Johnny Óg Connolly

In Preston Shasana a rugadh Johnny Óg Connolly, i mí Iúil na bliana 1969. Ba as Inis Bearachain i gConamara dá athair, Johnny Connolly, agus ba as Coillte Mach i gCo. Mhaigh Eo dá mháthair, Patricia. Bhog an chlann ar ais go Conamara in 1976 agus chuir siad fúthu i gCor na Rón Láir in Indreabhán.

Thosaigh Johnny Óg ag casadh an bhosca ceoil nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois. Bhí an-cháil ar a athair Johnny Connolly, nó Johnny Phádraic Pheitir mar ab fhearr aithne air i gCois Fharraige, mar cheoltóir mileoidin. D’fhoghlaim Johnny Óg óna athair agus ó Mhicheal Meairt Ó Coistealbha, ceoltóir áitiúil (agus athair an cheoltóra Neansaí Ní Choisdealbha) a mhúin an córas dúbailte nó double-row (B/C) dó. Nuair a bhí sé aon bhliain déag bhuaigh sé comórtas Slógadh agus Craobh na hÉireann sa bhFleadh Cheoil. Bhí an-tionchar ag an stíl shruthach, ornáideach B/C a bhí ag leithéidí Joe Burke & Finbarr Dwyer air nuair a bhí sé ina ghasúr, agus bhí sé an-tógtha le fidléireacht Andy McGann freisin, rud a mhúnlaigh a ghrá do cheol na fidle. Tá athruithe agus forbairtí beaga tagtha ar a chuid ceoil in imeacht na mblianta agus tá sé seo le tabhairt faoi deara ina chuid taifeadtaí. Is ceoltóir sciliúil, ildánach, cruthaitheach é agus tá sé in ann casadh sa stíl B/C nó sa mhodh C#/D. Is de réir a chéile mhéadaigh a shuim sa stíl C#/D toisc go raibh sé cosúil le seancheol an mhileoidin agus bhí an fhuaim phoncaithe lena rithim láidir an-fheiliúnach do cheol Chonamara.

Thosaigh sé ag casadh ceoil le John Beag Ó Flatharta agus Na hAncairí nuair a bhí sé ceithre bliana déag. Chaith sé ocht mbliana leis an mbanna, ag casadh ceoil i dtithe ósta agus clubanna ar fud Chonamara. Thaistil sé go Sasana agus go Meiriceá leo freisin. Ba in 1990 a rinne an chéad albam traidisiúnta le Cló Iar Chonnachta, The Bees' Wing. Go luath sna 1990idí thosaigh sé ag casadh ceoil ar an gcóras C#/D agus casann sé an dá chineál bosca ceoil anois. Chuaigh Johnny Óg ag casadh leis an Sean Keane Band in 1994 agus thaistil sé ar fud na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh le Seán. Thaifead sé albam le Brian McGrath, ceoltóir bainseó a bhí sa mbanna ag an am freisin, in 1998. Dreaming up the Tunes ab ainm don albam agus fuair sé ardmholadh ó cheoltóirí agus léirmheastóirí. Chuaigh Johnny Óg ag taisteal arís sa mbliain chéanna le Lord of the Dance. Rinne sé camchuairteanna ar fud na hEorpa, an Mheánoirthir agus an Chianoirthir. In 2003 chuir sé faoi i gConamara and thaifead sé albam eile, Dusk Till Dawn, le Charlie Lennon in 2005.

Tá go leor ceoil cumtha ag Johnny Óg thar na blianta, agus thaifead a athair, an fidléir Liam O’Connor agus Michael Rooney agus June McCormack cuid dá phoirt. Tá cúig phíosa a chum sé féin ar a albam Aisling Yoshua (Joshua's Dream). Seoladh Aisling Yoshua i mí Aibreán 2011 agus bhuaigh sé Best Trad Album san Irish Times Ticket Awards sa mbliain chéanna. In 2016 d’eisigh sé an dlúthdhiosca Siar. Seod albam dá chuid ceoil féin ar fad, seachas píosa clasaiceach amháin. Tá chuile phíosa ar an albam tiomnaithe do dhuine ar leith, idir cheoltóirí, chairde agus chlann. Déanann sé iarracht, sa gceol, ócáid ar leith nó pearsantacht an té ar cumadh an píosa sin dóibh a chur in iúl.

Bronnadh dámhachtain ón gComhairle Ealaíon, an Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta, ar Johnny Óg agus ar Mary Bergin in 2012. Chum an bheirt sraith ceoil 40 nóiméad ar fhad darbh ainm Sruth. Casadh Sruth den chéad uair ag Éigse an Spidéil i mí Márta 2013 agus bhí aon cheoltóir déag páirteach sa gcéad taibhiú seo agus fuair sé an-mholadh ón lucht féachana ag an gceolchoirm agus ón lucht éisteachta ar Raidió na Gaeltachta.

In 2016 d’oibrigh Johnny mar chumadóir agus mar cheoltóir ar Aisling?, togra 1916 de chuid Ealaín na Gaeltachta faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire agus i gcomhluadar ealaíontóirí Gaeltachta eile. Ag deireadh na bliana sin thosaigh sé ag obair ar chiogal amhrán, An tEarrach Thiar, bunaithe ar dhá cheann déag de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin. I mí an Mhárta agus mí Aibreáin tháinig sé féin agus Liam Ó Maonlaí le chéile chun ceithre léiriúchán a chur os comhair an phobail i gConamara agus i nGaillimh. Léiríodh an chéad ceann acu seo ag Éigse an Spidéil agus chuaigh sé go mór i bhfeidhm orthu siúd a bhí i láthair. Fuair An tEarrach Thiar léirmheasanna an-dearfacha sa Journal of Music agus Tuairisc.ie. Craoladh ar Raidió na Gaeltachta roinnt uaireanta ó shin é agus rinneadh stáitsiú air mar chuid d’fhéile Imram i mBaile Átha Cliath i bhfómhar na bliana 2018 agus arís in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste in earrach na bliana 2020.  

I mí na Nollag 2018 d’eisigh sé an t-albam uirlise is deireanaí uaidh, Fear Inis Bearachain. Is albam é seo in ómós dá athair Johnny Connolly. Ceol mileoidin uilig atá air, agus is ómós cuí atá ann do cheoltóir a raibh ardmheas agus an-chion ag muintir Chonamara air. Bhí an-mheas ag Johnny ar an bhfile Joe Steve Ó Neachtain agus in 2018 chuaigh sé i mbun oibre chun ceol a chur le cuid de na dánta ón gcnuasach Fad Saoil. Bunaíodh cór nua, Cór Óige Chois Fharraige, chun an ciogal nua a chanadh. Léiríodh Fad Saoil den chéad uair ag Éigse an Spidéil i mí an Mhárta 2019. Rinneadh taifeadadh ar an gciogal i bhfómhar na bliana sin agus seoladh an t-albam i mí na Nollag 2019. Is togra fíorthábhachtach agus fíorspeisialta a bhí anseo do Johnny mar gur oibrigh sé leis an nglúin óg agus gur chruthaigh an saothar nasc buan idir na trí ghlúin: na hamhránaithe óga, Johnny agus na ceoltóirí eile a bhí páirteach (le hAisling agus Luisne, iníonacha Joe, ina measc) agus an laoch é féin, Joe Steve Ó Neachtain.

Cailleadh SeanJohnny ag deireadh na bliana 2019, beannacht Dé leis. Le linn na dianghlasála in 2021 fuair Johnny coimisiún ó Stiúideo Cuan chun sraith ceoil a chumadh in ómós dá athair. Léiríodh An Cosán Draíochta, seó ina bhfuil ceol nuachumtha, filíocht agus damhsa, i mí na Samhna 2021 agus i nDeireadh Fómhair na bliana 2022 chuaigh sé féin agus a bhuíon ar chamchuairt na hÉireann leis an seó.

Is dhá phreabphort iad seo a chum Johnny Óg do 'An Cosán Draíochta' sraith ceoil a chum sé i gcuimhne ar a athair Johnny Connolly. Níl an oiread sin preabphort sa stór ceoil dúchasach, mar sin, thapaigh grúpa sinsir Cheoltóirí Óga Chois Fharraige iad a fhoghlaim agus a thaifeadadh faoi stiúir Johnny Óig agus Aisling Ní Neachtain. Rinneadh an taifeadadh seo i Stiuideo Cuan i mí Dheireadh Fómhair, 2022.

Maidir le stíl, is breá le Johnny an ceol barócach agus is féidir an tionchar sin a chloisteáil ina cheol agus tá roinnt píosaí sa stíl sin cumtha aige. Tá an-rithim aige agus bíonn an-tóir ag damhsóirí ar an gceol cruinn, croíúil, snasta a chasann sé.  Taitníonn a chuid ceoil le ceoltóirí eile mar gheall ar fheabhas a chuid teicnící agus mar a dhéanann sé a chuid féin de na poirt. Tá luí faoi leith aige leis na foinn mhalla agus leis na hamhráin ar an sean-nós agus bíonn na mothúcháin agus an mhacántacht le sonrú go láidir sa mbealach a chasann sé iad. D’fhéadfá a rá go gcasann sé ceol don chos, don chluas agus don chroí. Agus muid i mbun agallaimh le Johnny, d’iarr muid air an raibh comhairle ar bith aige do cheoltóirí óga. Mhol sé an uirlis ceoil a phiocadh suas chuile lá beo agus roinnt cleachtaidh a dhéanamh – fiú ar laethanta nach raibh fonn ar bith ort é a dhéanamh!

Scríbhneoirí: Ella agus Fiach Mac Domhaill.

Previous
Previous

Johnny Connolly

Next
Next

Maidhc Ó Curraoin