Maidhc Ó Curraoin
Rugadh Maidhc Ó Curraoin (Maidhcín Curran nó Maidhc Phádraig Stiofáin) sa mbliain 1916 ar an bPáirc Thoir, an Spidéal agus is ar mbaile sin a chaith sé a shaol ar fad. Pádraig Stiofáin a bhí ar a athair agus Máire Ní Fhátharta as na hAille ar a mháthair. Nuair a phós Máire isteach sa teach bhí deartháir le Pádraig, Tomás, ina chónaí sa teach freisin. Bhí seisean deich mbliana níos óige ná Pádraig agus gan é fós in aois pósta.
Rugadh mac dóibh, Stiofán, sa mbliain 1914, rugadh mo dheaide Maidhc in 1916 agus mac eile, Tadhg, in 1918, an bhliain a raibh an Fliú Mór ag scaipeadh ar fud na tíre. Bhí an mí-ádh ceart orthu gur tholg Pádraig an galar agus bhásaigh sé ar an gcúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Tar éis a dheartháir a chur i Reilig na Tulaí Buí ar an gCoilleach, chuaigh Tomás abhaile le dul ar an leaba agus bhásaigh sé féin cúpla lá ina dhiaidh ar an 19 Deireadh Fómhair, 1918.
Fágadh mo mhamó ina baintreach is gan í ach 31 bliain d’aois agus triúr páistí aici: Stiofán nach raibh fós cheithre bliana d’aois, m’athair Maidhc a bhí bliain is deich mí agus ní raibh Tadhg ach ina naíonán. Chaith Maidhc agus Tadhg (Tim) blianta a n-óige thiar sna hAille le mamó, daideo, uncail agus aintíní go dtí go raibh an Chéad Chomaoineach déanta acu. Chuaigh siad ar scoil ag an Spidéal agus d’fhág Maidhc a chuid scolaíochta ina dhiaidh nuair a chríochnaigh sé sa mbunscoil. Ag an tráth sin bhí a dheartháir Stiofán imithe leis an tsagartóireacht [An tAthair Cillín] agus theastaigh cúnamh sa mbaile ar an ngabháltas beag talún a bhí acu. Chaith Maidhc a chuid ama ag obair i ngarrantaí, ar an gcladach, ar an bportach nó ag fosaíocht ar bheithígh, ag déanamh obair fir ó bhí sé an-óg. D’fhan Tim ag an scoil ar feadh cúpla bliain eile, chuaigh sé le ceird na siúinéireachta agus ansin thug sé aghaidh ar Shasana. Bhí Maidhc agus a mháthair fágtha leo féin.
Bhí suim aige i gcónaí sa gceol agus bhíodh sé ag éisteacht le ceol Gaelach ar an wireless sa teach. Ba é an chéad uirlis a fuair sé ná orgán béil agus bhíodh sé féin agus a chomharsa béal dorais, Máirtín Ó Céidigh, ag casadh le chéile. Nuair a bhí sé ina dhéagóir bhíodh sé ag dul go Gaillimh le carr capaill ag díol móna ar an margadh agus is ar cheann de na turais sin go Gaillimh a leag sé súil ar an mileoidean aonsraithe agus bheartaigh sé é a fháil. Ní fhéadfainn a rá cé mhéad a bhí ar an mileoidean ach tá a fhios agam nach raibh an t-airgead aige agus bhí air é a fháil ar fhruilcheannach nó hire purchase. Bhí sé á íoc de réir na seachtaine go ceann i bhfad. Níor inis sé tada dá mháthair faoi agus choinnigh sé i bhfolach é sa teach cairr ina mbíodh an carr capaill.
Nuair a chloiseadh sé port ar an wireless, thugadh sé cluas ghéar dó, agus thugadh sé leis an ceol, ag feadaíl ar dtús agus ansin á chasadh ar an mileoidean nuair a d’fhaigheadh sé seans, i ngan fhios dá mháthair. Is mar sin a d’fhoghlaim sé a chéad phort agus bhí sé ag cur lena stór de réir a chéile. Nuair a bhí an mileoidean íoctha aige agus cúpla punt le spáráil aige arís, cheannaigh sé an bosca ceoil – an ceann liath, boscaí a bhfuil an-tóir orthu anois.
Ní fhéadfainn a rá go cinnte cén uair a thosaigh sé ag casadh go poiblí ach chaith sé blianta fada ag casadh ag céilithe sna hallaí áitiúla, ag bainiseachaí a bhíodh sna tithe agus do chéilithe a bhíodh ag na Bráithre Críostaí do na scoláirí a bhíodh ag freastal ar Choláiste Chonnacht i rith an tsamhraidh. Caithfear cuimhniú gurbh é an modh taistil a bhí aige ná rothar – rud a d’fhág nach bhféadfadh sé dul i bhfad ó bhaile lena bhosca ceoil ar a dhroim.
Thaitin leis a bheith ag casadh ceoil agus ag foghlaim ó cheoltóirí eile nuair a fuair sé deis. Chas sé in éineacht le Festy Ó Conláin, Mae Standún, Clann Lewis sna Forbacha, PJ Ó hIarnáin agus go leor eile, agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar Sheán John Eoinín Ó Neachtain ón mBaile Ard sa Spidéal a bhíodh ag casadh na ndrumaí agus ag déanamh fear an tí ag na céilithe i gColáiste Chonnacht ar feadh na mblianta. Is cuimhin liom é ag caint faoin uair a bhíodh sé ag casadh leis féin ag an gcéilí i halla na bhForbacha i dtús ama, gan aon chóras fuaime in aon áit an uair sin, b’iontas leis go mbíodh na damhsóirí in ann an ceol a chloisteáil ar chor ar bith mar gur urlár cláir a bhí ann agus na fir ag caitheamh bróga tairní. Is san oíche Dé Domhnaigh a bhíodh an céilí ann mar ní cheadaíodh na sagairt, a raibh smacht acu ar na hallaí damhsa, aon chéilí san oíche Dé Sathairn toisc go raibh ar dhaoine freastal ar Aifreann an Domhnaigh agus bhíodh orthu bheith ina dtroscadh ó mheán oíche. Thaistil daoine mílte le freastal ar na céilithe, de shiúl na gcos nó ar rothair. Is minic a labhraíodh é ar fhear a thagadh ó Cheantar na nOileán ar a rothar go dtí na Forbacha agus nuair a thógadh Maidhcín briseadh beag le haghaidh tae, shíneadh sé chuige a bhosca chun cúpla port a chleachtadh. Ní fhéadfainn a rá an raibh aon bhosca ag an bhfear sa mbaile ach is léir go raibh an-dúil aige sa gceol chun an t-aistear sin a chur air féin chuile oíche Dé Domhnaigh.
Nuair a chasadh mo dheaide an bosca ceoil, fiú sa teach is muid ag fás aníos, bhíodh sé ag iarraidh go mbeadh daoine ag damhsa. Chreid sé freisin gur cheart go mbeadh an rithim láidir sa gcaoi go gcuirfeadh sé fonn damhsa ar aon duine a chuala é. Nuair a bhíodh sé ag éisteacht le RnaG uaireanta mheas sé go raibh an iomarca luais le cuid de na poirt, nach mbeadh feiliúnach le haghaidh damhsa, an rud a chleacht seisean. Ní fhéadfaí é sin a rá faoi Joe Burke, a raibh an-mheas aige air i gcónaí.
De réir a chéile, ag tús na seachtóidí, tháinig athrú ar an saol. Ní raibh aon bhainis sna tithe, ní raibh aon chéilí sna hallaí agus ní raibh ceol beo ag céilithe na scoláirí i gColáiste Chonnacht. Ina dhiaidh sin níor chas mo dheaide an bosca seachas ag cóisir a bhíodh againn féin faoi Nollaig nó ag ócáidí speisialta eile. Ní fear é a théadh chuig na tithe tábhairne ach dá mbeadh sé ag seisiún agus dá sínfí bosca chuige, bheadh sé breá sásta cúpla port a chasadh. Bhíodh sé breá sásta freisin ag dul thart leis an dreoilín Lá ‘le Stiofáin nó ina shuí thuas ar leoraí an float ar Lá ‘le Pádraig. De réir mar a chuaigh sé in aois thaitin válsaí leis agus bíodh Sullivan’s John i gcónaí ar an gcéad cheann a chasadh sé. Faraor, is beag taifeadadh atá againn de mo dheaide ag casadh mar ní raibh na gléasanna cearta againn nuair a bhí sé i mbarr a réime. Tá an t-ádh orainn go bhfuil píosa nó dhó i gCartlann Raidió na Gaeltachta.
Bhásaigh mo dheaide, Maidhc, sa mbliain 2004. Tá mé féin is mo mhuintir thar a bheith buíoch an deis seo a fháil cuimhniú air agus a ainm a chur le liosta na gceoltóirí a choinnigh an ceol beo nuair nach raibh na deiseanna ann a bhfuil cleachtadh againn orthu anois.
Scríbhneoir: Bairbre Ní Churraoin.
Buíochas le Bríd Nic Dhonncha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a d’aimsigh an t-ábhar cartlainne agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta a thug cead dúinn é a fhoilsiú. Tá an t-ábhar seo ar cheann de na taifeadtaí is sine atá i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Rinneadh taifeadadh air i dTigh Clancy sa Spidéal in Aibreán na bliana 1972, nuair nach raibh Raidió na Gaeltachta ach cúpla seachtain ar an bhfód. Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta a chuir an clár i láthair.