Brian Ó Baoill
Scríbhneoir, ealaíontóir, file, aistritheoir, feachtasóir, bainisteoir, cuntasóir, dornálaí, fear céile, athair, cara – níl anseo ach cuid de na hataí a chaith Brian Ó Baoill le linn a shaoil fhada, bhríomhair. Ach, cuma cén hata a bhí ar a chloigeann, ceann de na rudaí is tábhachtaí a mhair ina chroí istigh ná an grá síoraí a bhí aige don Ghaeilge. Chaith Brian a shaol proifisiúnta agus pearsanta ag obair don Ghaeilge agus do gach a mbaineann léi, rud atá fós á dhéanamh aige go dtí an lá inniu.
Rugadh Brian i mBealach an Doirín, Ros Comáin in 1929. Dochtúir ab ea a athair, Tomás Ó Baoill, agus múinteoir ceoil a mháthair, Odille Clancy. Bhí athair Bhriain ina oifigeach leighis i dTríú Rannán an Iarthair le linn Chogadh na nDubhchrónach agus sa gCogadh Cathartha. Bhog siad go Londain in 1935 ach d'fhill Odille agus na gasúir uilig ar Chontae na Mí in 1939 nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Ba ré órga é seo i saol Bhriain agus é féin agus a dheartháireacha agus deirfiúracha Uilic, Tomás, Máirtín agus Máire ag fás aníos i Stigh Colláin agus in Ard Breacáin. Fuair Brian an chuid is mó dá chuid scolaíochta anseo in Éirinn ach is i Sasana a cháiligh sé mar chuntasóir.
Bhí suim ag Brian sa nGaeilge i gcónaí ach ní raibh sé in ann í a labhairt agus é ina fhear óg i Sasana. Insíonn sé scéal faoin oíche a raibh sé i dteach tábhairne i Londain nuair a dúirt Sasanach leis nach raibh difear bith idir na Sasanaigh agus na hÉireannaigh. Ar ndóigh dúirt Brian go raibh – an teanga. Iarradh air rud éigin a rá in nGaeilge ach an t-aon rud a bhí ar a thoil aige ná an ‘Ár nAthair’ agus nuair a thosaigh sé á rá, cheap an Sasanach go raibh togha na Gaeilge aige! Ach i ndiaidh na heachtra seo thuig Brian gur theastaigh uaidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a fhoghlaim i gceart, rud a rinne sé. D'fhreastail sé ar ranganna Gaeilge de chuid Shinn Féin i Londain agus gan mhoill bhí sé ag múineadh na teanga do dhaoine eile ann. Chomh maith leis sin bhunaigh a mháthair Odille agus é fein cór Gaelach i Londain in 1954 (An Cumann Ceoil Bhinn) agus d'éirigh leo neart duaiseanna a bhaint amach.
Nuair a cáilíodh mar chuntasóir é, d'oibrigh Brian sa Hibernian Bank i mBaile Mhic Andáin i gCill Chainnigh, leis an gcomhlacht Unilever agus in Plessey i Sasana agus in 1957 d'imigh sé go Ceanada ag obair leis an gcomhlacht mianadóireachta, Rio Tinto. Nuair a d'fhill sé ar Éirinn bhí baint ghníomhach aige le Conradh na Gaeilge agus le Glór na nGael, Údarás na Gaeltachta agus go leor eagraíochta Gaeilge eile, ach an rud is fearr agus is áille a tharla dó ná gur chas sé ar Bheti Jones, ó Cym Penmachno na Breataine Bige, ag oíche scéalaíochta agus drámaíochta thiar sna Creagáin i gceárta an ghabha agus an scríbhneora, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha. Phós siad in 1964 agus bhí triúr gasúr acu: Ruairí, Niamh agus Dara. Bean léannta a bhí i mBeti agus rinne sí a cuid don Ghaeilge chomh maith: bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí na chéad gaelscoile sa tír (Scoil Neasáin) a d'oscail in 1969, bhí sí ag poibliú agus ag agóidíocht nuair a bhí Brian ag tabhairt faoina théarma príosúin nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a íoc agus ag obair go tréan (in éindí le Brian) le coistí, clubanna agus cumainn áitiúla agus iad ina gcónaí i gceantar Chois Fharraige.
An easpa leabhar a bhí ar fáil do pháistí i nGaeilge a spreag Brian chun An Bealach Rúnda a scríobh in 1969. Nuair a bhíodh sé ag léamh do Ruairí, bhí air Gaeilge a chur ar na leabhair Bhéarla a bhí ar fáil. Is í Beti a dúirt leis gur chóir dó a leabhar féin a scríobh agus is é sin a rinne sé. Níor stop sé ag scríobh agus foilsíodh 34 leabhar dá chuid idir na blianta 1965–2022, lena n-áirítear leabhair do leanaí (dhá cheann acu a scríobh sé lena gharmhac Oisín Ó hEartáin), leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta, leabhair do dhéagóirí, úrscéalta, drámaí, filíocht, leabhair thaistil agus aistriúcháin ón mBreatnais agus ón nGearmáinis. Tá duaiseanna liteartha buaite aige ó Mòd na hAlban agus gradaim iomadúla ag Oireachtas na Gaeilge. Bronnadh Gradam Liteartha an Oireachtais air in 2011 agus roghnaíodh é mar Uachtarán ar Oireachtas Cheanada in 2017.
Bhí sé gníomhach i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge chun stáisiún teilifíse Gaeilge a bhunú chun freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in 1985. Bhí éagóir mhór á déanamh ag RTÉ ar mhuintir na Gaeltachta agus easpa cláracha teilifíse i nGaeilge ar fáil dóibh. Dá bharr seo dhiúltaigh Brian a cheadúnas teilifíse a íoc. Tugadh os comhair na cúirte sa Spidéal é agus gearradh fíneáil de £50 air. Bhí baill Chlub Óige Lurgan ag léirsiú taobh amuigh lena dtacaíocht a thaispeáint agus ba mhór ag Brian an tacaíocht sin. Ó bhog sé féin, Beti agus an chlann go hIndreabhán in 1975 bhí siad thar a bheith gníomhach sa bpobal go mór mór sa gclub óige agus bhí muintir ná háite agus na daoine óga dilís dóibh. Agus an Breitheamh Ó Garbháin ag gearradh píonóis air, dúirt sé gur thuig sé a chás agus go raibh bá aige le Brian ach go raibh air an dlí a chur i bhfeidhm agus ghearr sé tréimhse príosúnachta dhá mhí air. Faoi mar a tharla sé, ba é a chomharsa, an garda Pat O’Connor, a bhí ar dualgas an lá sin agus bhí air a chara a thionlaic chomh fada le geataí an phríosúin. Dhiúltaigh Brian an fhíneáil a íoc le go mbeadh sé, agus na daoine eile a cuireadh chun príosúin, in ann náire a chur ar an Rialtas agus ar RTÉ. Luigh siad isteach ar an obair bholscaireachta láithreach. D’ullmhaigh siad litreacha le cur go dtí daoine ar fud an domhain agus bheartaigh siad feachtas poiblíochta. Bhí Beti, a bhean chéile, lárnach san obair seo uilig. Is ise a dúirt le Brian ón gcéad lá riamh, gur chur amú ama é dul sa bpríosún muna raibh a fhios ag an domhan mór cén fáth ar cuireadh ann é.
Tá Brian ina chónaí sa Teach Mór in Indreabhán fós, sa teach a thóg sé féin agus Beti na blianta fada ó shin. Tá sé 92 bliana d'aois agus é i mbarr a shláinte agus fós ag scríobh agus ag baint lá amach. Is maith leis a bheith gnóthach agus cuireann sé lá oibre isteach fós agus é ag scríobh, ag péintéireacht agus ag léamh gach rud gur féidir leis – stair, polaitíocht, fealsúnacht, filíocht, úrscéalta srl. Le linn na paindéime d'fhoilsigh sé trí leabhar: An Príosún, Ceann Fhaoladh, An Rún agus tá úrscéal nua dá chuid Grá Faoi Scáth Cogaidh le foilsiú go luath. Ba bhuille mór do Bhrian agus don chlann uilig bás Bheti i mí Eanáir 2022. Cé go n-airíonn sé uaidh go mór í, tá dearcadh an-dearfach aige agus baineann sé lántairbhe as chuile lá.
Scríbhneoir: Sadbh Ní Ghibne, an Teach Mór.
Ba mhaith le Sadbh buíochas a ghabháil le Brian agus le muintir Uí Bhaoill faoin eolas a thug siad di.
Buíochas le Seán Ó Mainnín faoin bpictiúr clúdaigh. Is ón gclann a tháinig na pictiúir eile.