Festy Ó Conláin

Ceoltóir cumasach agus fear lách, spraíúil a bhí i Festy, a raibh a cháil i bhfad is i gcéin air.   Rugadh Feichín Ó Conláin, nó Festy mar ab fhearr aithne air, i mBaile an tSagairt, an Spidéal ar an 16 Márta, 1925.  Ba é an dara duine ab óige de dheichniúr clainne a bhí ag Mícheál Ó Conláin agus ag a bhean, Cáit Ní Choistealbha.  Bhí an ceol san fhuil aige ó chaon taobh.  Ba as Muileann gCearr dá athair, Mícheál Ó Conláin, a bhí in ann an veidhlín agus an fhliúiteog (piccolo) a chasadh agus an-suim i gceol aige, idir cheol traidisiúnta agus cheol clasaiceach.

Ba as Baile an Domhnalláin, an Spidéal, máthair Festy, Cáit Ní Choistealbha (Kate Sheáin Tom).  Bhí stór mór amhráin ag Kate agus an-cháil go deo uirthi mar fhonnadóir sean-nóis, rud a d’fhág  go raibh an-tóir ag bailitheoirí amhrán uirthi. Fuair sise a stór óna máthair féin, Bríd Sheáin Eoin Ní Neachtain as Baile an Domhnalláin (mamó Festy).  Deirtear fúithi siúd go mba uirthi a bhunaigh Pádraig Mac Piarais an gearrscéal cáiliúil Bríd na nAmhrán mar gurbh í a  bhuaigh an comórtas amhránaíochta ag an gcéad Oireachtas riamh tar éis di taisteal go Baile Átha Cliath de shiúl na gcos! Ba chol ceathrar lena mháthair Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha a bhain cáil amach dá chuid amhránaíochta agus portaireachta béil.

Ba dheartháir lena mhama, Pat Sheáin Tom a chasadh an fheadóg mhór, a mhúin an fheadóg do Festy nuair nach raibh sé ach ina bhuachaill óg.  Is léir go raibh bua an cheoil agus an-chluas ag Festy ó bhí sé ina ghasúr. Bhí an-mheas agus ardmholadh aige freisin ar a mhúinteoir bunscoile, Seoirse Ó Flaithearta, a spreag agus a ghríos é chun seanma agus a d’eagraigh comórtas feadóige sa scoil sa bhliain 1937/38 agus ina bhfuair an Conlánach an chéad áit. Nuair a bhí sé ag fás aníos ní raibh aon ghanntanas ceoil ná amhrán air mar ba theach airneáin é Tigh Chonláin, áit a mbíodh ceol agus siamsaíocht ann agus a gcuirtí na múrtha fáilte roimh aon duine a thagadh ann - tréith a d’fhan le Festy ar feadh a shaoil. 

Festy ina scorach.

Ag taifeadadh.

Festy ag casadh i dTigh Mhicilín.

Bhí Festy mar bhall de Bhanna Ceoil an Iarthair, grúpa a bunaíodh i dtús na gcaogaidí agus arbh as ceantar Chois Fharraige do na baill.  Chasaidís ag céilithe agus a leithéidí agus thug siad leo an corn ag an Tóstal a bhí ar siúl i mBóthar na Trá i nGaillimh in 1955. Bhíodh siad feistithe amach in éadach traidisiúnta, treabhsair cheanneasna, báiníní agus caipíní cniotáilte ar na fir agus sciortaí  dearga agus seáilíní ar na mná.  

Bhí an bailitheoir Séamus Ennis an-chairdiúil le muintir Uí Chonláin agus thóg sé go leor ábhair ó Cháit agus ó Festy. Bhí an craoltóir agus an bailitheoir ceoil, Ciarán Mac Mathúna, an-tógtha leis agus ba mhinic Festy le cloisteáil ar Raidió Éireann. Le bunú Raidió na Gaeltachta bhí sé le cloisteáil go rialta air sin freisin agus bíonn i gcónaí.  Mar atá ráite cheana, bhí an-mheas air mar cheoltóir agus is iomaí sin cuireadh chun ceoil a fuair sé. Chas sé sna clubanna traidisiúnta anseo in Éirinn agus théadh sé ar chamchuairt ar na ‘Folk Clubs’ i Sasana nuair a bhíodh siad i mbarr a réime chomh maith agus chas sé ar Ewan McColl agus a leithéidí. Chuaigh sé go Meiriceá freisin agus chas i mBostún, Philadelphia agus i Nua-Eabhrac.

https://www.facebook.com/MOLSCEALTG4/videos/259920558150950

Phos sé Eileen Standún ar 19 Samhain 1951 agus chuireadar fúthu i Baile Liam, an Spidéal, áit ar lean an nós cuartaíochta, siamsaíochta agus fáilteachais.  Bhí cúigear clainne acu: Máire (Mómó - sár amhránaí), Dara, Micheál, Philip agus Mártan a fuair bás go hóg.  D’oibrigh Festy le comhlacht ag insealbhú ardaitheoirí, rud a thug ar fud na hÉireann é agus is dóigh a thug seans dó ceol a chasadh agus bualadh le ceoltóirí ar fud na tíre freisin. Ní bréag a rá dá mbeadh tú ag seisiún áit ar bith in Éirinn nuair a bhí Festy beo agus nuair a d’fhaightí amach gurbh as na bólaí seo duit go mba í an cheist a chuirtí ort go minic ná “Do you know Festy?”.

Ní raibh mórán spéise i gcomórtais aige ach thaitin go mór leis dul chuig fleadhna le haghaidh na seisiún.  B’shin ab fhearr leis, a bheith ag casadh ceoil agus ag castáil ar dhaoine.  Chas sé i dteannta leithéidí Willie Clancy, Mrs Crotty agus Máirtín Byrnes.  Bhí aithne mhaith aige ar Na Dubliners.  Ba dhlúthchairde leis Barney McKenna agus Luke Kelly agus is iomaí uair a d’fhan siad leis sa Spidéal. Chuir sé an Spidéal ar mhapa an cheoil agus is iomaí seisiún breá a bhí ann dá bharr. 

Bhí Festy sa ngrúpa ‘Banna Ceoil an Iarthair’,

Festy in éineacht le Dearbhaill Standún.

Bhí cáil na bhfonn mall ar Festy.

Chuireadh Festy a chroí is a anam isteach sna foinn mhalla, chomh paiteanta ina mbun agus go mbíodh deora i súile an lucht éisteachta le linn dó a bheith á gcasadh. Bua ar leith é sin. I measc na bhfonn mall atá luaite leis, tá ‘Róisín Dubh’, ‘An Droighneán Donn’, ‘Eanach Cuain’, ‘Úna Bhán’, ‘An raibh tú ar an gCarraig’, ‘Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ’, ‘An Chúilfhionn’ agus ‘Sliabh na mBan’.  Cé gur mar cheoltóir uirlise is mó a chuimhníonn muid ar Festy, chuaigh amhránaíocht a mháthar i gcion go mór air freisin agus deireadh sé féin corrstéibh de ‘An Gabha Ceártan’ nó ‘Coinleach Glas an Fhómhair’ agus a leithéid.  Tharlódh freisin gurbh é sin an fáth ar thaitin na foinn mhalla chomh mór sin leis agus go raibh an-cháil air ina dtaobh siúd.

Róisín Nic Dhonncha, Carna, ag casadh in éindí leis an máistir. Cumar 1999.

Festy Ó Conláin le Tom Pheadaí Mac Diarmada, Ros Muc, Cumar 1999

Bhí grá don cheol aige ariamh agus ba ceoltóir ildánach é.  Chomh maith leis an bhfeadóg bhí sé in ann an veidhlín, an fhliúit, an pianó agus an cairdín a chasadh. Tá sé ráite go raibh sé in ann tiúin a bhaint as sábh, fiú!  Bhí sé an-tógtha leis an bhfeadóg mhór, na píopaí agus an bosca ceoil. I measc na gceoltóirí ab ansa leis bhí Paddy Carthy, Leo Rowsome, Johnny Doran, Liam Óg Ó Floinn, Joe Burke agus Pat Willie Ó Gríofa.

Bhí an-luí aige leis an tiúin ‘An Chéad Teach i gConnachta’, agus go deimhin ba í an ríl chéanna a chas na ceoltóirí a thionlaic a chónra amach as Séipéal Chill Éinde, an Spidéal ag a shochraid i mí an Mheithimh, 2001. Beannacht Dé leis.

Scríbhneoir: Caitríona Ní Mhathúna, Na hAille.

Ba mhaith le Caitríona buíochas a ghabháil le muintir Uí Chonláin faoin eolas uilig a thug siad di.

Buíochas freisin le Bríd Nic Dhonncha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a d’aimsigh an t-ábhar cartlainne agus do RTÉ RnaG a thug cead dúinn é a fhoilsiú.

Pictiúir: Bob Quinn, Cumar, Matt Nolan, Raymonde Standún, Deabhaill Standún agus Muintir Uí Chonláin.

Foinsí Eolais

Agallamh:

Ó Conláin, D. (2021)  Agallamh le Dara Ó Conláin, an Spidéal, 22 Aibreán 2021.

Leabhair agus Irisí:

Long, B. & Standún, R. (2001) Singing Stones Whispering Wind – Voices of Connemara. Baile Átha Cliath: New Island Books.

Mac Amhlaigh, D. (1960) Dialann Deoraí. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Montague, J. (1989) The Figure in the Cave: And Other Essays. Baile Átha Cliath: The Lilliput Press.

Moore, C. (2003) One Voice. Londain: Hodder and Stoughton.

Ó Cualáin, S. (2001) ‘Festy Ó Conláin’. I: Pléaráca 2001. Indreabhán: Clódóirí Lurgan , lth.31

Ó Curraidhín, T. (2021) ‘Banna Ceoil an Iarthair’. I: Biseach 2020. Casla: CL Print, lth. 73

O’ Dowd, P., Biddulph, D. & Byrne, D. (2002) Galway on the Bay. Co. an Dúin: Cottage Publications.

Raidió:

Nic Con Iomaire, M., ‘An Chraobh ar an bhFál’. RTÉ Raidió na Gaeltachta. https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/10760854

 Suíomhanna idirlín agus ábhar ar líne:

·         https://www.itma.ie/digital-library/sound/buachaill-caol-oconluain

·         https://discovery.nationalarchives.gov.uk/details/r/10e40d2c-9d09-4816-9b66-0adeaa97a352

·         http://cartlann.ie/items/show/410#?c=0&m=0&s=0&cv=0

·         https://m.facebook.com/galwaymemories/photos/a.572339329494840/1139403212788446/? type=3&locale2=fr_FR

·         https://www.facebook.com/galway.memories/photos/the-bald-facts-no133-by-dick-byrne-got-this-photo-recently-from-mossy-nolan-son-/1512984788763618/

·         http://www.thedigitalfolklife.org/Mick.htm

·         http://www.tedpower.co.uk/ruskinpeople.html

·         https://www.mustrad.org.uk/obits/t_crean.htm

 

 Taifeadtaí:

Varia. (1968) ‘Úna Bhán & An Goirtín Eornan’ Grand Airs of Connemara. [LP]. (12T177)  An Bhreatain: Topic Records

Varia. (1969) ‘Banish Misfortune’, ‘The Bag of Potatoes’, ‘The Sligo Maid’ & ‘The Queen of the Rushes’ The Breeze from Erin: Irish Folk Music on Wind Instuments. [CD]. (TSDL184) An Bhreatain:  Topic Records. 

 Varia. (1971) ‘Eanach Cuain’, ‘Róisín Dubh’, ‘An Ciarraíoch Mallaithe’ & ‘Caoineadh na dTrí Muire’ More Grand Airs from Connemara. [LP]. (12T202) An Bhreatain: Topic Records

Varia. (1991) ‘Úna Bhán’ Totally Traditional Tin Whistles.  [CD]. (OSSCD 53) An Bhreatain: Ossian

 Varia. (1995) ‘An Raibh tú ar an gCarraig’ Bards & Ballads: Ancient Celtic Music [CD]. (TSCD701) An Bhreatain: Topic Records

Varia. (1995) ‘An Raibh tú ar an gCarraig’ Celtic Voices: Music and Song from the Great Tradition [CD]. (TSCD701) An Bhreatain: Topic Records

 Varia. (1996) ‘Róisín Dubh’ The Coolin’: Classic Irish Slow-Airs and Laments [CD]. (CDORBD 093)  An Bhreatain: Globe Style

Varia. (1997) ‘The Bag of Potatoes’, ‘The Sligo Maid’, ‘The Queen of the Rushes’ A Living Thing [CD]. (CDORBD 094) An Bhreatain: Globestyle

Previous
Previous

Edel Ní Churraoin

Next
Next

Johnny Connolly