Gearóid Denvir

Tá a shaol caite ag Gearóid Devir le cúrsaí léinn agus tá cuimhní geanúla ag iar-mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe air mar léachtóir agus mar ollamh a bhíodh i gcónaí ar mhaithe leo.

Baile Átha Cliathach é Gearóid agus tá cónaí air le fada i gCnoc na hAille, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara. Bhain sé BA agus MA amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, i dtús na 1970í, agus tá PhD aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí sé ina Ollamh Bunaithe sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, áit a raibh sé ag teagasc ó 1977-2014. Chaith sé tréimhsí ag teagasc freisin in Ollscoil Hamburg agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí sé ina Léachtóir ar Cuairt in Ollscoil Toronto agus Boston College.

I measc na leabhar atá foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht agus de chultúr na Gaeilge tá: Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain (1987), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Duanaire an Chéid (2000), Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010), An Peann is a bhfuil ann (2021) agus Oidhreacht Sheáin Uí Riada (2022). Ina theannta sin, tá dhá leabhar filíochta foilsithe aige, Iomramh Aigne (1976) agus Trudaireacht (1983). Tá riar mhaith alt foilsithe freisin aige i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis in irisí léannta agus liteartha éagsúla in Éirinn agus thar lear.

Bhí sé ina chathaoirleach ar Choláiste Chamuis a bhunaigh sé sa bhliain 1973 agus bhí sé ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge in 2020 agus 2021. Tá suim mhór aige i gcúrsaí spóirt, go mór mór sa pheil agus san iománaíocht, agus tá sé gníomhach i gcónaí lena chlub áitiúil, Cumann Peile Mhichíl Bhreathnaigh.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Máire Áine Ní Dhonnchadha

Next
Next

Tadhg Mac Dhonnagáin