Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta

Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta

As na hAille Thiar in Indreabhán i gCois Fharraige é Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta. Go deimhin, tá sé fós ag cur faoi ar a bhaile dúchais agus is ann a thóg sé féin is a bhean chéile, Jean Ní Dhomhnaill, a gceathrar clainne: Tadhg, Aengus, Sinéad agus Aedín. Is é Meaití an tríú duine de cheathrar clainne a bhí ag Nan Pheaidí Nic Dhiarmada agus Jó Shéamuis Ó Fátharta. 

Is amhránaí, ceoltóir, fear spóirt agus fear seanchais é Meaití agus tá aithne mhaith air i chuile cheard den tír mar gheall ar an obair chéadach a rinne sé ag taifeadadh agus ag bailiú ceoil agus amhrán do Raidió na Gaeltachta. Labhair mise le Meaití Jó Shéamuis ar an 30 Márta 2021 agus fuair mé an t-eolas seo a leanas uaidh. (Tharla cor tubaisteach do na Fáthartaigh ó shin nuair a cailleadh an mac ba shine le Meaití agus Jean, Tadhg Ó Fátharta, go tobann ar an 21 Mheán Fómhair, 2021. Beannacht Dé le Tadhg agus leis na mairbh ar fad.)

Ba i dteach ceann tuí a caitheadh ar an sop é in 1947 agus dúirt sé liom gur thosaigh sé ag casadh amhrán chomh luath is a tharraing sé a chéad anáil, beagnach.  Thug Meaití leis na hamhráin ó thaobh a mháthar.  Bhí an-cháil ar chlann Pheadaí ar fad ó thaobh amhrán, seanchais, spraoi, scléipe agus comhluadair.  B’fhonnadóir breá í Nan Pheadaí, máthair Mheaití, agus b’fhear mór scéalaíochta agus seanchais é Tom Pheadaí, uncail Mheaití.  Bhí amhráin ag Tom freisin agus is uaidh a fuair Meaití an t-amhrán An Bhó Bhán a chas sé ag Oireachtas 1992. Bhí deaideo Mheaití, Edward Pheadaí, ar dhuine den naonúr a maraíodh nuair a phléasc an mianach ar an Trá Shalach in 1917. 

Jó Shéamuis agus Nan Pheadaí, tuismitheoirí Mheaití. Pic ón iris Biseach.

Nan Pheadaí amuigh ar an tsráid sna hAille Thoir. Pic le Bob Quinn.

Ó thaobh a athar a thug sé leis an ceol. Ba é a uncail, Máirtín Shéamuis Ó Fátharta, a mhúin an ceol dó ar dtús.  Ba bhoscadóir a bhí ann agus cé gur bhosca den déanamh nua, Paolo Soprani, a bhí aige, ní bhíodh sé ag casadh ach sraith amháin sa tseanstíl.  Nuair a thosaigh Meaití ag foghlaim ceoil ar dtús agus é ina ghasúr, thugadh a uncail Máirtín leis é suas Tigh Mhaidhc Cheannabháin ar an Áth Buí, áit a mbíodh neart ceoil agus amhrán.  Is iomaí port agus amhrán a d’fhoghlaim Meaití sa gcomhluadar seo.  Ní bhíodh mórán seisiún sna tithe tábhairne ag an am ach nuair a bhí sé in aois fir, chuir Meaití agus a chomrádaithe, Michael Mheáirt Ó Coisdealbha agus Seosamh Ó Braonáin, tús le seisiúin i dTigh Chualáin agus cúpla teach ósta eile sa gceantar.

Meaití agus a leathbhádóir ceoil: Johnny Connolly ag casadh ag Tionól Ceoil na Rinne, 2010. Pic le Mary Tobin.

Meaití ag casadh don damhsóir Máire Áine Ní Iarnáin ag Tionól Ceoil na Rinne, 2010. Pic le Mary Tobin.

Bhí Meaití sé bliana d’aois nuair a cuireadh ag an scoil ar dtús é mar cheap a mháthair nach raibh sé sách láidir ag an am.  Bhí sé beag ach má bhí, bhí sé crua, miotalach agus bhí an-ghairm aige don pheil agus d’imir sé go dtí go raibh sé ceithre bliana agus an dá scór.  Ocht mbliana go leith a bhí sé nuair a thosaigh sé ag casadh ceoil ar an bhfeadóg, an fheadóg E géar.  Bhí sí seo beag agus bhí sí ní b’fheiliúnaí do na méaracha beaga a bhí aige nuair a thosaigh sé.  Dá fhad iad na méaracha is é is fearr é, dar le Meaití.  Bhí méaracha an-fhada ar an bpíobaire Séamus Ennis, mar shampla.  Is é Fáinne Geal an Lae an chéad phort a d’fhoghlaim sé agus tá chuile nóta de fós de ghlanmheabhair aige. 

Scoil Samhraidh Willie Clancy, 1988. Pic: Antaine Ó Faracháin.

Casann Meaití an phíb uilleann.  Tá deis iomlán sa ngléas D aige, a thug a chol ceathrar, Pádraicín Darby dó.  Tá seamsúr sa ngléas B aige freisin agus tá deis iomlán B á déanamh dó faoi láthair. Dá íochtaraí dá mbíonn an deis, is é is fearr leis é, mar bíonn an ceol níos séimhe agus níos folláine don chluas, dar leis.  Is é an port is fearr leis ná an ríl An Tiarna Gordon, port atá thar cionn le haghaidh na bpíobaí.  Bhí an-mheas aige ar cheol Shéamuis Ennis ach ba é Willie Clancy an ceoltóir ab fhearr ar fad leis.  Bhí ceol an-bhinn aige sin agus chuir Meaití aithne mhaith air. Bhí an-tuiscint ag Clancy ar chomhdhéanamh na huirlise agus bhí sé in ann na giolcaigh a dhéanamh é féin mar ba shiúinéir a bhí ann.  

Is maith leis a bheith ag casadh na feadóige móire freisin.  Tá péire acu aige, ceann acu sa ngléas C mar is maith leis an fhuaim dheas bhog atá aici.  Casann sé an trumpa béil freisin agus bhí cáil ar a uncail, Máirtín Shéamuis, á chasadh.  Rinne Breandán Feiritéar (RnaG) taifead de agus sin é atá le cloisteáil ar cheol aitheantais RnaG le ríl a chum sé féin, Ríl Mháirtín Shéamuis.  Is breá ó Mheaití port béil a chasadh freisin. Ghlac sé páirt i gcomórtais phortaireacht bhéil ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus bhain sé an dara háit amach.  

Tá céim ag Meaití sa Ghaeilge agus sa Fhraincis agus chaith sé seal ag múineadh i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ach is le Raidió na Gaeltachta a chaith sé formhór dá shaol oibre; ocht mbliana déag is fiche ar fad.  Bhí sé ar dhuine den seachtar clár reachtairí a thosaigh ag obair ann in 1972. Cuireadh oiliúint air i Raidió Éireann, a bhí lonnaithe in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ag an am. Bhíodh sé ag plé le chuile ghné den chraoltóireacht: nuacht, spórt agus siamsaíocht. Trína chuid oibre chuir sé aithne ar dhaoine ní ba shine ná é féin ar nós Tom Pháidín Tom agus Cóil Neaine Pháidín agus mhéadaigh a shaibhreas agus a stór féin. Mar gheall ar an luí a bhí aige leis an gceol chuir sé sárcheoltóirí agus amhránaithe nach raibh cloiste go dtí sin i láthair an phobail. In 1995 ceapadh ina Eagraí Ceoil é agus shiúil sé an tír ag bailiú agus ag taifeadadh agus is a bhuíochas leis go bhfuil cartlann luachmhar amhrán agus ceoil ag Raidió na Gaeltachta. 

Meaití ag tógáil scíth bheag ón gceol in éindí le Johnny Connolly agus Seosamh Ó Neachtain. Pic le Seán Ó Mainnín.

Luaigh Meaití cuid de na hamhráin is ansa leis liom. Ba é Cailleach na Scríbe an chéad amhrán a d’fhoghlaim sé agus is fear as Cois Fharraige, Pádhraicín Chóil Bhile Ó Fátharta, ón Teach Mór, a chum é.  B’álainn an Ghaeilge a bhí aige agus bhí bua na filíochta aige.  Is é a chum Inis Barr an Chuain freisin. An t-amhrán is fearr le Meaití agus an ceann is mó atá luaite leis ná Bóithríní an Locháin.  Óna mháthair a fuair sé an t-amhrán agus is ar an Lochán Beag a rugadh ise. An fonn a bhí leis, bhí sé an-chosúil le Eanach Cuain ach mheasc Meaití é le fonn amhrán Béarla faoi Éirí Amach 1798, Ballyshannon Lane, trí dhearmad agus d’fhan an fonn sin leis.  Níor mhaith a mháthair dó ariamh é!  Bhíodh sé ag iarraidh amhrán nua a chasadh ag an Oireachtas chuile bhliain agus bhíodh rogha mhaith ansin aige.  Chas sé an t-amhrán An Bonnán Buí geábh amháin agus fuair sé an-mholadh ó Josie Sheáin Jeaic dá bharr.  Chuaigh  Máirtín Pheaits Ó Cualáin agus a chuid amhrán i bhfeidhm go mór air.  Bhí glór an-bhinn aige sin agus bhí chuile fhocal an-soiléir aige ag gabháil fhoinn.  

Ghnóthaigh sé Comórtas na bhFear (an tOireachtas) faoi dhó in 1992 agus arís in 1998.  Is maith ann na comórtais, dar le Meaití, le cur le do stór amhrán. Dá mhéad amhrán a bheas foghlamtha agat is é is fearr é.  Ní ag gnóthachtáil an rud is fearr ar chor ar bith ach ag cur le do stór amhrán agus neart roghanna a bheith agat. Ní i gcónaí a bheas an aoibh is fearr ort ná an fonn nó an bhís ort amhrán éicint a chasadh nó b’fhéidir nach dtiocfadh amhrán áirthid leat. An duais is mó a bhain Meaití amach do na hamhráin ar an sean-nós ná Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge in 2001 agus níor bhac sé mórán le comórtais ina dhiaidh sin.

D’eisigh Meaití dlúthdhiosca, Bóithrín an Locháin, sa mbliain 2003. Tá meascán breá de cheol agus amhráin ar an dlúthdhiosca, cuid acu nach raibh taifeadadh déanta orthu cheana. Tá sé le cloisteáil freisin ar an dlúthdhiosca Subhóró a d’eisigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ar dhlúthdhiosca a bhuancharad, Neansaí Ní Choisdealbha, Draíocht na Feadóige. 

Mholfadh Meaití do dhaoine óga a n-anáil a neartú sa gcaoi is go mbeadh anáil bhreá acu agus nach mbeadh gá línte san amhrán a bhriseadh.  Tá anáil an-mhaith ag Meaití é féin agus ceapann sé go bhfuil baint aige seo leis an bpeil agus an iomáint ar fad a bhíodh á n-imirt aige. Tá an-aiféala air go mbíodh sé ag caitheamh go leor tobac an chuid is mó den am sin!  Ach níor chaith Meaití le roinnt blianta anuas agus níl aon rún aige caitheamh arís go brách!  Bhíodh, agus tá an-tóir ar Mheaití mar gheall ar a shaineolas agus is minic a bhíonn sé ag tráchtaireacht agus ag plé cúrsaí ceoil agus amhrán ar chláir raidió agus teilifíse. Is iomaí dlúthdhiosca agus nótaí clúdaigh atá scríofa aige dá chairde agus is fear é nár dhiúltaigh cuireadh riamh chuig féile nó pléaráca sa mbaile nó i gcéin. 

Go mba fada buan é! 

Scríbhneoir: Anna Nic Lochlainn, an Spidéal.

Foinsí Eolais

Ó Fátharta, M. (2021) Agallamh le hAnna Nic Lochlainn, 11 Aibreán.

Ó Fátharta, M. (2003) Bóithríní an Locháin. [Dd]. (CICD 154) Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Tuairisg, L. eag. (2017) An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Varia. (2007) ‘Bóithríní an Locháin’ Corn Uí Riada – Buaiteoirí 1972 – 2007. [Dd]. (CICD 177) Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Máirtín Pheaits Ó Cualáin

Next
Next

Orla Ní Fhinneadha