Stiophán Mac Suibhne

“An chéad chuimhne atá agam ná ag éisteacht le mo mháthair ag casadh amhrán agus ag éisteacht le m’athair ag portaireacht béil.” Sin mar a thosaigh an t-agallamh a rinne muide, Muintir Uí Mhurchú, le Stiophán Mac Suibhne, nó Steve Sweeney ó bhaile an tSiáin Rua sa Spidéal.  Bhí Steve ar dhuine de na chéad cheoltóirí a casadh orainn nuair a bhog muid anuas ó Bhaile Átha Cliath go ceantar Chois Fharraige roinnt blianta ó shin. Tá an-aithne ar Steve fud fad Chonamara mar gheall ar na blianta atá caite aige ag múineadh ceoil sa gceantar agus mar gheall ar a ghníomhaí is atá sé i gcúrsaí pobail sa Spidéal. Tá sé ina chónaí ar an bhfód dúchais in éineacht lena bhean, Marie Christine, agus tá triúr clainne orthu: Michael, Stephanie agus Ulick.  

Mairéad Ní Chéidigh a bhí ar mháthair Steve; bhí an-suim aici sna hamhráin agus bhí sí in ann cúpla port a bhaint as an orgán béil. Go deimhin is uirlis an t-orgán béil a bhíodh i chuile theach fadó agus bhí uncail le Steve, Máirtín Ó Céidigh agus col ceathar le Máirtín, an dornálaí cáiliúil, Máirtín Ó Droighneáin, in ann é a chasadh freisin. Uileac Mac Suibhne a bhí ar a athair agus ba de bhunadh Bhaile na mBroghach eisean. Coistealbhach ab ea a mháthairsean, Nóra Pháidín Uilic, agus bhí cáil na filíochta agus na scéalaíochta ar a muintir. Bhí muirín mhór Tigh Mhic Shuibhne, seachtar buachaillí agus cúigear cailíní, agus tá cuid acu sin imithe ar shlí na fírinne anois, beannacht Dé leo. 

Chuala Steve go leor portaireachta is é ag fás aníos mar bhí gaol ag a athair le Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha, fear a bhí thar cionn ag an gceird. Chaitheadh Tom agus athair Steve oícheanta fada an gheimhridh ag comhrá, ag insint scéalta agus ag portaireacht cois tine. Go dtí an lá atá inniu ann, tá tionchar Tom Pháidín Tom le brath ar stíl feadóige Steve. Go deimhin, tá luí faoi leith ag Steve leis an bhfeadóg agus théis an méid uirlisí a chasann sé – bainseó, maindilín agus cairdín -  is léi is mó atá nádúr aige. 

Is i Scoil na mBuachaillí sa Spidéal, thart ar 1963 nó ’64 a thosaigh Steve ag foghlaim na feadóige. “Lá amháin, shiúil an t-ardmháistir, Pól Ó Foighil, isteach agus bhí bosca feadóga aige, na cuide dubha Clarke’s, cuimhním fós orthu. Aoine a bhí ann agus dúirt sé go mbeadh ranganna ceoil ag tosú Dé Luain. Bhí two and six (leathchoróin) i mo phóca agamsa le camán a cheannacht ach rinne mé dearmad ar an gcamán, sheas mé suas agus dúirt mé, ‘tá mé ag iarraidh ceann’, agus an t-airgead i mo lámh agam. ‘Níl tú ag fáil ceann go dtí Dé Luain, suigh síos’, a dúirt Ó Foighil. B’fhada liom go dtiocfadh an Luan, agus ba mise an chéad duine isteach le mo two and six. Tá feadóg i mo bhéal riamh ó shin. Ní raibh an oiread sin suime agam sa scoil ná san obair bhaile ach bhí mé craiceáilte faoin gceol agus chasadh mé an fheadóg ar mo bhealach chuig an scoil chuile lá agus ar ais abhaile arís!” 

Ba é an ceoltóir aitheanta, Tom Mulhaire, an chéad mhúinteoir a bhí ag Steve agus ag a dheartháir, Colm, agus thosaigh sé ag múineadh ‘Fáinne Geal an Lae’ don rang.  Bhí Colm níos sine ná Steve agus ba é ba thúisce a thug leis an port, rud nár thaitin leis an deartháir óg. Chaith Steve an oíche sin ag iarraidh an port a oibriú amach agus thosaigh sé ag caoineadh agus ag bualadh an bhoird! “Gabh a chodladh”, a dúirt a mháthair leis, “agus beidh sé agat ar maidin”. Siar le Steve sa seomra, chuir sé an fheadóg faoin bpiliúr agus nuair a dhúisigh sé ar maidin, tháinig an port iomlán leis!  

Théis píosa píosa d’éirigh Steve tuirseach de na poirt éasca, leithéidí ‘Roddy McCorley’ agus ‘The Foggy Dew’ agus nuair a bhíodh Tom thíos ag bun an ranga ag éisteacht leis na gasúir eile, bhíodh Steve ag breathnú trína leabhair ag cuardach jigeanna agus ríleanna! Bhí ar an leaid óg iad a oibriú amach é féin agus lá amháin nuair a bhí a thuismitheoirí i nGaillimh thosaigh sé ag scríobh nótaí ar bhalla na cistine. Bhí an balla breac le nótaí faoin am ar leandáil a mhama agus a dheaide abhaile. “By dad, tiocfaidh an leaid seo píosa fada”, a dúirt a dheaide ach bhí a mhama spréachta nuair a chonaic sí an bhail a chuir an ceoltóir óg ar an whitewash

Bliain nó dhó ina dhiaidh sin thosaigh scéim sa scoil mar a raibh na gasúir in ann bosca ceoil a fháil ar cíos. Ní raibh a ndóthain boscaí ann agus bhí ar thriúr nó ceathrar gasúr ceann a roinnt eatarthu. “Ní raibh foighde ar bith agam, bhínn ag dul ag na tithe agus na mná tí ag rá liom, ‘níl Máirtín réidh fós, gabh abhaile.’ Bhí mise ag iarraidh an bhosca agus bhí chuile dhuine cráite agam!” Faoi dheireadh fuair Steve a bhosca féin nuair a thug uncail leis, an tAthair Colm Mac Suibhne, cairdín anall as Meiriceá. 

Tá an-mholadh ag Steve don tSiúr Antaine, a bhí sa mheánscoil sa Spidéal. Bhí sí thar cionn ag plé le ceol, bhí banna mór aici agus cór. Bhíodh oíche mhór i gcónaí sa scoil ar an ochtú lá de mhí na Nollag agus bhíodh Steve i gcónaí gnóthach an oíche sin ag casadh orgán béil, ar an bhfeadóg, sa gcór agus sa dráma. Bhí sé ina pheata ag an tSiúr Antaine agus thugadh sí píosa mór apple tart agus uachtar reoite dó ag deireadh na hoíche! 

Nuair a d’fhág Steve an scoil rinne sé printíseacht leictreoireachta agus choinnigh sé air ag casadh. Thosaigh sé ag triall ar an gcathair, áit ar casadh go leor ceoltóirí air agus sheinn sé le roinnt grúpaí difriúla. Rinne sé roinnt mhaith taistil: Sasana, an Ghearmáin agus tíortha eile na hEorpa. Is iontach an crann taca a bhí sa gceol do Steve nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona sna 1980idí. “Ní raibh mórán obair leictreoireachta agam ach, buíochas le Dia, bhíodh ceoltóirí ag teastáil le dul ag casadh do thurasóirí agus choinnigh sé sin ag imeacht mé.” Is thart ar an am sin a bhunaigh Steve an grúpa MacDara. Ceathrar a bhí sa ngrúpa: Steve ar an bhfeadóg, Pádraig Ó Féinneadh ón bPáirc ar an gcairdín, Dermot Carney as Áth Luain ar an mbainseó agus bhíodh Seán Seerins ag casadh amhrán. Chuaigh siad anonn go Meiriceá in 1982 agus chaith siad sé mhí thall ann. Nuair a tháinig siad abhaile bhí sé deacair gigeanna a fháil mar ní bhíodh na tithe ósta sásta ceathrar ceoltóirí a íoc. Faoi dheireadh rinne siad dhá bheirt díobh féin agus choinnigh siad orthu ar an gcaoi sin.  

Thosaigh Steve ag múineadh ceoil leis an nGaelacadamh in 1983. Iarradh air dhá sheachtain a dhéanamh in Árainn go dtí go bhfaigheadh siad duine eile agus b’fhada an choicís é mar chaith sé 19 mbliana ag múineadh na feadóige agus an chairdín do ghasúir Inis Oírr, Inis Meáin agus Inis Mór!   Faoi dheireadh, bhí scíth ag teastáil uaidh agus chuaigh sé ag plé le rudaí eile ach de réir a chéile mhéadaigh na ranganna agus faoi láthair caitheann sé ceithre lá na seachtaine ag múineadh ceoil faoi scáth Ealaín na Gaeltachta. “D’iarr siad orm beagán a dhéanamh ach nuair a thosaigh siad ag caint liom bhí ceithre lá i gceist agus go leor taistil, chomh fada siar le Carna agus le Ros Muc agus an Trá Bháin ach caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag fáil an-sásamh as, i bhfad níos mó ná sna 1980idí agus 1990idí. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh go mbeadh na gasúir in ann taispeántais a dhéanamh agus tugann Ealaín na Gaeltachta cúnamh dom ceolchoirmeacha agus ócáidí beaga eile a eagrú. Ceapaim go bhfuil siad sin go maith do na gasúir agus go dtugann sé misneach dóibh.”  

Féile Traidphicnic, an Spidéal.

Tá Steve an-ghníomhach i gcúrsaí ceoil sa Spidéal. Chaith sé ocht mbliana ag plé leis an bhféile Traidphicnic in éineacht lena chairde, Bridge Barker, Sara Howlin agus Liam Collins. “Bhí mé ag tabhairt cúnaimh dóibh ón tús agus théis píosa chuaigh mé ar an gcoiste leo. Ón tús, bhí mé ag iarraidh an dream óg a chur ar an stáitse. Thosaigh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige luath go leor le Traidphicnic agus bhí sé iontach an fhorbairt a fheiceáil bliain i ndiaidh bliana. Tá sé tábhachtach go bhfuil rudaí mar Traidphicnic ann le stáitse a thabhairt don dream óg agus go bhfeicfeadh siad ceoltóirí eile freisin. Tá tuismitheoirí iontacha sa gceantar agus tá moladh mór ag dul dóibh. Mholfainn dóibh na gasúir a thabhairt go Scoil Samhraidh Willie Clancy, Tobar an Choire agus féilte eile. Agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcleachtadh: cúpla nóiméad chuile mhaidin!”   

  

 Scríbhneoirí: Muintir Uí Mhurchú, na Forbacha.

Previous
Previous

Rónán Browne

Next
Next

Áine Bn Mhaitiú