Colm Mac Séalaigh

Tá baint nach beag ag ceantar Gaeltachta Chois Fharraige le saol an cheoltóra agus an chumadóra, Colm Mac Séalaigh. Chaith máthair Choilm tréimhse sna 1930í faoi scéim Choiste na bPáistí le Pádraic Tom Phroinséas agus a bhean, Céit Bháiltéar, ar an Lochán Beag.  Roinnt blianta ina dhiaidh sin chaith a thuismitheoirí saoire sna hAille le hiníon an tí sin, Bid Chéit agus a fear, Darby Shéamuis. In 1969, chaith Colm féin a chéad tréimhse sna hAille le Bid, a mac Jimmy Darby agus a bhean Peigín. Tréimhse í sin atá mar ábhar dá amhrán ‘1969’. In 1979, phós Colm Nóirín Chóil Tom Ní Chonghaile as an gCaorán, Baile na hAbhann, agus is ansin atá cónaí orthu inniu. Chaitheadh an comhluadar go leor ama i gConamara mar a bhíodh Colm ag teagasc chuile shamhradh le Coláiste Chamuis. I gCois Fharraige atá cónaí ar a n-iníon Neasa, a céile Jimmy agus a gclann mac. Cónaíonn a mac Colmán in Uachtar Ard, agus a mac eile, Cathal, i mBaile Átha Cliath.

Colm & Nóirín in éindí lena gclann: Neasa, Cathal agus Colmán.

Colm, 2020.

Is i mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh Colm, an chéad duine clainne ag Breandán Mac Séalaigh agus Máire Ní Mhurchadha. As Ráth Fearnáin i gContae Bhaile Átha Cliath agus lár chathair Bhaile Átha Cliath dóibh faoi seach. Ghlac seanaithreacha Choilm, Paddy Sealy agus Barney Murphy, (ní raibh aon aithne acu ar a chéile) páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 agus Cogadh na Saoirse agus thacaigh siad le taobh na Poblachta i gCogadh na mBráthar. Chaith athair Choilm, Breandán, dhá thréimhse sna 1940í agus 1950í i gcampa géibhinn ar an gCurrach, Co. Chill Dara. Ba é Máirtín Ó Cadhain a mhúinteoir Gaeilge agus Seán Óg Ó Tuama a mhúinteoir amhránaíochta agus é ar ‘choláiste’ an Churraigh agus is ann a chuir sé aithne mhaith ar Mháirtín Standún.

Tógadh Colm agus a bheirt deirfiúracha Bláthnaid agus Máire agus a dheartháir, Breandán, le Béarla agus le Gaeilge (bhí a gcuid paidreacha i nGaeilge amháin acu roimh dhul ar scoil!) agus bhíodh an paidrín páirteach acu gach oíche trí Ghaeilge sa mbaile i mBaile an Teampaill i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Is ann a bhíodh sé ag éisteacht lena mháthair agus le haintíní, le huncaileacha agus cairde leo ag gabháil fhoinn agus iad le chéile sa teach. Bhí stór an-éagsúil amhrán acu: amhráin tírghrá faoi laochra Gael ar nós Robert Emmet, James Connolly agus Terence McSweeney; amhráin as scannáin cheoil Hollywood (Singing in the Rain mar shampla) agus giotaí ón opera. Bhí amhráin Ghaeilge ag máthair Choilm freisin agus rinne sí taifeadadh sna 1940í ar cheirnín a raibh dhá amhrán tírghrá gan tionlacan air.  

An chéad uair ar stáitse do Cholm ná ceolchoirm na Nollag nuair a bhí sé i Rang a Dó;  ‘Báidín Fheidhlimidh’, ‘The Green Glens of Antrim’ agus ‘The Scottish Soldier’ na hamhráin a bhí le foghlaim. Sna déaga dó, thosaigh sé ag éisteacht le hamhráin thraidisiúnta agus bailéid a chraoltaí ar Raidió Éireann agus le grúpaí ar nós Emmet Spiceland, The Johnstons, The Clancy Brothers and Tommy Makem, The Dubliners, The Wolf Tones is araile, agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada agus Ceoltóirí Chualann i gcion go mór air. Cheannaíodh sé ceirníní (dioscanna) leis na ceoltóirí thuas agus le fonnadóirí cáiliúla na Gaeilge: Seosamh Ó hÉanaigh, Nioclás Tóibín agus Darach Ó Catháin go mór mór. In aois 16 bliana thosaigh Colm ag foghlaim an ghiotáir agus é mar aidhm aige a bheith in ann tionlacan a dhéanamh ar bhailéid agus amhráin eile. Mar a dúirt John Beag Ó Flatharta, ba iad na fuaimeanna a chuaigh i bhfeidhm air, fuaim ghuthanna na bhfonnadóirí agus fuaim an ghiotáir go háirithe.

D’fhreastail Colm ar Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath áit ar chuir sé aithne ar Mhicheál agus Tríona Ní Dhomhnaill agus Daithí Sproule (baill an tsárghrúpa Skara Brae). Bhíodh amhráin thraidisiúnta Ghaelacha á gcasadh acu i stíl folk nua-aimseartha le giotáir agus méarchlár agus comhcheol ceithre pháirt, fuaim eile a chuaigh i gcion go mór ar Cholm. An tionchar céanna air a bhí ag Clannad as Gaoth Dobhair a chuir fuaim nua eile chun cinn le cruit, dord mór, feadóga, giotáir, mandóla, maindilín, agus a bhain leas as drumaí agus giotáir leictreacha sa stiúideo.

Ina bhall de Chraobh Móibhí de Chonradh na Gaeilge in 1970 tháinig Colm faoi anáil Aoidh Uí Dhomhnaill a bhíodh ag cumadh amhráin nua-aimseartha i stíl cabaret faoi chúrsaí reatha agus polaitiúla na linne agus amhráin agóide chomh maith. Is i gCraobh Móibhí a casadh a dhlúthchara Gearóid Ó Murchú air agus bhí suim Ghearóid in amhráin ag teacht go mór leis an tsuim a bhí ag Colm. In 1973 agus 1974, agus iad ar thurais chuig féile mhór náisiúnta chultúrtha na Breataine Bige, an Eisteddfod Náisiúnta, in éineacht le baill eile de Chonradh na Gaeilge, chuaigh fuaim eile i bhfeidhm go mór ar Cholm agus ar Ghearóid, sin fuaim na ngrúpaí ceoil a bhí ag cumadh a gcuid amhrán féin i stíleanna nua-aimseartha rac, pop, ceol tíre agus eile. Shíl an bheirt go mb’iontach an rud é an rud céanna a dhéanamh as Gaeilge agus i ngeall air sin bhunaigh siad an grúpa Tŷ Bach (teach beag) in éineacht le Cionnaith Mac Diarmada, ball eile de Chraobh Móibhí. Ba ghearr go raibh fadcheirnín déanta ag Tŷ Bach agus Téanam Ort mar theideal air agus eisíodh i nDeireadh Fómhair 1974 é ar lipéad Outlet Records i mBéal Feirste. Dhá amhrán ón gceirnín sin a sheinntí go minic ar Raidió na Gaeltachta ná ‘Mairéidín’ agus ‘EEC’. Bliain ina dhiaidh sin eisíodh ceirnín singil (dhá amhrán) ar lipéad Outlet Records, ‘Tír na nÓg’ / ‘Scioból’. Colm agus Gearóid a chum na focail do ‘Tír na nÓg’ agus fonn amhrán Breatnaise Nia Ben Aur in úsáid acu. Gabriel Rosenstock agus Eugene Maloney a chum ‘Scioból’, an chéad amhrán a taifeadadh i nGaeilge a bhfuil an fhuaim ‘wah-wah’ in úsáid air!

Carnabhal Sráide Bhaile Átha Cliath 1984

Olympic 1986

Póstaer do Roc 1 i Ráth Cairn

In 1984, d’eagraigh Séamus Ó Maitiú, Gráinne Uí Mhaitiú agus Ruaidhrí Ó Báille Roc 1, Féile Roc Cheilteach, Gŵyl Roc Celtaidd, ar 4-6 Bealtaine i Ráth Cairn, Contae na Mí. Tugadh cuireadh do Cholm agus do Ghearóid teacht le chéile arís (bhí siad gan a bheith ag seinm le cúpla bliain) faoin ainm Tŷ Bach don ócáid. Thug siad triúr eile in éineacht leo: Eoin Smith (col ceathar Choilm), Fran McBride agus Mike Brady, agus tar éis Roc1 bhunaigh siad grúpa nua rac-cheoil, Na Fíréin. An dord-ghiotár is mó a sheinneadh Colm leis Na Fíréin agus chum sé cuid mhór amhrán don bhanna: ‘Sin Mar a Bhíonn’, ‘Deireadh na Seachtaine’, ‘Dúnta i nGrá’, ‘Dífhostaithe’, ‘Míle Míle’, ‘Saighdiúirí’, ‘Rud Éicint Mícheart’ agus tuilleadh amhrin atá ar dhá albam leis Na Fíréin, Sin Mar a Bhíonn, 1986 (Gael-Linn) agus Beagáinín Níos Fearr, 1991 (Gealt). Cé gur thosaigh Colm ag cumadh amhrán de bharr thionchar grúpaí ceoil na Breataine Bige, is trína bheith ag seinm leis Na Fíréin, agus go háirithe le hEoin, is mó a d’fhoghlaim sé bealaí agus teicnící na cumadóireachta nua-aimseartha.

Na Fíréin, 2012.

Na Fíréin, 2016.

Sa mbliain 1993, agus sos tógtha ag Na Fíréin, thosaigh Colm ag seinm leis an ngrúpa Éinniú a bhunaigh Seán Ó hÉanaigh. I Meán Fómhair na bliana sin, eisíodh albam le Éinniú (Cló Iar-Chonnacht) agus chuaigh ceann de na hamháin, ‘Conamara’ go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta. Tá dhá amhrán nua-chumtha ag Colm ar an albam sin, ‘Cá Raibh Tú Aréir?’ agus ‘Is Mise’. Chum Colm sé cinn d’amhráin don chomórtas Réalta, comórtas a d’eagraigh Raidió na Gaeltachta idir 1994 agus 2004 agus a dhírigh ar amhráin nua-chumtha, chomhaimseartha.

Cé gur tháinig deireadh le gigeanna leis Na Fíréin roinnt blianta ó shin níor stop Colm den chumadóireacht agus tá dhá albam d’amhráin nuachumtha eisithe aige féin le cúnamh ó Ghearóid Ó Murchú ar cheann acu agus ó Eoin Smith ar an gceann eile: Aon Scéal? (2014) agus 1967 (2022).

Gearóid & Colm i gClub an Chonartha, 1974.

Na cairde in 2014.

Sa bhliain 2016, chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta sraith dhá chlár déag, Liza Mo Stór agus Scéalta eile, a rinne Colm agus a bhí bunaithe ar chumadóireacht chomhaimseartha ó 1960 i leith. Sna cláir sin cloistear cúigear cumadóirí is tríocha ag caint faoina gceird chomh maith le roinnt daoine eile ag déanamh cur síos ar ghnéithe éagsúla de chur chun cinn amhrán nuachumtha, nua-aimseartha na Gaeilge.

Tá dúil chéadach ag Colm sa bpeil agus san iománaíocht agus d’imir sé iad araon is é ina leaid óg. Sna déaga dó dhírigh sé go hiomlán ar an iománaíocht agus chaith sé na blianta ag imirt le Cumann Báire Caoimhín, cumann lenar imir a sheanathair Paddy roimhe. In 1977 agus Colm ina chaptaen chaill an fhoireann shóisearach an cluiche ceannais, ach in 1978 agus 1979 bhuaigh siad gach craobh agus sraithchomórtas i mBaile Átha Cliath, ré órga an chumainn. Bhí sé ina rúnaí ar an gcumann ar feadh cúig bliana déag. Chaith Colm mórán ama idir 1972 agus 2007 ag plé le cúrsaí iomána mar oiliúnóir agus mar eagraí agus é ag teagasc i gColáiste Eoin, meánscoil lán-Ghaeilge i mBaile an Bhóthair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Seachas tréimhse sna hochtóidí nuair a bhí An Bráthair Seán Beausang ar fhoireann na scoile, bhíodh foirne uile na scoile, faoi 14 bl, 16 bl agus 18 bl, faoina chúram. Is iomaí craobh iomána a bhuaigh agus a chaill na foirne i ngráid éagsúla scoileanna Átha Cliath sna blianta úd ach is tar éis do Cholm glacadh le luath-scor in 2007 gur bhuaigh Coláiste Eoin craobhacha Laighean, craobh ‘B’ i 2008 agus ‘A’ in 2020!  Chomh maith leis sin bhí baint lárnach ag Colm mar oiliúnóir agus mar bhainisteoir le comhfhoireann Choláistí Átha Cliath a chur ar bun agus a stiúradh idir 1994 agus 2002 agus bhuaigh an chomhfhoireann Craobh Laighean in 2001. Deirtear gur thug an bua áirithe sin spreagadh mór don iománaíocht i mBaile Átha Cliath ag an am. Bhí baint mar roghnóir chomh maith ag Colm le foirne mionúir, faoi 21 agus sinsearacha Bhaile Átha Cliath idir 1996 agus 2005. Idir na blianta 2011 agus 2019 chuidigh sé leis Na Gaeil Óga, cumann lán-Ghaeilge nuabhunaithe, tús a chur leis an iománaíocht agus foireann do dhaoine fásta a fhorbairt.

Ó thaobh casadh ceoil agus amhrán go poiblí anois, baineann Colm an-sásamh ar fad as ‘Seisiún Ruaidhrí’ is é sin an seisiún eicléictiúil amhránaíochta agus ceoil a bhíonn á reáchtáil chuile Dhéardaoin ag Ruaidhrí Mac Con Iomaire i dTigh Mholly ar an Lochán Beag. Seisiún é sin ar chuir deirfiúr Ruaidhrí, Nuala a cailleadh go hóg, tús leis roinnt blianta ó shin agus í tagtha ina cónaí ar an gCeathrú Rua. (Thosaigh an seisiún sa tSailchuach in Óstán na Ceathrún Rua, d’imigh go Tigh Khitt agus Tigh Pheadair Mhóír ina dhiaidh sin sular neadaigh siad Tigh Mholly.)

Dar le Colm go dteastaíonn i bhfad níos mó popcheoil agus rac-cheoil i nGaeilge le go mbeadh an teanga níos ábhartha agus níos lárnaí i saol daoine óga.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Domhnall Ó Braonáin

Next
Next

Síle Denvir