May Standún

Tá tarraingt le fada an lá ag siopadóirí áitiúla agus ag cuairteoirí idirnáisiúnta ar Thigh Standún sa Spidéal ach bhíodh tarraingt ag ceoltóirí agus amhránaithe ar theach cónaithe May agus Mháirtín Standún freisin agus bhí cáil i bhfad agus i ngearr air mar theach mór airneáin sna 1950idí agus 60idí.

May agus Máirtín Standún in éineacht le Dónal, Dearbhaill agus an drumadóirín beag!

Is in 1946 a cheannaigh an lánúin óg an siopa nuair a chonaic siad é agus iad ar shaoire rothaíochta i gConamara agus tá fás agus forbairt tagtha ar an gnó ó shin. Bhí cúigear sa gcomhluadar acu: Dónal, Dearbhaill, Diarmuid, Caoimhín agus Tomás. Cailleadh Diarmuid is gan na ceithre bliana slánaithe aige, beannacht Dé leis. Bhí an-luí ag an mbeirt acu leis an bpoblachtánachas, leis an nGaeilge agus leis an gcultúr. Go deimhin, ba ó Mháirtín Ó Cadhain a d’fhoghlaim Máirtín Standún Gaeilge agus é i gCampa Coinneála an Churraigh i dtús na 1940idí agus bhí Gaeilge Chois Fharraige aige sular leag sé cos san áit! Ní raibh an saol éasca díreach i ndiaidh an chogaidh ach d’oibrigh siad an-dian sa siopa agus nach iad a bheadh sásta dá bhfeicfeadh siad an tríú glúin ag leanúint den traidisiún.

Ba cheoltóir cumasach í May Mulready Standún. Rugadh agus tógadh í sa Muileann gCearr, áit a raibh siopa éadaí ag a muintir. Bhí beirt deartháireacha aici, Dick agus Seán, agus deirfiúr amháin, Cáit. Bhí May agus Cáit gníomhach i gCumann na mBan agus bhí na deartháireacha sna hÓglaigh. Bhí Cáit (Uí Mhuineacháin) ar dhuine de bhunaitheoirí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus toghadh ina huachtarán ar an eagraíocht í nuair a bunaíodh í in 1951. Cé nach raibh ceol ag a dtuismitheoirí, chuir siad an-suim ann agus rinne siad iarracht chuile dheis a thabhairt don chlann óg sa gceol clasaiceach agus sa gceol traidisiúnta. Ba iad an veidhlín agus an pianó a bhíodh á gcasadh ag May. Ghnóthaigh sí go leor duaiseanna ceoil agus í óg agus nuair a bhí sí fásta thosaigh sí ag múineadh ceoil i Muilte Farannáin i gCo. na hIarmhí. Chuir sí buíon cheoil le chéile lena deirfiúr, Cáit, ar an bpianó agus lena deartháir, Eddie, ar an mbosca ceoil agus chasadh siad ceol fud fad na Mí is na hIarmhí.

Nuair a shocraigh May síos i nGaillimh bhí sí ina ball den Patrician Musical Society agus bhíodh sí ag casadh leis an gceolfhoireann ag na ceoldrámaí. Bhíodh sí ag múineadh freisin i Meánscoil Mhuire (Siúracha na Trócaire) i nGaillimh agus ba é an rothar an modh taistil a bhí aici. Bhíodh éileamh ag na sagairt uirthi agus chasadh sí an t-orgán sa séipéal sa Spidéal, go háirithe faoi Nollaig agus faoi Cháisc. Iarradh uirthi ceol a mhúineadh sa gclochar sa Spidéal agus chaitheadh sí dhá lá ag teagasc ann chuile sheachtain ó mhoch maidine go dtí a seacht sa tráthnóna agus ansin théadh sí abhaile go dtí an siopa. Ní saol éasca a bhí ann ach choinnigh an dúil chéadach a bhí aici sa gceol ag imeacht í agus bhí an doras i gcónaí oscailte do cheoltóirí agus d’amhránaithe. Cuairteoirí rialta sa teach iad Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha, Tomás Ó Neachtain, Maidhcín Curran, Festy Ó Conláin, Peadar Shéamuis Mháirtín, Páraic Johnny Bán Ó Coistealbha, Pádraig Ó Cualáin, an damhsóir Stiofán Ó Cualáin agus go leor eile.

Ó chlé: Pádraig Mac Fhlannachadha, Síán, Máirtín Standún, Festy Ó Conláin, Pádraig Johnny Bán & May.

Sa bpictiúr tá: Tom Pháidín Tom, Festy & May.

Bhunaigh sí féin agus roinnt ceoltóirí eile banna ar thug siad Na Beanna Beola air. Bhí Festy (a bhí pósta le deirfiúr Mháirtín) ar an bhfeadóg, agus fear Bhaile Aird, Seán Ard Ó Neachtain, ar na drumaí. Chasadh siad go minic ag na céilithe i gColáiste Chonnacht agus ag ócáidí eile. Chaith May tréimhse i mBanna Céilí Loch Lurgan in éineacht le Micheál Ó hEidhin, Eddie Maloney agus go leor ceoltóirí eile as Gaillimh. Is ar an teach cónaithe a thugadh cuairteoirí aghaidh freisin agus is cuimhin le Dónal agus Dearbhaill go mbíodh ceol go gealach ag baill de na Dubliners, na Wolfe Tones, na Chieftains, na Clancy Brothers agus Tommy Makem (a cheannaigh a chéad gheansaí Árann sa siopa!) le May á dtionlacan ar an bpianó chomh maith le muintir Keane ó Chathair Loistreáin, Joe Burke, Máirtín Byrnes, Séamus Ennis, Mary O’Hara agus go leor eile.

Thosaigh sí ag teagasc ceoil do Dhónal agus Dearbhaill nuair a bhíodar thart ar cheithre nó cúig bliana d’aois. Ba í a mhúscail an ceol iontu agus ní dhearna sí deighilt idir an ceol traidisiúnta agus an ceol clasaiceach. Nuair a bhí an bunús acu, cheap sí go ndéanfadh sé maitheas dóibh foghlaim ó dhuine éicint eile agus chuir si faoi mheantóireacht Mr Herminges iad, fear a bhíodh ag tabhairt ceachtanna sa gceol clasaiceach sa Bridgehouse Hotel i mbaile an Spidéil. Chas Dearbhaill agus Dónal in éineacht le May sa mbuíon Ceoltóirí Chonnacht, grúpa a bunaíodh i gcathair na Gaillimhe, agus bhí an grúpa sin páirteach sa seó Seoda a bhíodh ar stáitse na Taibhdheirce.  

May ag casadh in éineacht le Dearbhaill agus le Dónal, tús na 1960idí.

Muintir Standún, chun tosaigh, nuair a bhí siad páirteach sa seó, Seoda, sa Taibhdhearc.

Muintir an Spidéil ar float Lá le Pádraig: tá May, Pádraig Johnny Bán Ó Coisdealbha, Marcella O’Toole agus Síle Tim Ní Fhlaithearta ar an leoraí!

Is cinnte gur bhean eisceachtúil a bhí i May Standún ar mhórán bealaí. Poblachtánach, fiontraí, máthair, meantóir agus ceoltóir den chéad scoth a bhí inti agus bhí sí ar dhuine den bheagán ban a bhíodh ag casadh go poiblí sna 1950idí agus 1960idí. Bhí an ceol ina croí agus ina hanam nuair a bhíodh sí ag casadh sa mbaile, ag teagasc, ar an stáitse, ar an tsráid ag fleadhanna ceoil, ar an float Lá ‘le Pádraig agus ag casadh le giotáraithe agus damhsóirí thall i Madrid. Cailleadh May ar an 09 Eanáir, 1995, trí mhí i ndiaidh bhás a fir, Máirtín. Fágadh slán ceolmhar léi i gCill Éinde, an Spidéal agus cuireadh May i Reilig an Chnoic in éineacht le Máirtín agus lena maicín beag, Diarmuid Standún. Beannacht Dé leo.

Scríbhneoir: Frankie Mac Aodha, an Choill Rua.

Foinsí

Agallamh le Dónal agus le Dearbhaill Standún

https://indianamemory.contentdm.oclc.org/digital/collection/IrishNews/id/2833

https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1604

Long, B. & Standún, R. (2001) Voices of Connemara. Baile Átha Cliath. New Island Books.

Previous
Previous

Máirtín Shéamuis Ó Fátharta

Next
Next

Beairtle Ó Conaire