Nóirín Ní Ghrádaigh

Is fidléir í Nóirín Ní Ghrádaigh a chuir fúithi sna hAille nuair a ceapadh ina hEagarthóir Litríochta & Ceoil í le Cló Iar-Chonnacht sa mbliain 1994. Bhog sí soir go Cill Tulach in oirthear an chontae in 2006,  ach bhog sí anoir go Cois Fharraige arís le cur fúithi ar an Teach Mór lena beirt iníonacha, Caitríona agus Róisín Ní Raifeartaigh, sa mbliain 2014.

Óna hathair a fuair sí an ceol – Des O’Grady as Cluain Cearbán i gContae Mhaigh Eo, fear a chaith 17 bliain i Meiriceá  (San Francisco agus Chicago), i gcuideachta shaibhir cheoil Kevin Keegan, Joe Cooley, Kevin Henry, na deartháireacha Tom & Frank O’Malley, Austin Needham agus go leor ceoltóirí den scoth eile. Is as Gort a’ Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill dá máthair.

Tógadh Nóirín i Ráth Tó, i gContae na Mí, áit a raibh traidisiún fíorláidir ceoil sna tithe ann le linn a hóige. Is iomaí oíche cheoil go maidin ar éist sí léi, agus ansin ar sheinn sí ann, ó bhí sí ina cailín óg – ina teach féin agus i dtithe eile sa gcontae.

Sa gcomhluadar ceoil ansin bhí clann Antóin Mhic Gabhann, clann Phádraic Uí Raghallaigh (as Cill Chiaráin), clann Chatherine Mc Evoy, Eoiny Hackett, Michael Gilchrist, an fidléir Kathleen Smith, Méabh Ní Lochlainn agus go leor eile. An scothfhidléir Antóin Mac Gabhann a mhúin an fhidil di agus dá deirfiúr Deirdre agus deartháir Seán, agus is é a mhúin an fheadóg mhór chomh maith dá deirfiúr Maura. Casann a deartháir Dónal an bosca.

Bhain Nóirín an-taitneamh as bheith ag casadh i mBanna Céilí Naomh Pádraig agus í sna déaga. Bhí gasúir ó go leor de na teaghlaigh thuasluaite sa bhanna sin, chomh maith le ceoltóirí  ó chlanna éagsúla as tuaisceart na Mí: clann Uí Fhearghaile, clann Rena Crotty Traynor agus an fliúteadóir Troy Bannon ina measc. 

Briseann an dúchas, is dócha, agus is í Nóirín a stiúraíonn Banna Céilí Loch Lurgan, a bhfuil 13 déagóir as Cois Fharraige ann. Baisteadh an grúpa sin in ómós do bhanna céilí den ainm céanna a bhunaigh Micheál Ó hEidhin, ceoltóir agus cigire ceoil, siar sna 50idí.

Ba bhreá le Nóirín  a bheith ag seinm le Johnny Connolly agus le ceoltóirí Chois Fharraige agus cuideachta uilig Tigh Hughes ar an Spidéal nuair a tháinig sí ar dtús go Conamara – agus is breá léi bheith ag casadh le boscadóirí Chonamara i gcónaí, Colm Devane, Eddie Loughlin agus Micheál Darby go mór mór! Tá spéis mhór aici san amhránaíocht chomh maith.

Is í Nóirín ár máthair agus ó bhí muid óg, bhí ceol agus amhráin sa teach, bíodh sé ar an raidió, ar dhlúthdhioscaí nó ag na cuairteoirí ceolmhara a bhuaileadh agus a bhuaileann isteach go rialta. Taitníonn cairdeas agus comhluadar ár gcairde linn ag na seisiúin rialta agus níl locht rómhór againn ar na cleachtaí ach an oiread, go háirithe nuair a bhíonn pizza ann ina ndiaidh!

 Scríbhneoirí: Caitríona agus Róisín Ní Raifeartaigh

Previous
Previous

Neansaí Ní Choisdealbha

Next
Next

Pádraig Ó Dubhghaill