Mícheál Darby Ó Fátharta
An Long faoi Lánseol. B’in an port a bhí Mícheál Darby Ó Fátharta ag gabháil ag casadh ag ceolchoirm mhór a bhí le reáchtáil i Scoil Sailearna. Deich mbliana d’aois a bhí sé agus bhí seacht gcroí ag an mbuachaill beag nuair a iarradh air cúpla port a chasadh ag an ócáid mhór. Tháinig na gearraithe, na rollaí agus na hornáidí eile go héasca leis agus b’fhada leis go gcloisfeadh daoine é! Nuair a tháinig oíche na ceolchoirme, bhí sé snoite, snasta, sciúrtha ag a mhama, Peigín, agus nach air a bhí an ríméad go mbeadh a uncail, an tAthair Pádraicín Darby a bhí sa mbaile ó na misin san Afraic, sa lucht éisteachta. Faoi dheireadh glaodh aníos air agus shuigh sé ar lár an stáitse, tharraing sé anáil agus … rinne sé staic … agus níor chas sé oiread is nóta amháin.
Is minic a labhraíonn ár n-athair ar an gcaoi ar scanraigh sé an oíche sin agus deir sé nár mhaith leis go dtarlódh a leithéid d’aon ghasúr eile. Sin ceann de na fáthanna a dtaitníonn seisiúin Cheoltóirí Óga Chois Fharraige leis mar gheall ar an mbéim atá ar an gcomhluadar, an rannpháirtíocht agus an sásamh a fhaigheann na gasúir ar an gceol. “Ní maith liom gasúir a fheiceáil faoi bhrú; baineann sé an mhaith ar fad as agus iompaíonn sé in aghaidh an cheoil iad. Sílim go bhfuil rath ar an gceol i gCois Fharraige mar gheall ar na deiseanna atá ag na daoine óga casadh le chéile agus go mbíonn atmaisféar deas ag na seisiúin; tugann sé sin misneach dóibh, go háirithe an dream a bhíonn drogallach agus cúthail ag an tús.”
Tá Mícheál ag cur faoi sna hAille, an baile inar fuineadh agus a fáisceadh é, in éineacht linn féin, Damhnait agus Déithín, agus lenár máthair, Odí Ní Chéilleachair, bean as Gaeltacht na Rinne ó thús. Ba é Mícheál an cúigiú duine clainne a rugadh do Pheigín agus Jimmy Darby Ó Fátharta agus chuir sé suim sa gceol nuair a bhí sé óg. Ba an-cheoltóir é a uncail Pádraicín; bhí sé in ann na píopaí a chasadh agus b’amhránaí breá freisin é. Cé gur chaith sí blianta thall san Afraic thagadh sé abhaile go minic agus bhíodh ceoltóirí ag tarraingt ar an teach le linn dó a bheith abhus.
Oíche amháin thug na daoine fásta faoi deara go raibh an leaidín óg ag éisteacht le chuile nóta agus dúirt siad leis dá mbeadh bodhrán aige go bhféadfadh sé casadh leo. “Tugadh isteach Tigh Raftery i nGaillimh mé agus ceannaíodh bodhrán dom. Tá an bodhrán céanna fós agus m’ainm fós scríofa ar a chúl ar an gcraiceann gabhair. Théis an mhéid sin ní mórán a lig siad cead dom tionlacan a dhéanamh ach dúirt siad liom a bheith ag éisteacht agus ag foghlaim rithim an cheoil. Is dóigh go raibh siad cráite agam!”
Tá an-chuimhní ag Mícheál ar Mháirtín Shéamuis, uncail a dheaide, mar bhíodh sé sa teach go minic acu. “Dá mbeinn amuigh ag spraoi chloisinn ag teacht é mar bhíodh sé i gcónaí ag feadaíl nó ag portaireacht. Bhí cornphíopa amháin a bhíodh á fheadaíl go minic aige, Cearta an Duine (The Rights of Man). Chasainn port dó ar an bhfeadóg anois is arís agus bhíodh sé ag cur comhairle orm. Bhí sé thar cionn ar an trumpa béil agus is é a chum agus a chas an ceol aitheantais a bhíonn fós le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí sé go maith ar an gcairdín freisin agus bhíodh an-seisiúin aige le Pádraicín agus le Meaití Jó Shéamuis, col ceathar m’athar.”
Níor chuir an méid a tharla ag an gceolchoirm scoile as don tsuim a bhí ag Mícheál san fheadóg agus thaitin ranganna an cheoltóra mór le rá, Mary Bergin, go mór leis. “Chaith Mary Bergin na blianta ag múineadh i Scoil Sailearna agus ba é an lá a thagadh Mary an lá ba dheise liom ar scoil. D’fheicinn ag teacht isteach geata na scoile í agus bhíodh mé an-sásta.” Nuair a chuaigh deartháir Mhíchíl, Dermot, san arm d’fhág sé a bhosca ceoil ina dhiaidh agus thosaigh Mícheál ag triail cúpla nóta a bhaint as. Bhíodh ranganna ag an nGaelacadamh i gColáiste Chonnacht ag an am agus ba í Marian Creaven as an Rinn Mhór a bhíodh ag múineadh an chairdín. “Lár na n-ochtóidí a bhí ann. Is cuimhin liom go raibh Colm Mhaidhc as an gCnoc, Caroline Mhichael Mháirtín Mhóir as an Lochán Beag agus Gearóid Mhaidhc Walsh as mo bhaile féin sna ranganna agus bhíodh an-spraoi againn.” B’shin na ranganna deireanacha ar fhreastail sé orthu agus nuair a bhí sé sna déaga de bhlianta chasadh leis féin sa mbaile.
Chuaigh go leor ceoltóirí i bhfeidhm ar Mhícheál i gcaitheamh na mblianta. “Chuaigh mé ar cuairt chuig Michael Mheáirt (Cor na Rón) cúpla uair agus thaispeáin sé dom an chaoi leis an stíl B/C a chasadh. Is cuimhin liom gur fear an-éirimiúil a bhí an agus bhíodh an-fhoighid aige liom. Dúirt sé liom béim a chur ar mo stíl féin agus gan a bheith ag déanamh aithrise ar aon duine. Is comhairle í sin a d’fhan liom agus go deimhin is comhairle í a chuirim féin ar cheoltóirí óga. Bhí an-chion agam ar stíl Tony McMahon agus ina dhiaidh sin, Jackie Daly. Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le Joe Cooley den chéad uair agus bhí mé an-tógtha leis. Bhínn ag éisteacht le PJ agus Marcus Ó hIarnáin go minic. Ba é PJ an chéad duine a chuala mé ag casadh an mhileoidin ar an albam a rinne sé le Gael linn in 1978. Is é ceol Johnny Connolly is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ina dhiaidh sin go háirithe an taifeadadh An tOileán Aerach a eisíodh in 1991. Bhí a fhios agam gurbh é an mileoidean an uirlis ba rogha liom ansin.”
Thagadh Joe Burke go Tigh Mharcais uair sa gcéad agus ligeadh Mícheál soir ann nuair a bhí sé thart ar cheithre bliana déag. “Bhí tír is talamh ann, bhí an ceol thar cionn ar fad agus ar ndóigh bhí scéalta barrúla ag Joe idir na poirt.” Thart ar an am sin freisin a thosaigh sé ag gabháil chuig na hoícheanta airneáin a bhíodh ar siúl i gColáiste Cholmcille nó sa Tech mar a thugtar air. Bhíodh Joe Steve mar fhear an tí agus bhíodh na ceoltóirí áitiúla ann: Neansaí Mhichael Mheáirt, Meaití Jó Shéamuis, Johnny Connolly, Jimmy agus Johnny Óg Connolly, Aisling agus Luisne Joe Steve agus aon cheoltóir eile a bhíodh thart. Tamall ina dhiaidh sin thosaigh sé ag triall ar na tithe tábhairne áitiúla agus cuid na cathrach freisin agus casadh go leor ceoltóirí air ag na seisiúin.
D’fhéadfá a rá go bhfuil stíl dá chuid féin ag Mícheál Darby agus go bhfuil sé an-éasca a chuid ceoil a aithint. “Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar mo stíl. Cuirim go leor béime ar rithim is dóigh agus níl an iomarca suime agam i luas sciobtha, cé go dteastaíonn sé sin don damhsa. Tá sé ráite liom nach í stíl Chonamara atá agam ach tá meascán agam, is dóigh. Tá sé luaite liom go bhfuil cosúlacht ag mo stíl le ceol oirthear an Chláir mar go bhfuil sé binn, tomhaiste agus rithimiúil.”
D’eisigh Mícheál dhá dhlúthdhiosca: An Bosca Bídeach (2000) agus An Rithim Réidh (2017). Rinne sé taifeadadh ar an An Bosca Bídeach sa stiúideo a bhíodh ag Gearóid Ó Murchú i gCor na Rón agus in éineacht leis ar an albam tá Brian McGrath ar an bpianó, Séamus Mac Conaonaigh ar an bhfeadóg mhór, Luisne Ní Neachtain ar an bhfidil agus Pádraic Ó Broin ar an ngiotár. Tá cúpla píosa ceoil air a chum sé féin: ríl dar teideal An Crann Álainn Seiceamair agus válsa, Pósadh i Lúnasa, a chum sé dá chairde, Darach Ó Scolaí agus Anna Ní Chartúir. Go deimhin is é Darach a tharraing an pictiúr álainn atá ar chlúdach an dlúthdhiosca. Is i Stiúideo Mhic an Daill sa Daingean i gContae Chiarraí a thaifead agus a léirigh Mícheál An Rithim Réidh agus ar na ceoltóirí atá ag coinneáil ceoil leis tá Donagh Hennessey ar an ngiotár, Muireann Nic Amhlaoibh ar an bhfeadóg mhór, Trevor Hutchinson ar an olldord agus Dessie Kelleher ar an mbainseó. Is píosa álainn ealaíne le Dara McGee , a tharraingíonn ar dhúchas Chonamara, atá ar chlúdach an dlúthdhiosca. Níl aon phlean ag Mícheál aon taifeadadh eile a dhéanamh faoi láthair ach deir sé go ndéanfaidh sé ceann amháin eile amach anseo mar gur mhaith leis go gcasfadh an bheirt againne leis air. Níl tada luaite aige faoi mhama!
Murab ionann agus an lá atá inniu ann, ba é an mileoidean ba rogha le muintir Chonamara sna blianta siar ach de réir a chéile tháinig an cairdín i réim. Is ar mhalairt treo a chuaigh Mícheál Darby Ó Fátharta, fear a thosaigh ar an gcairdín ach a thug taitneamh don mhileoidean. Is mór an mhaith go ndearna, mar tá sé ar dhuine den fhíorbheagán ceoltóirí as Cois Fharraige a chasann an mileoidean agus tá an-suim aige é a chur chun cinn i measc na ndaoine óga. Aisteach go leor, théis an méid uirlisí atá sa teach againn, ní chasann ceachtar againn an mileoidean. Tá a fhios againn gurb é mian chroí ár ndeaide go gcasfadh duine againne é agus b’fhéidir go suífeadh muid síos lá éicint leis le haghaidh cúpla ceacht. Ach chomh cinnte is atá feamainn i gConamara, ní hé An Long faoi Lánseol a mhúinfidh sé dúinn!
Scríbhneoirí: Damhnait agus Déithín Ní Fhátharta, na hAille.
Pictiúir: Seán Ó Mainnín & Pléaráca Chonamara