Micheál Ó hEidhin

Fear fuinniúil, fadradharcach a bhí i Micheál Ó hEidhin a chaomhnaigh agus a chraobhscaoil an oidhreacht Ghaelach idir theanga, cheol, amhránaíocht agus dhamhsa ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta. Cigire ceoil bunscoile agus iar-bhunscoile a bhí ann agus chas sé an pianó, an pianóchairdín, an consairtín agus go leor uirlisí eile. I mBaile Ard an Spidéil a thóg Micheál agus a bhean, Máire Ní Oibicín, a gclann cheolmhar: Niamh, Rónán, Séamus, Fionnuala, Méadhbh agus Dara.

Miche

Micheál Ó hEidhin

Micheál ag seinm an chonsairtín

Is sna Doiriú a rugadh Micheál, do Mháire McGann as ceantar Thuama agus Pádraig Ó hEidhin as Inis Díomáin, Co. an Chláir. Múinteoirí bunscoile a bhí sa mbeirt acu agus bhí cúigear ar fad sa gcomhluadar acu: Micheál, a dheartháir, Séamus, agus na cailíní: Marie, Norita agus Ann. Nuair a rinneadh cigire scoile de Phádraig, bhog an chlann go Leitir Ceanainn ar feadh roinnt blianta sular fhill siad ar Ghaillimh.

Is le heolaíocht a chuaigh Micheál tar éis dó an mheánscoil a fhágáil agus bhunaigh sé a chéad bhanna ceoil, Banna Céilí Loch Lurgan, nuair a bhí sé ina mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe.  Bhí Eddie Moloney, Tommy Coen, Larry Kelly agus Brendan Mulhaire ar chuid de na ceoltóirí a bhí sa mbanna, chomh maith le May Standún a chaith seal leo ar an bpianó. Bhog sé go Corcaigh nuair a fuair sé scoláireacht cheoil agus thosaigh sé ag casadh le Banna Céilí Bhrosna, banna a raibh an-cháil air.  

Banna Céilí Loch Lurgan

Teastas Ard-Ollamh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a bronnadh ar Mhicheál ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2007

D’fhill sé ar Ghaillimh agus thosaigh sé ag obair mar thimire ceoil don Choiste Gairmoideachais. Bhunaigh sé cóir, grúpaí ceoil agus ranganna ceoil thraidisiúnta agus tar éis píosa ceapadh mar chigire ceoil é leis an Roinn Oideachais. D’oibrigh sé i mBaile Átha Cliath, i Sligeach agus faoi dheireadh i nGaillimh.  Anuas air sin, bhí sé ina stiúrthóir ar roinnt cláir cheoil ar RTÉ, leithéidí Guth na nÓg, In Song and Story, agus Bring Down the Lamp. Chaith sé tréimhsí ag obair le Raidió na Gaeltachta sna luathbhlianta agus is é a léiríodh Sí do Mhamó í agus Lúrabóg Larabóg.

Bhí suim mhór freisin aige i gceol agus amhránaíocht na gcór. Bhunaigh sé Córfhéile na Gaeltachta in 1970, féile a lean ar aghaidh gur éirigh sé as an gcigireacht in 2001. Chuir sé ceol le ‘Cúirt an Mheán Oíche’ do RTÉ agus chum sé píosa ceoil eile dar teideal ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne’ do chomóradh 50 bliain Thaibhdhearc na Gaillimhe. D’fhoilsigh sé an leabhar Cas Amhrán, bailiúchán ina bhfuil 120 d’amhráin mhóra na Gaeilge, idir fhocail agus cheol, as gach cearn den tír. Is beag scoil, rang ceoil ná coláiste samhraidh leis na scórtha bliain nach bhfuil an leabhar sin á úsáid acu. Lean sé ar aghaidh ansin le treoirleabhar faoi rince foirne darbh ainm Déan Rince. Bhí an-tóir ar Mhicheál mar mholtóir agus rinne sé moltóireacht ag fleánna ceoil, feiseanna, Slógadh Ghael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Feis Cheoil an Iarthair, agus ag comórtais sean-nóis. Léirigh sé go leor dlúthdhioscaí, na sáralbaim Feadóga Stáin le Mary Bergin, agus Meitheal le Séamus Ó Beaglaoich agus Steve Cooney, ina measc.

Gearrthán as nuachtán faoi Bhanna Céilí Loch Lurgan

D’fhág Micheál a lorg ar chúrsaí ceoil agus amhránaíochta i gConamara. Bhíodh an-tóir ar a scileanna gairmiúla agus bhí sé i gcónaí spreagúil agus oscailte, cuma más ag cruinniú, comórtas, féile nó ag seisiún ceoil a bhí sé.

Micheál Ó hEidhin leis an bhfonnadóir Máire ’n Ghabha Uí Cheannabháin (chun tosaigh, ar dheis), a gariníon, Caitríona Ní Cheannabháin agus bean a mic, Nóra Uí Cheannabháin, agus Meaití Jó Shéamuis nuair a bronnadh Gradam Phátrún Amhránaíochta Chumair ar Mháire ‘n Ghabha ag Cumar i Ros Muc, Luan Cásca 1999. Grianghraf: Marcas Ó Murchú

Micheál ag éisteacht le Tom Pheadaí Mac Diarmada ag scéalaíocht. Sa ghrianghraf chomh maith, tá Máirtín Mac Donncha, Ciarán Ó Con Cheanainn, Meaití Jó Shéamuis agus Festy Ó Conláin. Cumar, Ros Muc, Luan Cásca 1999.

Grianghraf: Marcas Ó Murchú

D’fhéadfá a rá gur athraigh saol traidisiúnta na Gaeltachta sna 1970idí. Tháinig deireadh a bheag nó a mhór leis na hoícheanta airneáin, na teidhmeanna agus leis an seanchas cois tine agus bhí tionchar aige seo ar sheachadadh an tsean-nóis. Níor tharla sé seo i ngan fhios do Mhicheál agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelacadamh an Spidéil, eagraíocht a chuir roimpi an sean-nós agus an ceol a choinneáil slán i nGaeltacht Chonamara. Rinneadh é seo trí ranganna sean-nóis a reáchtáil i gCois Fharraige do ghasúir na háite agus earcaíodh plúr na n-amhránaithe leis na ranganna a thabhairt: Pádraic Phat Tom Ó Conghaile, Patsy Ó Ceannabháin, Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus Antoine Pheaitín Terry Mac Donncha, mar shampla. Den chéad uair riamh, ‘múineadh’ an sean-nós ar bhonn struchtúrtha agus bhí rath ar chúrsaí sean-nóis dá bharr, rud atá fós le tabhairt faoi deara sa gceantar.

Cuireadh an múnla céanna i bhfeidhm ar fud Ghaeltacht Chonamara agus tamall ina dhiaidh sin, cuireadh tús le ranganna ceoil.

Micheál ag fáil gradaim

Is iontach an crann taca a bhí i Micheál don eagraíocht Comhaltas Ceoltóirí Éireann. In 1967 bhí ról lárnach aige sa chéad taifeadadh tráchtála a rinne Comhaltas, The Rambles of Kitty, ceirnín ar a raibh roinnt ceoltóirí ó Chonamara, Dónal Standún ina measc. Dhear sé nótaí moltóireachta, cáipéisí atá fós in úsáid sa lá atá inniu ann. An t-oideachas ceoil ba mhó ba chás leis agus dhear sé cúrsaí praiticiúla chun oilúint i dteagasc an cheoil a chur ar cheoltóirí. Cúrsa seachtaine atá anois sa TTCT (Teastas i dTeagasc an Cheoil Thraidisiúnta) agus bíonn an-tóir ag ceoltóirí maithe air. Anuas air sin, leag Micheál amach an SCT (Scrúdú sa Cheol Tíre), scrúduithe ceoil grádaithe atá dírithe go hiomlán ar an gceol traidisiúnta. Bronntar Bonn Mhichíl Uí Eidhin ar na ceoltóirí a n-éiríonn leo ardmharc a bhaint amach sa ngrád is airde, Grád 8. Ní hiontas ar bith é gur bronnadh an teideal Ard-Ollamh an Chomhaltais air.

Níor thuig go leor daoine go mbíodh drochphian droma ar Mhicheál agus ní fear é a ghéill don fhulaingt. Ba mhinic san ospidéal é agus cuireadh faoi scian é seacht n-uaire. Tháinig an lá faraor, a raibh an pianóchairdín róthrom dó agus thosaigh sé ag casadh ar an gconsairtín. Ceol consairtín a bhí ar a albam Ceol Sidhe a d’eisigh Cló Iar-Chonnacht sna seachtainí roimh a bhás. Beirt dlúthchairde leis, Charlie Lennon agus Steve Cooney atá á thionlacan ar an dlúthdhiosca sin agus is álainn go deo an ceol atá air. A iníon, Méadhbh, a rinne an obair ealaíne. Tá sé le cloisteáil chomh maith ag casadh fonn mall agus cornphíopaí ar an dlúthdhiosca Cumar (CIC 2000).

Cailleadh Micheál ar an 29 Eanáir 2012, beannacht Dé leis. Nach é a bheadh sásta leis an mborradh atá faoi chúrsaí ceoil i measc an aosa óig i gCois Fharraige faoi láthair.

Bhí Mícheál Ó hEidhin ar dhuine de bhunaitheoirí an Bhanna Céilí 'Loch Lurgan' sna 1950í. Tá 'Banna Céilí Loch Lurgan 2' anois ann agus ainmníodh é in ómós do Mhicheál, do May Standún agus do na ceoltóirí eile a bhíodh ag casadh sa gcéad bhanna. 14 ar fad atá sa mbanna céilí óg seo agus thaifead naonúr acu an mhír seo i Stiúideo Cuan i mí Dheireadh Fómhair, 2022.

Previous
Previous

Michael Mheáirt Ó Coisdealbha

Next
Next

Neansaí Ní Choisdealbha