Síle Denvir

Rugadh agus tógadh Síle Denvir, duine de cheathrar clainne Mháire agus Ghearóid Denvir, sna hAille, Indreabhán. Tá deirfiúr níos sine aici, Siobhán, agus beirt deartháireacha níos óige, Frainc agus Seán.

Síle Denvir.

Muintir Denvir ag Oireachtas 2020. Siobhán, Frainc, Máire, Gearóid, Síle agus Seán.

Ó caitheadh Síle ar an sop bhí spéis aici sa gceol agus sna hamhráin. Bhí sí féin agus Siobhán an-óg nuair a thosaigh siad ag foghlaim an veidhlín de réir mhodh Suzuki le leaid óg as an Spidéal, Seán Ó Neachtain, mac le Seán Fada a bhíodh ag casadh ceoil ag céilithe sa gceantar ar feadh na mblianta. Bhí na cailíní ag freastal ar Scoil Sailearna, áit a bhfuair siad deis iontach a bheith ag foghlaim na feadóige ón gceoltóir iomráiteach, Mary Bergin. Tá an-bhuíochas ag dul don phríomhoide a bhí ann ag an am, Tomás Ó Ráighne, agus do mhúinteoirí na scoile, a spreag suim na ngasúr sa gceol, agus ar ndóigh i ngnéithe eile den chultúr Gaelach. Spreag an méid sin Síle le dul i mbun an cheoil agus ó tharla gurb é an pianó bunús go leor den cheol thosaigh sí ar ranganna pianó, agus lean sí den fheadóg agus den veidhlín freisin. Tá scrúduithe agus grádanna go leor ag baint leis an bpianó, agus leis an veidhlín, agus thug Síle fúthu grád ar ghrád, agus cé go n-éiríodh thar barr léi sna scrúduithe céanna, deireadh sí i gcónaí ina ndiaidh, ‘Anois, is féidir liom bheith ag ceol!’ Leanadh sí uirthi ag casadh an phianó, go háirithe nuair a bhíodh na deabhail de scrúduithe thart.

Tús an aistir cheoil ag Síle.

Ag cleachtadh ar an bpianó.

Ceol na feadóige ar Oíche Shamhna.

Ní inniu ná inné a sheas Síle os comhair mhaidhc.

Tráth an ama chéanna thosaigh sí ar an amhránaíocht ar an sean-nós i ranganna an Ghaelacadaimh, eagraíocht chultúrtha cheannródaíoch a bunaíodh in 1980 leis na healaíona dúchais a chur chun cinn i nGaeltacht Chonamara agus Árann. Bhíodh scoth na bhfonnadóirí ag múineadh na hamhránaíochta do ghasúir an cheantair agus mhúin Patsy Ó Ceannabháin, Pat Phádraig Tom Ó Conghaile agus Máire Pheitir Uí Dhroighneáin amhráin go leor do Shíle agus dá cuid cairde, ina measc a cara mór an scothamhránaí Ciarán Ó Con Cheanainn a bhí in aon rang léi agus a cailleadh go hóg, go ndéana Dia grásta air. Chuir na ranganna sin tús le haistear ceolmhar saoil atá Síle a leanacht i gcónaí. Is iomaí amhrán a d’fhoghlaim sí le linn an ama sin a chas sí agus a chasas sí i gcónaí ar stáitsí sa mbaile sa nGaeltacht, ar fud na tíre agus go deimhin ar fud an domhain – ‘Amhrán Mhaínse’, ‘Neainsín Bhán’, ‘Dónall Óg’, ‘Cúirt Bhaile Nua’ agus iliomad amhrán eile – agus nach tráthúil go bhfuil sí féin ag roinnt an tsaibhris sin leis an gcéad ghlúin eile ina cuid oibre mar léachtóir i DCU agus le grúpaí óga éagsúla.

Foireann cispheile Scoil Sailearna.

Bean mhór spóirt agus aclaíochta a bhí i Síle freisin agus í an-óg. D’imir sí peil leis an bhfoireann faoi 12 i Scoil Sailearna, agus d’imir sí camógaíocht le foireann Chois Fharraige ar feadh na mblianta. Chaith sí tréimhse fhada mar chúl báire, ionad nár thaitin léi, ach bhí cúis leis, mar is aici a bhí an poc amach b’fhaide! Bean mhór cispheile a bhí inti freisin. Chaith sí seal ar phainéal cispheile faoi 15 Chúige Chonnacht, agus bhíodh an cairrín ar an mbóthar arís, go hÓrán Mór an uair seo do na seisiúin traenála. Tháinig an lá, áfach, ar thug sí cúl don spórt iomaíoch nuair a dúirt sí go gcaithfeadh sí aire a thabhairt do na méaracha ceoil. Bhí léargas maith ag an gcailín óg cá raibh a triall.

Ba í an chláirseach mian croí Shíle ó aois an-óg, áfach, agus bhíodh sí síoraí seasta ag tuineadh le Mam agus Deaide í a chur ag ranganna cláirsí. Shíleadar an tochas sin a scríobadh agus í naoi nó deich de bhlianta d’aois, agus tugadh chuig rang cláirsí í le Kathleen Loughnane, cláirseoir cáiliúil cumasach an ghrúpa Dordán i nGaillimh. Is maith is cuimhin le Máire toradh an chéad ranga sin. Bhí sí ag siúl amach an cosán caol as tigh Khathleen in íochtar an Bhóthair Aird, agus arsa Kathleen léi, ‘A Mháire, bhí sé chomh maith daoibh cláirseach a cheannacht!’ Bhí an t-iasc bailithe ar snámh san uisce!

Chuir sin tús le haistear eile, ceannacht na cláirsí. Cuireadh chomh fada muid leis an déantóir cláirseach mór le rá, agus corp an duine uasail, Paddy Cafferkey sa Lios Dubh i ngar do Chreachmhaoil. Bhí comhairle chríonna ag Paddy: ‘Tabharfaidh mé cláirseach ar cíos daoibh go ceann trí mhí,’ a deir sé, ‘agus má tá sí á seinm i gcónaí tar éis an achair sin déanfaidh mé cláirseach di agus bainfidh mé an £50 cíosa as luach na cláirsí nua. Níl mise ag iarraidh cláirseach a dhéanamh le dusta a bhailiú i gcoirnéal tí eicínt.’ Sin mar a tharla agus lean an t-iasc sa snámh, agus níor luigh aon dusta ar an gcláirseach. Ní raibh aon chall ariamh a rá léi dul i mbun cleachtaidh ina seomra féin a bhí thíos staighre sa teach, agus go deimhin ba mhinic a bhíodh fuaim álainn na cláirsí le cloisteáil aníos as an an seomra agus é mar a bheadh sé ag líonadh an tí – agus an chorruair a gcuirtí chuig a seomra í as beagán dánaíochta eicínt, bhuel ní bhíodh sé i bhfad go mbíodh an ceol ar fud an tí!

An chéad chláirseach.

Síle agus Kathleen Loughnane.

Na cairde cruite i dTearmann Feichín.

Dála an scéil, tharraing an chláirseach chéanna trioblóid bheag eile anuas ar an gclann. Bhí sí rómhór le dul i mbút an chairr agus níorbh fhéidir í a chur sa gcarr féin agus ceathrar gasúr le dul ar shuíochán cúil an chairr. Mar sin, b’éigean carr nua a cheannacht, agus ba í an t-aon charr a bhí ar fáil ag an am a raibh bút sách mór inti an sean-Volvo 740 leis an mbút mór cearnógach! Agus thiomáin Máire an cairrín sin ar fud na hÉireann ar thóir an cheoil do Shíle, ó Fhéile Phan-Cheilteach Thrá Lí go féilte éagsúla cruitirí agus scoileanna ceoil i dTearmann Feichín, i nDroim Seanbhó agus in áiteanna go leor eile. Chastaí cláirseoirí agus lucht ceoil dúinn ar fud na tíre a chuir Síle ar bhealach a leasa, daoine mar Róisín Ní Shé, múinteoir cláirsí agus moltóir ag na comórtais, a bhí thar a bheith tógtha le glór ceoil Shíle agus a mbíodh an focal caoin molta aici i gcónaí don chláirseoir óg. Nach maith go gcasann Síle go minic anois le Cormac de Barra, cláirseoir agus garmhac le Róisín.

Tá cuimhne ag an gclann ar fad óna n-óige ar thurais éagsúla saoire ar fud na hÉireann agus na Fraince agus ceol agus amhráin de chuile chineál ag dul go barra bachall sa gcarr i gcónaí – amhráin ar an sean-nós ó leithéidí Pheatsaí Cheannabháin, Thomáis Tom Pheaits Uí Neachtain, Mháirtín Tom Sheáinín agus Sarah Ghriallais; gaelcheol tíre, le rí na n-amhrán, John Beag, agus leis na grúpaí eile, leithéidí Chillín agus Fáilte; na grúpaí nuálacha ceolmhara Gaelacha, Clannad, Dé Danann, Altan agus a leithéidí; bailéid agus amhráin thraidisiúnta Bhéarla leis na Dubliners, Planxty, The Bothy Band, Mary Black agus a muintir, nó Dolores agus Seán Keane; amhráin de chuid na hAlban ó ghrúpaí mar Capercaillie (le glór álainn Karen Matheson) agus Runrig; agus ansin na réaltaí idirnáisiúnta mar Nancy Griffith nó Steeleye Span. Agus ar ndóigh, ní hamháin go mbíodh an chlann uilig ag gabháil fhoinn ina dteannta sin ar fad le linn na n-uaireanta fada agus iad sáinnithe sa gcarr, ach bhíodh cuid acu ag cur a gcloichíní beaga féin leis an gcarn. Deir Síle i gcónaí go mba iontach an bunoideachas agus an baisteadh ceoil a bhí sna laethanta sin.

Siobhán, ar chlé, Síle ina gabháil ag Máire agus iad in éineacht le Jude (Mamó) agus Seán Ó Clochartaigh (Daideo).

Bíonn gean ar leith ag ceoltóirí agus ag amhránaithe ar fhoinn agus ar amhráin ar leith ar chúiseanna éagsúla – fonn álainn ceoil a thaitneodh le duine, b’fhéidir, nó amhrán a chuirfeadh mothúchán domhain eicínt in iúl nó a dhúiseodh cuimhne speisialta ar leith i nduine. Sin mar atá ‘Amhrán Mhaínse’ ag Síle, amhrán a thaifid sí ar a gcéad dlúthdhiosca leis an ngrúpa Líadan. Ba é Micil Diarmada Ó Clochartaigh, sin-sin-seanathair Shíle, a chum an t-amhrán ar bhás a dheirféar, Máire, de réir an tseanchais a fuair Síle óna seanathair, garmhac an fhile, Seán Ó Clochartaigh, nó Johnny Phádraic Mhicilín mar a thugtaí air. Dhíbir an gníomhaire talún míchlúiteach suarach, Fordham, tuismitheoirí Mhicil óna ngabháltas beag ar Oileán Mhaínse go gairid tar éis an Ghorta Mhóir agus Micil, Máire agus an chuid eile den chlann ina bpáistí óga, agus thugadar aghaidh trasna na farraige soir ar Leitir Calaidh. Blianta fada ina dhiaidh sin nuair a cailleadh Máire agus gan a muintir in ann a corp a thabhairt siar go Maínis lena hadhlacadh de bharr drochaimsire, chum Micil an t-amhrán:

Is ag gabháil siar le Inse Ghainimh dhom bíodh bratach ar an gcrann,

Is ná tugaidh go Leitir Calaidh mé mar ní ann atá mo dhream,

Ach tugaidh siar go Maínis mé, san áit a gcaoinfear mé go hard,

Is beidh soilse ar na dumhchannaí is ní bheidh uaigneas orm ann.

Tugtar ‘Amhrán Mháire Ní Chlochartaigh’ ar an amhrán seo freisin, agus tá leagan Shíle le fáil anseo:

Lean Síle leis an gceol nuair a d’fhág sí Scoil Sailearna le haghaidh a thabhairt ar Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, áit a raibh Hilary Vesey mar mhúinteoir ceoil aici don Ardteist in 1999. Chuaigh sí as sin go dtí Ollscoil Mhaigh Nuad le BA a dhéanamh sa gCeol agus sa nGaeilge. Bhain sí céim céad onóracha amach in 2002 agus chuaigh sí as sin go dtí  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le MA a dhéanamh sa Nua-Ghaeilge le tráchtas faoi amhráin Chiaráin Uí Fhátharta atá go mór i mbéal a pobail dúchais i gConamara. Lean sí sin le Dioplóma in Ardoideachas an Cheoil in Ollscoil Luimnigh agus ina dhiaidh sin aniar le MA sa gCeol Traidisiúnta, cúrsa nuálach a bhunaigh an ceoltóir agus an scoláire ceannródaíoch an tOllamh Mícheál Ó Súilleabháin i nDámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil in Ollscoil Luimnigh.

Mar chuid den chúrsa MA sin bhí togra praiticiúil a bhainfeadh le cleachtas an cheoil thraidisiúnta le déanamh ag na mic léinn. Bhí Síle fós i mbun an dioplóma sa gceol ach bhí a cara mór ón gcéim sa gceol i Maigh Nuad, an fidléara agus an t-amhránaí Valerie Casey as Luimneach, agus roinnt cailíní eile i mbun an MA. Chuir Valerie agus na cailíní sin grúpa le chéile don chúrsa (faoi dheifir ag an nóiméad deireanach, más fíor na scéalta!) agus Síle ina dteannta, agus is as sin a tháinig an grúpa ceoil mór le rá, Líadan, in 2006. In éineacht le Síle sa ngrúpa bhí Valerie Casey, Elaine Cormican, Claire Dolan, Deirdre Chalke agus Sarah Jane Woods (ar tháinig Catherine Clohessy ina háit níos deireanaí). Chas an banna go poiblí i gcéaduair i dTaibhdhearc na Gaillimhe, ceolchoirm a mhaireas i gcuimhne mhuintir na gcailíní i gcónaí. Is maith is cuimhneach le muintir Denvir uilig an grúpa i mbun cleachtaidh sa seomra spraoi (mar a thugadh na gasúir air) sa teach se’againne na laethanta sin, Valerie sínte siar go compordach ar an gcathaoir mhór uilinn ag casadh na fidile, na cailíní ina timpeall agus iad ar fad ag raideadh ceoil leis an mbith, agus gan cúram faoin spéir ag cur orthu. Shíl muid uilig go raibh muid ag éisteacht le ceol na nAingeal! Ní hamháin gur sárcheoltóirí na cailíní uilig ach is sáramhránaithe iad uilig freisin. Téann siad i gcion ar a lucht éisteachta le rithimí tomhaiste agus le ceolmhaireacht nádúrtha a gcuid cóirithe ceoil agus le comhcheol binn séiseach a gcuid leaganacha de sheanamhráin dhúchasacha Ghaeilge agus Bhéarla. Ghnóthaigh siad duaiseanna idirnáisiúnta sna blianta luatha fiú, ‘An Banna Beo is Fearr’ ag Féile Lorient in 2005 agus ‘An Grúpa Amhránaíochta is Fearr’ ag an bhFéile Phan-Cheilteach in 2005.

Liadan sna blianta luatha

Féile Lorient, 2005.

Líadan agus na Chieftains.

Máire ag damhsa le Paddy Maloney in Carnegie Hall!

D’eisigh siad a gcéad dlúthdhiosca, ‘Líadan’, in 2006 agus go gairid ina dhiaidh thug Paddy Moloney cuireadh dóibh dul ar chamchuairt go Meiriceá agus don tSeapáin leis na Chieftains. Chríochnaigh turas Mheiriceá le ceolchoirm i Carnegie Hall, Nua-Eabhrac, Lá Fhéile Pádraig 2007. Chuaigh Máire agus Gearóid anonn don ócáid, thit stoirm sneachta i Nua-Eabhrac agus an t-eitleán ag teacht anuas, ach má thit féin bhí an tseanbheirt in am don cheolchoirm agus don válsa a rinne Paddy Maloney le Máire timpeall Halla Carnegie ag an gcóisir iarchoirme! D’eisigh an grúpa an dara dlúthdhiosca, ‘Casadh na Taoide’, in 2009, agus an tríú halbam ‘In Am Trátha’ in 2015. Tá an domhan mór siúlta acu ó bhí siad ag casadh sa seomra spraoi sna hAille: Milwaukee Irish Festival; Festival Irlandays, Páras; Icons Festival, Boston; Irish Folk Festival, An Ghearmáin; The World Fleadh, Richmond Folk Festival, Virginia; Celtic Connections, Glaschú; North Texas Irish Festival; Goderich Festival, Ceanada. Chas siad chomh maith ar na mórchláracha náisiúnta ‘The Late Late Show’ agus ‘Up for the Match’ ar RTÉ, agus ar ndóigh bíonn siad le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar stáisiúin eile.

Clúdach ‘Casadh na Taoide’.

Seoladh an dlúthdhiosca ‘Casadh na Taoide’.

Tógadh an pictiúr seo i Luimneach.

Rinne Síle turais cheoil aisti féin chomh maith in imeacht na mblianta. Roghnaíodh í mar ionadaí Éireannach ag an First Asia-Europe Music Camp sna sna hOileáin Fhilipíneacha sa mbliain 2005, agus bhí sí mar phríomhamhránaí i bhFéile Cheoil Éireannach Dubai in 2006. Bhí sí páirteach i bhféile scannánaíochta Éireannach sa bPalaistín in 2007, áit a ndearna sí sraith ceolchoirmeacha le ceoltóirí áitiúla. Bhain eachtra spéisiúil di in aerfort Ben Gurion agus í ag triall ar na críocha gafa ar cuireadh ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael an-amhrasach faoin mbean óg seo as Éirinn agus chuadar trína cuid málaí. Chuartaíodar mála mór na cláirsí agus chuireadar iallach ar Shíle a ríomhaire a oscailt agus roinnt comhad a thaispeáint dóibh. Bhí sí ag obair ar a tráchtas dochtúireachta ag an am agus bhí comhad fuaime le Seosamh Ó hÉanaí ar an deasc. Cuireadh iallach uirthi an comhad sin a oscailt, bhí guth binn Uí Éanaí le cloisteáil go glan soiléir, agus ní fios céard a cheap na saighdiúirí den dá véarsa dhéag ar éist siad leo ó thosach deireadh! Téann Síle ar cuairt go rialta go hAlbain freisin, áit a mbíonn sí páirteach i bhféilte, i gcoirmeacha ceoil agus i gcláracha agus i sraitheanna teilifíse.

Seo Síle ag casadh ‘Máire Mhór’ le Julie Fowlis, Muireann Nic Amhlaoibh agus Donnchadh Gough:

Le linn an ama seo ar fad, bhí Síle gafa leis an gceol agus le léann an cheoil agus na hamhránaíochta agus nuair a fuair sí scoláireacht ó Iomairt Cholm Cille sa mbliain 2005 chun taighde a dhéanamh ar an amhránaíocht dhúchasach in Éirinn agus in Albain bheartaigh sí tabhairt faoi dhochtúireacht in Ollscoil Luimnigh, faoi stiúir Mhichíl Uí Shúilleabháin agus Lillis Uí Laoire, an t-amhránaí sean-nóis agus an scoláire Gaeilge clúiteach. Cailleadh Mícheál i Mí na Samhna 2018 agus gan an tAifreann Éagnairce a bhí sé a scríobh dó féin baileach críochnaithe aige. D’iarr sé ar Shíle Salm an Aifrinn a chríochnú, rud a rinne sí le fonn, agus chas sí féin, Lillis Ó Laoire agus Iarla Ó Lionaird ag Aifreann sochraide Mhíchíl.

Tom a’ tSeoighe

Clúdach an leabhair

Bhain sí amach an chéim dochtúireachta in Ollscoil Luimnigh ar thráchtas faoin athmhúnlú agus an taibhléiriú a déantar ar amhráin dhúchasacha Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Tá suim aici freisin in amhránaíocht nuachumtha na Gaeilge agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht dhá leabhar léi, Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (2008) agus Tom a’ tSeoighe: Amhráin (2020). Ina theannta sin, tá cuid mhaith alt foilsithe aici agus riar mhór léachtaí tugtha aici in imeacht na mblianta ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún agus d’oidhreacht na hamhránaíochta Gaeilge.

An bheirt Dr Denvir!

An tOllamh Micheál Ó Súilleabháin, An Dr Síle Denvir & An Dr Lillis Ó Laoire.

‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó dhrámaí an Phiarsaigh’

Clúdach an dlúthdhiosca

I mbliain chomórtha Éirí Amach na Cásca, 2016, d’fhoilsigh sí dlúthdhiosca agus leabhrán darb ainm Caithréim: Ceol agus Amhráin ó dhrámaí an Phiarsaigh bunaithe ar thaighde a rinne sí ar an gceol agus ar na hamhráin ar bhain an Piarsach úsáid astu ina chuid drámaí. Ainmníodh an t-albam ar ghearrliosta The Irish Times d’albam traidisiúnta na bliana, agus bhain sé amach an duais d’albam traidisiúnta na bliana ag Gradaim Cheoil Nós. Agus nach aisteach iad cora an tsaoil seo, arae, le linn do Shíle a bheith ag réiteach thogra sin an Phiarsaigh bhí sí ag athchóiriú a tí chónaithe i mBaile Átha Cliath agus tháinig na hoibrithe ar bhurla páipéar faoin urlár ar chúl seandrisiúir a bhí á bhaint ó chéile. Tháinig sé chun solais gurb é a bhí sna páipéir dráma faoi Éirí Amach 1916 tré shúile an Phiarsaigh, le cuid mhaith tagairtí do na hamhráin agus do cheol na cláirsí, a scríobh seanuncail an té a dhíol an teach le Síle, fear a bhí in Ard-Oifig an Phoist i dteannta an Phiarsaigh le linn an Éirí Amach.

Ceoltóirí ‘Caithréim’.

Síle agus Muireann Nic Amhlaoibh ag Gradaim Nós.

Chomh maith le bheith ag casadh ceoil ar fud na cruinne, tá na blianta caite ag Síle ag teagasc agus ag léachtóireacht in institiúidí éagsúla. Le linn di a bheith i mbun na dochtúireachta bhí sí ina teagascóir ar an BA sa Ghaeilge agus ar an Dioplóma sa Ghaeilge in OÉ Gaillimh agus in Aonad na Gaeilge agus i nDámh Chruinne Éireann, Rince agus Ceol, in Ollscoil Luimnigh. Bhí sí ina léachtóir ceoil ar an gcúrsa ‘Dioplóma sna Dána: Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta’ in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh agus ar ndóigh d’fhan sí dílis dá muintir agus dá pobal féin agus í i mbun chúrsaí samhraidh i gColáiste Chamuis in imeacht na mblianta. Tá sí ag dul ag Oireachtas na Gaeilge chomh maith ó bhí sí ina cailín an-óg agus sin féile a bhfanann sí an-dílis i gcónaí di agus í ina moltóir ar chomórtais cheoil agus ar chomórtas na n-amhrán nuachumtha le blianta. Bhí sí ina ball bunaithe de Fairplé, a bhfuil sé mar aidhm acu cothromaíocht inscne a bhaint amach i dtairgeadh, i léiriú, i gcothú agus i bhforbairt an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tuaithe in Éirinn. I láthair na huaire tá Síle ina hollamh cúnta i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Lá thar laethanta a bhí ann nuair a thug Síle agus Barry Kerr, ceoltóir, cumadóir agus ealaíontóir cumasach, lámh agus focal dá chéile ag bainis a sháraigh Bainis an tSleacháin Mhóir ag Raiftearaí féin i gCathair na Mart ar an 19 Bealtaine 2019. Bí ag caint ar cheol agus ar cheiliúradh, agus os cionn 120 ceoltóirí i láthair, ach ba é buaic cheolmhar na hócáide gur tháinig seanchara le Síle ó chamchuairteanna ceoil agus laoch mór de chuid Bharry, an fliúiteadóir cáiliúil Matt Molloy, i láthair agus gur chas sé dóibh mar chuid den searmanas pósta. Síle a thug an cuireadh do Mhatt i ngan fhios agus baineadh siar as Barry bocht! Ní bréag a rá gur thit corrdheoir áthais ó chorrshúil de bharr na heachtra, agus tá Darach beag anois acu le tuilleadh ceoil agus taidhm a bhaint as an saol.

Síle agus Barry Kerr ar lá a bpósta, 19 Bealtaine, 2019.

Síle, Barry & an t-aoi speisialta, Matt Molloy.

Síle ag gabháil fhoinn ag seoladh thaispeántas Bharry, ‘Continuum’.

Amuigh faoin aer i Ros a’ Mhíl.

Casann Síle go rialta i seisiúin agus i gcoirmeacha foirmeálta le Barry agus le ceoltóirí eile freisin, Martin Hayes, Steve Cooney, Úna Monaghan agus Liam Ó Maonlaí ina measc, le cuid an bheagáin a lua.

Bhí sí páirteach i mór-cheolchoirm Mhíchíl Uí Shúilleabháin, Fill Arís, le hIarla Ó Lionáird, Lillis Ó Laoire agus Ceolfhoireann Náisiúnta Shiansach RTÉ, 2018 agus 2022. Déanann sí tionlacan go minic ar thaifeadtaí le ceoltóirí eile (Thomas Johnston, Jiggy, Mairéad Ní Fhlatharta, Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Griogair Labhruidh, Síle Ní Fhlaithearta) agus tá dlúthdhiosca aonair dá cuid amhrán féin, Anamnesis, le heisiúint go luath in 2023, á léiriú ag John Reynolds. Tá luí ag Síle freisin le cúrsaí filíochta agus tá tograí déanta le gairid aici le filí aitheanta mar Dhairena Ní Chinnéide agus Marina Carr.

Síle, Iarla Ó Lionaird, Lillis Ó Laoire agus Micheál Ó Súilleabháin is iad ag plé leagan amach ‘Fill Arís’.

Ag cleachtadh don cheolchoirm ‘Fill Arís’.

Pictiúr poiblíochta do ‘Fleadh TV’. Síle agus Mairéad Ní Chuaig.

Bíonn sí le cloisteáil agus le feiceáil go minic ar chláracha éagsúla raidió agus teilifíse mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar thráchtaire ar chúrsaí ceoil agus amhránaíochta. Bhí sí ina láithreoir ar dhá shraith den chlár ‘Sean-Nós’ ar TG4 agus chuir sí i láthair an clár ‘Fleadh TV’ freisin. Tá sí an-tiomanta don taighde ar an gceol agus ar na hamhráin trí chéile, agus is é mian a croí traidisiún ceoil agus amhránaíochta Chonamara a chur i láthair an domhain mhóir. As an bhfís chruthaitheach thaighde-bhunaithe sin a d’eascair an tsraith físeán faoi amhráin Tom a’ tSeoighe a léirigh sí i gcomhar le Aniar agus Molscéal, tionscadal Chaitlín Maude a chuir sí i láthair le Imram, agus an píosa a chum sí do Thaisce Cheol Dúchais Éireann bunaithe ar dhán traidisiúnta faoi Naomh Bríd.

Cuid de rannpháirtithe na sraithe ‘Bláth na hÓige’ in éineacht le Síle: Máire & Étáin Ní Churraoin agus Séamus & Caoimhe Ní Fhlatharta.

 Cloch mhór ar phaidrín Shíle seachadadh an traidisiúin ó ghlúin go glúin agus creideann sí go diongbháilte gur cheart di a cuid ceoil agus amhrán, agus a tuiscint féin ar an oidhreacht a fuair sí ó na laochra agus na hoidí a d’oil í féin, a chur ar a súile don ghlúin óg. Dá réir sin, tá sí ag obair le roinnt blianta ar thograí le daoine óga as na ceantair Ghaeltachta uilig. Tá sí ina léiritheoir ceoil ar an tionscnamh nua ceannródaíoch amhránaíochta Bláth na hÓige a craolfar ar TG4 in 2023. Sraith cláracha atá ann a thugann ardán cruthaitheach do chuid de na hamhránaithe óga ildánacha is fearr sa tír, daoine mar Chaoimhe agus Séamus Ó Flatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Cathal Ó Curráin, Megan Nic Ruairí, Piaras Ó Lorcáin agus Máire agus Étáin Ní Churraoin. Dream iad seo a bhfuil an amhránaíocht ginte iontu ó thraidisiún Gaeltachta Chonamara agus Rann na Feirste, Ráth Chairn agus Oriall, agus Chorca Dhuibhne agus Ghaoth Dobhair. Iomramh ceoil atá sa tsraith le teacht ar leagan agus ar thuiscint nua ar na hamhráin sean-nóis ach a bheith dílis san am céanna don traidisiún. Nuáil ar leith sa tsraith atá sna leaganacha nua de sheanamhráin Chonamara mar ‘Johnny Seoighe’ agus ‘Caisleán Uí Néill’ ina gcuireann Síle, Séamus, Caoimhe, Máire agus Étáin comhcheol ealaíonta leis na foinn a tháinig anuas chucu le hoidhreacht mar mhaisiú bisiúil ar a dtraidisiún dúchais. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi iomramh ceoil Shíle féin go nuige seo freisin.

 Muintir Denvir a scríobh, Samhain 2022.

 Tuilleadh ábhair:

Togra Tom a’ tSeoighe: Físeáin i gcomhar le Aniar agus Molscéal TG4

https://www.molsceal.ie/toradh/alt/?CID=6215704191001&search=TOM%20A%27TSE

Gradam Ceoil TG4 - Gradam Ceoil TG4 2023 | Seinnteoir | Irish Television Channel, Súil Eile

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Colm Mac Séalaigh

Next
Next

Odí Ní Chéilleachair