Tadhg Mac Dhonnagáin

Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo do Thadhg ó dhúchas agus tá sé ag cur faoi i gCois Fharraige ón mbliain 2000 i leith. Tá amhráin cumtha aige agus albaim taifeadta aige do dhaoine fásta (Raiftearaí san Underground) agus do pháistí (Bliain na nAmhrán) agus tá cóiriú agus taifeadadh déanta aige, i gcomhar lena leathbhádóir ceoil, John Ryan, ar ábhar ón traidisiún béil, idir rannta, amhráin, orthaí agus eile (Gugalaí Gug!, Peigín Leitir Móir, Aniar). Tá aithne air mar chruthaitheoir agus scríbhneoir don scáileán (an tsraith theilifíse Aifric), mar scríbhneoir beathaisnéise (Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal) agus mar úrscéalaí (Madame Lazare). Tá duaiseanna éagsúla bainte aige dá chuid scríbhneoireachta, ina measc Gradam Réics Carló, Gradam Children’s Books Ireland, Gradam White Raven ó Leabharlann Idirnáisiúnta na nÓg, Munich, Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam An Post do Leabhar Éireannach na Bliana agus Aitheantas Speisialta ó Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh. Tá fáil ar a shaothar i gcuid mhaith teangacha ar fud na cruinne.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Gearóid Denvir

Next
Next

Éilís Lennon