Johnny Connolly
Bhí clú agus cáil ar Johnny Connolly, Johnny Phádraic Phíotair, mar gheall ar a chuid ceoil ar an mileoidean. Tugtar Johnny na gConnollys agus sean-Johnny air chomh maith. Bhí stíl bhríomhar damhsa Chonamara go láidir ina chuid ceoil agus a ainm in airde mar ‘Rí an Mhileoidin’.
B’oileánach é Johnny, a rugadh in Inis Bearachain, amach ó Leitir Móir, i gConamara. Ba as Inis Bearachain d’athair Johnny, Pádraic Phíotair, agus ba as an Trá Bháin dá mháthair, Caitlín Sheáin Tom. Ar an gclár ómóis do Johnny sa tsraith Sé Mo Laoch (TG4, 2008), mhínigh Johnny go raibh mileoidean sa teach agus é ina leaid óg, ach gur mheas a mhuintir go raibh sé ró-óg le go dtabharfaí dó é. Mar sin féin, d’éirigh leis greim a fháil air!
Nuair a bhí mé 8 nó 9 mbliana d’aois … lá amháin bhí mo mhuintir ag gabháil amach ag rástaí curach … agus bhí mo dheirfiúr Neain … bhí sí á rá liom go raibh eochair an chófra aici agus go raibh an mileoidean faoi ghlas istigh ann … so, dúirt sí go dtabharfadh sí dhom an mileoidean dhá bhfanfainn socair … Agus ní fada go raibh Johnny ag casadh ag na teidhmeanna ar an oileán, ar nós oíche an Dreoilín.
D’aistrigh Johnny agus a mhuintir amach ón oileán go dtí Cor na Rón Láir i gCois Fharraige in 1972. Bhí boscadóir eile den scoth ar an mbaile sin, Micheál Mheáirt Ó Coisdealbha, a chas neart ceoil leis agus a spreag Johnny go mór. Ar ndóigh, chas sé go leor ceoil le hiníon Mhichael freisin, Neansaí Ní Choisdealbha, ceoltóir den scoth atá ina hEagraí Ceoil le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair. Chuaigh Johnny go Sasana agus é ina dhéagóir, áit ar casadh a bhean, Patricia Sweeney as Coillte Mach i gCo. Mhaigh Eo, air i bPreston, Lancashire. D’fhill siad ar Chor na Rón sa mbliain 1976 le cur fúthu ann lena gclann óg. Triúr clainne a bhí orthu, ar ceoltóirí iad uilig: Jimmy, Johnny Óg agus Mary Ellen.
Cé gur thosaigh Johnny ag seinm thiar in Inis Bearachain ar mhileoidean an tí, bhí an boiscín beag aon-sraithe á chaitheamh ar leataobh faoin am sin sa tír, agus ar nós go leor eile, d’athraigh Johnny go dtí an bosca ceoil B/C ar feadh na mblianta. Thaistil sé le grúpa ceoltóirí agus fonnadoirí áitiúla, ar baisteadh ‘Conamara 90’ orthu, chuig Féile Idircheilteach Lorient sa mBriotáin in 1990. Theastaigh ón ngrúpa gur fíorcheol Chonamara a bheadh á sheinm acu agus d’éirigh le cuid de bhaill an ghrúpa a chur ina luí ar Johnny gur cheart dó an mileoidean a chasadh. Ní raibh aon mhileoidean ag Johnny ag an am sin, agus b’éigean dó ceann a fháil ar iasacht. Ach ba léir gurb é a bhí i ndán dó nuair a tharraing sé chuige féin arís an boiscín beag – mar níor scaoil sé leis ariamh arís ina dhiaidh sin! Cheannaigh a bhean, Patricia, mileoidean dó an Nollaig ina dhiaidh sin agus d’eisigh Cló Iar-Chonnacht a chéad albam, An tOileán Aerach, sa mbliain 1993. Ba ghearr go raibh ‘Rí an Mhileoidin’ baiste ar an bhfear atá aitheanta go forleathan as an uirlis sin a thabhairt ar ais sa traidisiún.
Chuala mé féin caint ar Johnny den chéad uair ó mo mháthair, Nóirín Ní Ghrádaigh, fidléir as Co. na Mí, a chuir aithne ar Johnny nuair a tháinig sí go Cois Fharraige ag tús na nóchaidí. Deir sí go mbíodh gáire agus spraoi leis i gcónaí – agus ar ndóigh, scoth an cheoil. Is iomaí scéal barrúil agus álainn atá aici faoi chomhluadar agus faoi cheol Johnny. Bhí sé de phribhléid aici casadh in éineacht le Johnny ag Féile Cheilteach i mBarbadós in 1997. Chuaigh Nóirín ar thuras ceoil chomh maith le Johnny, Róisín Johnny Sheáin Jeaic Nic Dhonncha agus iníon Johnny, Mary Ellen, chuig féile san Iorua in 1999. Ba mhór an onóir di é nuair a d’iarr sé uirthi dhá ríl le Liz Carroll, a chas siad le chéile i mBarbadós, a chasadh leis ar an dara halbam a rinne sé, Drioball na Fáinleoige (CIC, 1998). Cé go raibh ainmneacha curtha ag Liz Carroll ar an dá phort, bhaist Johnny ‘An Trip to Barbados’ orthu.
Is iomaí uair a rinne Johnny ionadaíocht ar Chonamara agus ar Éirinn ag féilte thar lear ar nós Fhéile Idircheilteach Lorient sa mBriotáin, Milwaukee Irish Fest, Oireachtas Cheanada, Féile Cheilteach Bharbadós agus ag féilte agus coirmeacha ceoil sa Spáinn, sa gCróit, sa mBeilg, san Iorua, in Albain agus i Sasana. Shiúil sé Éire freisin agus chuile shamhradh, ar feadh os cionn 20 bliain, thaistil Johnny go Baile Átha Caith lena cheird a roinnt le teagascóirí faoi oiliúint i gceanncheathrú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach. Bhí fíormheas ag Micheál Ó hEidhin, cigire scoile ón Spidéal a bhí ag reáchtáil na gcúrsaí sin, ar cheol Johnny.
Is i gCois Fharraige, sna tithe tábhairne áitiúla, a chas go leor daoine – móruaisle an cheoil san áireamh – ar Johnny. Deir mo mháthair go bhfuil sé chomh maith againn a rá go raibh sé ina cheoltóir cónaitheach i dTigh Hughes ar an Spidéal cúpla oíche sa tseachtain. Ó lár na n-ochtóidí ar feadh na mblianta, ba é Johnny a bhí mar ‘ancaire’ ag go leor de na seisiúin ann agus geaing mór ceoltóirí i gcónaí ag iarraidh suí isteach leis. Is é a mhac, Johnny Óg, a bhíodh lena thaobh oíche Dé Máirt, Mary Shannon oíche Dhéardaoin agus an Ciarraíoch Caoimhín Ó Sé oíche Dé Sathairn, go hiondúil. Bhíodh sé ann go minic tráthnóna Dé Domhnaigh freisin, i gcuideachta an fhidléara mór le rá, Charlie Lennon. Mar a luaigh Caoimhín Ó Sé i gclár a rinne Traidphicnic faoi Tigh Hughes (2021), chuirtí deireadh le ‘gigeanna’ Johnny go hiondúil le sraith an-fhada port a mhairfeadh 20-40 nóiméad toisc go mbeadh fógartha ag bean an tí, Breda Hughes, gurbh in an ‘tseit dheireanach’! Sin é an cleas a bhí ag Johnny leis an gceol agus an chraic a choinneáil ag imeacht agus bhí Breda bhocht i gcónaí flaithiúil foighdeach leis na ceoltóirí agus an máistir á stiúradh go cumasach ó phort go port le nach dtiocfadh deireadh leis an gceol ná an oíche! Chas Johnny ar feadh na mblianta freisin i dTigh Sé ar an gCeathrú Rua, agus i dtithe ósta eile ar an Spidéal agus ar fud Chonamara agus fáilte mhór roimhe i gcónaí, cuma cén áit a ndeachaigh sé.
Bhí an-tóir ar shean-Johnny, go mór mór nuair a bhíodh ceol ag teastáil do dhamhsóirí ar an sean-nós. Bhí Rí an Mhileoidin le feiceáil ar choirnéal an stáitse ag casadh go rithimeach beomhar do dhamhsóirí an Oireachtais ar feadh blianta fada, ag ócáidí Phléaráca Chonamara, ag ceolchoirmeacha agus oícheanta airneáin na Scoile Seachtaine sna hEalaíona Dúchasacha Gaeltachta, Cumar, agus ag chuile chineál féile cheoil agus damhsa. Sa bhfíseán thíos, tá an dlúthphósadh idir ceol rithimeach Johnny agus damhsa Chonamara le cloisteáil go soiléir agus é ag casadh do Róisín Ní Mhainín as Ros Muc.
In 1998, a bhuíochas do Chló Iar-Chonnacht, bhí Johnny le feiceáil ar eagrán den Late Late Show in ómós do Michael Flatley. Chas sé ceol ar an gclár do bheirt damhsóirí óga as Conamara – Eibhlín Ní Chonghaile as Leitir Mealláin agus Seosamh Ó Neachtain ón Spidéal. Mar ba dhual dó, chuir Johnny Michael Flatley faoi dhraíocht leis an gceol spleodrach damhsa a chuir sé amach óna chroí ar an mboiscín beag bídeach!
Bhíodh poirt mhóra Chonamara go láidir i repertoire Johnny, agus ar ndóigh, ’siad a bhíodh á gcuartú ag damhsóirí na háite – leithéidí ‘Iníon Mhic Leoid’, ‘Na Gairdíní Saileacha’ agus ‘Ríl Joe Mháire Mhicilín’, chomh maith le ‘Fánaíocht an Chonnachtaigh’ agus poirt na n-amhrán áitiúil ar nós ‘An Rógaire Dubh’, ‘Páidín Ó Raifeartaigh’, Cailleach an Airgid’ agus tuilleadh nach iad.
Ach ní raibh Johnny ar aon bhealach teoranta do phoirt na háite, mar bhí stór port gan áireamh aige. Ní raibh sé teoranta ach an oiread ag uirlis bheag na haon-sraithe! Rinne Joe Burke an cur síos seo ar ardchumas ceoil Johnny agus ar a oidhreacht ar an gclár Sé Mo Laoch (TG4, 2008):
“To do what Johnny is doing on the 10-key melodeon … well, you have to be very creative, because you almost have to reconstruct some of the tunes to get around awkward parts of them … and there’s no better man (for that) than Johnny Connolly! … It’s well acknowledged what Johnny has done for the single row, 10-key … (he did) what in the 1950s Joe Cooley and Paddy O’Brien did for the 2-row box”.
Fáisceadh Johnny as traidisiún na n-oileán agus, ar ndóigh, ní féidir dearmad a dhéanamh den ghrá agus den tuiscint dhomhain bhí aige ar na hamhráin. Má bhí rithim agus cuisle dhraíochtúil dhamhsa Chonamara i gcroílár a chuid ceoil damhsa, bhí saibhreas agus uaigneas na n-amhrán chomh paiteanta céanna aige in chuile nóta agus é ag seinm leithéid ‘Amhrán na Trá Báine’, nó go deimhin ag gabháil fhoinn amach óna chroí – rud a thaitnigh leis a dhéanamh freisin ó am go ham agus mar a léirigh sé ar an albam Drioball na Fáinleoige (CIC, 1998) nuair a chas sé ‘Johnny Seoige’.
Deirtear nach fáidh fear ar a thairseach féin go minic, ach is cinnte nach raibh sé sin amhlaidh faoi Johnny na gConnollys, nó ba fear é a raibh an-chion agus meas air ina phobal féin. Thuig muintir Chonamara go maith an laoch a bhí ina measc agus is iomaí ceiliúradh a rinne a phobal féin ar Johnny na gConnollys. Chuir an scothfhéile ealaíne, Pléaráca Chonamara, ar chlúdach na hirise Pléaráca é chomh fada siar le 1995, agus bronnadh Gradam an Phléaráca ar Johnny sa mbliain 2002. Roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin in 2016, tháinig na céadta cairde le Johnny le chéile in Óstán na Páirce ar an Spidéal le ceiliúradh speisialta a dhéanamh air. In Ómós Johnny a tugadh ar an ócáid speisialta sin. Chas Johnny ceol lena chlann agus le seanchairde ceolmhara áitiúla ag tús na hoíche sin – a leathbhádóir Meaití Joe Shéamuis, Neansaí Ní Choisdealbha, Steve Sweeney, Tom McLoughlin, Tommy Mellett, Marcus Ó hIarnáin agus go leor eile nach iad. Agus ina dhiaidh sin chas sé leis an slua mór ceoltóirí as gach cearn den tír a bhí i láthair: Joe Burke, Máirtín O’Connor, Charlie Lennon, John Carty, Danny O’Mahony, Liz & Yvonne Keane agus Séamus Ó Beaglaoich, ina measc. Ar bhuaicphointí na hoíche ceiliúrtha sin in ómós do Johnny, léigh Joe Steve Ó Neachtain dán álainn, cumhachtach a chum sé ina onóir. Bhronn Údarás na Gaeltachta portráid de féin ar Johnny, a tharraing an t-ealaíontóir Brian Bourke, agus bhí taispeántas de ghrianghrafanna Bhob Quinn le feiceáil ag an ócáid.
Faraor ní raibh an tsláinte go maith ag Johnny i ndeireadh a shaoil agus é i ngreim ag aicíd ghránna Alzheimer. D’éalaigh Rí an Mhileoidin uainn ar an 27 Nollaig 2019. Is minic a dúirt Johnny gur thug an ceol sólás agus roghanna eile dó ina shaol nuair a b’éigean dó éirí as obair thógála ag tús na nóchaidí mar gheall ar dhroch-thimpiste oibre. Mar a dúirt sé ar an gclár Sé Mo Laoch (TG4, 2008): “Is breá an rud é an ceol …níl a fhios agam cén sórt saoil a bheadh agam murach gur éirigh liom tosaí ag ceol …”
Ach is mó i bhfad an sásamh agus an saibhreas a bhronn Johnny féin ar dhaoine eile lena chuid ceoil agus lena chomhluadar álainn. Ba cheoltóir eisceachtúil é, ach thar aon rud eile, cuimhneoidh chuile dhuine a raibh aithne acu ar shean-Johnny air mar fhear uasal mánla lách fáilteach spraíúil. Ceann de na rudaí is minice atá ráite faoi Johnny ná gur chaith sé le chuile dhuine beo mar a chéile – le hómós agus le meas. Bhí fáilte chroíúil aige roimh chuile dhuine isteach ina chomhluadar agus sna seisiúin ina mbíodh sé ag casadh. Mar a dúirt an Ciarraíoch Séamus Ó Beaglaoich nuair a sciobadh uainn Johnny Connolly go míthráthúil aimsir na Nollag 2019: “ … an fear is uaisle ar domhan … bhí gach éinne i ngrá le Johnny.”
Caitríona Ní Raifeartaigh a scríobh. Ba mhaith le Caitríona buíochas a ghlacadh le Patricia, Johnny Óg agus le Mary Ellen faoin eolas a roinn siad léi.
Buíochas le CIC, le Bob Quinn agus le Seán Ó Mainnín faoi na pictiúir. Bhí roinnt eile sa stór ag Nóirín Ní Ghrádaigh. Buíochas le Cló Iar-Chonnacht faoin ábhar fuaime.
Dlúthdhioscaí agus caiséid a d’eisigh Johnny Connolly:
An tOileán Aerach (Cló Iar-Chonnacht, 1993)
Drioball na Fáinleoige (Cló Iar-Chonnacht, 1998)
Popular Irish Céilí Dances, Johnny Connolly & a chairde (Cló Iar-Chonnacht, 1998)
An Mileoidean Scaoilte (Cló Iar-Chonnacht, 2004)
Seoda na nOileán – Island Treasures. Johnny Connolly le Marcus Ó hIarnáin (Féineisithe, 2010)
Tuilleadh eolais:
Sé Mo Laoch – Johnny Connolly, (TG4, 2008):