Beairtle Ó Conaire

Is as an nGairfean i Ros Muc ó thús do mo dheaideo, an scríbhneoir Beairtle Ó Conaire. Tá sé ina chónaí sa Spidéal anois le blianta fada agus is ar an bPáirc a thóg sé féin agus a bhean Úna a seisear clainne. Sna 1950idí nuair a bhí Beairtle ina dhéagóir, bhíodh sé ag imirt d’fhoireann peile an Spidéil.  Ag an am áirid sin, ní raibh ach foireann amháin cláraithe i ndeisceart Chonamara, b’in foireann an Spidéil. Bhíodh imreoirí ón gCnoc, ón gCeathrú Rua, as Leitir Móir, as Ros Muc agus as Carna ar fhoireann an Spidéil.

San achar sin, bhí baint mhór ag Beairtle leis an bpobal mar mhúinteoir scoile. Is mar oide cúnta a bhí sé i Scoil na mBuachaillí i dtús ama agus ina phríomhoide ina dhiaidh sin. Sular éirigh sé as in 1999 d’oibrigh sé féin, an tAthair Ó Cadhain agus an tSiúr Máire i gcomhar le chéile agus rinneadh cónasadh ar an dá scoil: ceann na mbuachaillí agus ceann na gcailíní. Bhí sé thar a bheith gníomhach in imeachtaí an cheantair agus é mar bhall de choistí éagsúla. Bhí sé mar bhall de Chumann Lúthchleas Gael agus bhí sé páirteach i gcomórtais peile agus iománaíochta na scoileanna. Bhí sé ina rúnaí ar an gcoiste Forbartha Pobail faoi ainmneacha difriúla, agus ina rúnaí agus ina chathaoirleach ar Fhéile na gCurrachaí sa Spidéal.  Bhí sé ina bhall de choiste an Ghaelacadaimh ón tús.  Bhí sé ina bhall de choiste Chomharchumann Chois Fharraige agus bhí sé ina bhall den Ghasra Staidéir.  

Bhí traidisiún na scríbhneoireachta beo beathaíoch i Ros Muc agus Beairtle ag fás suas.  Bhí dlúthbhaint ag Pádraig Mac Piarais agus Pádraic Ó Conaire le Ros Muc, beirt a ndeirtear fúthu a chuir tús le nuascríbhneoireacht na Gaeilge ag tús an 20ú haois. Is cinnte go ndeachaigh scéalta an Phiarsaigh agus Uí Chonaire i bhfeidhm ar Bheairtle. Bhí a gcuid leabhar mar théacsanna scoile ag Beairtle nuair a bhí sé ina scoláire óg. Bhíodar ag scríobh faoi dhaoine agus faoi áit a raibh an-eolas aige orthu. Dar le Beairtle go raibh cosúlachtaí agus difríochtaí ina gcuid scríbhinní. Bhí suim acu sa dúlra, sa timpeallacht agus sna daoine agus thaitin an cur síos i nGaeilge shimplí a bhí ina gcuid scéalta leis.

D’aithin Beairtle na cnocáin, na bóithre agus na bailte a bhí luaite i scéalta an Phiarsaigh. Bhí ainmneacha na gcarachtar sna scéalta ar na daltaí a bhí ar scoil leis: Antaine Beag Ó Mainnín, Nóra Chóil Labhráis, mar shampla   Tá cur síos i scéalta an Phiarsaigh ar mhná atá faoi imní nó ag fulaingt: máthair Eoghainín na nÉan, an Dearg Daol, Bríd na nAmhrán agus mar sin de. An taobh geal agus dearfach a bhí in uachtar sna scéalta mar sin féin, dar le Beairtle.

Thug an spéis a léirigh Pádraic Ó Conaire sa dúlra suim do Bheairtle ann freisin. Nárbh aoibhinn a bheith i do chodladh le hais coille, na réaltaí os do chionn agus dúiseacht le coinín os do chomhair ag coinneáil súil ort. Ach de réir mar a chuir Beairtle aithne ar scéalta Uí Chonaire, bhraith sé gur éirigh an saol níos dorcha.  Bhraith sé go raibh tuiscint agus nádúr aige leis an saol a chruthaigh Ó Conaire sna scéalta. Bhí tuiscint aige don charachtar Páidín Mháire, ar tharla timpiste dó ag déanamh na ndroichead a cheanglaíonn na hoileáin dá chéile i gCeantar na nÓileán ag deireadh an 19ú céad agus tús an 20ú céad. Thaitin an tsuim a bhí ag Ó Conaire i gcúrsaí farraige, sa tseoltóireacht, san iomradh, sna taoillí agus sna rabhartaí le Beairtle mar is spéis leis féin na cúrsaí sin freisin.

Ag éirí suas lena linn féin i Ros Muc bhí Caitlín Maude, go ndéana Dia grásta uirthi. Bhí cónaí ar an gclann i gCill Bhriocáin, cúpla míle soir an bóthar ó Bheairtle. Tugadh aitheantas di ón tús beagnach, mar mhórfhile, mar aisteoir agus mar fhonnadóir.  Bhí aithne mhaith ag Beairtle ar dhuine eile de scríbhneoirí móra Ros Muc, Pádhraic Óg Ó Conaire a bhí suas lena linn féin. Chaitheadh Pádhraic Óg cuid mhaith den samhradh ar an Turlach Beag.  Thaitin Ceol na nGiolcach agus Éan Cuideáin, dhá úrscéal mhóra le Pádhraic Óg go mór le Beairtle.

Thaitin scríbhneoireacht a raibh an greann ag roinnt leis le Beairtle.  Thaitin Jimín Mháire Thaidhg a scríobh Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac, 1883-1964) leis, mar shampla. Ag an am céanna, bhí sé ag léamh na ngreannán an Dandy, an Beano agus Hotspur a d’fhaigheadh sé ón mbuachaill béal dorais. Bhíodh Our Boys ag Beairtle, a d’fhaigheadh sé ón múinteoir, le babhtáil leis. Thosaigh Beairtle ansin ar leabhair Reics Carló le Cathal Ó Sándair a bhí ag teacht amach ag an am. Ina dhiaidh sin, léadh sé go leor úrscéalta Gaeilge a bhí le fáil sa leabharlann scoile - scéalta le Séamas Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, le Tomás Ó Criomhthain, scéalta béaloidis agus aistriúcháin ón mBéarla.

Bheadh tionchar ag gnéithe de shaothar Mháirtín Uí Chadhain, scríbhneoir mór Chois Fharraige, air. Le himeacht ama, thaitin an ghontacht focal i bhfilíocht Mháirtín Uí Dhireáin leis. Thaitin na híomhánna atá i bhfilíocht Mháire Mhac an tSaoi go mór leis freisin.  Tháinig údair éagsúla eile ina bhealach agus chuaigh leithéidí James Joyce, Steinbeck, Camus, William Trevor, Gabriel García Márquez, George Orwell agus Frank O’Connor i gcion air.  Deir Beairtle gur chaith sé i bhfad níos mó ama ag léamh scéalta le húdair eile ná ag scríobh! Ní dheachaigh an léitheoireacht seo amú air mar is furasta a aithint go bhfuair sé ionsparáid agus gur fhoghlaim sé a cheird ó mháistrí móra na litríochta. Taitníonn gach cineál scríbhneoireachta le Beairtle anois. Tá leabhair le Agatha Christie, J.K. Rowling, agus scéalta Sherlock Holmes ar an tseilf aige faoi láthair.

Is í an stíl liteartha is mó a thugann sásamh dó. Dar le Beairtle, go bhfuil an scríbhneoireacht níos deacra ná an léitheoireacht. Leis an scríbhneoireacht, bíonn an aire dírithe go dlúth ar an ábhar atá á scríobh an t-am ar fad. Ní raibh Beairtle in ann a aigne a roinnt idir an mhúinteoireacht agus an scríobh. Mar sin, is i rith trátha saoire, sa samhradh, faoi Nollaig, faoi Cháisc agus i rith deireadh seachtainí fada a théadh sé i mbun pinn.

Tá idir ailt fhada agus ghearr foilsithe ag Beairtle chomh maith le gearrscéalta agus úrscéalta.  Is iad an cnuasach gearrscéalta Lár an Domhain agus na húrscéalta Thar na Tonnta agus Fonn na Fola na leabhair is mó dá chuid a thugann sásamh dó. Bhain Fonn na Fola duais amach i gComórtas Oireachtais don úrscéal liteartha in 2004 agus bhuaigh Lár an Domhain Duais an Oireachtais do Ghearrscéalta in 2006. Bhuaigh cúpla gearrscéal eile leis duaiseanna Oireachtais freisin. Ar na saothair eile a scríobh sé tá na gearrscéalta An Féte agus Scéalta Eile (1984) agus Marilyn Monroe i mBaile an Ghoirt (1991) agus an t-úrscéal, Iad Seo Nach bhFaca (2010).  Scríobh sé ailt faoi chúrsaí oideachais do Leabhar Ros Muc agus alt den teideal ‘Bunoideachas i gCeantar an Spidéal 1826-1910’ don leabhar comórtha Cill Éinde – Céad bliain (2007), chomh maith le hábhar eile. Ba fhoinse mhór eolais é Beairtle do Thomás S. Ó Máille freisin dá shárshaothar tagartha siúd, Liosta Focal as Ros Muc.

Tá an scríbhneoireacht an-tábhachtach ina shaol i gcónaí. Nuair nach mbíonn sé ag scríobh, airíonn se go bhfuil folús ina intinn agus go bhfuil a shaol ag dul amú air!  Maidir le staid na scríbhneoireachta sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann, airíonn Beairtle go bhfuil modhanna cumarsáide ag athrú an t-am ar fad.  Tá go leor den scríobh agus den iriseoireacht á dhéanamh ar líne do chláir raidió agus teilifíse anois, dar leis. Is amhlaidh an scéal maidir le cúrsaí drámaíochta, a cheapann sé. Airíonn sé go bhfuil go leor filíochta á scríobh ag óg agus aosta ach go mb’fhéidir nach bhfuil scríbhneoirí úrscéalta agus gearrscéalta ag forbairt a gceirde go leanúnach faoi mar a bhíodh sna ceantair Ghaeltachta tráth. Dar leis go bhfuil chuile dhuine in ann a bheith ina scríbhneoir agus mholfadh sé do scríbhneoirí óga dua a chaitheamh lena gcuid scríbhneoireachta agus an cheird a fhoghlaim chomh fada agus is féidir. Molann sé díriú ar an obair atá idir lámha, fanacht leis agus feabhas agus slacht a chur uirthi ansin.

Tá lorg a láimhe fágtha ag Beairtle ar Chonamara agus ar litríocht Ghaeilge na linne seo.  Tá go leor athruithe feicthe aige i gCois Fharraige lena linn. Tá bualadh mór daoine ar an áit le hais mar a bhíodh agus tá bruachbhailte na cathrach ag teannadh anoir i gcónaí. Tá an Ghaeilge ag coinneáil cúrsa maith go leor mar theanga an phobail, dar leis. Tá cleachtadh an chreidimh athraithe, go háirid, freastal ar Aifreann an Domhnaigh. Ceapann Beairtle go bhfuil tuiscint níos doimhne agus níos leithne ag an nglúin óg ar an gceart agus ar an gcóir, mar sin féin. Ba mhaith leis a cheapadh go m’fhéidir go raibh tionchar aige, i gcomhar leis an bpobal, sna hathruithe sin. ‘Tá súil agam go raibh,’ a deir sé, ‘ní agamsa a rá mar tá oidhreacht mhúinteora an-leathan.’

Sin é scéal mo dheaideo-sa, Beairtle Ó Conaire!

 Scríbhneoir: Doireann Ní Fhoighil

 

 

 

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

May Standún

Next
Next

Brian Ó Baoill