Rónán Browne

Tá Rónán Browne ar dhuine de shárcheoltóirí dúchasacha na hÉireann. Casann sé píopaí, feadóga agus feadóga móra. Cé gur as Baile Átha Cliath é Rónán ó dhúchas, tá sé lonnaithe sa Spidéal i gConamara ón mbliain 2000. Chomh maith leis sin, tá ceangal i bhfad siar aige le ceantar Cois Fharraige. Nuair a bhí sé ina ghasúr, bhí teachín ceann tuí ag muintir Browne ar an mBántrach Bán agus thagadh siad ar fad ar cuairt chuile shamhradh, Cháisc agus Nollaig agus é ag fás aníos.

Is iad a thuismitheoirí a bhronn a chéad phíopaí ar Ronan sa mbliain in 1972, tráth a raibh an eagraíocht Na Píobairí Uilleann i dtús a ré i mBaile Átha Cliathagus ariamh ó shin tá a shaol báite i ceol na seanmháistrí: Willie Clancy, Séamus Ennis, Johnny Doran, Tommie Potts, Denis Murphy, Peter O’Loughlin, agus (gan dabht) a sheanmháthair, Delia Murphy.  Is ceoltóir tarraingteach é agus is cuma más sa mbaile nó thar lear dó, tá an caidreamh lena lucht éisteachta tábhachtach do Rónán.

Is ceoltóir é a chasann go haonarach, chas sé ceol beirte le Peter O’Loughlin le 40 bliain agus chaith sé 30 bliain ag casadh leis an mbanna Cran.  Tá suim aige sa gcumadóireacht agus ó am go chéile, casann sé ceol leictreonach nua-aimseartha do scannáin agus cláir teilifíse. Ba eisean an chéad phíobaire a bhí sa ngrúpa Afro Celt Sound System agus ag Riverdance freisin. D’oibrigh sé i bpáirt leis an bhfile Louis de Paor, leis an gcláirseoir Siobhán Armstrong agus leis an amhránaí, Róisín Elsafty chomh maith.

Nuair nach mbíonn sé ag casadh ceoil, oibríonn Rónán mar innealtóir stiúideo taifeadta agus mar dhearthóir clúdaigh dlúthdhioscaí.

Previous
Previous

Róisín Seoighe

Next
Next

Stiophán Mac Suibhne