Orla Ní Fhinneadha

Is as an gCloich Mhóir d’Orla Ní Fhinneadha, múinteoir bunscoile agus láithreoir le TG4. Bhí suim mhór i gcónaí sna hamhráin agus sa gceol aici sa mbaile agus thugadh a hathair í chuig go leor seisiún nuair a bhí sí óg agus chuig comórtais amhránaíochta sa Spideál, i gCarna, ag na fleánna agus ansin chuig an Oireachtas. Mhínigh Orla gur tógadh í le Gaeilge agus gur chuir a tuismitheoirí, Áine agus Jimmy, béim sa mbaile ar an nGaeilge agus ar mheas ar an teanga. Cuireadh iallach orthu éisteacht leis na hamhráin agus iad óg agus de réir a chéile, go nádúrtha, thug siad leo iad.

Thosaigh sí ag dul chuig ranganna amhránaíochta ar an sean-nós le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin, a bhíodh á reáchtáil ag an nGaelacadamh i Scoil na Tulaí nuair a bhí sí cúig nó sé bliana d’aois. Bhí an-tionchar ag Máire uirthi. Tá Orla den tuairim go raibh baint ag Máire le mórán chuile dhuine i gCois Fharraige a chasann ar an sean-nós le 30 bliain anuas. Dúirt sí gur mhór an tionchar a bhí aici ar amhránaithe óga mar gheall ar an nGaeilge bhreá a bhí aici agus go ndearna sí cinnte i gcónaí gur thuig siad focail na n-amhrán a bhíodh á gcasadh acu. Chas sí na hamhráin ar bhealach taitneamhach agus mar sin thug na gasúir leo iad go nádúrtha gan aon bhrú.

Tá traidisiún láidir sean-nóis i gCois Fharraige dar léi agus taitníonn stíl Chóilín Cliseam, beannacht Dé leis, agus Celia Ní Fhátharta thar cionn léi. Deirtear go minic léi go bhfuil blas Máire Pheitir ar a stíl amhránaíochta agus aithníonn daoine uaireanta gur as Cois Fharraige í mar gheall ar a rogha amhrán agus mar gheall ar a cuid Gaeilge. Amhráin áitiúla den chuid is mó a d’fhoghlaim sí agus í ag fás aníos ag freastal ar ranganna Mháire, amhráin fearacht Ros a’ Mhíl Cois Cuain agus Caisleán Uí Néill. Tá an-luí aici le Caisleán Uí Néill, amhrán atá luaite le ceantar Chois Fharraige agus le Cóilín Cliseam. 

Tá sí féin anois ag múineadh an tsean-nóis agus déanann sí iarracht na gasúir sna ranganna amhránaíochta i Scoil na Tulaí a spreagadh mar a spreagadh í féin agus tosaíonn sí i gcónaí leis na ceanna beaga meidhreacha ach déanann sí iarracht na ceanna áitiúla a roinnt leo freisin. Ceapann sí go bhfuil suim ag an nglúin óg san amhránaíocht agus ardaíonn sé a croí nuair a fheiceann sí an méid gasúr a ghlacann páirt sna féilte agus san Oireachtas.

Bhuaigh Orla Fleadh Cheoil na hÉireann cúpla uair nuair a bhí sí ina déagóir agus bhuaigh sí an Comórtas Amhránaíochta do Mhná faoi 35 ag an Oireachtas in 2012, tháinig sí sa dara háit i gCorn na mBan in 2014 agus sa tríú háit i gCorn Uí Riada in 2016. Thug an amhránaíocht go leor deiseanna di agus bíonn sí ag súil go mór leis an Oireachtas chuile bhliain. Fuair sí deis freisin taisteal go Féile Idircheilteach Lorient mar chuid de thoscaireacht na hÉireann in 2016. Cuimhníonn sí freisin ar an uair a roinn sí an stáitse le Dolores Keane ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus í ina déagóir agus arís ag ceiliúradh Nollaig in 2019. Chuir an amhránaíocht lena cuid scileanna idirphearsanta agus cumarsáide agus thug sé féinmhuinín di agus í ag seasamh os comhair slua.

Fleadh Cheoil 2010.

Is múinteoir í Orla agus tapaíonn sí chuile dheis na hamhráin a shníomh isteach sna ranganna. Feiceann sí nuair a mhúineann sí focail agus nathanna nua do na gasúir tríd na hamhráin go bpiocann siad suas níos éasca iad agus go bhfanann na focail leo. Is breá leo na focail Ghaeilge ar nós ‘folt gruaige’ nach bhfuil sa ngnáthchaint níos mó agus má fheiceann siad an focal atá múinte aici dóibh in amhrán eile is breá leo go n-aithníonn siad iad. Dar léi gur chabhraigh na hamhráin lena cuid Gaeilge féin freisin agus is iomaí nath cainte nach bhfuil i stór focal an lae inniu a aithníonn sí ó na hamhráin. Is minic, má bhíonn ceist ghramadaí aici féin, go mbíonn freagra na ceiste le fáil sna hamhráin agus is cinnte go gcuireann sé sin go mór lena cruinneas féin. Ach ar ndóigh bíonn sí i gcónaí ag foghlaim.

Tá cúpla físeán di le feiceáil ar an suíomh https://seannos.tg4.ie/.  Níl aon taifeadadh tráchtála déanta go fóill ag Orla agus ní haon iontas é sin mar tá sí gafa go hiomlán leis an teagasc, leis an láithreoireacht teilifíse agus anois lena hiníon óg. Amach anseo, le cúnamh Dé!

Scríbhneoir: Barbara Ní Chonghaile, an Dioplóma sa Ghailge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG, 2020.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta

Next
Next

Tomás Ó Neachtain