Michael Mheáirt Ó Coisdealbha

Ba é Michael Mheáirt Ó Coisdealbha mo dheaideo, fear greannmhar, lán le spraoi agus spórt. Ba mhac é le Máirtín Ó Coisdealbha as Cor na Rón agus Cáit (Kate) Ní Choisdealbha as Baile na mBrobhach. Ba eisean an duine ab óige de thriúr clainne agus ní raibh sé ach aon mhí dhéag d’aois nuair a cailleadh a sheanmháthair, a dheirfiúr Máirín, a bhí trí bliana, agus a athair Máirtín i bhfoisceacht cúpla seachtain dhá chéile. Ba bhuille uafásach mór a bhí sa mhéid seo dá mháthair Kate agus í fágtha ina baintreach óg le beirt bhuachaillí beaga, Martin agus Michael. 

Micheal is é ina fhear óg.

Nuair a bhí Michael ina dhéagóir, d’imigh a dheartháir Martin, nach raibh ach bliain níos sine ná é, go Meiriceá. Chuaigh seisean isteach san arm thall agus ghlac páirt sa gcogadh sa gCóiré. D’fhág imeacht Mhartin ualach na hoibre sa mbaile ar Mhichael: obair portaigh, baint an fhéir, cur agus baint na bhfataí agus ag breathnú i ndiaidh beithíoch agus eile.  Bhí an-suim aige i gcónaí sa gceol traidisiúnta agus é ag éisteacht le seancheirníní 78 nuair a d’fhaigheadh sé an deis. D’éirigh leis cúpla punt a chur le chéile agus cheannaigh sé bosca ceoil dó féin. Ní raibh aon cheol sa teach roimhe, ach bhí féith an cheoil go láidir i Michael agus ba é mian a chroí a bheith in ann ceol a chasadh ar an mbosca.   Ní raibh aon mhúinteoir ceoil aige ach a bheith ag éisteacht le ceoltóirí eile agus ní raibh sé i bhfad go raibh sé in ann neart píosaí ceoil a chasadh ar an stíl aonsraitheach, stíl an mhileoidin.  Chuir sé an-suim sa stíl nua boscadóireachta a bhí ag teacht chun cinn sna 1950idí ag leithéidí Paddy O’Brien agus Joe Burke, an stíl B/C agus arís chuir sé faoi máistreacht a fháil ar an gcur chuige sin.  Chaitheadh sé chuile thráthnóna ag cleachtadh agus fiú amháin nuair a thagadh sé isteach as an ngarraí chun cupán tae a ól agus greim a ithe bhí nós aige breith ar an mbosca agus cúpla port a chasadh. Ceird í seo nár thaitin rómhór lena mháthair mar go bhíodh náire uirthi go gcloisfeadh muintir an bhaile ag casadh ceoil é i lár an lae agus obair le déanamh.  Ar ndóigh ní raibh an meas céanna ar an gceol san am sin; ba chaitheamh aimsire a bhí ann agus ní raibh tú in ainm a bheith ar an ealaín sin i lár an lae!

Michael Mheáirt ag seisiún ceoil, Ionad Pobail Chamuis, Cumar 2002.

Tom Lydon, Cor na Rón, cara Mhichael.

Bhíodh sé féin agus a dhlúthchara, Tomás Ó Loideáin nó Tom Lydon mar a thugtaí air, mac leis an táilliúir Lydon, ag casadh ceoil do chéilithe i dtithe thimpeall Chonamara.  Is iomaí áit ar leag siad a gcos, ó Bhearna go Carna. Is iomaí uair a raibh orthu é a thabhairt do na boinn tar éis na gcéilithe agus clocha á gcaitheamh leo ag na leaids áitiúla nár thaitin leo go raibh na cailíní óga ag caitheamh súl orthu!  Blianta ina dhiaidh sin ar ndóigh, bhíodh sé ag casadh ag céilithe do Ghaeilgeoirí i gColáiste Lurgan, ag céilithe i gColáiste Chonnacht, ag na céilithe a bhíodh ag Cumann Peile Mhícheál Breathnach sa bPoitín Stíl chomh maith le hoícheanta airneáin i dtithe agus ag casadh ag seisiún ceoil Tigh Mharcais, Tigh Hughes, sa Droighneán Donn agus áiteacha eile nach iad. Bhain Michael cúpla duais amach ag Féile Curachaí an Spidéil nuair a bhíodh comórtas ceoil acu tráth agus bhronn an scoil ceoil Cumar gradam ‘Pátrún Ceoil’ air.

Meaití Jó Shéamais ag bronnadh ghradam Phátrún Ceoil Chumair ar Mhichael Mheáirt i Seanscoil Shailearna, Cumar 2004.

Bhí suim ag Michael i rudaí go leor eile seachas an ceol. Ba bhreá leis dul ag iascaireacht slaite ar an bhfarraige agus chaith sé blianta ag gliomadóireacht lena chol ceathar Seán Joe Rua Ó Diolúin as na Mine.  Chuir sé suim in obair na mbeach freisin agus bhí fonn air i gcónaí cúpla coirceog a bheith aige féin. Fuair sé roinnt acu agus arís rinne sé staidéar ar na leabhra chun an cheird a fhoghlaim.  

B’fhear é Michael a bhí an-fhlaithiúil i gcónaí ó thaobh a chuid eolais a roinnt le daoine eile, ach suim a bheith acu ann.  Bhíodh sé breá sásta i gcónaí cúnamh a thabhairt do cheoltóirí óga a bhí ag tosú amach agus is iomaí duine acu a thagadh chuige le cúpla píosa a chasadh le chéile. Is é an chomhairle a bhíodh aige do cheoltóirí óga ná “Bíodh do stíl fhéin a’d, is cuma cé chomh maith is atá tú, más ag aithris ar dhuine éicint eile atá tú, beidh tú á chur i gcosúlacht leis an té sin i gcónaí ach má bhíonn do stíl féin a’d, beidh daoine eile ag aithris ortsa!”

Scríbhneoir: Torloch Ó Coisdealbha

Michael Mheáirt, Pátrún Ceoil Chumair i Seanscoil Shailearna, Cumar 2004.

Previous
Previous

Mícheál Darby Ó Fátharta

Next
Next

Micheál Ó hEidhin