Tomás Ó Neachtain
Rugadh Tomás Ó Neachtain sa gCoilleach, an Spidéal, áit ar saolaíodh a athair, a sheanathair agus a shin-seanathair roimhe agus is ann atá sé féin is a bhean, Neansaí Ní Oibicín as Leitir Mucú, fós ag cur fúthu. Ba as Baile an tSléibhe do mháthair Thomáis, Máire Ní Neachtain nó Mary Steve Pheadairín, baile fearainn atá díreach trasna an bhóthair ón gCoilleach.
Bhí spéis ag Teaimín Tom Pheaits, athair Thomáis, sna seanamhráin agus bhíodh sé i gcónaí ag portaireacht, nó ag gabháil fhoinn agus é amuigh i mbun obair na feilme. Bhí neart amhrán ag a sheanathair, Tom Pheaits, freisin. Bhí amhráin ag a mháthair chomh maith, cé nár mhinic a d’airigh Tomás á gcasadh í, ach bhíodh a hathairse, Stiophán Pheadairín, ag casadh an trumpa béil agus bhíodh sé ag aithriseoireacht. I measc na n-amhrán a chasadh a athair luaigh Tomás An Draighneán Donn, Tomás Bán Mac Aogáin agus Eanach Cuain. Bhí dhá amhrán Mhuimhneacha aige freisin: Eochaill agus Bruach na Carraige Báine. Ba mhúinteoir as Corcaigh, Seoirse Ó Gógáin, a mhúin na hamhráin sin dá athair agus é ar scoil sa Spidéal ach leagan faoi leith díobh i gcanúint Chois Fharraige a bhí aige. Cé nach raibh mórán Béarla ag Teaimín Tom Pheaits, bhí amhráin mhacarónacha agus cinn Bhéarla aige, leithéidí One Morning in June agus measann Tomás gur fhoghlaim sé ar scoil iad.
Nuair a bhí sé thart ar dheich mbliana d’aois, thosaigh Tomás ag tabhairt caidéise do chúrsaí ceoil agus amhránaíochta sa gceantar. Ba theach aitheanta ceoil é tigh Standúin sna seascaidí agus bhíodh fearadh na fáilte i mBaile an Domhnalláin ag Mae agus Máirtín Standún roimh cheoltóirí áitiúla agus cuairteoirí araon. Is cuimhin le Tomás a bheith ag teacht abhaile ón Aifreann maidin Domhnaigh an uair úd agus é ag gabháil thar thigh Standúin chuala sé dhá amhrán á gcasadh istigh agus cé gur aithin sé an t-amhránaí, Antaine Ó Domhnaill as Baile an tSagairt, níor aithin an leaid óg na hamhráin. D’fhan sé ag éisteacht agus chuir sé cuid de na focail de ghlanmheabhair agus chuaigh sé ag tóraíocht go bhfuair sé amach gurbh iad An Casaideach Bán agus An Binsín Luachra a chuala sé. Spreag sé sin a shuim sa taighde agus tamall ina dhiaidh sin thug an tAthair Eric Mac Fhinn cóip de Na Casaidigh agus a gCuid Filíochta dó agus d’fhoghlaim sé An Casaideach Bán. Choinnigh sé leis an taighde agus rinne sé taifeadadh den leagan de An Binsín Luachra a bhí ag Máirín Jó Shéamuis Ní Fhátharta as na hAille. Thóg sé an t-amhrán céanna ó Bhríd Pheaits Nella Ní Chonghaile ón gCré Dhubh chomh maith le cúpla ceann eile. Ní raibh aon Google ann an uair sin!
De bharr nach mbíodh daoine ag meascadh mórán le chéile, bhíodh amhráin dhifriúla sna ceantair ar fud Chonamara – an Trá Bháin, an Cheathrú Rua agus Carna, mar shampla. Dar le Tomás go raibh traidisiún na cumadóireachta ní ba láidre i gCeantar na nOileán, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna ná mar a bhí sé sa Spidéal. Bhí an-mheas ag muintir an Spidéil ar amhráin Raiftearaí agus amhráin Mhaighe Seola agus bhíodh D’éirigh mé ar Maidin Dé Céadaoin, Máire Ní Ghríofa, Nóra Ní Chonchúir Bháin agus An Gabha Ceártan fairsing go leor. Nuair a thosaigh Tomás ag obair agus a chuid airgid féin aige, thosaigh sé ag tóraíocht seanleabhair amhrán i siopa leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh – siopa a bhfuil cáil air fós mar sholáthraí leabhar uathúil. Ar an gcaoi sin bhailigh sé cnuasach suntasach, ina measc Abhráin Ghrádha Chúige Chonnacht (1893), Amhráin Chlainne Gaedhael (1905), Amhráin Chuilm de Bhailís (1904) agus Amhráin Mhuighe Seola (1923). Bhí an-suim aige sna leaganacha difriúla agus sna véarsaí breise agus chuir sé lena stór.
Bhuaigh Tomás Corn na bhFear agus Corn Uí Riada in 1980, an chéad uair a chuaigh sé in iomaíocht i gcomórtais amhránaíochta an Oireachtais agus bronnadh Corn Uí Riada arís air in 1981. Ina dhiaidh sin ghlac sé páirt sna comórtais amhránaíochta áitiúla a bhain le Féile na gCurach sa Spidéal agus is iomaí gradam a ghnóthaigh sé. Tá sé éirithe as an iomaíocht le fada ach fós tugann sé cluas ghéar do na comórtais agus do na hamhránaithe óga atá ag teacht chun cinn sa gceantar. Bíonn Tomás le cloisteáil go minic ar RnaG agus rinneadh clár faoi sa tsraith An tAmhrán is Ansa Liom a chraol TG4. Tá roinnt taifeadtaí déanta freisin aige agus tá sé le cloisteáil ar Grand Airs of Connemara, 1968 agus More Grand Airs of Connemara, 1971 dhá cheirnín a rinne an comhlacht Topic Records; ar an gcnuasach Blas Meala a chuir Brian O’Rourke le chéile agus ar an dlúthdhiosca Corn Uí Riada - Buaiteoirí 1972 – 2007 a d’eisigh Cló Iar-Chonnacht in 2008. Ceapadh Tomás mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don bhliain acadúil 2018 – 19. Dúirt sé liom gur bhain sé an-sásamh as an tréimhse agus gur mhór an t-ábhar dóchais dó an méid suime a léirigh na mic léinn sna hamhráin.
Agus é ag plé an tsean-nóis liom cuimhníonn sé ar an dlúthchumann a bhíodh idir an t-amhránaí agus a lucht éisteachta nuair a bhíodh sé óg agus ar an tábhacht a bhaineann fós leis. ‘Bhíodh teagmháil ann idir chuile dhuine … ag dul anonn is anall idir an fonnadóir agus a lucht éisteachta. An teagmháil atá agat le daoine a thuigeann an t-amhrán – ardaíonn sé an t-amhrán le hais é a bheith á chasadh ar stáitse do lucht éisteachta nach dtuigeann céard atá tú a rá.’ Dar leis gurb iad na hamhráin mhóra atá i gcroílár an tsean-nóis, mar go mbíonn scéal tarraingteach agus téagar iontu, bíodh siad brónach nó a mhalairt. Mar shamplaí d’amhráin mhóra luaigh sé an t-amhrán grá Eileanóir na Rún agus Eanach Cuain, amhrán Raiftearaí faoin mbá tragóideach a tharla in 1828. Tá Tomás fial, flaithiúil lena chuid eolais agus deir sé go bhfuil acmhainní ann anois nach raibh ann ina óige, leithéidí Raidió na Gaeltachta agus na leabhair agus na dioscaí atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Is iad an chumarsáid agus an tuiscint a bhíonn idir an t-éisteoir agus an t-amhránaí an dá ghné is tábhachtaí den ealaín i dtuairim Thomáis. Ní gá don amhránaí cloí le bunscór an cheoil, ná leis an meadaracht, ach “a chuid féin a dhéanamh den amhrán”. Is é an scéal an rud is tábhachtaí agus “tá an ceol cosúil le subh ar arán”. Molann Tomás d’amhránaithe óga éisteacht leis na seanfhondúirí ach a gcuid féin a dhéanamh de na hamhráin chomh maith.
Tá cúigear clainne tógtha ag Tomás agus Neansaí ar an gCoilleach: Tomás, Eoghan, Máire, Seán agus Seosamh. Tá ceol acu ar fad agus ar ndóigh tá an-cháil ar an damhsóir, Seosamh. Tá cuid díobh fós ag cur fúthu go háitiúil lena gcéilí ceolmhara agus tá an gharchlann iad féin ag teacht in inmhe. Is breá le Tomás a bheith ag múineadh amhrán dóibh agus a bheith á moladh. Nach aoibhinn Dia dóibh é!
Scríbhneoir: Ann Burnell, an Spidéal. An Dioplóma sa Ghaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG, 2020.
Ba mhaith le Ann buíochas a ghlacadh le Tomás agus a bhean Neansaí.
Pictiúir le Seán Ó Mainnín, Bob Quinn, Johanna Ní Mháille & Cartlann an Oireachtais.
Buíochas le Cló Iar-Chonnacht agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin ábhar fuaime.
Foinsí agus Tuilleadh Eolais:
Ó Neachtain, T. (2020) Agallamh le Ann Burnell, 13 Eanáir.
Ó Ruairc, B. (1985) Blas Meala. Baile Átha Cliath: Irish Academic Press.
Varia. (1968) ‘Peigí Mistéal’ & ‘Píopa Ainde Mhóir’ Grand Airs of Connemara. [FC]. (12T177) An Bhreatain: Topic Records.
Varia. (1971) ‘An Sceilpín Draighneach’ More Grand Airs from Connemara. [FC]. (12T202) An Bhreatain: Topic Records.
Varia. (2007) ‘An Casaideach Bán’ Corn Uí Riada – Buaiteoirí 1972 – 2007. [Dd]. (CICD 177) Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ar líne: