Charlie Lennon

Rugadh an cumadóir agus an ceoltóir, Charlie Lennon, i gCoillte Clochair, Co. Liatroma ceann de na toibreacha ceoil thraidisiúnta is saibhre sa tír. Thosaigh sé ag foghlaim an phianó agus na fidile nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an veidhlín clasaiceach agus ar armóiní snagcheoil. Chaith sé cuid dá shaol i Sasana, áit ar bhain sé céim dhochtúireachta amach san fhisic núicléach in Ollscoil Learphoill. 

Charlie sa mbaile sa gCnocán Glas.

Síle Tim Ní Fhlaithearta agus Charlie Lennon.

 Bhí sé ina bhall de bhanna céilí iomráiteach The Liverpool Céilí Band, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó agus é ag casadh leo. Is iomaí ceoltóir a ndearna sé taifead leo: Joe Burke, Séamus Connolly, Matt Molloy, SeanJohnny as Inis Bearachain agus Johnny Óg Connolly agus mórán eile nach iad. 

Ceird an cheoil.

Is cumadóir aitheanta freisin é agus tá saothair cheoil dá chuid taifeadta ag an iliomad ceoltóirí. Bhronn TG4 ‘Cumadóir na Bliana’ air in 2004. Foilsíodh leabhar agus dlúthdhiosca leis dar teideal Musical Memories agus i measc na dtaifeadtaí eile atá déanta aige tá: ‘The Emigrant Suite: Deora an Deoraí’ (Gael Linn); ‘Island Wedding – Bainis Oileáin’ (RTÉ); ‘The Dance of the Honey Bees’ (Gael Linn); ‘Flight from the Hungry Land’ (Worldmusic); ‘Aifreann Chaomháin’ (Worldmusic); ‘Dusk ‘Till Dawn’ (Worldmusic); ‘Áille na hÁille’ (Gael Linn). Tá sé le cloisteáil freisin ar an dá shárthaifeadadh: ‘Within a Mile of Kilty’ agus ‘Within a Mile of Kilty 2’. Tá clár dá chuid, ‘Waves’, le fáil fós ó RTÉ.

 I 1998, bhog sé féin agus a bhean, an t-amhránaí sean-nóis Síle Tim Ní Fhlaithearta, siar chun an Spidéil − ceantar dúchais Shíle. Is ann a bhunaigh sé Stiúideo Cuan. Rinneadh athchóiriú le deireanas ar an Stiúideo agus tá sé ar cheann de na háiseanna is nua-aimseartha agus is feistithe atá ar fáil do cheoltóirí an Iarthair. 

Tá Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile agus, ar ndóigh, bhí an-cháil ar a dheartháir Ben Lennon. Tugann an gearrscannán ‘Ben’s Departure’ léargas ar an gcaidreamh a bhí idir Charlie agus a dheartháir Ben a cailleadh i dtús na paindéime i mí an Mhárta 2020. Tá cáil an cheoil ar a nia, Maurice Lennon, agus ar a chlann cheolmhar féin, Éilís, Seán agus Dónal.

Is dhá phort iad seo a chum Charlie Lennon sna 1980idí. Thiomnaigh sé an chéad cheann dá bhean chéile, an fonnadóir Síle Ní Fhlaithearta agus an dara ceann dá chara Donncha Ó Briain, nach maireann. Tá Charlie é féin ag tabhairt tionlacain don ghrúpa sóisir ar an mír seo. In éineacht leis freisin tá a iníon, Éilís Lennon agus a mhac, Seán Lennon agus go deimhin tá an tríú glúin ann chomh maith agus i measc na gceoltóirí óga tá beirt de gharchlann Charlie, Jim Lennon agus Aoibhínn Ní Neachtain, a labhair leis ag tús na míre.

Previous
Previous

Becky Ní Éallaithe

Next
Next

Dearbhaill Standún