Dearbhaill Standún
‘Athraíonn an freagra ó lá go lá!’ B’in a bhí le rá ag an bhfidléir Dearbhaill Standún liom nuair a d’fhiafraigh mé di cén port ceoil ab ansa léi. Ina dhiaidh sin féin, tá an-luí ag Dearbhaill leis na foinn mhalla mar gheall ar an tógáil a fuair sí i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal agus mar gheall ar bheirt a raibh an-tionchar aici uirthi: an ceoltóir feadóige, Festy Ó Conláin agus an píobaire Séamus Ennis. Dúirt sí go mbíodh top ten na bhfonn mall á gcur á chur i dtoll a chéile aici féin is Séamus Ennis fadó! Ceann amháin bhíodh i gcónaí ar an liosta ná ‘Máire Ní Mhongáin’ agus d’inis Dearbhaill dom gur roghnaigh an craoltóir Ciarán Mac Mathúna taifeadadh di féin á chasadh mar chuid de Rogha Cheol na Gaillimhe a bhí aige ar a chlár ‘Mo Cheol Thú’. Is maith léi ‘Úna Bhán’ agus ‘Dónall Óg’ freisin. Tá an oiread acu ann go bhfuil sé cinnte uirthi ceann amháin a roghnú!
Is í an chéad chuimhne atá ag Dearbhaill ar an gceol ná an veidhlín a fuair sí ó Dhaidí na Nollag nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Bhí ríméad uirthi agus thosaigh sí ag foghlaim óna máthair, May, in éineacht lena deartháir, Dónal. Dar ndóigh, bhíodh May agus Máirtín Standún thar a bheith gnóthach sa siopa ach chothaigh siad beirt grá don cheol ina gclann óg. Ní bhíodh mórán ceoil ná sna tithe ósta an uair sin agus is sna tithe a bhailíodh na ceoltóirí le chéile nó ag ócáidí eagraithe ar nós ceolchoirmeacha nó céilithe. Mura raibh ceol sna tithe ósta, bhí ceol i dTigh Standúin agus cuimhníonn Dearbhaill go mbíodh ceoltóirí agus amhránaithe go rialta sa teach agus go mbíodh May ag tabhairt tionlacain dóibh ar an bpianó. Tar éis píosa, chuir May na gasúir chuig Herr Menge, múinteoir Gearmánach a bhíodh ag teagasc ceol clasaiceach sa Spidéal. Bhí siad scanraithe roimh Herr Menge ach deir Dearbhaill anois gur fhoghlaim siad go leor uaidh.
Ní hé an oiread sin ceoltóirí áitiúla a bhí ann an uair sin, dar le Dearbhaill. Is cuimhneach léi a bheith ag éisteacht le Maidhcín Curran ón bPáirc agus le hAntoine Pheaitín Terry as Ros a’ Mhíl, le hamhránaithe an cheantair agus dar ndóigh, lena cara mór, Festy Ó Conláin. Bhíodh muintir an chontae ag tarraingt ar an teach: muintir Keane ó Chathair Liostráin, Joe Burke as Cillín a Díoma agus na Kellys, Des agus Johnny, ón Turlach Mór, mar shampla. Is beag cuairteoir ceoil nár leag cos i dtigh Standún, leithéidí na Dubliners, na Clancys agus Tommy Makem, na Wolfe Tones agus Séamus Ennis agus cé go raibh cliú agus cáil orthu, ba mhar a chéile chuile dhuine sa teach; bhíodh deis ag gach duine ceol a chasadh nó amhrán a rá, ba chuma cé hiad féin. Is grá agus spórt an cheoil a bhí i gceist i gcónaí.
Cara mór leis an gclann ba ea an fonnadóir Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha agus bhí gaol cleamhnais acu leis. (Bhí Festy Ó Conláin pósta le hEibhlín Standún, aintín Dearbhaill. Ba chol ceathracha iad máthair Festy agus Tom). Bhíodh sé sa teach go minic agus thagadh sé don dinnéar chuile lá Nollag. Tháinig muintir Lewis, Breda agus John agus a ngasúir Patsy agus Liam, go dtí an Spidéal sna 70idí agus chuir siad an-suim i Tom Pháidín Tom agus bhí an-ríméad orthu sin agus ar mhuintir Standún nuair a eisíodh an t-albam Tom Pháidín Tom in 1977.
Bhí tionchar mór ag Festy Ó Conláin ar Dhearbhaill. Chas Festy an fheadóg stáin. Bhí an-mheas air agus tharraing sé go leor daoine go dtí an Spidéal. Ba mhinic a bhíodh cuairteoirí ar nós Luke Kelly, na Clancy Brothers agus Johnny Moynihan ag fanacht i mBaile Liam le Festy. Dar le Dearbhaill go raibh cuma an Daréag Aspal orthu! Is óna mháthair, Cáit Uí Chonláin, a thug Festy leis a stór amhrán agus chasadh sé na hamhráin a bhíodh aici sin ar an bhfeadóg. Bhíodh sé ag foghlaim a chuid ceoil ó chláir chlasaiceacha a bhíodh á gcraoladh ar an mBBC. De bharr an cumas ceoil a bhí inti, bhí tarraingt ag Dearbhaill ar na foinn mhalla agus nuair a sí trí bliana déag dúirt Festy go múinfeadh sé í. Chaith sí dhá lá iomlána ag foghlaim uaidh agus bhí léargas ina dhiaidh sin aici ar an bhfad a bhí le baint as nótaí áirithe, an chaoi le béim a chur san áit cheart agus an tábhacht a bhaint le tuiscint an fhoinn féin. Ag an am, ní raibh ranganna foirmeálta aici agus ba mhór an tairbhe di an t-eolas a roinn sé léi. Chuaigh an bheirt acu go club ceoil i mBéal Feirste tráth, agus ina dhiaidh sin, in áit filleadh abhaile, dúirt Festy go dtiocfaidís go Baile Átha Cliath. Bhuail siad leis na Dubliners a bhí ag casadh i dTigh O’Donoghues agus ansin thug siad aghaidh ar theach tábhairne an Embankment i dTamhlacht. Bhí na Fureys ag casadh ansin agus d’fhan siad ann ar feadh na hoíche.
Cuimhníonn Dearbhaill in 1958 nuair a bhí sí féin agus Dónal ag casadh i dTigh Tim Johnny (An Crúiscín Lán a thugtar air anois) sa Spidéal in éindí le May. Bhí pianó breá sa lounge ann agus bhíodh Dickie Byrne agus a bhean, Irene, ag teacht amach ó Ghaillimh chun éisteacht leis an gceol. Bhí Dearbhaill ina dalta cónaithe sa scoil chónaithe a bhí faoi stiúir Shiúracha Lughaidh Naofa i gCoillte Mach i gContae Mhaigh Eo. Chaith sí trí bliana i Scoil Chaitríona ar Shráid Eccles i mBaile Átha Cliath chomh maith. Lean sí leis an gceol clasaiceach nuair a bhí sí ann agus rinne sí na gráid éagsúla agus bhíodh sí ag casadh le ceolfhoireann na scoile. Faoin am seo bhí Banna Ceoil Naomh Éanna, a bhunaigh Dónal nuair a bhí sé 14, faoi lánseol. Nuair a thagadh Dearbhaill abhaile, bhíodh sí ag casadh le Dónal, May agus Festy a bhí sa mbanna freisin. Bhí Patsy Mc Donagh, as Leitir Móir, ar an gcairdín agus Seán Ard Ó Neachtain ar na drumaí. Bhíodh siad ag taisteal thart timpeall Chonamara Theas ag casadh ceoil in áiteanna ar nós Tír an Fhia, na Ceathrún Rua agus i gColáiste Chonnacht sa Spidéal. Thaitin sé go mór leo agus bhaineadar an-chraic as.
Deir Dearbhaill liom go mbíodh May bíogtha le dul ag casadh agus nár dhiúltaigh sí riamh cuireadh chun ceoil agus gur thug sé scíth di ó obair an tsiopa. Théadh siad sách minic go teach mhuintir Keane i gCathair Loistreáin agus thagadh siadsan chucu sin chuile oíche Nollag. Bhíodh an chlann ag dul amach leis an ‘dreoilín’ agus uair amháin chuaigh siad chomh fada leis an Muileann gCearr ag bailiú airgid ar son carthanachta. Bhí an carr lán go béal, Festy agus Tomás Ó Neachtain ina measc. Chasadh siad go minic le muintir Uí Cheannabháin agus Uí Iarnáin as Carna agus go leor eile. Go deimhin, is i dteannta mhuintir Charna a rinne Dearbhail a céad taifead don chomhlacht Gael Linn agus chas sí trí fhonn mhalla: ‘Maillí Ní Mhaoileoin’, ‘Dónal Óg’, ‘Máire Ní Mhongáin’ ar an gceirnín ‘Bean an Leanna’ a eisíodh sa mbliain 1979.
I ndeireadh na seascaidí, bhí borradh mór tagtha faoi shuim an phobail sa gceol traidisiúnta agus bhí tóir ag turasóirí air. Bhí muintir Standún páirteach i gceann de na chéad mhórghrúpaí traidisiúnta, Ceoltóirí Chonnacht, a bunaíodh i gcathair na Gaillimhe agus bhíodh siad ag casadh go rialta leo ag ceolchoirmeacha sa gcathair agus ag caberets do na turasóirí. Bhí cúpla duine eile ón Spidéal sa ngrúpa freisin: Festy, Tomás Ó Neachtain agus Pádraig Johnny Bán Ó Coistealbha agus iad in éineacht le Martin agus Eamonn Rabbitte, Pádraig Ó Carra, Celine Hession agus an té a bhunaigh, Dickie Byrne. Bhí idir dhamhsa, cheol agus amhránaíocht acu agus léiríodh i bhfoirm seó iad.
D’fhreastail Dearbhaill ar an ollscoil i nGaillimh agus bhíodh sí ag obair sa siopa freisin. Is ann a bhí sí lá amháin i 1966 nuair a tháinig glaoch ó Chaisleán Bhun Raite ag tabhairt cuireadh di agallamh a dhéanamh le bheith ina ball den bhuíon siamsóirí. D’éirigh léi agus chaith sí an samhradh ann. Casadh an cláirseoir, Kathleen Loughnane, a bhí ag obair i gCaisleán na Cnapóige, uirthi agus roinn siad árasán agus bhí siad an-mhór le chéile. D’imigh siad a mbealach féin agus is annamh a chasadh siad ar a chéile ar feadh na mblianta. An samhradh dar gcionn chuaigh Dearbhaill ag obair i gcaisleán Dhún Guaire i gCinn Mhara Dún agus bhíodh sí ceithre lá ansin agus trí lá i mBun Raite.
Bhí cairdeas saoil idir Dearbhaill agus Séamus Ennis. Oíche fhuar gheimhridh nuair a bhí Dearbhaill thart ar scór bliain d’aois, tháinig Ennis ar cuairt chuig an teach. Bhí caoi curtha aige ar veidhlín agus é ag iarraidh é a thaispeáint do Mhay. Bhí sise faoi bhrú sa siopa agus d’iarr sí ar Dhearbhaill labhairt leis. Cheistigh Séamus í agus chas sí an t-amhrán ‘Dónal Óg’ ar an veidhlín agus ‘Box of Gold’ ina dhiaidh sin. Chaith siad cúpla uair an chloig ag casadh agus roinn sé cúpla fonn mall eile léi. Bhuel, tharla sé gur fhan Séamus seachtain sa teach! Agus é ag fágáil slán le muintir Standún dúirt sé go bhféadfadh Dearbhaill an veidhlín a choinneáil ar an gcoinníoll go gcoinneodh sí uirthi ag casadh. B’in tús an chaidrimh a bhí eatarthu. Thug Dearbhaill cúpla bliain ag múineadh sa gCúlóg i mBaile Átha Cliath. Théadh sí go Club Chumann na bPíobairí Uilleann ar Shráid Thomáis agus aon áit a mbíodh ceol ar bun agus bhíodh sí ag seinm freisin leis an gceolfhoireann Dublin Orchestral Players. Ba mhinic a théadh sí amach go teach an phíobaire Liam O’Flynn i dTír an Iúir, áit ina raibh cónaí ar Shéamus ag an am. Bhíodh sí ag múineadh ranganna veidhlín clasaiceach do dhaltaí agus bhíodh cúpla port ina ndiaidh aici leis an mbeirt agus is iomaí fonn mall a roinn Séamus léi ag na seisiúin sin. In 1972 thaistil sí le Séamus, Liam Óg, Matt Molloy agus an t-amhránaí Seán ‘ac Dhonncha go dtí an International Folk Festival in Rotterdam san Ísiltír.
Is trí thimpiste a bunaíodh an grúpa Dordán ag deireadh na 80idí. Bhí Dearbhaill gnóthach sa mbaile ag tógáil a cuid gasúr agus ag múineadh an veidhlín ach ní raibh mórán ceoil á chasadh aici thairis sin. Bhuail a seanchara, Kathleen amach chuici lá amháin agus d’iarr sí uirthi cúpla gig a dhéanamh léi san ollscoil, rud a rinne. Thart ar an am céanna chuir sí aithne ar an Athair Pat O’Brien nuair a bheannaigh sé teach nua Mary Bergin i mBoth Chuanna. File agus drámadóir ba ea Pat agus bhí léiriú á stáitsiú aige ina pharóiste, an Sceachánach, in aice Mhaigh Locha agus d’iarr sé ar Mary agus Dearbhaill an ceol a chasadh dó. Ceol barócach a bhí i gceist agus d’iarr siad ar Kathleen dul i bpáirt leo. Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag teacht le chéile ina dtithe féin ag cóiriú port agus thaitin sé seo leo. Go gairid ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dóibh casadh ag ceolchoirm i séipéal Naomh Nioclás i nGaillimh. Théis na ceolchoirme d’fhiafraigh Jackie Small díobh cén uair a bheadh an dlúthdhiosca ag teacht amach! Mar sin féin, cheap Mary gur smaoineamh iontach a bhí ann agus in 1992 seoladh ‘Dordán-Irish Traditional and Baroque’.
Bhí gasúir óga ag an triúr ban ag an am agus rinne siad cinneadh gan dul ach ar dhá thuras in aghaidh na bliana agus ar feadh dhá lá dhéag ar a mhéad. Tháinig Martina Goggin isteach mar amhránaí chomh maith. Thosaigh an grúpa ag taisteal, ag déanamh ceolchoirmeacha agus ceardlanna agus bhí an-chraic acu. In 1993 bhain siad gradam amach, an Irish National Entertainment Award. Nuair a chuaigh an tUachtarán Máire Mhic Róibín ar cuairt oifigiúil go dtí an Fhrainc, tugadh Dordán anonn mar cheoltóirí. Freisin, thug an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa cuireadh dóibh dul go dtí an Eastóin léi ar feadh cúpla lá. Rinne siad neart taistil ar chamcuairteanna agus chas siad sa tSlóivéin, Sasana, san Ostair, sa Danmhairg agus sna Stáit Aontaithe.
Ní go rómhinic a chasann Dordán le chéile an aimsir seo agus tá cúraimí eile ar na mná. Tá Dearbhaill agus a fear céile, Charlie Troy, an-ghnóthach leis an ngnó atá acu i gCnoc Suain agus níor mhúin sí ceol le fiche bliain. Mar sin féin, thug a clann leo an ceol: d’fhoghlaim Eleanóir an veidhlín agus an fheadóg mhór, d’fhoghlaim Deirdre an pianó, d’fhoghlaim Dearbhaill Óg an dordveidhil agus an chláirseach agus mhúin Mary Bergin an fheadóg dóibh ar fad.
Scríbhneoir: Frankie Mac Aodha