Fearghas Mac Lochlainn
Tógadh Fearghas Mac Lochlainn le Gaeilge i mBaile Átha Cliath ach tá sé ina chónaí ar an Spidéal le fada. Bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Sailearna, áit ar chuir sé féin agus an fhoireann borradh mór faoi thraidisiún na n-agallamh beirte agus na lúibíní i measc óige an cheantair. Is liosta le háireamh na saothair atá cumtha aige agus tá carnán duaiseanna Oireachtais buaite aige. Is iad Faye agus Reuben Kenny a scríobh an t-alt seo.
Luisne Ní Neachtain
Is ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh agus a tógadh Luisne Ní Neachtain agus tá cónaí anois uirthi i Ros a’ Mhíl. Ach oiread lena deirfiúr Aisling, is minic í ag tacú le hócáidí ceoil sa gceantar. Tá an iliomad lúibíní scríofa aici do dhaoine óga a bhíonn ag tabhairt faoi na comórtais ag Oireachtas na Samhna. Is iad Clíodhna, Laoise agus Saoirse Ní Neachtain a scríobh an t-alt seo faoina n-aintín.
Martina Goggin
Is as Tobar Phádraig i gContae Luimnigh do Mhartina. Ta cónaí uirthi ar an Spidéal ó 1973. Is amhránaí í a bhain cáil amach leis an amhrán Cóilín Phádraig Shéamuis a chum a cara, Pádraig Ó hAoláin. Bhí sí ina bainisteoir ar dtús agus ansin ina hamhránaí leis an ngrúpa Dordán agus tá sí fós an-ghníomhach i saol an cheoil. A comharsa, Labhaoise Ní Bhéarra, a scríobh an t-alt seo fúithi.
Mícheál Ó Cúláin
As an Teach Mór do Mhícheál ach tá sé ina chónaí in Árainn agus é ina phríomhoide ar Choláiste Naomh Éinne. Is le roinnt blianta anuas a chuir sé spéis i gcúrsaí drámaíochta agus is iad a spreag é chun roinnt agallaimh bheirte a scríobh do chomórtais an Oireachtais.
Pádraic Ó Conghaile (Pat Phádraic Tom)
Ba as Leitir Péic sa Spidéal do Phádraic Ó Conghaile (1922 – 2010) nó Pat Phádraic Tom mar ab fhearr aithne air, agus is ann a thóg sé féin is a bhean, Máire Ní Mhaoilchiaráin, a seisear muirín. Thaitin an comhluadar agus an scéalaíocht leis agus is ag na hoícheanta airneáin ar an mbaile a músclaíodh a spéis sna hamhráin. Tá cuimhní geala ag fonnadóirí an Spidéil ar na blianta a chaith Pat ag múineadh an tsean-nóis i ranganna an Ghaelacadaimh.
Pádraic Seoighe
Joycey a thugann a chairde agus a lucht leanúna ar Phádraic Seoighe, fonnadóir, ceoltóir agus cumadóir as Baile Láir, Ros a’ Mhíl. Ina chónaí i gcathair na Gaillimhe atá Pádraic agus tá sé ag plé go lánaimseartha le cúrsaí ceoil. Tá glór domhain, binn aige atá in oiriúint don sean-nós, do na gormacha agus don roc-cheol féin. A chol cúigir óg, Abbie Ní Chadhain a scríobh an cuntas seo ar Phádraic.
Patsy Ó Ceannabháin
B’as Ros Muc do Patsy Ó Ceannabháin (1943 - 1998) ach is ar Bhóthar na hAbhann sa Spidéal a chaith sé cuid mhaith dá shaol. Ní bhfuair Patsy saol fada ach tháinig go leor amhránaithe óga faoina thionchar de bharr na mblianta a chaith sé ag múineadh an tsean-nóis i gCois Fharraige agus i Ros Muc.
Róisín Elsafty
Tá aithne ar fud na hÉireann, agus thar lear, ar Róisín Elsafty mar fhonnadóir agus bhall den tríréad, Elsafty, Armstrong and Browne. Is minic í ag obair i gcomhar le ceoltóirí móra ár linne agus tá stór fairsing amhrán sa repertoire aici. Is ina cónaí i gCor na Rón atá sí in éineacht lena fear, Simon, agus a dtriúr clainne, Sadhbh Laila, Éabha Mae agus Liam, scríbhneoirí an ailt seo.
Ruairí Mac Con Iomaire
Is as Baile Átha Cliath é Ruairí ach tá sé ina chónaí i Ros a’ Mhíl le fada. Tá an-suim aige i chuile chineál ceoil agus is amhránaí agus ceoltóir é féin. Is eisean a ritheann agus a bhíonn ina fhear an tí ag an seisiún seachtainiúil gach Déardaoin i dTigh Mholly ar an Lochán Beag in Indreabhán. Is iad Saoirse, Caomhán agus Lughán Mac Con Iomaire a scríobh an t-alt seo faoina n-athair.
Síle Ní Fhlaithearta
Is ar an amhrán An Draighneán Donn a chuimhníonn daoine nuair a luaitear an t-amhránaí Síle Tim Ní Fhlaithearta agus is deas mar a fheileann sé dá glór binn, ceolmhar. Rugadh Síle i mBaile an tSléibhe sa Spidéal agus is i mBaile Átha Cliath a thóg sí féin agus a fear, an ceoltóir Charlie Lennon, a gclann. D’aistrigh siad anoir roinnt mhaith blianta ó shin agus tá siad ag cur fúthu ar an gCnocán Glas. Is í Éabha Ní Chonghaile a scríobh an t-alt seo.
Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha
Ba as Baile an tSagairt do Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha (1894 – 1979). Bhí sé trí bliana le cois na ceithre scór nuair a d’eisigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann an ceirnín Tom Pháidín Tom in 1977. Tá a ainm fós in airde de bharr feabhas a chuid amhránaíochta agus portaireachta agus de bharr an chomórtha bhliantúil a bhíodh á dhéanamh air ag Éigse an Spidéil. Is í Caitlín Ní Chonghaile a scríobh an t-alt seo.
Traolach Ó Conghaile
Is i mBaile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, a rugadh an fonnadóir agus an ceoltóir Traolach Ó Conghaile ach tá sé ag cur faoi sa Spidéal le fada. Tá Traolach ag múineadh i Scoil Sailearna agus tá agallaimh bheirte agus drámaí go leor cumtha aige agus lorg a láimhe le feiceáil i gcónaí ag Oireachtas na Samhna agus ag an bhFéile Scoildrámaíochta.
Marian Ní Chonghaile
Rugadh Marian Ní Chonghaile i Londain agus tógadh i Leitir Móir na Coille, Camas, í. Chaith sí roinnt mhaith blianta ina cónaí sa Spidéal. Thosaigh sí ag damhsa ar an sean-nós nuair a bhí sí ina déagóir. Ar na damhsóirí a chuaigh i gcion uirthi bhí Pádraig Bradley agus Cóilín Sheáin Dharach. Thug na steipeanna go leor deiseanna taistil di, rud a d’airigh sí uaithi go mór i rith thréimhse na dianghlasála.
Toner Quinn
Rugadh Toner Quinn ar an Tulach i mBaile na hAbhann agus tógadh é ar an gCeathrú Rua agus i mBré, Co. Chill Mhantáin. D’fhoghlaim sé an fhidil ó Tom Glackin agus rinne sé céim sa cheol i bPort Láirge. Tá sé ina eagarthóir ar an Journal of Music, iris cheoil a bhunaigh sé in 2000. Tá sé ina chónaí i Leitir Péic sa Spidéal.
Tom Pheadaí Mac Diarmada
Bhí aithne mhór agus gean dá réir ar an scéalaí agus an reacaire Tom Pheadaí Mac Diarmada (1908 – 2001). Rugadh ar an Lochán Beag i gCois Fharraige é agus is ansin ar leac an teallaigh a chuala sé na scéalta agus an seanchas. Is i mBaile Átha Cliath a chuir Tom agus a bhean, Nean Sheáin Seoige as Leitir Móir, fúthu ach d’fhill siad ar an dúchas nuair a d’éirigh sé as a chuid oibre i Réadlann Dhún Sinche.
Yvonne Ní Loideáin
Is ar an bPúirín atá cónaí ar an amhránaí óg, Yvonne Ní Loideáin. Bhí sé le haithint uirthi is í óg go raibh dúil sna hamhráin aici agus sheol a tuismitheoirí chuig ranganna Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin í, mar a bhfuair sí stór mór amhrán. Is col ceathar le Yvonne, Shíofra Ní Scanláin, a scríobh an t-alt seo fúithi.
Mairéad Ní Fhlatharta
De bhunadh Bhaile an tSléibhe, an Spidéal, í Mairéad Ní Fhlatharta. Is múinteoir bunscoile í Mairéad agus chaith sí deich mbliana ag teagasc i nGaeltacht Ráth Chairn, áit ar raibh an-tionchar aici ar na hamhránaithe óga a bhí ag teacht in inmhe ag an am. Chuir a neachtanna, Kayleigh, Rebecca agus Ellie Ní Ruanaigh, peann le pár agus is iad a scríobh an t-alt seo faoina n-aintín.
Seán Ó Conghaile
Urlabhraí pobail, staraí sóisialta, oideachasóir, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis a bhí i Seán Ó Conghaile (1903 -1995) a d’fhág a lorg ar shaol cultúrtha agus sóisialta Chois Fharraige. Ba as na hAille dó agus ba é sin-seanathair scríbhneoir an ailt seo, Síofra Brady, é.
Caitlín Ní Chualáin
As an Teach Mór do Chaitlín Ní Chualáin nó Caitlín Pheaits mar a thugtar uirthi go háitiúil. Is ann atá sí fós ina cónaí lena fear Greg Ó Braonáin agus a gclann. Is í Sibéal Bhreathnach a scríobh an t-alt seo.
Máire Pheitir Uí Dhroighneáin
I gCor na Rón a rugadh Máire Ní Chualáin nó Máire Pheitir Uí Dhroighneáin mar is fearr aithne anois uirthi. Ar an Tuar Beag atá cónaí uirthi le blianta. Chaith sí tréimhse fhada ag múineadh an tsean-nóis i gceantar Chois Fharraige. Tá an t-alt seo bunaithe ar chomhrá a rinne sí le Louise Seoighe.