Antoine Pheaitín Terry Mac Donncha
Is faoinár ndaideo ar thaobh ár n-athar, Antoine Pheaitín Terry, an t-alt seo. Bhí sé d’ádh ar bheirt againn, Éadaoin agus Neasa, gur chaith muid am lenár seanmhuintir, Síle agus Antoine Mac Donncha nuair a bhí muid óg. Faraor, tá an bheirt acu imithe ar shlí na fírinne ach tá cuimhní geala againn orthu.
Labhair muid lenár n-athair Brian, le deirfiúracha Antoine: Sarah, Bríd agus Beirní agus lenár n-aintíní Eithne agus Niamh agus thug siad an t-eolas atá san alt seo dúinn.
Is i mBarr Roisín, Ros a’ Mhíl a rugadh Antoine in 1939. Ba dhuine de thrí dhuine dhéag clainne é, ceathrar buachaillí agus naonúr cailíní, a saolaíodh do Pheaitín Terry agus do Mhary Dharach as an mBaile Láir. Bhí Peaitín fostaithe mar gharraíodóir ag Lodge Chasla. Ba le Bruce Ismay agus a bhean an teach ag an am. Ba í máthair Antoine an duine ba mhó a spreag chun ceoil é. Deirtear go gceapadh Peaitín scaití go raibh an bheirt acu craiceáilte, istigh laethanta breátha ag gabháil fhoinn nuair a bhí móin le baint nó síolta le cur. B’fhurasta a aithint mar sin féin go raibh grá aige féin don cheol mar go mbíodh focail chuile amhrán ar bharr a ghoib aige. Cheannaigh a mháthair cairdín Paolo Soprani dó istigh Tigh Raiftearaí ar chúig phunta dhéag. Sin an uair a thosaigh an spraoi: Mary ag portaireacht agus Antoine á gcasadh ar an mbosca ceoil!
Bhí an-tionchar ag an máistir scoile, Tadhg Ó Séaghdha, ar Antoine le linn a chuid blianta scoile. Bhí an-bhéim ar amhránaíocht sa scoil agus ar an gcór sa séipéal. Bhíodh amhráin bheaga cumtha ag Tadhg do na gasúir, mar shampla amhráin bheaga faoi na bailte uilig i Ros a’ Mhíl. Chuir Tadhg Gaeilge ar iomainn agus ar amhráin ar nós Spancill Hill agus The Isle of Inisfree. Bhí Antoine ag casadh na n-amhrán seo i gcaitheamh a shaoil. Bhí meas faoi leith aige ar Sonny Duignan, timire as Doire an Fhéich, Casla, a bhíodh ag tabhairt ranganna oíche i Scoil Ros a’ Mhíl ag an am. Mhol sé d’Antoine cur isteach ar an bhFleadh Cheoil. Chas Antoine Máirseáil na Fuiseoige agus thug an moltóir ardmholadh dó agus dúirt sé gur léirigh sé scéal na fuiseoige go paiteanta, ceolmhar.
Rinne Antaine cúrsa talmhaíochta sa gCreagán agus bhí bua faoi leith aige le hainmhithe. Ba mhinic a chuireadh na comharsana fios air nuair a bhíodh bó i dtinneas lao nó dá mbeadh aon anó eile orthu. Bhí Antoine le cloisteáil go minic ag caint leis na beithígh, ag portaireacht nó ag feadaíl agus é ag obair amuigh faoin aer. D’fhoghlaim sé le carr a thiomáint agus é óg go maith agus ba ghearr go raibh muintir an bhaile ag glaoch air len iad a thiomáint in áiteacha.
Bhí sé ag tiomáint leoraí nuair a bhí sé seacht mbliana déag agus ag tarraingt fheamainne, móna agus biatais chuig bailte ar fud na tíre. Deirtear go bhfeictí go minic é thuas ar chábán an leoraí ag casadh an bhosca cheoil fad is a bhí na leaids ag líonadh an leoraí. Chaith sé seal i Sasana ag tiomáint do chomhlacht Murphy. Nuair a d’fhill sé, d’oibrigh sé do Dhónall Joyce, a mbíodh coiléar aige agus siopa i mBaile na hAbhann, agus ansin do Mháirtín Bán i gCasla ag tiomáint leoraithe agus tochaltóirí. Tar éis roinnt mhaith blianta cheannaigh sé a thochaltóir féin agus fuair sé roinnt mhaith oibre le hÚdarás na Gaeltachta. Nuair a chríochnaigh sé leis an obair sin thosaigh sé ag réiteach suíomhanna tithe agus gairdíní do dhaoine. Chuir sé aithne ar go leor daoine ar fud Chonamara sna blianta sin.
Bhain Antoine taitneamh as an drámaíocht freisin. Ar a bhealach abhaile sa leoraí ó Chill Rois oíche amháin, stop sé Tigh Johnny Chóil Mhaidhc, áit a mbíodh teidhmeanna go minic. D’iarr Johnny air an bosca ceoil a thabhairt isteach agus port a chasadh. Thaitin an port le leis agus d’fhiafraigh sé d’Antoine cén t-ainm a bhí air; ‘Yellow Tinker’, a dúirt Antoine. An tseachtain dar gcionn, bhí dráma scríofa ag Johnny faoin bport. ‘An Tincéara Buí an t-ainm atá air’, a dúirt sé ‘agus beidh páirt agatsa ann mar tá tú buí ó nádúr!’ Is iomaí uair a d’aithris Antoine an scéal sin dúinn.
Bhíodh Antoine ag casadh ceoil ag céilithe i hallaí áitiúla agus ag damhsaí nó ag ócáidí i Seanscoil na nDoireadha, Tigh Darby i mBéal an Daingin agus ba mhinic a thriall ar Thír an Fhia, ar an gCeathrú Rua agus ar an Tulach. Casadh Síle Ní Chonghaile as na Creagáin in Indreabhán ar Antoine i lár na seascaidí. Ag ceol i Halla na Tulaí a bhí sé agus deirtear go mba mhór an spórt an bheirt acu ag damhsa an Staicín Eorna, Johnny agus an válsa. Phós siad in 1969 agus thóg siad teach i mBarr Roisín.
Saolaíodh triúr clainne dóibh sna blianta ina dhiaidh sin: Brian, Eithne agus Niamh. Chuir Antoine agus Síle lóistín ar fáil do scoláirí Gaeilge, d’fhir oibre agus ina dhiaidh sin thosaigh siad gnó leapa agus bricfeasta. Bhíodh an t-ádh ar dhuine ar bith a d’fhanadh Tigh Shíle agus Antoine mar bhí chuile sheans ann go bhfaigheadh siad ceol, amhráin agus scéalta chomh maith le lóistín agus bia. Thaitin leo a bheith ag damhsa seiteanna freisin. Thaistil siad i bhfad is i ngearr chuig céilithe lena gcuid cairde agus ní bhíodh aon deifir abhaile orthu. Bhí siad fial, flaithiúil lena gcuid ceoil agus spraoi pé áit dá dtéadh siad.
Bhí ardmheas ag daoine ar Antoine mar fhonnadóir. Cé gur bhuaigh sé bonn ag an bhFleadh Cheoil agus gur bhuaigh sé scoláireacht cheoil freisin, ní mba fear é ar thaitin comórtais leis. B’fhearr i bhfad leis stéibh a rá ag cóisir nó ag teidhm. Ba iad Ros a’ Mhíl Chois Cuain agus An Droighneán Donn na hamhráin ba mhó a d’iarradh daoine ar Antoine a rá. Thaitin Cuaichín Ghleann Néifinn agus Máire Ní Ghríofa le daoine freisin. Ba iad na fonnadóirí a thaitin go mór leis féin ná Darach Ó Catháin, Nóra Ghriallais, Nan Chamuis, Seán ‘ac Dhonncha, Peatsaí agus Jimí Ó Ceannabháin. Chaith sé tréimhse ag múineadh na n-amhrán don chéad ghlúin eile i Scoil Náisiúnta Cholmcille i Ros a’ Mhíl mar chuid de scéim an Ghaelacadaimh. Chuirtí fios ar Antoine go minic chun casadh ag ócáidí éagsúla ar nós cóisireacha nó sochraidí. Ba é Deoraí Ros a’ Mhíl a chasadh sé sa séipéal chuile Oíche Nollag.
B’iontach an teach cuartaíochta a bhí Tigh Antoine agus Shíle. Is iomaí oíche a raibh ceol agus amhráin sa teach acu le cairde agus le gaolta. Thaitin leo a bheith ag éisteacht le Joe Burke, Páraic Ó Lochlainn, Johnny Connolly, Seáinín Pheait Mhaidhle, Oliver Diviney agus Finbar Dwyer sa mbaile. Ba mhinic le Síle, Niamh agus Eithne a bheith ag damhsa ar fud na cistine agus Antoine nó Brian ag casadh ceoil dóibh. Bhí tionchar ar leith aige ar Bhrian. Casann Brian an fheadóg mhór, an bosca ceoil agus an méarchlár. Tá Brian ag ceol le blianta fada leis an mbanna Cillín. Casann siad ag cóisireacha, bainseacha agus cuid de na tithe tábhairne céanna ar chas Antoine iontu.
Tá roinnt taifeadtaí déanta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta d’Antoine. Thugtaí cuireadh dó teacht isteach sa stiúidió ar ócáidí speisialta. Tá sé le cloisteáil ar chlár nó dhó den sobaldráma raidió Baile an Droichid agus ar an dlúthdhiosca Blas – Raidió na Gaeltachta a eisíodh mar cheiliúradh 25 bliain de Raidió na Gaeltachta.
Chlis ar shláinte Antoine in 2007 agus cailleadh é i Mí Bealtaine 2008. Ní raibh uaidh ach am a chaitheamh lena gharchlann agus an traidisiún a roinnt leo. Casadh ceol le hómós agus grá dó an lá ar cuireadh faoin bhfód gainmheach é i reilig Mhaorais. Tá oidhreacht álainn fágtha aige againn agus cuimhneoidh muid go deo air.
Scríbhneoirí: Éadaoin, Neasa agus Dearbhaill Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.
Buíochas le Bríd Nic Dhonncha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a d’aimsigh agus a chóirigh an t-ábhar cartlainne agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta as cead a thabhairt é a fhoilsiú.