Celia Ní Fhátharta
Is as Baile na hAbhann do Celia ach tá sí ina cónaí in Chicago le píosa. Tá mianach láidir na hamhránaíochta inti. D’inis sí a scéal do Dhamhnait Ní Fhátharta.
Ciarán Ó Con Cheanainn
Ba as Sáile Chuanna don amhránaí agus scoláire sean-nóis Ciarán Ó Con Cheanainn. A dhlúthchara, Áine Ní Bhreisleáin, a scríobh an t-alt seo.
Cóilín Cliseam
Deirtí nach dtosaíodh an tOireachtas i gceart go sroichfeadh Cóilín Cliseam (1938 - 1993) agus a chomrádaí, Seán Ó Conaire, láthair na scléipe. Ar an gCaisleán, Indreabhán, a tógadh Cóilín agus is ann a chaith sé formhór a shaoil. Is iad Tomás, Stiofán agus Tadhg Ó Neachtain, Baile na hAbhann, a scríobh an t-alt seo.
Colm Jimmy Ó Curraoin
Ón Trá Bháin ó thús don fhonnadóir Colm Jimmy Ó Curraoin ach is sna Mine atá cónaí anois air in éineacht lena bhean, Ann Marie Ní Dhonnchadha, agus a gceathrar clainne. Is iad Deirdre, Colm Óg, Emma agus Jimmy a scríobh an t-alt seo faoina ndeaide.
Gearóid Ó Murchú
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Ghearóid Ó Murchú, amhránaí, ceoltóir, cumadóir agus úinéir an tsiopa An Spailpín Fánach. Tá sé ina chónaí i gCor na Rón, Indreabhán, lena bhean Hedi Gotthalmseder. D’inis sé a scéal do Ríona Howlin.
Gráinne Ní Fhátharta
Is as Baile na hAbhann don mhúinteoir bunscoile agus amhránaí sean-nóis, Gráinne Ní Fhátharta. Gariníon le Caitlín Bn Uí Fhátharta, nach maireann, duine de chlann Ghriallais as Muiceanach Idir Dhá Sháile í. A col ceathar, Caoimhe Ní Fhátharta a scríobh an t-alt seo.
Máirtín Pheaits Ó Cualáin
Bhí cáil na n-amhrán ar Mháirtín Pheaits Ó Cualáin (1922 - 2013) ó bhaile an Tí Mhóir agus ar a mhuintir roimhe. Bhí an-chion ag na gasúir ar fad ar dhaideo Máirtín agus mamó Máirín agus is iad Muintir Uí Bhraonáin, Domhnall, Adhna, Sorcha, Fódhla, Séaghan, Ferdia agus Cormac a scríobh an t-alt seo.
Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta
As na hAille don cheoltóir agus don fhonnadóir Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta. Is alt é seo atá bunaithe ar phíosa seanchais a rinne sé le hAnna Nic Lochlainn.
Orla Ní Fhinneadha
Is as an gCloich Mhóir d’Orla Ní Fhinneadha, fonnadóir, múinteoir bunscoile agus láithreoir le TG4. Bhí suim mhór ag a tuismitheoirí, Áine agus Jimmy, sna hamhráin agus sa teanga agus thosaigh Orla ag casadh amhrán nuair a bhí sí an-óg. Is í Bairbre Ní Chonghaile a scríobh an t-alt seo.
Tomás Ó Neachtain
Rugadh Tomás Ó Neachtain sa gCoilleach, an Spidéal, áit a bhfuil sé fós ag cur faoi. Is í Ann Burnell a scríobh an t-alt seo.
Seosamh Ó Neachtain
Tá cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag Seosamh Ó Neachtain lena chuid damhsa. Rugadh agus tógadh ar an gCoilleach, taobh thoir den Spidéal, é agus tá sé fós ina chónaí ann lena bhean, an ceoltóir Erin Nic Eoghain agus a gclann óg. Is é Ruadhán Ó Fátharta a scríobh an t-alt seo.