirthi féin ugach a thabhairt don chéad ghlúin eile, ach leis an méid ómóis agus a léirítear don oidhreacht agus don traidisiún sa gceantar, níl aon lagmhisneach uirthi.

 Scríbhneoir: Caoimhe Ní Fhátharta, Na Doireadha

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Gearóid Ó Murchú

Next
Next

Máirtín Pheaits Ó Cualáin