Brian Ó Baoill
In 1974 a tháinig Brian Ó Baoill, as Bealach an Doirín ó thús, chun cónaithe sa Teach Mór lena bhean, Beti, agus a gclann óg. Chaith sé a shaol ag feachtastaíocht ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, thug sé blianta i gceannas ar Chlub Óige Lurgan agus nuair a fuair sé an deis, scríobh sé 37 leabhar! Is í Sadbh Ní Ghibne a scríobh an cuntas seo ar a comharsa béal dorais.
Darach Ó Scolaí
Sna hAille a tógadh an scríbhneoir agus an foilsitheoir Darach Ó Scolaí agus tá sé ina chónaí anois i gClochar an Locha, ar an Lochán Beag, in éineacht lena bhean, Anna Ní Chartúir, agus a gclann. Tá suim aige i saothrú na seanlitríochta faoi mar atá le tabhairt faoi deara ina chuid úrscéalta. Is í Aifric Ní Scolaí, iníon Dharach, a scríobh an t-alt seo.
Joe Shéamuis Sheáin Ó Donnchadha (Filí Bhaile na mBroghach)
Bhí cáil agus meas ar Joe Shéamuis Sheáin Ó Donnchadha, Filí Bhaile na mBroghach, i measc a phobail féin agus rinne sé filíocht as an ngnáthshaol a bhí acu. Dhéantaí na dánta a rinne sé a aithris ag ócáidí poiblí: ag céilithe, ag bainiseacha agus ag ócáidí eile. Ba shin-seanuncail é an Filí le Liadan, Iarfhlaith, Caoilte agus Cuán Canny, taighdeoirí an ailt seo.
Joe Steve Ó Neachtain
Mar scríbhneoir, mar aisteoir agus mar fhear pobail ba mhó a bhí cáil ar Joe Steve Ó Neachtain (1942 - 2020). Bhí cónaí air ar an gCré Dhubh in éineacht lena bhean, Máirín, agus is ann a thóg siad a dtriúr clainne. Bhí an-chion aige ar a gharchlann agus acusan air agus is iad Róisín, Bróna agus Éamonn Ó Ceallacháin a scríobh an t-alt seo.
Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha
Mhealladh drámaí Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha na sluaite chuig hallaí fud fad Chonamara agus bhíodh an-tóir ag éisteoirí Raidió na Gaeltachta ar a chuid míreanna grinn, gan trácht ar na hagallaimh bheirte a scríobhadh sé do chomórtais an Oireachtais. Ba as na Creagáin in Indreabhán do Johnny agus is ann a thóg sé féin is a bhean, Bríd Ní Chonghaile a dtriúr clainne.
Máire Ní Oibicín Uí Eidhin
‘Is furasta a aithint gur file déanta í le fada fíorach an lá’. B’in mar a chuir Máire Ní Neachtain síos ar fhilíocht Mháire Ní Oibicín Uí Eidhin nuair a foilsíodh a céad díolaim, Taoscadh an Tobair. Is as Leitir Mucú ó thús do Mháire, ar ealaíontóir agus aisteoir í freisin, ach is ar an mBaile Ard sa Spidéal a thóg sí féin is a fear, Micheál Ó hEidhin, a gclann. Is iad Leo agus Peppe Castagna a scríobh an t-alt seo faoi faoina mamó.
Máirtín Ó Cadhain
Ar an gCnocán Glas, in aice leis an Spidéal, a rugadh Máirtín Ó Cadhain (1906 – 1970) agus maireann a dhaoine muinteartha fós ar an mbaile. Ba dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois é, úrscéalaí agus gearrscéalaí a shaothraigh nualitríocht na Gaeilge. Tá an cuntas seo bunaithe ar 50 Fíric faoi Mháirtín Ó Cadhain, alt a foilsíodh sa leabhar comórtha Eadrainn Féin a d’fhoilsigh Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.
Mícheál Breathnach
Ar an Lochán Beag a rugadh an scríbhneoir agus an scoláire Mícheál Breathnach (1881 - 1908). Is iontach an méid a bhain sé amach sa seal gearr a chaith sé ar an saol seo, idir shaothair litríochta, chúrsaí léinn agus ghníomhartha Chonradh na Gaeilge. Tá a ainm fós beo ar bhéal mhuintir Chois Fharraige mar is i gcuimhne air a tugadh Cumann Mícheál Breathnach ar an gclub CLG áitiúil.
Micheál Ó Conghaile
Bhunaigh Micheál Ó Conghaile Cló Iar-Chonnacht, an teach foilsitheoireachta mór le rá, in 1985. Tríd an gcomhlacht sin bhí baint aige le thart ar 1,000 foilseachán ar feadh 35 bliain, idir leabhair, dhlúthdhioscaí agus chaiséid – a bhformhór le healaíontóirí Gaeltachta. D’éirigh sé as in 2020 agus tá sé ag díriú ar a chuid scríbhneoireachta féin anois. Is duine de mhórscríbhneoirí ár linne é atá ina bhall d’Aosdána ó 1998.
Pauline Nic Chonaonaigh
I nGaillimh a rugadh Pauline agus ba as an Spidéal dá máthair agus na Forbacha dá hathair. Ba sa Spidéal a thóg sí féin is a fear, Séamus, a gclann. Bhí tionchar láidir ag an nádúr uirthi agus í ag fás aníos, gné atá le brath ina cuid filíochta. Baineann roinnt mhaith dá cuid dánta leis an áilleacht agus na hiontais a fheiceann sí agus í ag siúl i gCois Fharraige.
Cáit Uí Chonláin
Bhí cáil ar Cháit Ní Choistealbha nó Kate Sheáin Tom (1886 – 1974) mar fhonnadóir agus mar scéalaí. Rugadh i mBaile Domhnalláin sa Spidéal í agus is i mBaile an tSagairt a thóg sí féin agus a fear céile, Mícheál Ó Conláin, a gclann. Ba í Cáit sin-seanmháthair scríbhneoirí an ailt seo, Áine agus Cillian Ó Laoi.
Jimmí Chearra
Choinnigh Jimmí Chearra (1927 – 2020) géarchuimhne ar chuile scéal beo a chuala sé ina óige agus is é a bhí in ann iad a inseacht i nGaeilge ghlan, shaibhir Chois Fharraige. I gClochar an Locha ar an Lochán Beag a saolaíodh é agus thug sé seal i Sasana. Is i gClochar Camóige ar an Lochán a thóg sé féin is a bhean, Bríd, a gclann. Séamus Ó Cearra, garmhac le Jimmí, a scríobh an t-alt seo.
Máirín Mhic Lochlainn
Is as Baile an tSléibhe i Ros a’Mhíl do Mháirín Mhic Lochlainn nó ‘Máirín na Scéalta’ mar a thugann gasúir na háite uirthi. Is i mBaile na mBrobhach a thóg sí féin agus a fear, Tom Mac Loughlin, a gclann. D’inis sí a scéal féin dá nianna, Liam agus Séamus Ó Lorcáin.
Aisling Ní Neachtain
Tá Aisling Ní Neachtain an-ghníomhach i saol an cheoil i gCois Fharraige. Tá sí ina crann taca ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus ina stiúrthóir ar Chór Chois Fharraige. Is minic a bhíonn glaoch uirthi ag ócáidí éagsúla in éineacht lena deirfiúr, Luisne. Casann Aisling an fhidil, an pianó agus an chláirseach agus tá sí fós ag cur fúithi ina baile dúchais, an Chré Dhubh.
Antoine Pheaitín Terry Mac Donncha
Rugadh agus tógadh Antoine Pheaitín Terry Mac Donncha i Ros a’ Mhíl. Seo píosa a scríobh a gharchlann, Éadaoin, Neasa agus Dearbhail, faoi dhaideo Ros a’ Mhíl.
Becky Ní Éallaithe
Is ceoltóir consairtín agus damhsóir ar an sean-nós í Becky Ní Éallaithe, as na hAille, Indreabhán, i gCois Fharraige. Tá céim sa gceol traidisiúnta bainte amach ag Becky ó Ollscoil Luimnigh, áit a ndearna sí taighde céime ar an nasc atá idir an damhsa ar an sean-nós agus an ceol traidisiúnta.
Charlie Lennon
Tá an Dr Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile. As Coillte Clochair i gCo. Liatroma ó thús é ach tá sé ina chónaí le fada sa Spidéal. Gariníon le Charlie, Aoibhínn Ní Neachtain, a scríobh an t-alt seo faoina daideo.
Dearbhaill Standún
Tógadh Dearbhaill Standún le ceol i dteach cáiliúil Standúin i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal agus is leis a chaith sí a saol. Is ina cónaí ar bhóthar Mhaigh Cuilinn atá sí anois, áit a ritheann sí féin agus a fear, Charlie Troy, an gnó Cnoc Suain. Chuir Frankie Mac Aodha suim ina scéal agus scríobh sé an t-alt seo fúithi.
Dónal Standún
Is duine de mhuintir cheolmhar Standúin é Dónal agus bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí bainseó ba cháiliúla sa tír le linn a óige. Tá sé ina chónaí sa Spidéal in éineacht lena bhean, Raymonde, agus d’inis sé scéal a bheatha do Frankie Mac Aodha.
Edel Ní Churraoin
Is as an gCoill Rua d’Edel Ní Churraoin, bean a chuir suim sa gceol nuair a bhí sí an-óg. Casann Edel an cairdín agus an fheadóg, is damhsóir breá sean-nóis í agus casann sí corrstéibh d’amhrán freisin. Is ball í den ghrúpa Las agus is minic ar ardán í leosan agus le ceoltóiri eile. Tá Edel lonnaithe i mBéal Feirste agus í ag obair i ngach réimse de na meáin.